16 1989

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1989


ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1.

Gearrtheideal.

2.

Tosach feidhme.

3.

Léiriú i gcoitinne.

4.

Aisghairm.

CUID II

An Banc Ceannais

Caibidil I

Réamhráiteach, Athrú ar Phionóis agus Forálacha Ginearálta maidir le Cionta

5.

Mínithe (Cuid II).

6.

Forléiriú agus comhlua (Cuid II).

7.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

8.

Athrú ar phionóis faoin bPríomh-Acht.

9.

Cionta agus pionóis faoi Acht 1971.

10.

An Banc d'ionchúiseamh cionta.

11.

Cionta i ndáil le comhlachtaí áirithe.

Caibidil II

Forálacha Ginearálta i ndáil leis an mBanc

12.

Cumhachtaí agus feidhmeanna breise an Bhainc.

13.

Táillí maidir le maoirseacht ag an mBanc.

14.

Comhdhéanamh an Bhoird Stiúrthóirí.

15.

Oifigí agus foireann an Bhainc.

16.

Faisnéis a nochtadh.

17.

Éillitheacht a chosc.

18.

Doiciméid a choimeád.

19.

Cuntais agus taifid an Bhainc.

20.

Tuarascáil agus tuairisceáin ón mBanc.

21.

An Banc a bheith díolmhaithe ó chánacha.

22.

Ciste na nótaí dlíthairgthe a fhoirceannadh agus sócmhainní a aistriú chuig an gciste ginearálta.

23.

An ciste ginearálta.

24.

Aonad airgeadaíochta agus ráta malairte.

25.

Airgeadra ina ndéanfar conarthaí, etc.

Caibidil III

Ceadúnú agus Maoirsiú Sealbhóirí Ceadúnas

26.

Feidhm forálacha ceadúnúcháin agus maoirseachta a leathnú.

27.

Gearáin a imscrúdú.

28.

Muirir, etc., ag sealbhóirí ceadúnas.

29.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1971.

30.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1971.

31.

Daoine a dhíolmhú ó alt 7 d'Acht 1971.

32.

Ceadúnais a dheonú, etc.

33.

Leasú ar alt 10 d'Acht 1971.

34.

Ceadúnais a chúlghairm.

35.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1971.

36.

Forálacha i ndáil le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas.

37.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc.

38.

Treoracha ón mBanc do shealbhóirí ceadúnas.

39.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1971.

40.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1971.

41.

Comhdhéanamh sócmhainní agus dliteanas.

42.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1971.

43.

Leasú ar alt 27 d'Acht 1971.

44.

Cumhacht na Cúirte chun sáruithe áirithe ar Acht 1971, nó mainneachtain déanamh dá réir, a thoirmeasc.

45.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1971.

46.

Iniúchóir a cheapadh.

47.

Dualgais iniúchóra.

Caibidil IV

Forálacha Ginearálta i ndáil le Foirceannadh

48.

Forais le foirceannadh ar iarratas ón mBanc.

49.

Fógraí, doiciméid a bheidh le cur chuig an mBanc i ndáil le foirceannadh.

50.

Ceart an Bhainc ionadaí a bheith aige ag cruinnithe, etc.

51.

Tagairtí d'fhoirceannadh, etc., a fhorléiriú.

52.

Rialacha Cúirte.

Caibidil V

Cosaint Taiscí

53.

Léiriú (Caibidil V).

54.

An cuntas cosanta taiscí.

55.

Taiscí ag sealbhóirí ceadúnas.

56.

Oibriú an chuntais cosanta taiscí a athbhreithniú.

57.

An cuntas cosanta taiscí agus scor de ghnó baincéireachta i gcás sócmhainneachta.

58.

An méid taiscthe a dhílsiú don leachtaitheoir.

59.

Ráiteas faoi chúrsaí, agus íocaíochtaí as an gcuntas cosanta taiscí a ríomh, etc., tráth dócmhainneachta.

60.

Íocaíocht as an gcuntas cosanta taiscí tráth foirceanta.

61.

Éifeacht íocaíochta ag an mBanc faoi alt 60.

62.

Taiscí cáilithe.

63.

Daoine breise áirithe a bheith ina dtaisceoirí eisiata.

64.

Forálacha is infheidhme maidir le taisceoirí eisiata, etc.

65.

Íocaíochtaí áirithe i ndáil le taiscí iontaobhaithe agus comhchuntais a ríomh.

66.

Mar a dhéileálfar le híocaíochtaí áirithe as an gciste ginearálta.

67.

An cuntas cosanta taiscí a athchomhdhéanamh.

68.

Eisiamh ó athchomhdhéanamh.

69.

Airgead a chreidiúnú don chuntas cosanta taiscí, dáiltí, etc.

70.

Caiteachais agus luach saothair leachtaitheora faoin gCaibidil seo.

71.

Teorainn ama.

72.

Rialacháin (Caibidil V).

73.

Feidhm Chaibidil V a leathnú.

Caibidil VI

Idirbhearta Fála

74.

Léiriú (Caibidil VI).

75.

Feidhm (Caibidil VI).

76.

Teorainn le bailíocht idirbheart fála.

77.

Ní mór toiliú an Aire a fháil le haghaidh idirbheart fála áirithe.

78.

Ceanglas ar an mBanc sula ndiúltóidh sé idirbheart fála a cheadú.

79.

An céatadán forordaithe a athrú.

80.

Coinníollacha le ceadú idirbhirt fála bheartaithe.

81.

Ceart díoltóra airbheartaithe damáistí a fháil.

82.

Fógra don Bhanc i dtaobh idirbheart fála beartaithe.

83.

An tréimhse iomchuí chun críche ailt 76, 86 agus 88.

84.

Fiosruithe ag an mBanc.

85.

Ceadú an Bhainc, nó diúltú an Bhainc ceadú a thabhairt, a chur in iúl.

86.

Achomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinne diúltú, etc., an Bhainc.

87.

Sárú ar cheadú, etc.

88.

Feidhm achtachán áirithe eile.

Caibidil VII

Forais Airgeadais Áirithe a Mhaoirsiú chun críocha Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta

89.

Mínithe (Caibidil VII).

90.

Feidhm (Caibidil VII).

91.

Orduithe (Caibidil VII).

92.

Maoirsiú, etc., foras airgeadais ag an mBanc.

93.

Feidhm ailt 17 agus 18 d'Acht 1971.

94.

Comhlachtaí féin-rialaitheacha a bhunú.

95.

Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil VII a thoirmeasc.

96.

Neamhchomhlíonadh a thuairisciú don Aire.

Caibidil VIII

Maoirsiú ar Mhalartáin Todhchaíochtaí agus Roghanna Airgeadais

97.

Mínithe (Caibidil VIII).

98.

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir.

99.

Malartáin a bhunú.

100.

Malartáin láithreacha.

101.

Ceadú rialacha ag an mBanc, coinníollacha, etc.

102.

Diúltú ag an mBanc rialacha a cheadú.

103.

Feidhm alt 17 d'Acht 1971.

104.

Srian le fógraíocht.

105.

Treoracha ón mBanc trádáil, déileáil, a fhionraí.

106.

Ceadú rialacha a chúlghairm.

107.

Cionta agus pionóis (Caibidil VIII).

Caibidil IX

Maoirsiú Bróicéirí Airgid

108.

Léiriú (Caibidil IX).

109.

Orduithe (Caibidil IX).

110.

Údarú chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh.

111.

Maoirsiú, etc. bróicéirí airgid ag an mBanc.

112.

Feidhm alt 17 d'Acht 1971.

113.

Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil IX a thoirmeasc.

114.

Údaruithe a chúlghairm.

115.

Ainmneacha bróicéirí airgid agus fógraí faoi chúlghairm údaruithe a fhoilsiú.

116.

Cionta agus pionóis (Caibidil IX).

Caibidil X

Cóid Chleachtais

117.

Cóid chleachtais.

Caibidil XI

Nótaí Dlíthairgthe

118.

Nótaí dlíthairgthe a sholáthar.

119.

Feidhm achtachán áirithe.

120.

An Banc d'eisiúint nótaí dlíthairgthe.

121.

Nótaí dlíthairgthe a fhuascailt.

122.

Nótaí dlíthairgthe a ghlaoch isteach.

123.

Nótaí dlíthairgthe agus nótaí bainc comhdhlúite a aghlot, etc.

CUID III

Monaíocht

124.

Míniú (Cuid III).

125.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1969.

126.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1969.

127.

Dlíthairiscint (monaíocht).

128.

Athrú ar phionóis faoi Acht 1969.

129.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1969.

130.

Comhlua (Cuid III).

CUID IV

Forálacha Ilghnéitheacha i ndáil le hIdirbhearta Airgeadais

131.

Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

132.

Leasú ar an Bills of Exchange Act, 1882.

133.

Foráil fhorlíontach le halt 3 den Acht Seiceanna, 1959.

134.

Cumhacht an Aire a ordú go bhfionrófar idirbhearta gnó áirithe, etc.

135.

Ní inordaithe íocaíochtaí a dhéanamh ar laethanta saoire poiblí.

136.

Leasú ar an Money-lenders Act, 1900.

137.

Taisce leis an mBanc a bheith ina hinfheistíocht údaraithe d'iontaobhaithe.

138.

Leasú ar an Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958.

139.

Urrúis áirithe a aistriú go leictreonach.

140.

Faisnéis áirithe a choinneáil i bhfoirm neamh-inléite.

141.

Forléiriú agus comhlua.

AN SCEIDEAL

Na hAchtanna dá dTagraítear

Assurance Companies Act, 1909

9 Edw. 7, c. 49

Bankers' Books Evidence Act, 1879

42 & 43 Vict., c. 11

An tAcht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959

1959, Uimh. 21

Bills of Exchange Act, 1882

45 & 46 Vict., c. 61

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

Acht an Bhainc Cheannais, 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais, 1961

1961, Uimh. 8

Acht an Bhainc Ceannais, 1964

1964, Uimh. 3

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht Seiceanna, 1959

1959, Uimh. 19

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986

An tAcht Airgid Reatha, 1927

1927, Uimh. 32

Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971

An tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969

1969, Uimh. 23

Na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 agus 1970

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954

1954, Uimh. 30

Finance Act, 1911

1 & 2 Geo. 5, c. 48

Finance Act, 1917

6 & 7 Geo. 5, c. 31

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1986

1986, Uimh. 13

An tAcht Airgeadais, 1987

1987, Uimh. 10

Forgery Act, 1913

3 & 4 Geo. 5, c. 27

Friendly Societies Act, 1896

59 & 60 Vict., c. 25

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1986

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

An tAcht Cáirde Tionscail, 1933

1933, Uimh. 25

Larceny Act, 1916

6 & 7 Geo. 5, c. 50

An tAcht um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978

1978, Uimh. 17

Money-lenders Act, 1900

63 & 64 Vict., c. 51

National Debt Act, 1870

33 & 34 Vict., c. 71

Partnership Act, 1890

53 & 54 Vict., c. 39

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict., c. 93

Prevention of Corruption Act, 1906

6 Edw. 7, c. 34

Prevention of Corruption Act, 1916

6 & 7 Geo. 5, c. 64

Public Offices Fees Act, 1879

42 & 43 Vict., c. 58

An tAcht um Aistriú Stoic, 1963

1963, Uimh. 34

Superannuation Act, 1892

55 & 56 Vict., c. 40

Trustee Act, 1893

56 & 57 Vict., c. 53

An tAcht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958

1958, Uimh. 8

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 1989


ACHT AN BHAINC CEANNAIS, 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE BANC CEANNAIS NA hÉIREANN, NA nACHT-ANNA UM AIRGEAD REATHA DEACHÚIL, 1969 AGUS 1970, AGUS AN DLÍ A BHAINEANN LE hIDIRBHEARTA AIRGEADAIS ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Iúil, 1989]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an Chuid seo agus Caibidil VII de Chuid II i ngníomh ar dháta rite an Achta seo agus, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, tiocfaidh na forálacha eile den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú i gcoitinne.

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

(2) San Acht seo, aon tagairt do Chuid nó do Chaibidil, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó do Chaibidil nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

Aisghairm.

4. —Déantar leis seo na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

CUID II

An Banc Ceannais

Caibidil I

Réamhráiteach, Athrú ar Phionóis agus Forálacha Ginearálta maidir le Cionta

Mínithe (Cuid II).

5. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

Forléiriú agus comhlua (Cuid II).

6. —Déanfar an Príomh-Acht, Acht an Bhainc Ceannais, 1961 , Acht an Bhainc Ceannais, 1964 , Acht 1971 agus an Chuid seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, a ghairm díobh le chéile.

Rialacháin agus orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

7. —Déanfar gach rialachán agus ordú (seachas rialacháin faoi alt 15 nó rialacháin lena mbaineann alt 23 (3) nó ordú faoi alt 79) a dhéanfar faoin gCuid seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin nó an ordaithe, beidh an rialachán nó an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán nó faoin ordú.

Athrú ar phionóis faoin bPríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) in alt 55, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Má dhéanann aon duine nó má chuireann sé faoi deara go ndéanfar, nó má úsáideann sé chun aon chríche ar bith, nóta bainc nó cuid de nóta bainc nó má ritheann sé aon doiciméad a airbheartaíonn gur nóta bainc nó cuid de nóta bainc é nó atá cosúil in aon tslí leis an gcéanna nó chomh cosúil sin leis an gcéanna gur dóigh dó daoine a mheabhlú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.”;

(b) in alt 56, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Gach duine a dhéanfaidh, a chuirfidh ar fáil, a eiseoidh, a atheiseoidh, nó a thabharfaidh nó a ghlacfaidh mar íocaíocht, aon doiciméad de shárú ar fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.”;

(c) in alt 65, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) (a) Beidh sé de dhualgas ar gach duine ar a seirbheálfaidh an Banc fógra faoi fho-alt (1) den alt seo déanamh de réir an fhógra sin laistigh den tréimhse ama nó ar na hócáidí tréimhsiúla (de réir mar a bheidh) a bheidh sonraithe san fhógra sin agus má mhainníonn sé déanamh amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(b) I gcás duine a chiontú i gcion de bhua mhír (a) den fho-alt seo agus go leanfar den mhainneachtain tar éis an chiontaithe, beidh an duine ciontach i sárú an ailt seo ar gach lá a leanfar den sárú tar éis an chiontaithe sin agus maidir le gach cion den sórt sin dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air.”.

Cionta agus pionóis faoi Acht 1971.

9. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 58:

“58.—(1) Aon duine a sháróidh alt 7, 14, 17, 18 nó 27 den Acht seo agus sealbhóir ceadúnais—

(a) a fuair ceadúnas trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mí-rialta eile,

(b) a sháróidh alt 19, 20, 26, 31 nó 33 den Acht seo,

(c) a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, sárú ar choinníoll a bheidh forchurtha go cuí agus a bhaineann le ceadúnas,

(d) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 11 (3) (c) (arna chur isteach le halt 34 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ), 21 nó 22 den Acht seo, nó de réir ceanglais faoi alt 23 den Acht seo, nó

(e) a sháróidh rialacháin faoi alt 24 nó 25 den Acht seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air,

agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú nó den mhainneachtain ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú nó den mhainneachtain tar éis an chiontaithe maidir leis an sárú nó mainneachtain bunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

(2) I gcás alt 14 (2) den Acht seo a shárú maidir le scéim iontaobhais aonad, measfar alt 14 den Acht seo a bheith sáraithe ag an mbainisteoir faoin scéim.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a bhaineann le halt 27 den Acht seo, is cosaint mhaith don chúisí a chruthú go mba dhuine é, an tráth ábhartha, a raibh sé de ghnó aige fógráin nó sirtheoireachtaí eile a fhoilsiú nó socrú a dhéanamh dá bhfoilsiú thar ceann duine éigin eile agus go bhfuarthas an fógrán nó an tsirtheoireacht eile ábhartha chun a fhoilsithe i ngnáthchúrsa an ghnó sin agus nárbh eol dó, agus nach raibh cúis ar bith aige le go mbeadh amhras air, gur cion a d'fhéadfadh a bheith ann é a úsáid chun fógairt nó sireadh ar shlí eile a dhéanamh.”.

An Banc d'ionchúiseamh cionta.

10. —Féadfaidh an Banc cion faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, a bheidh á thriail go hachomair, a ionchúiseamh agus má thugann an duine a bheidh ag stiúradh an ionchúisimh sin ráiteas á rá gur tosaíodh an t-ionchúiseamh le húdarás ón mBanc is fianaise leordhóthanach é sin gur tosaíodh an t-ionchúiseamh amhlaidh.

Cionta i ndáil le comhlachtaí áirithe.

11. —I gcás cion faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú, nó gur éascaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí toiliúil ar thaobh, duine eile (is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, ball d'aon choiste bainistíochta nó údarás rialaithe eile de chuid an chomhlachta sin nó is oifigeach dá chuid) beidh an duine eile sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe nó leis an duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú amhlaidh, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Caibidil II

Forálacha Ginearálta i ndáil leis an mBanc

Cumhachtaí agus feidhmeanna breise an Bhainc.

12. —(1) An aisghairm a dhéantar, le halt 4, ar an Acht Airgid Reatha, 1927 , ní dhéanfaidh sí difear d'aon fheidhm, cumhacht nó dualgas is infheidhmithe ag an mBanc de bhua alt 6 (1) den Phríomh-Acht.

(2) Dearbhaítear leis seo d'fhonn amhras a sheachaint go bhfolaíonn na cumhachtaí agus na feidhmeanna is infheidhmithe de bhua alt 47 d'Acht 1971 na cumhachtaí—

(a) chun urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú, a dhíol nó a shannadh nó chun déileáil iontu ar shlí eile,

(b) chun iasachtaí agus airleacain a thabhairt, agus

(c) chun ráthaíochtaí a thabhairt agus chun íocaíochtaí a dhéanamh ar scór na ráthaíochtaí sin.

(3) Beidh ag an mBanc—

(a) chun cosaint a thabhairt do leasanna daoine, nó aon aicme daoine, a choinníonn taiscí le haon duine eile ar taiscí iad a ndéanann an Banc maoirseacht ar ghnó an duine eile sin ina leith, nó

(b) chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar ghnó aon duine a ndéantar maoirseacht den sórt sin air ina leith,

na cumhachtaí seo a leanas i gcás nach bhfuil siad infheidhmithe cheana féin ag an mBanc, is é sin le rá, na cumhachtaí—

(i) chun urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a shealbhú, a dhíol nó a shannadh nó chun déileáil iontu ar shlí eile,

(ii) chun iasachtaí agus airleacain a thabhairt, agus

(iii) chun ráthaíochtaí a thabhairt agus chun íocaíochtaí a dhéanamh ar scór na ráthaíochtaí sin.

Táillí maidir le maoirseacht ag an mBanc.

13. —(1) Faoi réir fho-alt (3), féadfaidh an tAire le rialachán, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, an táille a fhorordú a bheidh le híoc leis an mBanc ag aon duine ar a ndéanann an Banc maoirseacht faoi achtachán ar bith agus féadfar táillí éagsúla a fhorordú maidir le haicmí éagsúla daoine.

(2) Féadfar socrú a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo maidir le cibé nithe teagmhasacha nó gaolmhara is gá, i dtuairim an Aire, chun éifeacht a thabhairt do na táillí sin.

(3) I gcás go mbeartóidh an tAire táille a fhorordú faoi fho-alt (1)—

(a) tabharfaidh sé fógra i dtaobh na táille beartaithe sin do na daoine den aicme lena mbaineann an táille bheartaithe, agus

(b) ní fhorordóidh sé an táille bheartaithe, nó táille níos lú, ach amháin tar éis dó aon uiríll a bhreithniú a bheidh déanta chuige laistigh de cibé tréimhse a shonróidh sé san fhógra, is tréimhse nach lú ná dhá mhí tar éis an dáta ar ar chuir sé fógra chuig gach duine lena mbaineann.

(4) San alt seo folaíonn “duine” malartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais de réir na brí a shanntar dó chun críocha Chaibidil VIII.

Comhdhéanamh an Bhoird Stiúrthóirí.

14. —(1) Faoi réir fho-alt (3), leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 5:

“(3) Déanfar an Banc a sheoladh agus a bhainistí de réir an Achta seo ag Bord Stiúrthóirí arb é a bheidh ann—

(a) Gobharnóir, agus

(b) cibé líon Stiúrthóirí eile (nach mó ná naonúr agus nach mbeidh níos mó ná beirt Stiúrthóirí seirbhíse ar áireamh ina measc tráth ar bith) a chinnfidh an tAire ó am go ham.”;

(b) trí ailt 14 (5), 23 (7) agus 29 a scriosadh;

(c) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24:

“Seilbh oifige na Stiúrthóirí.

24.—(1) Beidh gach Stiúrthóir (seachas Stiúrthóir seirbhíse agus Stiúrthóir a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh) i seilbh oifige, mura túisce a gheobhaidh sé bás, a éireoidh sé as nó a thiocfaidh sé chun bheith dícháilithe, go ceann cúig bliana ón uair a rachaidh téarma oifige a réamhtheachtaí in éag trí imeacht aimsire.

(2) Gach Stiúrthóir (seachas Stiúrthóir seirbhíse) a cheapfar chun críche seachas folúntas i measc na Stiúrthóirí (seachas mar a dúradh) a líonadh, beidh sé i seilbh oifige, mura túisce a gheobhaidh sé bás, a éireoidh sé as nó a thiocfaidh sé chun bheith dícháilithe, go ceann cúig bliana ón lá ar amhail air agus uaidh a cheapfar é.

(3) Beidh gach Stiúrthóir seirbhíse i seilbh oifige fad is toil leis an Aire agus féadfaidh an tAire é a chur as oifig tráth ar bith.

(4) Aon duine a cheapfar chun corrfholúntas a líonadh in oifig Stiúrthóra (seachas oifig Stiúrthóra sheirbhíse) beidh sé i seilbh oifige go ceann a mbeidh fágtha den téarma a mbeadh an Stiúrthóir arbh é a bhás, a éirí as nó a dhícháiliú ba bhun leis an bhfolúntas, i seilbh oifige murach go bhfuair sé bás, gur éirigh sé as nó gur tháinig sé chun bheith dícháilithe.”;

(d) in alt 28 (a bhaineann le fógraí i dtaobh folúntas agus i dtaobh Stiúrthóirí áirithe a cheapadh), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le Stiúrthóirí nach Stiúrthóirí seirbhíse.”.

(2) Faoi réir fho-alt (3), leasaítear leis seo Acht 1971 trí alt 53 a scriosadh.

(3) (a) Aon duine a bhí, díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo, ina Stiúrthóir baincéireachta leanfaidh sé, mura rachaidh a théarma oifige in éag ar an teacht i ngníomh sin, de bheith i seilbh oifige ar feadh na tréimhse 3 mhí dá éis sin mura túisce a gheobhaidh sé bás, a éireoidh sé as nó a thiocfaidh sé chun bheith dícháilithe.

(b) Maidir le gach Stiúrthóir lena mbaineann mír (a), leanfaidh forálacha ailt 14 (5), 23 (7) agus 29 den Phríomh-Acht agus alt 53 (3) d'Acht 1971 d'fheidhm a bheith acu ina leith, go dtí go scoirfidh sé de bheith ina Stiúrthóir baincéireachta de réir mhír (a), ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

Oifigí agus foireann an Bhainc.

15. —(1) Féadfaidh an Banc cibé oifigí agus áitribh eile i cibé áiteanna is dóigh leis is gá le haghaidh chomhlíonádh cuí a fheidhmeanna faoin Acht seo a cheannach, a thógáil ar léas, a fhoirgniú nó a fháil ar shlí eile agus iad a threalmhú agus a chothabháil agus féadfaidh sé aon áitribh den sórt sin ar dóigh leis nach gá a thuilleadh iad chun na críche sin a dhíol nó a ligean ar léas.

(2) Ceapfaidh an Banc rúnaí agus cibé oifigigh agus seirbhísigh eile is dóigh leis an mBanc is gá ó am go ham le haghaidh chomhlíonadh cuí a fheidhmeanna faoin Acht seo agus beidh gach rúnaí, oifigeach agus seirbhíseach a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha a chinnfidh an Banc.

(3) (a) Faoi réir fhorálacha mhír (b), gach ceapachán oifigigh nó seirbhísigh don Bhanc a dhéanfar faoi fho-alt (2) déanfar é trí chomórtas (lena n-áirítear scrúdú cáilitheach nó iomaíoch sa Ghaeilge) a sheolfar de réir rialachán a bheidh le déanamh ag an mBord agus féadfaidh an Bord, i ndáil le haon chomórtas den sórt sin, cibé coinníollacha iontrála, cibé teorainneacha agus cibé cosaintí a fhorchur is dóigh leis is cuí.

(b) Ní bhainfidh mír (a) le ceapachán chun poist a bhfuil sé míoiriúnach, i dtuairim an Bhoird, ceapachán a dhéanamh ina leith trí chomórtas.

(4) Íocfar le rúnaí an Bhainc agus le hoifigigh agus seirbhísigh eile an Bhainc cibé tuarastail agus cibé luach saothair a chinnfidh an Banc.

(5) (a) Féadfaidh an Banc, le ceadú an Aire, cibé scéim nó scéimeanna breise a dhéanamh chun pinsin, liúntais agus aiscí a dheonú, tráth scoir nó báis, do cibé oifigigh agus seirbhísigh dá chuid, nó ina leith, is cuí leis agus féadfaidh sé, as cistí a bheidh ar fáil faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, chun íoc as caiteachais an Bhainc, na pinsin, na liúntais nó na haiscí a íoc i leith na ndaoine sin, tráth scoir nó báis, de réir na scéime iomchuí agus féadfaidh an tAire a chinneadh gur cistí poiblí na cistí sin chun críocha an Superannuation Act, 1892.

(b) Féadfaidh an Banc ó am go ham, le ceadú an Aire, scéim a dhéanamh ag leasú scéime faoi mhír (a).

(c) Gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo. féadfar socrú a dhéanamh i scéim faoin bhfo-alt seo chun sochair aoisliúntais (lena n-áirítear pinsin, liúntais agus aiscí) a dheonú do bhaintreacha agus do leanaí oifigigh agus seirbhísigh de chuid an Bhainc agus chun na hoifigigh agus na seirbhísigh lena mbaineann an scéim d'íoc ranníocaí i leith na sochar sin.

(6) Gach scéim a rinneadh faoi fho-alt (4) d'alt 31 den Acht Airgid Reatha, 1927 , leanfaidh sí i bhfeidhm, a mhéid a bhí sí fós i bhfeidhm díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo, ionann is dá mba nár aisghaireadh an fo-alt sin leis an Acht seo.

(7) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 54 d'Acht 1971 trí “(arna choinneáil i bhfeidhm de bhua alt 15 (6) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 )” a chur isteach i ndiaidh “d'Acht 1927” agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(8) Gach scéim a dhéanfaidh an Banc faoi fho-alt (5) leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime sin, beidh an scéim sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

AN TÁBLA

(2) Féadfaidh an Banc ó am go ham le ceadú an Aire, scéim a dhéanamh do leasú scéime faoi alt 31 (4) d'Acht 1927 (arna choinneáil i bhfeidhm de bhua alt 15 (6) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ) nó faoi alt 33 (1) (c) d'Acht 1942 nó scéime faoin bhfo-alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh socrú a bheith i scéim faoin bhfo-alt seo chun sochair aoisliúntais (lena n-áirítear pinsin, liúntais agus aiscí) a dheonú do bhaintreacha agus do leanaí daoine lena mbaineann na scéimeanna sin agus chun na daoine lena mbaineann na scéimeanna sin d'íoc ranníocaí i leith na sochar sin.

Faisnéis a nochtadh.

16. —(1) Aon duine atá, tráth thosach feidhme an ailt seo, nó a cheapfar aon tráth dá éis sin, mar Rialtóir nó ina Stiúrthóir ar an mBanc, nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhanc, nó atá fostaithe in aon cháil eile ag an mBanc, ní dhéanfaidh sé, le linn a théarma oifige nó fostaíochta nó aon tráth dá éis sin, aon fhaisnéis a nochtadh—

(a) i dtaobh ghnó aon duine nó comhlachta (corpraithe nó neamhchorpraithe) a tháinig ar a iúl de bhua a oifige nó a fhostaíochta, nó

(b) i dtaobh ghníomhaíochtaí an Bhainc chun sláine an airgeadra a chosaint nó chun creidmheas a rialú,

mura ndéanfar an nochtadh sin chun a chumasú don Bhanc a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó faoi aon achtachán ag leasú na nAchtanna sin.

(2) Na forálacha maidir le neamhnochtadh atá i bhfo-alt (1), ní bhainfidh siad le haon nochtadh—

(a) a cheanglaíonn cúirt a dhéanamh i ndáil le haon imeachtaí coiriúla,

(b) a dhéanfar le toiliú an duine lena mbaineann an fhaisnéis agus, murab é an duine céanna é, le toiliú an duine óna bhfuarthas an fhaisnéis sin,

(c) i gcás go mbeidh nó go raibh an Banc ag gníomhú i gcáil gníomhaire thar ceann duine, a dhéanfar leis an duine maidir leis an gcáil sin,

(d) i gcás gur dóigh leis an mBanc gur gá é ar mhaithe le leas an phobail, a dhéanfar le haon duine ar a bhfuil an cúram faoin dlí maoirseacht a dhéanamh ar fhorais airgeadais (bíodh nó ná bíodh siad i dteideal airgead a ghlacadh ar taisceadh ón bpobal) agus a bhfuil oibleagáidí i ndáil leis an duine sin air, i dtuairim an Bhainc, a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,

(e) a dhéanfar le húdarás i ndlínse choigríche a bheidh údaraithe go cuí feidhmeanna a fheidhmiú sa dlínse sin a fhreagraíonn d'fheidhmeanna an Bhainc faoin gCuid seo agus faoi Chuid II d'Acht 1971 agus a bhfuil oibleagáidí i ndáil leis an údarás air, i dtuairim an Bhainc, a forchuireadh go cuí i leith neamhnochtadh faisnéise agus a fhreagraíonn d'oibleagáidí faoin alt seo,

(f) a dhéanfar le haon fhoras de chuid na gComhphobal Eorpach chun críche bhallraíocht an Stáit d'aon Chomhphobal acu sin,

(g) a dhéanfar chun déanamh de réir aon cheanglais, faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó faoi aon achtachán eile, go ndéanfar tuarascáil, ráiteas nó doiciméad eile a leagan faoi bhráid Tí den Oireachtas,

agus na forálacha maidir le neamhnochtadh atá i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) ní bhainfidh siad le haon nochtadh—

(i) i gcás na míre sin (a), is gá a dhéanamh, i dtuairim an Bhainc, chun cosaint a thabhairt do dhaoine a thaisceann airgead le haon duine a sheolann gnó baincéireachta nó aon ghnó lena mbaineann alt 7 (4) (a) (ii) d'Acht 1971 (arna leasú leis an Acht seo) nó rialacháin faoi alt 26 nó chun leasanna an Bhainc a chosaint,

(ii) i gcás na míre sin (b), a dhéanfar le toiliú an Bhainc nó a dhéanfar i gcás nach dochar an nochtadh—

(I) d'oibríochtaí an Bhainc in aon mhargadh airgeadais, nó

(II) d'eisiúint dlíthairisceana ag an mBanc, nó

(III) do shláine an airgeadra.

(3) Tar éis thosach feidhme an ailt seo, maidir le gach duine a cheapfar mar Rialtóir nó ina Stiúrthóir ar an mBanc, nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhanc, nó a bheidh fostaithe ag an mBanc in aon cháil eile—

(a) cuirfidh an Banc in iúl dó, sula rachaidh sé i gcúram na hoifige nó na fostaíochta, cad iad na hoibleagáidí a bheidh air faoin alt seo, agus

(b) admhóidh sé gur cuireadh in iúl dó amhlaidh agus go dtuigeann sé na hoibleagáidí a bheidh air,

i cibé caoi a chinnfidh an Banc.

(4) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

(5) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo, ní gá a chruthú nach bhfuil feidhm ag forálacha fho-alt (2) agus is faoin duine a bheidh ag iarraidh leas a bhaint as aon cheann de na forálacha sin a bheidh sé a chruthú go bhfuil feidhm ag an gcéanna.

Éillitheacht a chosc.

17. —Le héifeacht ó thráth thosach feidhme an ailt seo, beidh feidhm ag forálacha an Prevention of Corruption Act, 1906, agus an Prevention of Corruption Act, 1916, maidir le gach duine lena mbaineann alt 16 agus, dá réir sin—

(a) déanfar alt 1 (3) den Acht sin 1906 (arna oiriúnú leis an Ordú chun na Prevention of Corruption Acts, 1889 go 1916, d'Oiriúnú, 1928 (R. & O.R. Uimh. 37 de 1928 )) agus alt 2 den Acht sin 1916 (arna oiriúnú amhlaidh) a fhorléiriú ionann is dá mbeadh iontu, i ndiaidh na tagartha do dhuine a shealbhaíonn oifig a n-íoctar an luach saothair ina leith as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, tagairt do dhuine lena mbaineann alt 16 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , agus

(b) déanfar ailt 1 agus 2 den Acht sin 1916 (arna oiriúnú amhlaidh) a fhorléiriú ionann is dá mbeadh iontu, tar éis na tagartha do chomhlacht reachtúil ar a gceanglaítear le dlí a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi réir stiúradh agus rialú Aire is ceann Roinne Stáit, tagairt don Bhanc.

Doiciméid a choimeád.

18. —(1) Ní fhorléireofar aon fhoráil den National Debt Act, 1870, nó d'Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, mar fhoráil a cheanglaíonn ar an mBanc aon doiciméad nó taifead eile a chaomhnú go ceann tréimhse is faide ná 6 bliana tar éis an dáta is déanaí den tréimhse lena mbaineann an doiciméad nó an taifead eile sin agus ní fhorálfar in aon rialachán faoi alt 17 den Finance Act, 1911, nó faoi alt 37 den Finance Act, 1917, go gcaomhnófar doiciméad nó taifead eile den sórt sin go ceann tréimhse is faide ná na 6 bliana sin.

(2) Féadfar doiciméad nó taifead eile lena mbaineann fo-alt (1) a choimeád go hiomlán nó go páirteach trína thaifeadadh ar shlí seachas i bhfoirm inléite fad is gur féidir an taifeadadh a atáirgeadh i bhfoirm inléite.

(3) In aon imeachtaí dlí, aon chóip nó atáirgeadh i bhfoirm inléite d'aon iontráil i ndoiciméad nó taifead eile atá, nó a bhíodh cheana, á choimeád ag an mBanc glacfar leis nó léi mar fhianaise ar an iontráil sin nó ar na nithe a bhí taifeadta inti i gcás an doiciméad nó an taifead eile sin a bheith díothaithe nó i gcás é a bheith á choimeád ag an mBanc ar shlí seachas i bhfoirm inléite.

Cuntais agus taifid an Bhainc.

19. —(1) Coimeádfaidh an Banc na leabhair chuntais agus na leabhair agus na taifid eile go léir is cuí agus déanfaidh sé, laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh gach bliana, ráiteas cuntas maidir leis an mbliain sin a ullmhú agus a chur chuig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus é i cibé foirm a cheadóidh an tAire ó am go ham tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc.

(2) Déanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach ráiteas cuntas a chuir an Banc chuige faoin alt seo a iniúchadh agus a dheimhniú agus tabharfaidh sé tuarascáil air, agus déanfaidh sé gach tuarascáil den sórt sin ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar aon leis an ráiteas cuntas lena mbaineann sí a chur chuig an Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna de na doiciméid a cuireadh chuige amhlaidh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil agus tuairisceáin ón mBanc.

20. —(1) Déanfaidh an Banc, laistigh de 6 mhí tar éis deireadh gach bliana, tuarascáil ar a imeachtaí i rith na bliana sin a ullmhú agus a chur chuig an Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis dó í a fháil.

(2) Cuirfidh an Banc ar fáil don Aire, lena bhfoilsiú san Iris Oifigiúil, cibé tuairisceáin thréimhsiúla maidir le hidirbhearta an Bhainc a ordóidh an tAire ó am go ham.

An Banc a bheith díolmhaithe ó chánacha.

21. —D'ainneoin aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, beidh brabúis, ioncam agus gnóchain inmhuirearaithe an Bhainc díolmhaithe ó cháin chorparáide, cáin ioncaim agus cáin ghnóchan caipitiúil.

Ciste na nótaí dlíthairgthe a fhoirceannadh agus sócmhainní a aistriú chuig an gciste ginearálta.

22. —(1) A luaithe is féidir tar éis an dáta a dtiocfaidh an t-alt seo i ngníomh agus i gcás ar bith le héifeacht ó dháta nach déanaí ná mí amháin tar éis an dáta sin, foirceannfaidh an Banc ciste na nótaí dlíthairgthe agus déanfar sócmhainní an chiste sin a aistriú chuig an gciste ginearálta.

(2) Beidh na nótaí dlíthairgthe a bheidh eisithe tráth ar bith tar éis foirceannadh chiste na nótaí dlíthairgthe ina ndliteanas ar an gciste ginearálta.

(3) (a) Déanfar tagairtí do chiste na nótaí dlíthairgthe in aon reacht (seachas an tAcht seo) nó in aon ionstraim arna déanamh faoin reacht sin a bheidh i bhfeidhm ar dháta foirceanta chiste na nótaí dlíthairgthe a fhorléiriú, le héifeacht ón dáta sin, mar thagairtí don chiste ginearálta mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt.

(b) Féadfaidh an tAire le rialacháin, maidir le haon reacht nó ionstraim lena mbaineann mír (a) agus a bhaineann le haon ní a ndéileáiltear leis san alt seo, aon choigeartuithe nó modhnuithe a dhéanamh ar an gcéanna is dóigh leis is gá chun go mbeidh éifeacht leis an reacht nó leis an ionstraim sin i gcomhréir leis an alt seo.

(4) A luaithe is féidir tar éis foirceannadh chiste na nótaí dlíthairgthe, cuirfidh an Banc faoi deara go ndéanfar fógra á rá sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus luafar san fhógra sin dáta an fhoirceanta.

An ciste ginearálta.

23. —(1) D'ainneoin aisghairm alt 63 den Acht Airgid Reatha, 1927 , leanfaidh an Banc de bheith ag coinneáil an chiste ar a dtugtar an ciste ginearálta agus is chuig an gciste sin a chuirfidh sé gach fáltas agus is as a tharraingeoidh sé gach íocaíocht.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, rialacháin a dhéanamh ina ndéanfar socrú maidir le hioncam barrachais an Bhainc a chinneadh go tréimhsiúil agus féadfaidh sé a chumasú, leis na rialacháin sin, forálacha a dhéanamh le haghaidh cúlchistí, díluachála agus nithe eile dá samhail sula gcinnfear an t-ioncam barrachais.

(3) Aon rialacháin a rinneadh faoi alt 63 (5) den Acht Airgid Reatha, 1927 , measfar iad a bheith déanta faoin alt seo a mhéid a bheidh siad fós i bhfeidhm díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo.

(4) Déanfaidh an Banc a ioncam barrachais, amhail mar a chinnfear agus nuair a chinnfear é faoin alt seo, a íoc isteach sa Státchiste i cibé caoi a ordóidh an tAire agus féadfaidh sé tráth ar bith go dtí go ndéanfar an cinneadh sin cibé suimeanna ar cuntas ioncaim bharrachais a íoc isteach sa Státchiste de réir mar a chomhaontóidh an tAire agus an Banc.

Aonad airgeadaíochta agus ráta malairte.

24. —(1) Is é an punt Éireannach, a eiseofar i bhfoirm dlíthairgthe, aonad airgeadaíochta an Stáit.

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair is dóigh leis is gá tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, ceachtar de na nithe seo a leanas nó iad araon a dhéanamh, is é sin le rá:

(a) athrú a dhéanamh ar na socruithe ginearálta um ráta malairte a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire don phunt Éireannach i leith aon aonaid airgeadaíochta eile nó gach aonaid airgeadaíochta eile,

(b) coigeartuithe sonracha a dhéanamh ar an ráta malairte i gcomhréir leis na socruithe sin.

(3) Aon uair a athróidh an tAire na socruithe ginearálta um ráta malairte nó a dhéanfaidh sé coigeartuithe sonracha ar an ráta malairte faoi fho-alt (2), foilseofar fógra á rá sin san Iris Oifigiúil.

Airgeadra ina ndéanfar conarthaí, etc.

25. —Gach conradh, díol, íocaíocht, bille, nóta, ionstraim agus urrús i leith airgid, agus gach idirbheart, déileáil, ní agus rud ar bith a bhaineann le hairgead nó lena ngabhann íocaíocht aon airgid, nó dliteanas aon airgid a íoc, a dhéanfar, a fhorghníomhófar, ina rachfar nó a shealbhófar ar theacht i ngníomh don alt seo nó dá éis, is de réir monaí nó nótaí ar dlíthairiscint iad sa Stát de thuras na huaire, agus ní ar shlí eile, a dhéanfar, a fhorghníomhófar agus a shealbhófar iad, agus a rachfar iontu, mura ndéanfar, mura bhforghníomhófar nó mura sealbhófar an céanna, nó mura rachfar iontu, de réir airgeadra seachas airgeadra an Stáit.

Caibidil III

Ceadúnú agus Maoirsiú Sealbhóirí Ceadúnas

Feidhm forálacha ceadúnúcháin agus maoirseachta a leathnú.

26. —Más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí den Rialtas (más ann) ar cuí leis dul i gcomhairle leo sna himthosca, gurb é tuairim an Aire, i leith aon aicme gnó airgeadais nach ndéanann an Banc maoirseacht air faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, gur gá—

(a) chun an pobal nó aon aicme den phobal a chosaint ar chaillteanas airgeadais, nó

(b) chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar mhargaí airgeadais,

go ndéanfadh an Banc an aicme sin gnó airgeadais a cheadúnú nó a mhaoirsiú, nó a cheadúnú agus a mhaoirsiú, féadfaidh sé le rialacháin gach ceann nó aon cheann de na forálacha ceadúnúcháin agus maoirseachta (lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann le hiniúchóirí agus leachtaitheoirí) atá i gCuid II d'Acht 1971 nó sa Chaibidil seo nó i gCaibidlí I, II agus IV, fara cibé modhnuithe nó oiriúnuithe is dóigh leis is cuí, a chur i mbaint leis an aicme sin.

Gearáin a imscrúdú.

27. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc, a cheangal ar shealbhóir ceadúnais scéim nó scéimeanna a bhunú, nó páirt a ghlacadh ina mbunú, chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin i gcoinne an tsealbhóra sin, nó i gcoinne cuideachta comhlachaithe, i ndáil le hábhar gearáin forordaithe.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar socrú a dhéanamh i rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon cheann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas—

(a) scéim a bhunú agus a riaradh,

(b) an modh ina gceapfar breithneoir neamhspleách chun imscrúduithe a sheoladh,

(c) na nithe a bheidh faoi réir a n-imscrúdaithe faoin scéim,

(d) na forais nach mór gearán a bheith bunaithe orthu,

(e) cumhachtaí an bhreithneora agus an nós imeachta a bheidh le leanúint aige agus é ag seoladh imscrúduithe,

(f) na himthosca ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, cinntí ina gcinntí ceangailteacha,

(g) na nósanna imeachta chun gearáin a dhéanamh,

(h) breitheanna an bhreithneora a fhoilsiú,

(i) ceadú na scéime ag an mBanc.

(3) Faoi réir fho-alt (4), má chuirtear gearán faoi bhráid breithneora faoi scéim arna bunú faoin alt seo ní dhéanfaidh sé sin difear do chearta aon duine díospóid a chur á chinneadh ar aon chaoi eile dá bhforáiltear faoin dlí.

(4) Más rud é, i gcás gearán faoi scéim arna bunú faoin alt seo, go gcomhaontóidh na páirtithe lena mbaineann go mbeidh cinneadh a dhéanfar de réir na scéime ina cheangal orthu agus go mbeidh socrú sa scéim le haghaidh comhaontú den sórt sin, ansin beidh an cinneadh ina cheangal ar na páirtithe.

(5) San alt seo ciallaíonn “cuideachta chomhlachaithe” (más cuí)—

(a) cuideachta shealbhaíochta nó fochuideachta (de réir na mbríonna faoi seach a thugtar dóibh le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ),

(b) cuideachta is fochuideachta do chomhlacht corpraithe, i gcás gur fochuideachta don chomhlacht corpraithe sealbhóir an cheadúnais lena mbaineann freisin, ach nach fochuideachta ceachtar cuideachta don chuideachta eile.

Muirir, etc., ag sealbhóirí ceadúnas.

28. —(1) Déanfaidh gach sealbhóir ceadúnais, laistigh de dhá mhí ó theacht i ngníomh den alt seo (i gcás sealbhóirí ceadúnas láithreacha) nó ó cheadúnas a dheonú (in aon chás eile), fógra a thabhairt don Bhanc—

(a) i dtaobh na muirear go léir a fhorchuireann an sealbhóir sin i ndáil le haon seirbhís a thabhairt don phobal nó d'aon aicme den phobal, agus

(b) i dtaobh aon téarma nó coinníoll ar dá réir nó faoina réir a thugtar an tseirbhís sin.

(2) Tabharfaidh sealbhóir ceadúnais fógra don Bhanc i dtaobh gach togra—

(a) chun athrú a dhéanamh ar aon mhuirear, téarma nó coinníoll a mbeidh fógra ina thaobh tugtha cheana féin don Bhanc chun críocha an ailt seo, nó

(b) chun aon mhuirear, téarma nó coinníoll a fhorchur i ndáil le seirbhís a thabhairt don phobal nó d'aon aicme den phobal, is muirear, téarma nó coinníoll nach mbeidh fógra ina thaobh tugtha cheana féin don Bhanc chun críocha an ailt seo.

(3) Féadfaidh an Banc treoir a thabhairt do shealbhóir ceadúnais—

(a) staonadh ó aon mhuirear, téarma nó coinníoll i ndáil le seirbhís a thabhairt don phobal nó d'aon aicme den phobal, a fhorchur nó a athrú gan ceadú a fháil roimh ré ón mBanc, agus

(b) faisnéis faoi aon mhuirear, téarma nó coinníoll i ndáil le seirbhís a thabhairt don phobal nó d'aon aicme den phobal, a fhoilsiú ar cibé caoi a shonróidh an Banc ó am go ham.

(4) Beidh sé sainráite i dtreoir faoin alt seo go bhfuil feidhm aici—

(a) maidir le gach sealbhóir ceadúnais nó le sealbhóirí ceadúnas a sheolann gnó baincéireachta de chineál sonraithe,

(b) maidir leis na seirbhísí go léir a thugann na sealbhóirí ceadúnas lena mbaineann don phobal nó d'aon aicme den phobal nó le seirbhísí sonraithe nó le seirbhísí de chineál sonraithe,

(c) i ndáil le huair nó le huaireanta sonraithe nó le linn tréimhse nó tréimhsí sonraithe,

agus, maidir leis an treoir—

(i) cuirfear in iúl í do gach sealbhóir ceadúnais lena mbaineann,

(ii) i gcás nach gcuirfear in iúl i scríbhinn í, deimhneofar i scríbhinn í do gach sealbhóir den sórt sin lena mbaineann a luaithe is féidir dá éis sin, agus

(iii) beidh éifeacht léi de réir a téarmaí.

(5) Beidh aird ag an mBanc, agus a chumhachtaí á bhfeidhmiú aige faoin alt seo, ar iomaíocht chóir a chothú idir—

(a) sealbhóirí ceadúnas,

(b) sealbhóirí ceadúnas a sheolann gnó baincéireachta de chineál áirithe, agus

(c) sealbhóirí ceadúnas lena mbaineann mír (a) nó (b) agus cibé forais eile a ghlacann airgead ar taisce is dóigh leis an mBanc is cuí a chur san áireamh.

(6) Féadfaidh an Banc treoir láithreach faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm agus féadfaidh sé treoir láithreach a bheidh leasaithe a leasú nó a chúlghairm.

(7) Féadfaidh an Banc sealbhóir ceadúnais a dhíolmhú ón oibleagáid fógra a thabhairt don Bhanc faoin alt seo—

(a) maidir le haon mhuirear a bheidh caibidlithe ar leithligh, bona fide, leis an sealbhóir ag custaiméir, nó ag nó thar ceann grúpa custaiméirí, de chuid an tsealbhóra, nó

(b) maidir le téarma nó coinníoll d'aicme áirithe i ndáil le seirbhís a thugann an sealbhóir, más é tuairim an Bhainc nach gá dó fógra a fháil amhlaidh le go gcinnfidh sé ar chóir dó treoir a eisiúint faoi fho-alt (3) i leith na seirbhíse.

(8) Aon duine a sháróidh fo-alt (1), (2), (3) nó (4) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air,

agus má leantar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú tar éis é a chiontú i leith an tsáraithe bhunaidh agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air i leith gach ciona den sórt sin.

(9) San alt seo ní fholaíonn “muirear” agus “téarma nó coinníoll,” aon ráta úis.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1971.

29. —Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1971—

(a) trí na mínithe seo a leanas, faoi seach, a chur in ionad na mínithe ar “gnó baincéireachta” agus “an Chúirt”:

“ciallaíonn ‘gnó baincéireachta’ gnó arb é atá ann—

(a) gnó ag glacadh taiscí is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta todhchaí socair nó inchinnte, nó

(b) gnó ag glacadh cistí, seachas taiscí, ón bpobal, ar cistí iad is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta todhchaí socair nó inchinnte (cibé acu a bhíonn nó nach mbíonn eisiúint urrús nó oibleagáidí eile de thuairisc ar bith i gceist leo),

ach gan áireamh a dhéanamh—

(i) ar thaiscí arna dtaisceadh le trádálaí ag daoine atá fostaithe aige ina ghnó trádála nó ag a chustaiméirí i ngnáthchúrsa a ghnó trádála agus taiscí nó tráthchodanna i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola creidmheasa, nó

(ii) ar ghlacadh cistí eile ag duine ón bpobal i gcás inar féidir a shuíomh—

(I) nach ndéantar aon chuid de ghníomhaíochtaí gnó an duine a ghlacann leo amhlaidh ná gníomhaíochtaí gnó aon duine eile a mhaoiniú go hiomlán nó go substaintiúil as na cistí sin, agus

(II) gur ar bhonn fánach nó teagmhasach agus ar an mbonn sin amháin a ghlactar na cistí sin i ngnáthchúrsa gnó,

(iii) ar airgead a ghlactar d'aontoisc mar phréimh i leith eisiúint nó athnuachan pholasaí árachais saoil a d'eisigh sealbhóir ar údarú faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil), 1984 (I.R. Uimh. 57 de 1984),

nó ceachtar de na gnóthaí a luadh, nó iad araon, mar aon le haon ghnó eile a sheolann banc de ghnáth agus forléireofar dá réir sin ‘baincéireacht’ agus focail ghaolmhara dó;

ciallaíonn ‘an Chúirt’, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an Ard-Chúirt;”;

(b) trí na mínithe seo a leanas, faoi seach, a chur in ionad na mínithe ar “ciste ginearálta”, “buillean óir”, “eisiúint” agus “nóta dlíthairgthe”:

“ciallaíonn ‘ciste ginearálta’ an ciste lenar bhain alt 63 den Acht Airgid Reatha, 1927 , agus a leanfaidh an Banc dá choimeád de bhua alt 23 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ;

folaíonn ‘buillean óir’ aon mhonaí óir seachas monaí óir atá de thuras na huaire ina ndlíthairiscint sa Stát;

folaíonn ‘eisiúint’, nuair a úsáidtear é i ndáil le nótaí dlíthairgthe, atheisiúint aon nóta den sórt sin atá scortha de bheith amuigh;

ciallaíonn ‘nóta dlíthairgthe’ nóta dlíthairgthe arna sholáthar agus arna eisiúint faoi réim agus de réir Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, agus aon achtachán eile ag leasú nó ag leathnú na nAchtanna sin nó faoi aon Acht a aisghairtear le hAcht an Bhainc Ceannais, 1989 ;”.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1971.

30. —Leasaítear leis seo alt 7 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

(i) i ndáil leis na bainc cheannais sna stáit eile is baill de na Comhphobail Eorpacha,

(ii) i ndáil le Corparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta, leis an gcuideachta atá bunaithe agus cláraithe de bhua alt 2 den Acht Cáirde Tionscail, 1933, le Banc Taisce an Phoist, le banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979, ná

(iii) i ndáil le cumann foirgníochta, le cumann tionscail agus coigiltis, le cara-chumann, le comhar creidmheasa ná i ndáil leis an mbainisteoir nó leis an iontaobhaí faoi scéim iontaobhais aonad nó scéim chomhinfheistíochta i leith gnó na scéime a sheoladh.

(b) Más é tuairim an Aire gur cóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar an mbaincéireacht nó ar aon mhargadh airgeadais eile féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Aire den Rialtas nó cibé daoine eile ar dóigh leis gur cuí sna himthosca dul i gcomhairle amhlaidh leo, mír (a) (ii) a leasú le hordú chun aon chomhlacht nó earnáil daoine a chur léi nó chun aon chomhlacht nó earnáil daoine atá luaite inti de thuras na huaire a scriosadh aisti.”.

Daoine a dhíolmhú ó alt 7 d'Acht 1971.

31. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 8:

“8. (1) (a) I gcás go measfaí, de bhrí amháin go n-úsáideann duine, in ainm nó i dteideal, aon cheann de na focail ‘bank’, ‘banker’ nó ‘banking’ nó aon fhocal is malairt leagain nó tiontú ar aon fhocal acu sin nó a dhíorthaíonn uaidh nó is analach dó, go bhfuil an duine á thabhairt le tuiscint gur baincéir é, féadfaidh an Banc an duine a dhíolmhú ó fhorálacha alt 7 den Acht seo más rud é, i dtuairim an Bhainc, nach bhfuil sé iarbhír ag seoladh gnó baincéireachta nó nach mbeartaíonn sé gnó baincéireachta a sheoladh agus nach dtugann sé le tuiscint ná le fios ar shlí eile gur baincéir é nó go seolann sé gnó baincéireachta.

(b) Féadfaidh an Banc tráth ar bith díolúine faoin bhfo-alt seo a chúlghairm más dóigh leis go ndearna an duine lena mbaineann, tráth ar bith tar éis é a dhíolmhú, gnó baincéireachta a sheoladh nó a thabhairt le tuiscint nó le fios ar shlí eile gur bhaincéir é nó gur sheol sé gnó baincéireachta agus, ar an díolúine a chúlghairm amhlaidh, déanfaidh an duine sin láithreach gach beart is gá chun scor d'úsáid a bhaint as an ainm nó an teideal lena mbaineann ina bhfuil an focal lenar bhain an díolúine a cúlghaireadh.

(2) (a) Féadfaidh an Banc aon aicme nó aicmí daoine a dhíolmhú ón gceanglas ceadúnas a bheith ag gach duine acu más rud é—

(i) nach dtiocfadh an ceanglas i gceist ach amháin de bharr eisiúint urrús nó oibleagáidí eile lena mbaineann an míniú ar ‘gnó baincéireachta’, agus

(ii) gur dóigh leis an mBanc nach mbeadh an díolúine contrártha do rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar an mbaincéireacht.

(b) I gcás aon aicme daoine a bheith díolmhaithe faoin bhfo-alt seo ó cheadúnas a shealbhú agus go mbeidh an Banc den tuairim dá éis sin go bhfuil athrú tagtha ar na himthosca a bhaineann leis an díolúine agus gurb amhlaidh dóibh anois nach mbeadh an aicme sin díolmhaithe amhlaidh, cúlghairfidh an Banc an díolúine.

(c) Cuirfidh an Banc faoi deara go ndéanfar fógra i dtaobh gach díolúine agus cúlghairme faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.”.

Ceadúnais a dheonú, etc.

32 .—(1) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1971:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Ní dheonóidh an Banc ceadúnas faoin alt seo do dhuine a iarrfaidh é mura ndeimhneoidh an duine sin don Bhanc—

(a) gur cuideachta é, nó

(b) gur foras creidmheasa é de réir bhrí Threoir 77/780/CEE ón gComhairle dar dáta 12 Nollaig, 1977(1) , atá údaraithe go cuí chun críocha na Treorach sin.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Aon uair a bheartóidh an Banc diúltú ceadúnas a dheonú do dhuine—

(a) déanfaidh sé—

(i) laistigh den tréimhse sé mhí tar éis an dáta a bhfuair sé an t-iarratas ar an gceadúnas, nó

(ii) i gcás faisnéis bhreise i ndáil leis an iarratas a bheith iarrtha ag an mBanc, laistigh den tréimhse sé mhí tar éis an dáta a bhfuair an Banc an fhaisnéis bhreise nó laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfuair sé an t-iarratas ar an gceadúnas, cibé tréimhse acu is túisce a chríochnóidh,

fógra a thabhairt i scríbhinn don duine go bhfuil ar intinn aige a iarraidh ar an Aire toiliú leis an diúltú atá beartaithe agus cad iad na cúiseanna a bheidh ag an mBanc leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh den tréimhse lá is fiche tar éis dháta an fhógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú atá beartaithe,

(b) féadfaidh an duine uiríll den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama réamhráite, agus

(c) sula gcinnfidh an tAire a thoiliú a thabhairt, nó gan é a thabhairt, breithneoidh sé aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an diúltú atá beartaithe.”.

(2) Beidh alt 10 (4) d'Acht 1971 arna aisghairm le héifeacht ó theacht i ngníomh d'fho-alt (1) (a).

Leasú ar alt 10 d'Acht 1971.

33. —Leasaítear leis seo alt 10 d'Acht 1971 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) d'fho-alt (3):

“(c) sula gcinnfidh an Banc an coinníoll a fhorchur nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, breithneoidh sé aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an bhforchur, leis an leasú nó leis an gcur le coinníollacha, de réir mar a bheidh, agus más rud é, tar éis dó an breithniú sin a dhéanamh, go gcinnfidh an Banc ar a mhalairt d'fhorchur, de leasú nó de chur le coinníollacha, de réir mar a bheidh, seachas mar a sonraíodh san fhógra lena mbaineann, ní gá dó fógra nua a thabhairt faoin bhfo-alt seo má fhágtar dá bharr sin nach dochraidí an coinníoll lena mbaineann ná mar a bheadh sé dá gcinnfeadh an Banc an coinníoll a fhorchur, nó coinníollacha an cheadúnais a leasú nó cur leo, de réir mar a bheidh, de réir an fhógra lena mbaineann.”.

Ceadúnais a chúlghairm.

34. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“11. (1) Féadfaidh an Banc—

(a) ceadúnas a chúlghairm má iarrann sealbhóir an cheadúnais amhlaidh,

(b) le toiliú an Aire ceadúnas a chúlghairm más rud é, maidir le sealbhóir an cheadúnais—

(i)  (I) nach mbeidh sé tosaithe de bheith ag seoladh gnó baincéireachta laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta ar ar deonaíodh an ceadúnas, nó

(II) go mbeidh sé scortha de bheith ag seoladh gnó baincéireachta agus nár sheol sé é le linn tréimhse is faide ná sé mhí díreach tar éis an scoir,

(ii) gur cuideachta é atá á fhoirceannadh,

(iii) gur foras creidmheasa é lena mbaineann alt 9 (IA) (b) den Acht seo (arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1989 ) agus atá á fhoirceannadh go cuí nó á dhíscaoileadh ar shlí eile,

(iv) go bhfuair sé an ceadúnas trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mírialta eile,

(v) go n-éiríonn sé neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe nó go bhfionraíonn sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach de nó nach bhfuil dóthain cistí dílse aige a thuilleadh (is cistí dílse lena mbaineann Treoir 77/780/CEE ón gComhairle dár dáta 12 Nollaig, 1977) nó nach féidir brath air a thuilleadh chun freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, agus go háirithe nach gcuireann sé urrús ar fáil a thuilleadh i leith na sócmhainní atá faoina chúram,

(vi) go mainníonn sé taisce, de mhéid a chinnfear de réir alt 55 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , a choimeád sa Bhanc,

(vii) go gciontaítear ar díotáil é i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo nó i gcion lena ngabhann calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,

(viii) gur i stát eile is ballstát de na Comhphobail Eorpacha atá a phríomh-oifig agus go mbeidh an t-údarás sa stát sin, a fheidhmíonn feidhmeanna sa stát sin a fhreagraíonn d'fheidhmeanna an Bhainc faoin gCaibidil seo, tar éis údarú a tharraingt siar ón bhforas ar brainse de an sealbhóir,

(c) le toiliú an Aire, an ceadúnas a chúlghairm má bhíonn athrú tagtha, ó deonaíodh an ceadúnas, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus gurb amhlaidh dóibh, dá ndéanfaí iarratas ar cheadúnas sna himthosca athraithe, go ndiúltófaí é a dheonú.

(2) Aon uair a bheartóidh an Banc ceadúnas a chúlghairm (seachas in imthosca lena mbaineann mír (a) nó (b) (viii) d'fho-alt (1) den alt seo)—

(a) tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don sealbhóir á rá go bhfuil sé chun toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus ag tabhairt na gcúiseanna a bheidh leis an gcúlghairm agus á rá leis go bhféadfaidh an sealbhóir, laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra a thabhairt, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe,

(b) féadfaidh an sealbhóir uiríll den sórt sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama réamhrálte, agus

(c) sula gcinnfidh an tAire a thoiliú a thabhairt, nó gan é a thabhairt, breithneoidh sé aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe.

(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus nach cuideachta atá á foirceannadh an duine ba shealbhóir ar an gceadúnas—

(a) leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a forchuireadh air le hAchtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó fúthu, go dtí go mbeidh dliteanais uile an duine sin i leith taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) nó cistí inaisíoctha eile a ghlac sé ó dhaoine (dá ngairtear taisceoirí san fho-alt seo) urscaoilte chun sástacht an Bhainc,

(b) déanfaidh an duine sin, a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a chúlghairm—

(i) fógra a thabhairt don Bhanc agus

(ii) fógra a thabhairt, a mhéid is indéanta sin le réasún, do gach taisceoir lena mbaineann,

maidir leis na bearta atá á ndéanamh aige, nó a bheartaíonn sé a dhéanamh, chun a dhliteanais i leith na dtaiscí sin a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí,

(c) i gcás—

(i) go mbeidh fógra tugtha ag an duine sin don Bhanc de réir mhír (b) den fho-alt seo agus gurb é tuairim an Bhainc nach bearta sásúla na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun críocha na míre sin, nó

(ii) nach mbeidh fógra tugtha ag an duine sin don Bhanc agus gurb é tuairim an Bhainc gur mhainnigh sé fógra a thabhairt amhlaidh a luaithe is féidir tar éis an ceadúnas a chúlghairm, nó

(iii) gurb é tuairim an Bhainc nach bhfuil gach dícheall réasúnach déanta ag an duine sin chun fógra a thabhairt amhlaidh do gach taisceoir lena mbaineann,

ansin féadfaidh an Banc treoir a thabhairt i scríbhinn don duine sin go ceann cibé tréimhse, nach faide ná sé mhí, a bheidh sonraithe ann, á thoirmeasc air—

(I) déileáil in aon sócmhainní nó i sócmhainní sonraithe dá chuid, nó iad a dhiúscairt, ar chaoi ar bith, nó

(II) gabháil d'aon idirbheart nó d'aicme idirbhirt nó d'idirbheart sonraithe, nó

(III) íocaíochtaí a dhéanamh,

gan údarú a fháil roimh ré ón mBanc, agus féadfaidh an Banc a cheangal ar an duine sin scéim chun a dhliteanas i leith na dtaisceoirí lena mbaineann a urscaoileadh go hordúil agus go hiomlán a ullmhú agus a chur faoina bhráid lena cheadú laistigh de dhá mhí ón treoir,

(d) i gcás ina dtabharfar treoir lena mbaineann an fo-alt seo beidh feidhm ag forálacha alt 21 den Acht seo fara aon mhodhnuithe is gá.

(4)  (a) I gcás ina gcúlghairfear ceadúnas agus inar cuideachta atá á foirceannadh sealbhóir an cheadúnais, beidh leachtaitheoir na cuideachta, i dteannta é a bheith faoi réir a dhualgas agus a oibleagáidí i leith an fhoirceanta, faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a mbeadh an chuideachta faoina réir dá mba chuideachta í lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo agus déanfar an fo-alt sin a fhorléiriú, chun críocha an fho-ailt seo, dá réir sin.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, féadfaidh an Banc, i gcás ina gcúlghairfidh sé ceadúnas agus inar dóigh leis gur cuí é sna himthosca, an dualgas agus an oibleagáid a fhorchuirtear ar an leachtaitheoir lena mbaineann déanamh de réir mhír (b) (arna fhorléiriú leis an bhfo-alt seo) d'fho-alt (3) den alt seo a bhaint i scríbhinn den leachtaitheoir agus féadfaidh sé cibé dualgas agus oibleagáid, breise nó eile, a fhreagraíonn don cheann atá leagtha amach sa mhír sin (b), a fhorchur i scríbhinn ar an leachtaitheoir sin.

(5) Más amhlaidh do shealbhóir ceadúnais—

(a) gur i stát eile is ball de na Comhphobail Eorpacha atá a phríomh-oifig, nó

(b) gur trí bhrainse atá bunaithe i stát eile den sórt sin a sheolann sé gnó baincéireachta,

ansin, sula gcinnfidh an Banc an ceadúnas a chúlghairm, rachaidh sé i gcomhairle leis an údarás sa stát sin a fheidhmíonn sa stát sin feidhmeanna a fhreagraíonn d'fheidhmeanna an Bhainc faoin gCuid seo:

Ar choinníoll áfach, má bhíonn gá le gníomhaíocht láithreach ón mBanc, nach gá don Bhanc dul i gcomhairle mar a dúradh ach i gcás den sórt sin tabharfaidh an Banc fógra don údarás lena mbaineann i dtaobh chúlghairm an cheadúnais.”.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1971.

35. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Coimeádfaidh an Banc iad seo a leanas ar an eolas maidir le hainmneacha sealbhóirí ceadúnas, is é sin le rá:

(a) Coimisiún na gComhphobal Eorpach;

(b) Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí;

(c) an t-oifigeach a bheidh de thuras na huaire ag bainistí Phríomh-Oifig na hArd-Chúirte;

(d) gach Cláraitheoir Contae;

(e) gach Cléireach Cúirte Dúiche.”.

Forálacha i ndáil le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas.

36. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 17:

“17.—(1) Coimeádfaidh sealbhóir ceadúnais, in oifig nó in oifigí sa Stát, cibé leabhair agus taifid (lena n-áirítear cuntais) a shonróidh an Banc ó am go ham i gcomhlíonadh cuí a fheidhmeanna reachtúla ag an mBanc agus tabharfaidh sé fógra don Bhanc maidir le seoladh gach oifige ina gcoimeádtar aon leabhar nó taifead den sórt sin chun críocha an fho-ailt seo.

(2) Féadfaidh an Banc leabhair agus taifid éagsúla a shonrú, chun críocha an ailt seo, i ndáil le sealbhóirí éagsúla ceadúnas.

(3) (a) Aon duine iomchuí a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chuige sin ag Rialtóir an Bhainc (dá ngairtear ‘duine údaraithe’ san fho-alt seo) féadfaidh sé, gach tráth réasúnach d'fhonn go bhfeidhmeoidh an Banc a fheidhmeanna reachtúla, agus ar a údarás a bheith tugtha ar aird ag an duine sin—

(i) na leabhair agus na taifid a bheidh á gcoimeád ag sealbhóir ceadúnais de bhun an ailt seo, agus

(ii) aon leabhair chuntais a bhaineann leis an sealbhóir sin agus a bheidh á gcoimeád faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó faoi aon achtachán atá le forléiriú mar aon ní amháin leis an Acht sin, agus

(iii) aon doiciméid eile a bhaineann le gnó an tsealbhóra sin,

a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu, agus cibé fiosruithe a dhéanamh is dóigh leis is gá i ndáil leo, agus féadfaidh sé, chun na gcríoch sin, dul isteach in aon oifig lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo agus in aon áit eile a gcreideann sé le réasún go bhfuil aon leabhair, taifid nó doiciméid eile den chineál a dúradh á gcoimeád ann.

(b) Aon duine a mbeidh aon leabhair, taifid nó doiciméid eile mar a dúradh faoina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil aige—

(i) tabharfaidh sé ar aird iad ar dhuine údaraithe dá iarraidh sin air agus ceadóidh sé dó iad a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(ii) tabharfaidh sé, ar dhuine údaraithe dá iarraidh sin air, aon fhaisnéis a iarrfar le réasún i ndáil leo, agus

(iii) tabharfaidh sé do dhuine údaraithe cibé cúnamh agus faisnéis eile a bheidh réasúnach sna himthosca.

(c) Beidh feidhm ag forálacha mhíreanna (a) agus (b) den fho-alt seo maidir le gach sealbhóir ceadúnais agus beidh feidhm ag forálacha na míreanna sin, cé is moite d'fhomhír (i) de mhír (a),—

(i) maidir le gach fiontraíocht chomhlachaithe de chuid an tsealbhóra, agus

(ii) maidir le haon duine eile,

i gcás gurb iomchuí agus gurb ábhartha, i dtuairim an Bhainc, iniúchadh a dhéanamh ar na leabhair, na taifid nó na doiciméid eile chun meastóireacht cheart a dhéanamh ar ghnó sealbhóra ceadúnais le linn aon tréimhse lena mbaineann iniúchadh nó iniúchadh beartaithe ar an sealbhóir.

(4) Na leabhair agus na taifid a choimeádfar de bhun an ailt seo—

(a) is leabhair agus taifid iad i dteannta aon leabhar nó taifead eile a cheanglaítear a choimeád le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, agus

(b) coinneofar iad go ceann cibé tréimhse, ar a laghad, a shonróidh an Banc maidir le haon leabhar nó taifead den sórt sin.

(5) I gcás aon duine a gceanglófar air leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird d'éileamh liain ar an gcéanna, is gan dochar don lian a thabharfar ar aird é.

(6) Ní chuirfidh aon ní san alt seo iallach ar abhcóide nó ar aturnae leabhar, taifead nó doiciméad eile a thabhairt ar aird ina bhfuil aon chumarsáid phribhléide a rinne sé, nó a rinneadh chuige, sa cháil sin, ná aon fhaisnéis a thabhairt atá i gcumarsáid phribhléide a rinneadh amhlaidh.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn‘duine iomchuí'—

(i) oifigeach don Bhanc, nó

(ii) i ndáil le haon iniúchadh áirithe (lena n-áirítear iniúchadh beartaithe), aon duine eile a bhfuil, i dtuairim Rialtóir an Bhainc, na cáilíochtaí agus an taithí aige is cuí chun an t-iniúchadh, nó aon chuid de, lena mbaineann an t-alt seo, a dhéanamh;

ciallaíonn ‘fiontraíocht chomhlachaithe’ (más cuí)—

(i) cuideachta shealbhaíochta de chuid an tsealbhóra ceadúnais,

(ii) fochuideachta de chuid an tsealbhóra ceadúnais,

(iii) cuideachta is fochuideachta do chomhlacht corpraithe i gcás inar fochuideachta don chomhlacht corpraithe an sealbhóir ceadúnais áirithe freisin ach nach fochuideachta ceachtar cuideachta don chuideachta eile,

(iv) i gcás inar sealbhóir ceadúnais cuideachta, aon chomhlacht corpraithe eile nach fochuideachta don chuideachta ach a bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcuideachta chun breis agus 20 faoin gcéad, de réir luacha ainmniúil, den scairchaipiteal leithroinnte nó de na scaireanna lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach dtagann i gceist ach amháin in imthosca sonraithe) sa chomhlacht corpraithe eile sin,

(v) comhpháirtíocht ina bhfuil leas ag an sealbhóir ceadúnais agus a bhfuil nó, an tráth ábhartha, a raibh baint ábhartha, i dtuairim an Bhainc, ag a gnó le haon iniúchadh ar an sealbhóir atá á dhéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo;

tá le ‘cuideachta shealbhaíochta’ an bhrí a thugtar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn ‘feidhmeanna reachtúla’, i ndáil leis an mBanc, feidhmeanna an Bhainc—

(i) faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, agus aon achtachán eile ag leasú na nAchtanna sin, nó

(ii) a fhorchuirtear de bhua Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Maoirseacht Chomhdhlúite ar Bhainc), 1985 (I.R. Uimh. 302 de 1985) agus Threoir Uimh. 85/354/CEE ón gComhairle(1) dar dáta 13 Meitheamh, 1983;

tá le ‘fochuideachta’ an bhrí a thugtar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(b) Tagairtí san alt seo do leabhair, do thaifid nó do dhoiciméid eile, nó d'aon cheann acu, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn aon doiciméad nó faisnéis a choimeádtar i bhfoirm neamhinléite (trí úsáid leictreonaice nó ar shlí eile) a fhéadfar a atáirgeadh i bhfoirm inléite agus na modhanna leictreonacha agus na modhanna uathoibríocha eile go léir, más ann, lenar féidir an doiciméad nó an fhaisnéis sin a atáirgeadh amhlaidh agus ar a bhfuil teacht ag an duine arb iad a chuid leabhar, taifead nó doiciméad eile (mar atá forléirithe amhlaidh) atá á n-iniúchadh chun críocha an ailt seo.”.

Faisnéis a thabhairt don Bhanc.

37. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 18:

“18. (1) Aon sealbhóir ceadúnais agus aon duine a sheolann gnó—

(a) mar fhiontraíocht chomhlachaithe lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo,

(b) a mbeidh an duine sin, de bhua alt 7 (4) (a) (ii) den Acht seo, díolmhaithe ina leith ón oibleagáid ceadúnas a shealbhú,

(c) mar chuideachta iontaobhais infheistíochta,

(d) mar bhróicéir airgid,

(e) mar idirghabhálaí airgeadais, nó

(f) ag eisiúint nó ag sealbhú ionstraimí airgeadais, nó ag rannpháirtiú thairis sin in aon mhargadh in ionstraimí airgeadais, lena n-áirítear ionstraimí den sórt lena mbaineann Caibidil VIII d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ;

tabharfaidh sé don Bhanc—

(i) cibé tráthanna a shonróidh an Banc ó am go ham, cibé faisnéis agus tuairisceáin maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó le seoladh gnó mar a dúradh ag an duine sin, de réir mar a bheidh, a shonróidh an Banc ó am go ham, is faisnéis agus tuairisceáin a mheasfaidh an Banc is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí;

(ii) laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Banc, aon fhaisnéis agus tuairisceáin (nach faisnéis ná tuairisceáin atá sonraithe faoi mhír (i) den fho-alt seo) maidir leis an ngnó lena mbaineann an ceadúnas nó le seoladh gnó mar a dúradh ag an duine sin, de réir mar a bheidh, a iarrfaidh an Banc i scríbhinn, is faisnéis agus tuairisceáin is mheasfaidh an Banc is gá a bheith aige chun a fheidhmeanna reachtúla a chomhlíonadh go cuí.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine faisnéis ná tuairisceáin is eol dó a bheith bréagach a thabhairt faoin alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo maidir le gnó fiontraíochta comhlachaithe ach amháin a mhéid a bheidh baint ábhartha, i dtuairim an Bhainc, ag an bhfaisnéis agus na tuairisceáin atá á n-iarraidh ag an mBanc le meastóireacht cheart a dhéanamh ar ghnó an tsealbhóra ceadúnais lena mbaineann an fhiontraíocht chomhlachaithe.

(4) San alt seo:

tá le ‘fiontraíocht chomhlachaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 17 den Acht seo;

folaíonn ‘faisnéis agus tuairisceáin’ agus ‘faisnéis nó tuairisceáin' cuntais iniúchta, grúpchuntais iniúchta agus aon doiciméid eile is ionann agus na cuntais iniúchta nó na grúpchuntais iniúchta sin nó a fhreagraíonn dóibh;

tá le ‘bróicéir airgid’ an bhrí a shanntar dó le halt 108 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , chun críocha Chaibidil IX den Acht sin.”.

Treoracha ón mBanc do shealbhóirí ceadúnas.

38. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 21:

“21.—(1) Aon uair is dóigh leis an mBanc gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh nó gurb amhlaidh, maidir le sealbhóir ceadúnais—

(a) go bhfuil sé éirithe neamhábalta, nó gur dóigh dó éirí neamhábalta, freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nó

(b) nach bhfuil acmhainní caipitiúla leordhóthanacha, ag féachaint don mhéid agus don chineál gnó a sheolann sé, á gcothabháil aige nó gur dóigh nach mbeidh ar a chumas iad a chothabháil, nó

(c) gur mhainnigh sé déanamh de réir aon choinníll a forchuireadh i ndáil leis an gceadúnas de réir alt 10 den Acht seo agus sin in imthosca gur dóigh leis an mBanc go gcuireann an mhainneachtain sin as do chobhsaíocht agus d'fhóntacht an tsealbhóra, nó

(d) go bhfuil sé ag seoladh gnó ar chaoi a chuireann sábháilteacht na dtaiscí a ghlacann sé, nó cearta agus leasanna na ndaoine a rinne na taiscí sin, i mbaol agus a dhéanann dochar dóibh, nó

(e) go bhfuil sé féin, mar aon le fiontraíocht amháin eile nó níos mó (bíodh nó ná bíodh aon fhiontraíocht eile den sórt sin ina sealbhóir ceadúnais), faoi rialú comhchoiteann agus gurb é tuairim an Bhainc nach é leas na ndaoine a choinníonn taiscí leis an gcéad sealbhóir ceadúnais a luaitear iad a bheith faoi rialú comhchoiteann,

féadfaidh an Banc treoir a thabhairt i scríbhinn don sealbhóir sin á ordú dó aon ní nó gach ní acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná sé mhí, a bheidh sonraithe sa treoir, is é sin le rá—

(i) seoladh gnó baincéireachta,

(ii) déanamh íocaíochtaí nach mbaineann mír (i) den fho-alt seo leo,

(iii) fáil nó diúscairt sócmhainní nó dliteanas eile,

nach mbeidh údaraithe ag an mBanc.

(2) Féadfaidh an Banc treoir a tugadh faoi fho-alt (1) den alt seo a chúlghairm mura mbeidh ordú faoi fho-alt (4) den alt seo déanta i leith na treorach.

(3) Féadfaidh sealbhóir ceadúnais dá dtabharfar treoir faoi fho-alt (1) den alt seo iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar ordú ag cur na treorach ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú.

(4) Féadfaidh an Banc a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh ag daingniú treorach a tugadh faoi fho-alt (1) den alt seo nó ag daingniú na treorach agus, faoi réir fho-alt (5) den alt seo, ag fadú a tréimhse oibrithe go ceann cibé tréimhse ama, nach faide ná an tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta ar tháinig an treoir in éifeacht, is cuí leis an gCúirt ag féachaint do na himthosca go léir.

(5) Scoirfidh treoir lena mbaineann fo-alt (4) den alt seo d'éifeacht a bheith léi—

(a) i gcás inar daingníodh an treoir, ar an tréimhse lena mbaineann an treoir a bheith caite,

(b) i gcás inar daingníodh an treoir agus inar fadaíodh a tréimhse oibrithe, ar an tréimhse fhadaithe sin a bheith caite,

(c) ó cibé dáta a chinnfidh an Chúirt le hordú ar iarratas a bheith déanta ag an mBanc chuici dá éis sin,

(d) ar ordú foirceanta a bheith déanta maidir leis an sealbhóir ceadúnais lena mbaineann, nó

(e) más dóigh leis an gCúirt nach ann a thuilleadh do na himthosca ba bhun leis an treoir a dhéanamh agus go mbeadh sé éagórach agus éagothrom gan ordú á rá sin a dhéanamh, ó cibé dáta a chinnfidh an Chúirt le hordú,

cibé acu is túisce a tharlóidh.

(6) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó (4) den alt seo, cibé ordú eile a dhéanamh i ndáil leis an ábhar is dóigh léi is gá, lena n-áirítear ordú á ordú d'aon duine a bhfuil airgead nó sócmhainní eile á sealbhú aige don duine, nó thar ceann an duine, lena mbaineann an treoir, gan aon cheann de na sócmhainní sin a dhiúscairt ach amháin ar cibé coinníollacha, agus i cibé imthosca, a bheidh sonraithe san ordú.

(7) I gcás inar treoir atá ar marthain treoir a thabharfar faoin alt seo, ansin—

(a) ní thionscnófar imeachtaí foirceanta ná féimheachta i ndáil leis an sealbhóir ceadúnais dár tugadh an treoir,

(b) ní cheapfar glacadóir i ndáil le maoin an tsealbhóra sin, agus

(c) ní dhéanfar maoin an tsealbhóra sin a astú, a fhorlámhú ná a thochsal ar shlí eile,

mura mbeidh ceadú faighte roimh ré ón gCúirt.

(8)   (a) I gcás inarb é tuairim an Bhainc, d'ainneoin gur dealraitheach dó go bhfuil an sealbhóir ceadúnais dár tugadh an treoir faoin alt seo ábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nach dóigh go réiteofar na himthosca ba bhun leis an treoir a thabhairt, iarrfaidh sé láithreach ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, ordú a dhéanamh á ordú don sealbhóir scéim a ullmhú, i gcomhairle leis an mBanc, chun a ghnó baincéireachta a fhoirceannnadh go hordúil agus chun a dhliteanais i leith daoine a bhfuil taiscí á gcoinneáil acu leis a urscaoileadh faoi mhaoirseacht an Bhainc agus á ordú dó an scéim a chur faoi bhráid na Cúirte laistigh de dhá mhí chun ceadú na Cúirte a fháil.

(b) Ní cheadóidh an Chúirt téarmaí na scéime gan éisteacht a thabhairt don Bhanc agus, i gcás aon díospóid a bheith ann faoi théarmaí na scéime, féadfaidh an Banc nó an sealbhóir ceadúnais dár tugadh an treoir, nó féadfaidh siad araon, a iarraidh ar an gCúirt an t-ábhar a bhreithniú.

(c) Má mhainníonn an sealbhóir ceadúnais dár tugadh an treoir déanamh de réir ordú na Cúirte nó má mhainníonn sé gníomhú de réir na scéime a cheadaigh an Chúirt, féadfaidh an Banc a iarraidh ar an gCúirt, agus féadfaidh an Chúirt, cibé ordú breise a dhéanamh is dóigh leis is cuí, lena n-áirítear ordú cimithe nó ordú foirceanta ar an bhforas go bhfuil sé cóir agus cothrom an sealbhóir a fhoirceannadh.

(9) Más rud é, in imeachtaí faoin alt seo i gcoinne sealbhóra ceadúnais dár tugadh treoir faoin alt seo, go ndéanfar ordú foirceanta, beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le cuideachtaí (lena n-airitear an tAcht seo) ar an gcaoi céanna a mbeadh feidhm acu dá mba ar achainí foirceanta faoin dlí sin a rinneadh an t-ordú agus ionann is dá ndéanfaí tagairt don ordú foirceanta a dhéanamh faoin alt seo a chur in ionad aon tagartha sa dlí sin don achainí foirceanta a thíolacadh.

(10) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar an himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(11) Féadfaidh an Chúirt le hordú ordú a rinne sí faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(12) Chun críocha fho-alt (1) (e) den alt seo measfar an sealbhóir ceadúnais agus fiontraíocht amháin eile nó níos mó a bheith faoi rialú comhchoiteann más féidir leis an duine céanna a chinneadh, nó más é an grúpa céanna daoine ag gníomhú de chomhbheart a chinneann, conas a bhainisteofar, agus cé a bhainisteoidh, gach ceann acu.”.

Leasú ar alt 22 d'Acht 1971.

39. —Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1971:

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Banc treoir a thabhairt do shealbhóir ceadúnais—

(a) gan fógrán ag lorg taiscí ón bpobal a fhoilsiú nó gan leanúint dá fhoilsiú, nó

(b) gan a chur faoi deara go bhfoilseofar fógrán den sórt sin nó go leanfar dá fhoilsiú,

le linn cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa treoir.

(2A) Féadfaidh an Banc treoir a thabhairt do shealbhóir ceadúnais—

(a) gan fógrán a fhoilsiú nó gan leanúint dá fhoilsiú, nó

(b) gan a chur faoi deara go bhfoilseofar fógrán nó go leanfar dá fhoilsiú,

más fógrán é ina bhfuil faisnéis maidir le haon seirbhís a chuirtear nó a chuirfear ar fáil don phobal, nó maidir le haon mhuirear, téarma nó coinníoll ar faoina réir a chuirtear (nó a chuirfear) seirbhís ar fáil amhlaidh ar faisnéis í atá, i dtuairim an Bhainc, bréagach nó míthreorach nó a bhfuil sé ceaptha di daoine a mheabhlú.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) San alt seo:

folaíonn ‘fógrán’ aon ní lena mbaineann an t-alt seo a mholadh i bhfoirm ar bith lena n-áirítear, go háirithe, aon ní den sórt sin a chur ar taispeáint nó a fhoilsiú trí fhógra, bileoigín, ciorclán, paimfléad, bróisiúr, grianghraf, scannán, fístaifead, craolachán fuaime, teilifís, cumarsáid leictreonach nó canbhasáil phearsanta;

folaíonn ‘taiscí’ aon chistí a ghlactar ón bpobal agus is iníoctha ar éileamh nó ar fhógra nó ar dháta todhchaí socair nó inchinnte.”.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1971.

40. —Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) San alt seo—

folaíonn ‘dliteanais’ cibé dliteanais theagmhasacha a shonróidh an Banc ó am go ham chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn ‘sonraithe’ sonraithe ag an mBanc i gceanglas faoin alt seo.”.

Comhdhéanamh sócmhainní agus dliteanas.

41. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 23:

“23A. Féadfaidh an Banc, ó am go ham, maidir le sealbhóir ceadúnais, ceanglais a shonrú ó thaobh comhdhéanamh a shócmhainní agus comhdhéanamh a dhliteanas.”.

Leasú ar alt 26 d'Acht 1971.

42. —Leasaítear leis seo alt 26 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—

“(7) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus i gcás gurb é a thuairim nach mbeadh sé i gcoinne rialáil ordúil chuí na baincéireachta—

(a) i gcás fho-alt (2) nó (3) den alt seo, nó i gcás an dá fho-ailt sin, feidhm a thabhairt do na fo-ailt sin, nó a bhfeidhm a shrianadh, maidir le haon duine nó le haon aicme daoine, agus

(b) i gcás fho-alt (6) den alt seo, an fo-alt sin a leasú trí aon ionstraim a bheidh sonraithe san fho-alt sin a chur leis nó a scriosadh as,

agus, i gcás gach fo-ailt acu, cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh difear dó cheana de bhua an fho-ailt seo.”.

Leasú ar alt 27 d'Acht 1971.

43. —Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1971:

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Má dhéantar fógrán nó sirtheoireacht eile le haghaidh taiscí a fhoilsiú agus gan ainm agus seoladh an duine a rinne socrú don fhógrán nó don tsirtheoireacht leis an bhfoilsitheoir ar áireamh ann, ansin féadfaidh an Banc, tráth ar bith i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an fógrán a fhoilsiú, a iarraidh ar an bhfoilsitheoir ainm agus seoladh an duine sin a thabhairt don Bhanc agus air sin déanfaidh an foilsitheoir de réir an iarratais sin.”;

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) San alt seo ní fholaíonn ‘taiscí’ taiscí arna dtaisceadh le trádálaí ag daoine atá fostaithe aige ina ghnó trádála nó ag a chustaiméirí i ngnáthchúrsa a ghnó trádála ná taiscí i leith earraí a ligean nó a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú díola creidmheasa.

(b) Aon tagairt san alt seo nó in alt 58 (3) den Acht seo (arna leasú le halt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ) do thaiscí a shireadh, cibé caoi a shainítear é, folaíonn sé gach cineál sirtheoireachta le haghaidh taiscí lena n-áirítear, go háirithe, aon ní den sórt sin a chur ar taispeáint nó a fhoilsiú trí fhógra, bileoigín, ciorclán, paimfléad, bróisiúr, grianghraf, scannán, fístaifead, craolachán fuaime, teilifís, cumarsáid leictreonach nó canbhasáil phearsanta.”.

Cumhacht na Cúirte chun sáruithe áirithe ar Acht 1971, nó mainneachtain déanamh dá réir, a thoirmeasc.

44. —Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28:

“28A. (1) Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ar bhealach achomair ag an mBanc, go mbeidh an Chúirt den tuairim go bhfuil—

(a) sárú ar alt 17 nó 18 den Acht seo, nó

(b) mainneachtain déanamh de réir coinníll a forchuireadh i ndáil le ceadúnas de bhua alt 10, nó de réir treorach faoi alt 22, den Acht seo,

déanta nó á dhéanamh, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an duine nó ar na daoine lena mbaineann leanúint den sárú nó den mhainneachtain.

(2) Féadfaidh an Chúirt, le linn di an t-ábhar a bhreithniú, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

(3) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.”.

Leasú ar alt 31 d'Acht 1971.

45. —Leasaítear leis seo alt 31 d'Acht 1971 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais de ghnó baincéireachta a sheoladh in imthosca lena mbaineann alt 57 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , tabharfaidh sé, a luaithe is féidir, fógra faoin scor sin do na daoine go léir a mbeidh taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) ar taisceadh acu leis agus déanfaidh sé, má éilíonn aon duine den sórt sin air é, méid taisce an duine sin a íoc leis láithreach mar aon le méid aon úis a bheidh fabhraithe ar an taisce sin.”.

Iniúchóir a cheapadh.

46. —(1) Féadfaidh an Banc, i scríbhinn, a cheangal ar aon sealbhóir ceadúnais—

(a) fógra a thabhairt don Bhanc 15 lá ar a laghad—

(i) sula gcuirfear fógraí chuig na scairshealbhóirí maidir le ceapachán beartaithe nó athcheapachán beartaithe duine mar iniúchóir an tsealbhóra chun críocha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, nó

(ii) sula líonfaidh stiúrthóirí an tsealbhóra aon chorrfholúntas in oifig an iniúchóra de bhua alt 160 (7) d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

maidir le hainm an duine a bheartaítear a cheapadh nó atá le hathcheapadh nó leis an bhfolúntas sin a líonadh amhlaidh,

(b) laistigh de cibé tréimhse ama a shonróidh an Banc, cibé faisnéis a thabhairt a iarrfaidh an Banc maidir leis an duine a ainmníodh chun críche mhír (a).

(2) I gcás inar dóigh leis an mBanc nach rachadh sé chun leasa do dhaoine a choinníonn taiscí le sealbhóir ceadúnais ná do rialáil ordúil chuí na baincéireachta, féadfaidh sé treoir a thabhairt don sealbhóir sin, de réir mar is gá sna himthosca, gan duine ainmnithe a cheapadh nó a athcheapadh chun oifig iniúchóra, nó treoir a thabhairt do na stiúrthóirí gan corrfholúntas a líonadh trí dhuine ainmnithe a cheapadh, agus déanfar de réir na treorach sin.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

Dualgais iniúchóra.

47. —(1) Más rud é, maidir le hiniúchóir sealbhóra céadúnais—

(a) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil imthosca ann ar dóigh dóibh difear ábhartha a dhéanamh do chumas an tsealbhóra freastal dá oibleagáidí i leith daoine a choinníonn taiscí leis nó freastal d'aon oibleagáidí airgeadais dá chuid faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó

(b) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil lochtanna ábhartha i gcórais agus rialuithe airgeadais, nó i dtaifid chuntasaíochta, an tsealbhóra, nó

(c) go mbeidh cúis aige chun a chreidiúint go bhfuil míchruinnis ábhartha in aon tuairisceáin de chineál airgeadais a thug an sealbhóir don Bhanc nó gur fágadh nithe ábhartha amach astu, nó

(d) go mbeartóidh sé coinníoll a chur ag gabháil le haon deimhniú atá le cur ar fáil aige i ndáil le ráitis nó tuairisceáin airgeadais de chuid an tsealbhóra faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, nó faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó

(e) go gcinnfidh sé éirí as nó gan dul ar aghaidh lena atoghadh mar iniúchóir,

tuairisceoidh sé an méid sin i scríbhinn don Bhanc gan mhoill.

(2) Déanfaidh iniúchóir sealbhóra ceadúnais, má iarrann an Banc air é, tuarascáil a thabhairt don Bhanc á rá cibé acu atá nó nach bhfuil, ina thuairim agus de réir mar is fearr is eol dó, oibleagáid shonraithe de cineál airgeadais faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, comhlíonta ag an sealbhóir.

(3) Déanfaidh an Banc, má iarrann iniúchóir sealbhóra ceadúnais air é, mionsonraí a thabhairt i scríbhinn don iniúchóir maidir le cibé tuairisceáin de chineál airgeadais, a bheidh tugtha ag an sealbhóir don Bhanc, a iarrfaidh an t-iniúchóir chun a chumasú dó déanamh de réir fho-alt (1) (c) nó (2).

(4) Déanfaidh iniúchóir sealbhóra ceadúnais cóip d'aon tuarascáil a thug sé don Bhanc faoi fho-alt (1) nó (2) a chur chuig an sealbhóir.

(5) (a) Aon uair is dóigh leis an mBanc gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le feidhmiú a fheidhmeanna faoi Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó chun leasanna taisceoirí a chosaint, féadfaidh sé a cheangal ar iniúchóir sealbhóra ceadúnais cibé faisnéis a shonróidh sé a thabhairt dó i ndáil leis an iniúchadh ar ghnó an tsealbhóra agus déanfaidh an t-iniúchóir de réir an cheanglais.

(b) Féadfaidh an Banc a cheangal go ngníomhóidh an t-iniúchóir go neamhspleách ar an sealbhóir ceadúnais agus faisnéis á tabhairt aige chun críocha an fho-ailt seo.

(6) Ní mheasfar aon dualgas a mbeidh iniúchóir sealbhóra ceadúnais faoina réir a bheith sáraithe, ná ní bheidh an t-iniúchóir faoi dhliteanas ar bith i leith an tsealbhóra, ná i leith scairshealbhóirí, creidiúnaithe nó páirtithe leasmhara eile de chuid an tsealbhóra, mar gheall ar é do chomhlíonadh aon oibleagáide a fhorchuirtear air leis an alt seo nó faoin alt seo.

Caibidil IV

Forálacha Ginearálta i ndáil le Foirceannadh

Forais le foirceannadh ar iarratas ón mBanc.

48. —(1) D'ainneoin alt 215 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , féadfaidh an Banc, trí achainí a thíolacadh, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte go bhfoirceannfaí sealbhóir ceadúnais ar aon fhoras díobh seo a leanas:

(a) go bhfuil nó, i dtuairim an Bhainc, go bhféadfadh go mbeidh, an sealbhóir neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe;

(b) go bhfuil mainnithe ag an sealbhóir déanamh de réir treorach ón mBanc faoi alt 21 d'Acht 1971 agus nach bhfuil an treoir curtha ar ceal ag an gCúirt;

(c) go bhfuil cúlghairm déanta ar an gceadúnas agus go bhfuil scortha ag an sealbhóir de bheith ag seoladh gnó baincéireachta;

(d) gur dóigh leis an mBanc gurb é leas na ndaoine a bhfuil taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) ar taisceadh acu leis an sealbhóir go ndéanfaí an sealbhóir a fhoirceannadh.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine seachas an Banc achainí a thíolacadh chun sealbhóir ceadúnais a fhoirceannadh, seirbheálfar cóip den achainí ar an mBanc agus beidh an Banc i dteideal éisteacht a fháil ar an achainí.

(3) I gcás sealbhóir ceadúnais a bheith á fhoirceannadh go toilteanach agus go mbeidh cúis ag an mBanc chun a chreidiúint go mbaineann aon cheann de na forais atá leagtha amach i bhfo-alt (1) leis, ansin féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh chun na Cúirte go ndéanfaidh an Chúirt an sealbhóir ceadúnais a fhoirceannadh.

Fógraí, doiciméid a bheidh le cur chuig an mBanc i ndáil le foirceannadh.

49. —I gcás sealbhóir ceadúnais nó iarshealbhóir ceadúnais a bheith á fhoirceannadh agus nach creidiúnaí an Banc, déanfar aon fhógra nó doiciméad, cibé ainm a thabharfar air, a cheanglaítear a chur chuig creidiúnaí de chuid an tsealbhóra nó an iarshealbhóra a chur freisin chuig an mBanc.

Ceart an Bhainc ionadaí a bheith aige ag cruinnithe, etc.

50. —(1) Féadfaidh oifigeach don Bhanc, nó aon duine eile, a bheidh údaraithe go cuí i scríbhinn chuige sin ag Rialtóir an Bhainc, freastal ar aon chruinniú de chreidiúnaithe sealbhóra nó iarshealbhóra ceadúnais.

(2) (a) Féadfaidh Rialtóir an Bhainc oifigeach don Bhanc nó aon duine eile a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina chomhalta de choiste iniúchta arna cheapadh faoi alt 233 nó 268 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais.

(b) Ní dhéanfar aon duine a bheidh ceaptha go cuí faoi mhír (a) a chomhaireamh le linn líon íosta nó uasta na gcomhaltaí den choiste sin, mar a forordaíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a bheith á ríomh, ná a chur as oifig mar chomhalta den choiste, gan toiliú an Bhainc.

Tagairtí d'fhoirceannadh, etc., a fhorléiriú.

51. —I gcás inar féidir sa chomhthéacs, agus inar gá sna himthosca, déanamh amhlaidh, déanfar aon tagairtí in Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, do shealbhóir ceadúnais nó d'iarshealbhóir ceadúnais a fhoirceannadh, nó d'aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, a bhaineann le foirceannadh, a fhorléiriú, i gcás gur cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát nó gur foras lena mbaineann alt 9 (1A) (arna leasú leis an gCuid seo) d'Acht 1971 sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais, mar thagairtí do na forálacha comhréire i ndlí na dlínse coigríche lena mbaineann agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, maidir leis an bhfoirceannadh nó leis an díscaoileadh lena mbaineann agus sin, más gá, fara cibé modhnuithe a ordóidh an Chúirt.

Rialacha Cúirte.

52. —Go dtí go ndéanfar rialacha cúirte chun críocha na Coda seo beidh feidhm chun na gcríoch sin, fara cibé oiriúnuithe is gá, ag na rialacha cúirte a bhaineann le cuideachtaí a fhoirceannadh.

Caibidil V

Cosaint Taiscí

Léiriú (Caibidil V).

53. —Sa Chaibidil seo—

folaíonn “leanbh” duine lánaoise;

ciallaíonn “duine bainteach”, i ndáil le duine eile, duine a choinníonn taiscí (lena n-áirítear taiscí, más ann, ar chuntais reatha) ar taisceadh le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá tagtha chun bheith dócmhainneach agus atá á fhoirceannadh, agus i gcás gurb é atá sa duine sin—

(a) céile an duine eile sin,

(b) leanbh nó garleanbh an duine eile sin nó leanbh nó garleanbh chéile an duine eile sin,

(c) tuismitheoir, seanathair nó seanmháthair an duine eile sin,

(d) deartháir, deirfiúr, leasdeartháir nó leasdeirfiúr leis an duine eile sin,

(e) comhpháirtí de chuid an duine eile a mbaineann an Partnership Act, 1890, leis an mbeirt acu le chéile (cibé acu i dteannta aon daoine eile nó nach ea),

(f) céile duine bhaintigh lena mbaineann mír (b), (d) nó (e) agus a mbaineann an mhír iomchuí leis nó léi i ndáil leis an duine eile cuí,

(g) comhlacht corpraithe agus gur príomhoifigeach, rúnaí nó comhalta d'aon bhord nó coiste eile bainistíochta, cibé ainm a thugtar air, don chomhlacht corpraithe an duine eile sin,

(h) comhlacht corpraithe agus gur úinéir tairbhiúil iomchuí de chuid an chomhlachta chorpraithe an duine eile sin, nó

(i) comhlacht corpraithe agus gur úinéir tairbhiúil iomchuí de chuid an chomhlachta chorpraithe an duine sin mar aon le haon duine lena mbaineann mír (a), (b), (c), (d), (e), (f) nó (g);

ciallaíonn “cuntas cosanta taiscí” an cuntas a bhunaítear agus a chothabháiltear de bhua alt 54;

tá le “taiscí cáilithe” an bhrí a shanntar dó le halt 62;

ciallaíonn “taisceoir eisiata” duine a choinníonn taiscí (lena n-áirítear taiscí, más ann, ar chuntais reatha) ar taisceadh le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá tagtha chun bheith dócmhainneach agus atá á fhoirceannadh agus i gcás gurb é atá sa duine sin, i ndáil leis an sealbhóir nó an iarshealbhóir ceadúnais sin—

(a) príomhoifigeach, rúnaí nó comhalta d'aon bhord nó coiste eile bainistíochta, cibé ainm a thugtar air,

(b) úinéir tairbhiúil iomchuí de chuid an tsealbhóra nó an iarshealbhóra ceadúnais sin,

(c) i dteannta daoine bainteacha, úinéir tairbhiúil iomchuí de chuid an tsealbhóra nó an iarshealbhóra ceadúnais sin,

(d) faoi réir alt 64, duine atá bainteach le duine a shonraítear i mír (a), (b) nó (c),

(e) faoi réir alt 64, iontaobhaí iontaobhais chun sochair do dhuine a shonraítear i mír (a), (b), (c) nó (d),

(f) cuideachta shealbhaíochta, fochuideachta, fochuideachta eile don chuideachta shealbhaíochta chéanna nó cuideachta (nach fochuideachta) ar úinéir tairbhiúil iomchuí uirthi an sealbhóir nó an t-iarshealbhóir ceadúnais, nó

(g) duine atá eisiata de bhua alt 63;

ciallaíonn “taiscí idirbhainc” taiscí arna dtaisceadh le sealbhóir ceadúnais ag aon cheann acu seo a leanas, is é sin le rá—

(a) sealbhóir ceadúnais eile;

(b) aon duine, nach sealbhóir ceadúnais, atá bunaithe lasmuigh den Stát agus atá, i dtuairim an Bhainc, údaraithe go cuí lasmuigh den Stát chun gnó baincéireachta a sheoladh;

(c) an Banc;

(d) Corparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta;

(e) an chuideachta atá bunaithe agus cláraithe de bhua alt 2 den Acht Cáirde Tionscail, 1933;

(f) banc taisce iontaobhais atá deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979;

(g) cumann foirgníochta;

(h) cibé daoine eile a bheidh sonraithe le rialacháin faoi alt 72;

agus aon taiscí arna dtaisceadh le sealbhóir ceadúnais ag aon oifig dá chuid lasmuigh den Stát, measfar gur taiscí idirbhainc iad;

ciallaíonn “úinéir tairbhiúil iomchuí”, i ndáil le comhlacht corpraithe, duine a bhfuil teideal tairbhiúil aige (go díreach nó go neamhdhíreach) chuig 20 faoin gcéad nó níos mó, de réir luacha ainmniúil, de scairchaipiteal leithroinnte an chomhlachta chorpraithe nó de na scaireanna sa chomhlacht corpraithe lena ngabhann cearta vótála (seachas cearta vótála nach dtagann i gceist ach in imthosca sonraithe).

An cuntas cosanta taiscí.

54. —Déanfaidh an Banc cuntas ar a dtabharfar an cuntas cosanta taiscí a bhunú agus a chothabháil sa chiste ginearálta.

Taiscí ag sealbhóirí ceadúnas.

55. —(1) Ar an gcuntas cosanta taiscí a bheith bunaithe, déanfar an taisce a bhí, díreach roimh theacht i ngníomh don alt seo, á coinneáil ar taisceadh ag gach sealbhóir ceadúnais leis an mBanc, agus sin á ríomh de réir alt 13 d'Acht 1971, a aistriú chuig an gcuntas sin i leith an tsealbhóra sin agus, dá réir sin, scoirfidh an t-alt sin d'éifeacht a bheith leis ar an teacht i ngníomh sin.

(2) Maidir le méid taisce arna coinneáil ag sealbhóir ceadúnais sa Bhanc de bhun alt 7 d'Acht 1971 (dá ngairtear an taisce san alt seo) is é a bheidh ann, faoi réir fho-alt (5), 0.2 faoin gcéad, nó cibé cion eile a bheidh sonraithe le rialacháin faoi alt 72 (2), de mhéid iomlán—

(a) na dtaiscí i bpuint Éireannacha (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha ach, faoi réir mhír (b), gan taiscí idirbhainc agus taiscí arb ionannas dóibh deimhnithe inaistrithe ar thaiscí a áireamh), agus

(b) cibé taiscí eile a bheidh sonraithe i rialacháín faoi alt 72 (2) i leith gach sealbhóra ceadúnais nó i leith sealbhóirí ceadúnas d'aon aicme nó earnáil,

in oifigí de chuid an tsealbhóra sa Stát, ach ní bheidh siad níos lú ná £20,000 agus, dá réir sin, déanfar an tagairt san alt sin 7 d'alt 13 d'Acht 1971 a fhorléiriú mar thagairt don alt seo.

(3) Déanfaidh an Banc méid na taisce a ríomh a luaithe is féidir tar éis don alt seo teacht i ngníomh (dá ngairtear “an dáta iomchuí” san alt seo) nó an tráth a eiseofar an ceadúnas, de réir mar is cuí, agus athríomhfar é, maidir le gach sealbhóir ceadúnais, gach 12 mhí (nó chomh gar dó sin agus is féidir le réasún) tar éis an dáta iomchuí faoi threoir na dtuairisceán a bheidh tugtha ag gach sealbhóir don Bhanc faoi alt 18 d'Acht 1971.

(4) Déanfaidh an sealbhóir ceadúnais áirithe méid na taisce a mhéadú, más gá, go dtí an méid cuí arna athríomh faoi fho-alt (3) tráth nach déanaí ná 7 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin lena n-aontóidh an Banc i scríbhinn, tar éis an dáta a bhfaighidh sé fógra ón mBanc faoin méid atá ag teastáil chun an méadú a chur in éifeacht.

(5) Féadfaidh an Banc méid na taisce a shocrú ag an slán-uimhir is gaire is iolrú ar chéad punt agus trína shlánú suas go dtí an uimhir sin i gcás an méid a ríomhadh faoi fho-alt (2) a bheith inroinnte, i bpuint, ar £50.

(6) Béarfaidh an taisce ús de réir cibé ráta nó rátaí, agus beidh sé iníoctha i cibé modh agus ag cibé tráthanna, a chinnfidh an Banc ó am go ham.

(7) Aon mhuirear a airbheartófar a chruthú ar an taisce, seachas ag an mBanc, beidh sé ar neamhní.

(8) Ní bheidh an taisce faoi réir a forghníomhaithe ar bhealach ar bith mar shásamh ar aon éileamh ag aon chreidiúnaí, nó ar aon bhreithiúnas, ordú nó foraithne ó aon chúirt sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí, seachas faoi réim agus de réir fhorálacha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989.

(9)  (a) Ach amháin i gcás ceadú a bheith faighte i scríbhinn roimh ré ón mBanc, ní fhógróidh sealbhóir ceadúnais ná ní chuirfidh sé faoi deara go bhfógrófar, ná ní thabharfaidh sé le tuiscint ar shlí eile ná ní chuirfidh sé faoi deara go dtabharfar le tuiscint (cibé caoi a shainítear é) go bhfuil taiscí nó cistí, a chuirfear leis an sealbhóir, cosanta ag an gcuntas cosanta taiscí nó dá bharr.

(b) Aon duine a sháróidh mír (a) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

Oibriú an chuntais cosanta taiscí a athbhreithniú.

56. —Coimeádfaidh an Banc oibriú an chuntais cosanta taiscí faoi athbhreithniú agus féadfaidh sé, más dóigh leis gur fóirsteanach déanamh amhlaidh tar éis dó féachaint do cibé tosca is dóigh leis is iomchuí, moltaí a dhéanamh ó am go ham don Aire i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas, is é sin le rá:

(a) rialacháin a dhéanamh faoi alt 72 (2) chun críocha alt 55 (2);

(b) rialacháin a dhéanamh faoi alt 72 (2) chun críocha alt 62 (1) (b);

(c) ordú a dhéanamh faoi alt 59 (4) chun na gcríoch atá leagtha amach ansin.

An cuntas cosanta taiscí agus scor de ghnó baincéireachta i gcás sócmhainneachta.

57. —(1) I gcás ina scoirfidh sealbhóir ceadúnais nó iarshealbhóir ceadúnais de ghnó baincéireachta a sheoladh in imthosca seachas na himthosca dá bhforáiltear le halt 58 (1), féadfaidh an Banc an méid iomlán, nó cibé méid is lú ná sin is dóigh leis an mBanc is cuí, de thaisce an tsealbhóra a choinneáil sa chuntas cosanta taiscí go dtí gur deimhin leis go bhfuil dliteanais uile an tsealbhóra sin i leith gach duine a choinníonn taiscí ar taisceadh leis urscaoilte, nó le hurscaoileadh, go hiomlán.

(2) Déanfar gach íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a mhuirearú ar an gcuntas cosanta taiscí sa chiste ginearálta.

An méid taiscthe a dhílsiú don leachtaitheoir.

58. —(1) I gcás sealbhóir ceadúnais nó iarshealbhóir ceadúnais a bheith neamhábalta a fhiacha a íoc agus a bheith á fhoirceannadh, go toilteanach nó ag an gCúirt, féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir lena mbaineann, a ordú go ndéanfar an méid a bheidh ar taisceadh ag an sealbhóir nó ag an iarshealbhóir sa chuntas cosanta taiscí, mar aon le haon ús a bheidh fabhraithe agus ús a fhabhróidh. agus faoi réir fhorálacha eile na Caibidle seo, a dhílsiú don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil.

(2) Más rud é, tar éis na taiscí cáilithe go léir a íoc, go mbeidh aon fhuílleach fágtha den mhéid a dílsíodh don leachtaitheoir de bhua fho-alt (1), déileálfar leis, chun críocha Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, mar shócmhainn de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir an cheadúnais (de réir mar a bheidh) a bheidh dílsithe don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil.

Ráiteas faoi chúrsaí, agus íocaíochtaí as an gcuntas cosanta taiscí a ríomh, etc., tráth dócmhainneachta.

59. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le sealbhóir nó le hiarshealbhóir ceadúnais atá neamhábalta a fhiacha a íoc agus atá á fhoirceannadh go toilteanach nó ag an gCúirt.

(2) Seachadfaidh an leachtaitheoir ar an mBanc, laistigh de mhí amháin ó dháta a cheaptha, nó cibé tréimhse is faide ná sin a ordóidh an Chúirt—

(a) cóip den ráiteas faoi chúrsaí an tsealbhóra nó an iarshealbhóra arna dhéanamh amach agus arna chomhdú de réir alt 224 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó, i gcás an sealbhóir a bheith á fhoirceannadh go toilteanach, ráiteas a chomhdófaí amhlaidh dá mbeadh an sealbhóir nó an t-iarshealbhóir á fhoirceannadh ag an gCúirt,

(b) meastachán den mhéid (gan aon mhéid sa chuntas cosanta taiscí a áireamh) is dóigh a bheidh ar fáil chun méideanna atá dlite do dhaoine a choinníonn taiscí a íoc, agus

(c) ráiteas i dtaobh cathain is dóigh leis a bheidh sé in ann na híocaíochtaí sin a dhéanamh.

(3) (a) Déanfar an méid is iníoctha, as an méid a bheidh dílsithe don leachtaitheoir de réir alt 58, le gach duine a choinníonn taiscí cáilithe leis an sealbhóir nó an iarshealbhóir lena mbaineann, a ríomh, faoi réir mhír (b), de réir na foirmle—

(

4

_

A +

7

__

B +

1

_

C ) - D

5

10

2

i gcás—

gurb é A aon mhéid de thaiscí cáilithe suas go £5,000,

gurb é B aon bharrachas de thaiscí cáilithe is mó ná £5,000 ach nach mó ná £10,000,

gurb é C aon bharrachas de thaiscí cáilithe is mó ná £10,000 ach nach mó ná £15,000, agus

gurb é D an méid a íocadh nó atá le híoc leis an duine sin, i leith taiscí cáilithe a choinníonn an duine sin, ar shlí seachas as cistí a bheidh dílsithe amhlaidh.

(b) I gcás gur mhó an méid comhiomlán is iníoctha amhlaidh ná an méid a bheidh dílsithe don leachtaitheoir de réir alt 58 ansin déanfar an méid is iníoctha le gach duine lena mbaineann a ríomh de réir na foirmle—

X

__

   (

4

__

A  +

7

__

B  +

1

__

C   )   -

X

__

D

Y

5

10

2

Y

i gcás na bríonna céanna faoi seach a bheith le A, B, C agus D atá leo i mír (a) agus—

gurb é X an méid a bheidh dílsithe amhlaidh, agus

gurb é Y an méid comhiomlán sin.

(c) Déanfar aon tagairt san fho-alt seo nó in alt 60 don mhéid a bheidh dílsithe don leachtaitheoir de réir alt 58 a fhorléiriú mar thagairt don mhéid a bheidh dílsithe amhlaidh tar éis aon luach saothair nó caiteachais a cheadaítear, de bhua alt 70 (2), a íoc as an méid a bheidh dílsithe amhlaidh don leachtaitheoir a asbhaint.

(4) I gcás moladh a bheith déanta ag an mBanc don Aire de réir alt 56 maidir leis na méideanna airgid dá seasann na litreacha A, B agus C i bhfo-alt (3), féadfaidh an tAire le hordú, más dóigh leis gur chóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta nó le seirbhísí airgeadais i gcoitinne a chur ar fáil, an fo-alt sin a leasú trí na méideanna airgid sin a athrú, bíodh nó ná bíodh sé leasaithe cheana féin de bhua an fho-ailt seo:

Ar choinníoll nach mbeidh aon éifeacht le haon leasú den sórt sin i ndáil le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá, an tráth a thagann an fhoráil iomchuí san ordú faoin bhfo-alt seo i ngníomh, neamhábalta a fhiacha a íoc agus atá á fhoirceannadh.

Íocaíocht as an gcuntas cosanta taiscí tráth foirceanta.

60. —(1) Íocfar, as an méid a bheidh dílsithe do leachtaitheoir faoi alt 58 (1), le gach duine a choinníonn taisce cháilithe le sealbhóir nó iarshealbhóir an cheadúnais lena mbaineann—

(a) an méid a ríomhfar de réir alt 59 (3) (a), nó

(b) mura mbeidh an méid a bheidh dílsithe amhlaidh leordhóthanach chun na críche sin, cion de thaiscí cáilithe an duine sin arna ríomh de réir alt 59 (3) (b).

(2) I gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (1), féadfaidh gach duine ag a bhfuil taiscí cáilithe lena mbaineann, faoi réir alt 61, éileamh a dhéanamh mar ghnáthchreidiúnaí de chuid shealbhóir nó iarshealbhóir an cheadúnais i leith an oiread sin de na taiscí sin a bheidh gan íoc.

(3) I gcás inar dealraitheach don Bhanc nach mbeidh an méid atá ar fáil, nó is dóigh a bheidh ar fáil, don leachtaitheoir lena mbaineann (lena n-áirítear an méid a bheidh dílsithe don leachtaitheoir de réir alt 58) leordhóthanach chun go n-íocfaí le gach duine a choinníonn taiscí cáilithe leis an sealbhóir nó an iarshealbhóir, i leith na dtaiscí sin—

(a) an méid a ríomhfar de réir alt 59 (3) (a), nó

(b) laistigh de cibé tréimhse ama is dóigh leis an mBanc is réasúnach sna himthosca, an méid a ríomhfar amhlaidh,

ansin cuirfidh an Banc ar fáil, as an gcuntas cosanta taiscí, suim is leor chun go n-íocfaí i leith gach duine den sórt sin—

(i) i gcás feidhm a bheith ag mír (a) den fho-alt seo, an difríocht idir na méideanna a ríomhfar de réir mhíreanna (a) agus (b) d'alt 59 (3),

(ii) i gcás feidhm a bheith ag mír (b) den fho-alt seo, an difríocht idir an méid a ríomhfar de réir mhír (a) d'alt 59 (3) agus an méid a d'íoc an leachtaitheoir, nó ab iníoctha aige, laistigh den tréimhse ama sin.

(4) Is sa chaoi agus ar an modh ar a gcomhaontófar idir an leachtaitheoir agus an Banc nó, i gcás easaontú mar a ordóidh an Chúirt ar iarratas chuici ón leachtaitheoir nó ón mBanc, nó uathu araon, a dhéanfar íocaíochtaí chun críocha fho-alt (1) as an airgead a bheidh dílsithe don leachtaitheoir lena mbaineann de bhua alt 58.

(5) Chun críocha fho-ailt (3) agus (4), déanfaidh an Banc gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfar íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo a íoc chomh tapa agus is féidir agus sin ar an gcostas don Bhanc is lú is féidir i gcomhréir le foirceannadh ordúil a dhéanamh.

(6) I gcás airgead a bheith curtha ar fáil ag an mBanc lena íoc le daoine a choinníonn taiscí cáilithe, déanfaidh an duine dár cuireadh an t-airgead ar fáil amhlaidh cruthúnas maidir leis na híocaíochtaí sin a thabhairt don Bhanc.

(7) Déanfar gach íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a mhuirearú ar an gcuntas cosanta taiscí sa chiste ginearálta.

Éifeacht íocaíochta ag an mBanc faoi alt 60.

61. —(1) I gcás íocaíocht a bheith déanta ag an mBanc, nó go dtiocfaidh sé chun bheith faoi dhliteanas íocaíocht a dhéanamh, faoi alt 60 le daoine a choinníonn taiscí cáilithe, ansin, maidir le méid na híocaíochta i leith gach duine den sórt sin, glacfaidh an Chúirt (nó, i gcás foirceannadh toilteanach, glacfaidh an leachtaitheoir) leis an méid sin mar fhiach cruthaithe a bheidh dlite don Bhanc agus beidh ag an mBanc an tosaíocht chéanna a theachtfadh an duine sin mura mbeadh méid den sórt sin íoctha nó iníoctha.

(2) Le linn dó bheith ag dáileadh aon sócmhainní iomchuí, íocfaidh an leachtaitheoir áirithe leis an mBanc aon díbhinn a bheadh iníoctha le duine lena mbaineann fo-alt (1) agus, dá réir sin, ní bheidh an duine lena mbaineann i dteideal an díbhinn sin nó aon chuid de a fháil go dtí go mbeidh an méid go léir a d'íoc an Banc leis an duine sin, is méid lena mbaineann fo-alt (1), íoctha ag an leachtaitheoir leis an mBanc.

Taiscí cáilithe.

62. —(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “taiscí cáilithe”, i ndáil le gach duine a choinníonn taiscí (lena n-áirítear taiscí ar chuntais reatha) le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá á fhoirceannadh, an méid de dhliteanas iomlán an tsealbhóra nó an iarshealbhóra a bheidh dlite fós do gach duine den sórt sin—

(a) i leith taiscí atá ainmnithe i bpuint Éireannacha, agus

(b) i leith aon taiscí atá ainmnithe ar shlí seachas i bpuint Éireannacha de réir mar a bheidh sonraithe (i gcoitinne nó go háirithe) le rialacháin faoi alt 72 (2),

in oifigí sa Stát de chuid an tsealbhóra nó an iarshealbhóra, mar aon le haon ús nó préimh eile a bheidh fabhraithe ar an méid sin anuas go dtí an lá a dtosófar ar an bhfoirceannadh agus an lá sin san áireamh, ach ní fholaíonn sé—

(i) aon mhéid lena mbaineann fo-alt (2),

(ii) aon taisce arna coinneáil ag taisceoir eisiata.

(iii) aon taisce a bhaineann le hairgead a bheidh-dlite don Bhanc,

(iv) taiscí idirbhainc,

(v) taiscí arb ionannas dóibh deimhnithe inaistrithe ar thaiscí,

(vi) aon taisce a bhaineann le hairgead a bheidh dlite do chomhlacht nó earnáil daoine ar bith lena mbaineann alt 7 (4) (arna leasú leis an gCuid seo) d'Acht 1971, seachas do chomhar creidmheasa nó do chara-chumann, agus

(vii) aon taisce lena mbaineann mír (b) i gcás gur tháinig na forálacha iomchuí de na rialacháin áirithe i ngníomh tar éis an foirceannadh a bheith tosaithe.

(2) Le linn méid taisce cáilithe a bheith á ríomh—

(a) asbhainfear ó dhliteanas iomlán an tsealbhóra nó an iarshealbhóra i leith an duine a choinníonn taisce lena mbaineann fo-alt (1), méid aon dliteanais de chuid an duine sin i leith an tsealbhóra nó an iarshealbhóra sin a raibh ceart fritháirimh ann maidir leis, in aghaidh na taisce sin, díreach sular tosaíodh ar an bhfoirceannadh nó a mbeadh ceart den sórt sin ann maidir leis dá mba rud é—

(i) go raibh an taisce sin inaisíoctha ar éileamh, agus

(ii) go raibh an dliteanas sin tagtha chun bheith dlite,

díreach roimh an bhfoirceannadh sin, agus

(b) ní chuirfear i gcuntas aon fhiach—

(i) de chuid an tsealbhóra nó an iarshealbhóra ceadúnais lena mbaineann mura mbeidh sé cruthaithe de réir ailt 283 agus 284 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus

(ii) i gcás ceadúnas an tsealbhóra a bheith cúlghairthe, maidir le haon suim a thaisc duine leis an iarshealbhóir sin tar éis na cúlghairme sin más deimhin leis an mBanc gurbh amhlaidh, an tráth a ndearnadh an taisce, go raibh a fhios ag an duine, nó go bhféadfaí bheith ag súil le réasún go mbeadh a fhios aige, go raibh an ceadúnas cúlghairthe.

(3) San alt seo déanfar “foirceannadh a thosú” a fhorléiriú, más cuí é sna himthosca, de réir alt 220 nó 253 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Daoine breise áirithe a bheith ina dtaisceoirí eisiata.

63. —I gcás inar deimhin leis an mBanc, maidir le duine a choinníonn taiscí (lena n-áirítear taiscí, más ann, ar chuntais reatha) le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá éirithe dócmhainneach agus atá á fhoirceannadh, go bhfuil freagracht ar bith, díreach nó neamhdhíreach, ar an duine sin as na himthosca ba bhun leis an dócmhainneacht, nó go ndearna sé brabús nó gur fhéach sé le brabús a dhéanamh as an dócmhainneacht, beidh an duine sin, mura taisceoir eisiata é de bhua aon fhorála eile den Chaibidil seo, ina thaisceoir eisiata de bhua an ailt seo.

Forálacha is infheidhme maidir le taisceoirí eisiata, etc.

64. —(1) I gcás gurb é tuairim an Bhainc gur taisceoir eisiata duine—

(a) de bhrí gur duine bainteach é lena mbaineann mír (c) nó (d) den mhíniú ar “taisceoir eisiata” in alt 53, nó

(b) de bhrí gur iontaobhaí é d'iontaobhas chun sochair do dhuine bainteach lena mbaineann mír (e) den mhíniú ar “taisceoir eisiata” in alt 53, nó

(c) de bhua alt 63,

nó gur duine lena mbaineann alt 62 (2) duine, ansin déanfaidh an Banc, ach amháin i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (2) (b) den alt seo, fógra i scríbhinn a thabhairt don duine i dtaobh na tuairime atá aige, na fáthanna atá léi agus na bearta is féidir leis an duine sin a ghlacadh faoi fho-alt (2).

(2) (a) Aon duine a mbeidh fógra faoi fho-alt (1) tugtha dó de réir an ailt seo féadfaidh sé, laistigh de 21 lá ón dáta ar tugadh an fógra dó, a iarraidh ar an gCúirt an t-eisiamh nó an asbhaint iomchuí lena mbaineann an fógra a chur ar ceal.

(b) I gcás gurb é tuairim an Bhainc gur taisceoir eisiata duine de bhua mhír (a) nó (b) d'fho-alt (1) ach gur deimhin leis go mbeadh sé cóir agus cothrom, sna himthosca, eisiamh an duine sin mar thaisceoir cáilithe a chur ar ceal, féadfaidh an Banc a iarraidh ar an gCúirt an t-eisiamh a chur ar ceal.

(c) Más deimhin leis an gCúirt, ar iarratas faoi mhír (a) nó (b), go mbeadh sé cóir agus cothrom, sna himthosca, sin a dhéanamh, cuirfidh sí an t-eisiamh nó an asbhaint, de réir mar a bheidh, ar ceal, ach is chun críocha aon taisce iomchuí a choinníonn an duine sin, agus chun na gcríoch sin amháin, a dhéanfar amhlaidh.

(3) Aon iarratas a dhéanfar chun na Cúirte faoi fho-alt (2) (a) tabharfaidh an duine a bheidh á dhéanamh fógra ina thaobh don Bhanc agus don leachtaitheoir lena mbaineann agus aon iarratas a dhéanfar chun na Cúirte faoi fho-alt (2) (b) tabharfaidh an Banc fógra ina thaobh don leachtaitheoir agus don duine lena mbaineann.

(4) Chun críocha an ailt seo beidh fógra tugtha go cuí ag an mBanc—

(a) má chuirtear leis an bpost réamhíoctha é chuig an seoladh is deireanaí is eol a bheith ag an duine lena mbaineann, arna fhionnadh ag an mBanc go díreach ón duine sin nó ón leachtaitheoir, nó

(b) má thugtar ar shlí eile é de réir aon treorach ón gCúirt ar iarratas a bheith déanta chuici ag an mBanc chun críocha an fho-ailt seo.

Íocaíochtaí áirithe i ndáil le taiscí iontaobhaithe agus comhchuntais a ríomh.

65. —(1) Más rud é—

(a) gur i gcáil iontaobhaí a choinníonn duine taiscí (lena n-áirítear, más ann, taiscí ar chuntais reatha) le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá éirithe dócmhainneach agus atá á fhoirceannadh, agus

(b) go mbeidh teideal tairbhiúil ag aon tairbhí de chuid an iontaobhais sin, amhail i gcoinne na n-iontaobhaithe, chuig aon chuid inaitheanta den mhéid sin, cibé acu go hiomlán nó i gcomhpháirt le líon socair de thairbhithe eile,

ansin déileálfar leis an méid a bhfuil teideal ag an tairbhí chuige amhlaidh, ach sin chun ríomh cuí a fhionnadh agus chuige sin amháin—

(i) i gcás teideal iomlán a bheith ag an tairbhí, ionann is dá mbeadh sé taiscthe i gcuntas ar leithligh a bhí á choinneáil ag an tairbhí agus go raibh an úinéireacht dhlíthiúil aistrithe chuig an tairbhí,

(ii) i gcás teideal a bheith ag an tairbhí i gcomhpháirt le líon socair de thairbhithe eile, ionann is dá mbeadh sé taiscthe i gcuntas ar leithligh de chineál comhchuntais atá á choinneáil ag na tairbhithe agus go raibh an úinéireacht dhlíthiúil agus an chomhúinéireacht aistrithe chuig na tairbhithe lena mbaineann.

(2) I gcás go mbeidh daoine (is daoine seachas iontaobhaithe nó daoine lena mbaineann fo-alt (3)) a choinníonn, nó a ndéileálfar leo de bhua fho-alt (1) mar dhaoine a choinníonn, taiscí i gcomhchuntas (cibé acu is comhchuntas taisce nó comhchuntas eile é i gcomhpháirt le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais atá éirithe dócmhainneach agus atá á fhoirceannadh) i dteideal an taisce a fháil de bhua a gcomhúinéireachta ar an airgead atá ar taisceadh, ansin déileálfar leo, ach sin chun ríomh cuí a fhionnadh agus chuige sin amháin, mar dhaoine a bhfuil taisce ar leithligh ag gach duine acu arb ionann méid di agus an méid a gheofaí tríd an airgead atá i gceist a roinnt ar an líon daoine lena mbaineann an comhchuntas.

(3) Measfar gur taisce amháin taisce a bhfuil teideal ag beirt nó níos mó chuici mar bhaill de chomhpháirtíocht (bíodh nó ná bíodh scaireanna comhionanna acu inti).

(4) Féadfaidh an Banc agus, más gá é chun ríomh cuí a fhionnadh, féadfaidh an leachtaitheoir lena mbaineann, a cheangal ar aon duine a choinníonn taisce a bhféadfaidh feidhm a bheith ag an alt seo maidir léi faisnéis leordhóthanach a thabhairt chun gur féidir a chinneadh an bhfuil feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le taisce den sórt sin.

(5) Más rud é, i gcás lena mbaineann fo-alt (1) nó (2), go mbeidh taiscí cáilithe eile ann i ndáil leis an duine lena mbaineann déanfar, chun an ríomh cuí a fhionnadh, na taiscí sin a chomhiomlánú le haon mhéid a ndéileáiltear leis mar thaiscí arna gcoinneáil ag an duine sin chun críche fho-alt (1) nó (2) nó chun críche na bhfo-alt sin araon, agus déanfar an méid a fhionnfar amhlaidh a roinnt agus a íoc go cuí leis an duine lena mbaineann, agus leis an hiontaobhaithe lena mbaineann nó leis an duine sin i gcomhpháirt le daoine eile nó leo araon (de réir mar is gá sna himthosca), sa chomhréir chéanna nó sna comhréireachtaí céanna a bheidh idir na méideanna a comhiomlánaíodh amhlaidh.

(6) San alt seo ciallaíonn “ríomh cuí” ríomh chun críocha fho-alt (1) nó (3) d'alt 60.

Mar a dhéileálfar le híocaíochtaí áirithe as an gciste ginearálta.

66. —(1) Faoi réir fho-alt (2) agus bíodh nó ná bíodh íocaíochtaí déanta lena mbaineann alt 60, féadfaidh an Banc, dá rogha féin agus a mhéid a mheasfaidh sé is cuí ó am go ham, aon íocaíocht eile as an gciste ginearálta a mhuirearú ar an gcuntas cosanta taiscí más íocaíocht í a cuireadh chun feidhme, i dtuairim an Bhainc—

(a) chun leasanna daoine, nó aon aicme daoine, a choinníonn taiscí le sealbhóir nó iarshealbhóir ceadúnais amháin nó níos mó, a chosaint, nó

(b) chun rialáil ordúil chuí na baincéireachta a chur chun cinn.

(2) Déanfaidh an Banc, ó am go ham, an tAire agus gach sealbhóir ceadúnais a choinneáil ar an eolas maidir leis na prionsabail ghinearálta a bhíonn mar threoir ag an mBanc agus é ag feidhmiú a lánrogha féin agus breithneoidh sé aon uiríll a dhéanfaidh aon sealbhóir ceadúnais i ndáil leis na prionsabail sin.

An cuntas cosanta taiscí a athchomhdhéanamh.

67. —(1) Faoi réir alt 68, cionroinnfidh an Banc ó am go ham idir sealbhóirí ceadúnas, i gcomhréir le méideanna a dtaiscí faoi seach a cheanglaítear a choinneáil, tráth na cionroinnte sin, sa chuntas cosanta taiscí, aon íocaíochtaí a mhuirearófar ar an gcuntas sin (seachas aon aisíocaíocht nó aon chuid d'aisíocaíocht chun críocha na Caibidle seo) de réir alt 60 nó alt 66 mar aon le haon airgead a bheidh dlite ach gan íoc leis na sealbhóirí de réir alt 69 agus déanfar, faoi réir fho-alt (2), an méid a bheidh fionnta amhlaidh i leith gach sealbhóra a fhéichiúnú i gcoinne taisce an tsealbhóra sin, nó, de réir mar a bheidh, a chreidiúnú don taisce sin, sa chuntas sin.

(2) (a) Ní bheidh comhiomlán na méideanna a fhéichiúnófar de bhua fho-alt (1) in aon tréimhse (is tréimhse idir ríomh nó athríomh faoi alt 55 agus an chéad athríomh eile, nó athríomh dá éis sin, faoi seach, faoin alt sin) i leith sealbhóra ceadúnais níos mó ná méid taisce an tsealbhóra arna choinneáil de réir na Caibidle seo sa chuntas cosanta taiscí le linn na tréimhse sin.

(b) Más rud é, maidir le méideanna a bheadh, murach mír (a), féichiúnaithe i gcoinne sealbhóirí ceadúnas sa chuntas cosanta taiscí, nach bhféichiúnaítear amhlaidh iad mar gheall ar an mír sin, ansin déanfar iomlán na méideanna nach bhféichiúnaítear amhlaidh a chomhiomlánú agus a chionroinnt sa chéad bhliain eile ina dhiaidh sin nó, más gá, sna blianta dá éis sin, de réir fho-alt (1), i gcomhréir le méideanna na dtaisci iomchuí an tráth a chionroinnfear amhlaidh é.

(3) Lóisteálfaidh gach sealbhóir ceadúnais leis an mBanc, chun a thaisce mar a ríomhadh é, nó i gcás é a bheith athríofa, mar a athríomhadh go deireannach é, a choinneáil sa chuntas cosanta taiscí, méid chun an taisce sin a choinneáil agus déanfaidh an sealbhóir sin de réir an cheanglais sin laistigh de 7 lá nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an Banc i scríbhinn.

Eisiamh ó athchomhdhéanamh.

68. —I gcás inar deimhin leis an mBanc go mbeadh éifeacht dhochrach ábhartha aige ar staid nó ar inmharthanacht airgeadais sealbhóra ceadúnais dá ndéanfaí an cuntas cosanta taiscí a athchomhdhéanamh trí chionroinnt de réir alt 67, agus de réir an ailt sin amháin, féadfaidh an Banc, dá rogha féin ach sin a mhéid amháin nó go ceann cibé tréimhse agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, an sealbhóir a eisiamh ó athchomhdhéanamh den sórt sin agus sa chás sin féadfar an méid a bheidh i gceist a chionroinnt idir na sealbhóirí ceadúnas eile.

Airgead a chreidiúnú don chuntas cosanta taiscí, dáiltí, etc.

69. —(1) I dteannta na méideanna in ionannas taiscí atá á gcoinneáil faoi alt 55 (lena n-áirítear méideanna a bheidh lóisteáilte go cuí chun críche alt 67 (3)), creidiúnófar don chuntas cosanta taiscí aon suim a bheidh íoctha leis an mBanc,

(a) ag leachtaitheoir chun críocha alt 61, nó

(b) maidir le príomhshuim aon airgid a cuireadh ar fáil de bhua alt 66, nó aon ús ar an airgead sin, a aisíoc,

(c) is dóigh leis is cóir a lóisteáil sa chuntas sin.

(2) I gcás aon suim a bheith creidiúnaithe don chuntas cosanta taiscí de réir fho-alt (1), déanfar—

(a) sa chéad ásc, í a chur chun feidhme faoi chomhair aon dliteanas i leith an Bhainc, a bheidh muirearaithe nó is inmhuirearaithe ar an gcuntas sin, a aisíoc, agus

(b) faoi réir fho-alt (3), í a dháileadh dá éis sin (cibé acu trí íocaíocht nó trí laghdú a dhéanamh ar an méid a bheidh le lóisteáil ar an gcuntas sin a athchomhdhéanamh faoi alt 67) i measc na sealbhóirí ceadúnas i gcomhréir leis na méideanna dá ndearnadh difear do gach taisce dá gcuid de bharr an dliteanais lena mbaineann an tsuim sin amhlaidh.

(3) I gcás ina mbaineann aon suim is indáilte faoi fho-alt (2) le taisce (tráth ar bith) sa chuntas cosanta taiscí ó iarshealbhóir ceadúnais atá foirceanta, ansin—

(a) fabhróidh an tsuim sin chuig an mBanc mura rud é, ar é do scor den ghnó sin a sheoladh, go ndearnadh gnó baincéireachta an iarshealbhóra sin a chónascadh le sealbhóir ceadúnais eile nó a aistriú chuige, agus sa chás sin is chuig an sealbhóir eile sin a fhabhróidh sí, nó

(b) i gcás ina mbaineann forálacha an fho-ailt seo go príomha freisin leis an sealbhóir eile sin (ar iarshealbhóir é freisin tráth an dáilte iomchuí), déanfar í a rianú tríd an iarshealbhóir eile sin agus trí aon iarshealbhóirí eile go dtí go bhfabhróidh sí chuig an mBanc nó chuig sealbhóir ceadúnais an tráth sin a dúradh.

(4) Aon uair a fhabhroidh aon suim chuig an mBanc de bhua fho-alt (3), féadfaidh an Banc, más dóigh leis gur cuí déanamh amhlaidh, ceart an Bhainc chun na suime sin nó chun na coda sin de a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, i bhfabhar cibé duine, agus ar cibé téarmaí, is dóigh leis is cuí ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

Caiteachais agus luach saothair leachtaitheora faoin gCaibidil seo.

70. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfar aon asbhaint as sócmhainní a bheidh dílsithe don leachtaitheoir de bhua alt 58 maidir leis na caiteachais a thabhaigh, nó an luach saothair a éileoidh, an leachtaitheoir i leith nithe lena mbaineann an Chaibidil seo agus, dá réir sin, déileálfar leis na caiteachais agus leis an luach saothair sin ionann is dá mba gur bhain siad le foirceannadh an tsealbhóra nó an iarshealbhóra ceadúnais faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986.

(2) Más rud é, ar iarratas ó leachtaitheoir lena mbaineann an Chaibidil seo, gur deimhin leis an mBanc nach bhfuil dóthain sócmhainní ann as ar féidir caiteachais agus luach saothair a íoc de réir fho-alt (1), ansin féadfaidh an Banc a cheadú go ndéanfaí na caiteachais réasúnacha go léir a tabhaíodh go cuí agus cibé luach saothair is dóigh leis an mBanc is cuí, a íoc leis an leachtaitheoir as an méid a bheidh dílsithe don leachtaitheoir faoi alt 58, nó thairis sin as an gcuntas cosanta taiscí, ach sin go feadh méid na neamhdhóthanachta amháin.

Teorainn ama.

71. —I gcás aon mhéideanna is iníoctha ag an mBanc, agus lena mbaineann alt 60, a bheith gan íoc agus nach bhfuil an neamhíoc sin inchurtha síos d'aon fhaillí nó mainneachtain thoiliúil ag an mBanc na híocaíochtaí sin a dhéanamh, ansin, ar críoch a bheith curtha le foirceannadh shealbhóir nó iarshealbhóir an cheadúnais lena mbaineann, ní bheidh an Banc faoi oibleagáid ar bith aon íocaíochtaí a dhéanamh i leith na méideanna sin.

Rialacháin (Caibidil V).

72. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, rialacháin a dhéanamh chun daoine a shonrú chun críche mhír (h) den mhíniú ar “taiscí idirbhainc” in alt 53.

(2) Féadfaidh an tAire, a mhéid is cuí leis, rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon mholtaí a rinne an Banc dó de réir alt 56 chun críocha alt 55 (2) nó 62 (1) (b).

(3) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, idirlinne, iarmhartacha agus forlíontacha a bheith i rialacháin faoi fho-alt (2) is dóigh leis an Aire is gá tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc.

Feidhm Chaibidil V a leathnú.

73. —(1) Más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí den Rialtas (más ann) ar dóigh leis gur cuí sna himthosca dul i gcomhairle leo, gurb é tuairim an Aire—

(a) go bhfuil aicme gnó ann arb éard é nó ar cuid de daoine do choinneáil taiscí nó coigilteas le ball den aicme sin nach gceanglaítear air bheith ina shealbhóir ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 9 d'Acht 1971 ach a bhfuil an gnó atá ar siúl aige (sa mhéid go mbaineann sé le taiscí nó coigiltis a choinníonn daoine leis) ar aon dul le gnó de chuid sealbhóra den sórt sin nó de chuid cumainn fhoirgníochta atá corpraithe go cuí sa Stát, agus

(b) gurbh é leas an phobail é dá gcuirfí ar fáil, maidir leis an aicme, córas cosanta taiscí nó coigilteas ar aon dul leis an gcosaint taiscí a chuirtear ar fáil leis an gCaibidil seo maidir le daoine a choinníonn taiscí le sealbhóirí ar cheadúnais a deonaíodh amhlaidh,

ansin féadfaidh an tAire, le rialachán, a cheangal ar an mBanc cuntas a bhunú agus a chothabháil sa chiste ginearálta chun na críche sin agus, dá réir sin, beidh feidhm ag forálacha alt 53, ag fo-ailt (2) go (7) d'alt 55 agus ag ailt 56 go 72 ach sin fara cibé modhnuithe is dóigh leis an Aire is gá a dhéanamh le rialachán chun éifeacht a thabhairt do gach cuntas den sórt sin arna bhunú amhlaidh.

(2) D'ainneoin alt 7 (4) d'Acht 1971 (arna leasú leis an Acht seo) agus gan dochar d'fho-alt (1), más rud é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí den Rialtas (más ann) ar dóigh leis gur cuí sna himthosca dul i gcomhairle leo, gurb é tuairim an Aire gurb é leas an phobail déanamh amhlaidh, féadfaidh sé, le rialachán, a cheangal ar aon fhoras lena mbaineann alt 7 (4) (a) (ii) d'Acht 1971 taisce a choinneáil sa chuntas cosanta taiscí a bhunaítear faoi alt 54 agus chun na críche sin beidh feidhm, fara cibé modhnuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don rialachán, ag forálacha alt 53, ag fo-ailt (2) go (7) d'alt 55 agus ag ailt 56 go 72.

Caibidil VI

Idirbhearta Fála

Léiriú (Caibidil VI).

74. —Sa Chaibidil seo,

forléireofar “idirbhearta fála” de réir alt 75;

ciallaíonn “céatadán forordaithe” 10 faoin gcéad de na scaireanna go léir nó de na cearta vótála go léir a ghabhann le scaireanna.

Feidhm (Caibidil VI).

75. —(1) Baineann an Chaibidil seo leis na hidirbhearta seo a leanas (dá ngairtear “idirbhearta fála” sa Chuid seo):

(a) aon duine, nó níos mó ná duine amháin ag gníomhú dóibh i gcomhar, d'fháil scaireanna nó leasa eile i sealbhóir ceadúnais ach ní bhaineann sí le fáil—

(i) i gcás nach mbeadh, tar éis na fála beartaithe, an cion de na scaireanna níos mó ná an céatadán forordaithe, agus

(ii) i gcás gur comhlacht atá corpraithe sa Stát an sealbhóir ceadúnais lena mbaineann, mura dtabharfadh an fháil, mar aon le haon leas eile atá á shealbhú nó faoina rialú (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine nó na daoine fála cheana féin, ceart chun cuid de bhord stiúrthóirí nó de choiste bainistíochta an tsealbhóra ceadúnais sin, nó iad go léir, a cheapadh nó a chur as oifig;

(b) aon sealbhóir ceadúnais d'fháil scaireanna nó leasa eile in aon ghnóthas nó gnó eile (bíodh nó ná bíodh an gnóthas nó an gnó faoi rialú sealbhóra eile ceadúnais) ach ní bhaineann sí le fáil—

(i) más le gnóthas nó gnó lasmuigh den Stát a bhaineann an fháil agus más sealbhóir ceadúnais atá corpraithe lasmuigh den Stát a dhéanann í, nó

(ii) tar éis fála den sórt sin, murar mhó an cion de na scaireanna sa ghnóthas nó sa ghnó lena mbaineann ná an céatadán forordaithe agus nach dtabharfadh an fháil, mar aon le haon leas eile atá á shealbhú nó faoina rialú (go díreach nó go neamhdhíreach) cheana féin ag an sealbhóir ceadúnais a dhéanann an fháil sin, ceart chun cuid de bhord stiúrthóirí nó de choiste bainistíochta an ghnóthais nó an ghnó sin, nó iad go léir, a cheapadh nó a chur as oifig.

(2) Féadfaidh an Banc, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, idirbheart fála, nó idirbheart fála d'aicme ar bith, a eisiamh ó cheanglais na Caibidle seo i gcás gur deimhin leis—

(a) go bhfuil an t-idirbheart fála á dhéanamh, nó déanta, ag sealbhóir ceadúnais mar chuid de fhrithghealladh bona fide ar eisiúint scaireanna, nó

(b) nach bhfuil an leas i scaireanna á fháil go tairbhiúil ag sealbhóir ceadúnais nó nach bhfuil sé á fháil ach amháin i gcúrsa a ghnáthghnó chun urrú a dhéanamh ar eisiúint iasachta atá le tabhairt ag an sealbhóir don ghnóthas nó don ghnó lena mbaineann.

Teorainn le bailíocht idirbheart fála.

76. —Ní bheidh idirbheart fála bailí ach amháin sa chás go ndéanfar é laistigh de 12 mhí—

(a) tar éis don Bhanc a cheadú a thabhairt i scríbhinn maidir leis an idirbheart, nó

(b) tar éis an tréimhse iomchuí, de réir bhrí alt 83, a bheith caite agus nach mbeidh an Banc tar éis diúltú a cheadú a thabhairt maidir leis an idirbheart,

agus, dá réir sin, ní bheidh aon idirbheart fála airbheartaithe bailí nach gcomhlíonann mír (a) nó (b) agus—

(i) ní aistreoidh teideal chuig aon scaireanna nó leas eile lena mbaineann, agus

(ii) beidh aon fheidhmiú airbheartaithe cumhachtaí iarmhartach ar neamhní.

Ní mór toiliú an Aire a fháil le haghaidh idirbheart fála áirithe.

77. —(1) Más rud é—

(a) go mbeartóidh sealbhóir ceadúnais bheith rannpháirteach in idirbheart fála agus go bhfuil, nó go mbeadh de thoradh an idirbhirt bheartaithe, 20 faoin gcéad ar a laghad de na sócmhainní uile sa Stát de chuid na sealbhóirí ceadúnas go léir faoina rialú aige, cibé acu ina aonar nó i dteannta aon fhochuideachta nó cuideachta comhlachaithe, nó

(b) go mbeartóidh duine bheith rannpháirteach in idirbheart fála agus gur cuid den idirbheart sin scaireanna nó leas eile a fháil i sealbhóir ceadúnais a bhfuil 20 faoin gcéad ar a laghad de na sócmhainní uile sa Stát de chuid na sealbhóirí ceadúnas go léir faoina rialú aige, cibé ina aonar nó i dteannta aon fhochuideachta nó cuideachta comhlachaithe,

ansin ní thabharfaidh an Banc a cheadú, ná ní dhiúltóidh sé a cheadú a thabhairt, gan toiliú a fháil roimh ré ón Aire.

(2) Ní thabharfaidh an tAire a thoiliú faoi fho-alt (1)—

(a) mura deimhin leis go rachadh togra an Bhainc a cheadú a thabhairt, nó diúltú é a thabhairt, de réir mar a bheidh, chun leasa do rialáil ordúil chuí na baincéireachta, agus

(b) i gcás gur de chineál é an t-idirbheart fála beartaithe go bhfuil feidhm ag forálacha an Achta um Chumaisc, Táthcheangail agus Monaplachtaí (Rialú), 1978 , mura ndeachaigh sé i gcomhairle—

(i) leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus

(ii) le cibé Aire eile den Rialtas ar dóigh leis an Aire go mbaineann sé leis,

agus diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt i gcás inar dóigh leis gur cóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le leas an phobail.

(3) Má thoilíonn an tAire le togra de chuid an Bhainc chun idirbheart fála beartaithe a cheadú, beidh an toiliú sin faoi réir an Banc d'fhorchur cibé coinníollacha (ar coinníollacha iad, más ann, is gá, i dtuairim an Aire, ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta) a shonróidh an tAire sa toiliú.

Ceanglas ar an mBanc sula ndiúltóidh sé idirbheart fála a cheadú.

78. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhiúltóidh an Banc idirbheart fála beartaithe a cheadú mura deimhin leis nach rachadh an t-idirbheart chun leasa do rialáil ordúil chuí na baincéireachta.

(2) I gcás idirbheart fála beartaithe lena mbaineann alt 77, diúltóidh an Banc a cheadú a thabhairt—

(a) i gcás inarb é togra an Bhainc diúltú a cheadú a thabhairt agus go dtoileoidh an tAire leis an togra sin, nó

(b) inarb é togra an Bhainc a cheadú a thabhairt agus go ndiúltóidh an tAire toiliú leis an togra sin.

An céatadán forordaithe a athrú.

79. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, más deimhin leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, gur chóir déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta, an míniú ar “céatadán forordaithe” in alt 74 a leasú tríd an méid faoin gcéad atá sonraithe ann, lena n-áirítear méid atá sonraithe ann de thuras na huaire de bhua an ailt seo, a athrú.

(2) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Coinníollacha le ceadú idirbhirt fála bheartaithe.

80. —(1) Aon uair a cheadóidh an Banc idirbheart fála beartaithe beidh an ceadú sin faoi réir cibé coinníollacha, más ann—

(a) a fhéadfaidh an Banc a fhorchur (is coinníollacha is gá a dhéanamh, i dtuairim an Bhainc, ar mhaithe le rialáil ordúil chuí na baincéireachta), agus

(b) a fhorchuirfidh an Banc (is coinníollacha a shonróidh an tAire faoi alt 77).

(2) Féadfaidh an Banc, tráth ar bith, coinníoll a leasú nó a chúlghairm agus sin le toiliú an Aire i gcás coinníll lena mbaineann fo-alt (1) (b).

Ceart díoltóra airbheartaithe damáistí a fháil.

81. —I gcás idirbheart fála airbheartaithe a bheith curtha ó bhailíocht faoi alt 76, beidh díoltóir airbheartaithe na scaireanna i dteideal aon damáistí a fhulaingeoidh sé mar gheall ar an neamhbhailíocht, agus mar gheall air sin amháin, a ghnóthú ón gceannaitheoir airbheartaithe in aon chúirt dlínse inniúla, mura sásóidh an ceannaitheoir airbheartaithe an chúirt sin gur chuir sé in iúl don díoltóir airbheartaithe, roimh an idirbheart airbheartaithe, go raibh imthosca ann i ndáil leis an idirbheart airbheartaithe a d'fhág go bhféadfadh sé bheith neamhbhailí amhlaidh.

Fógra don Bhanc i dtaobh idirbheart fála beartaithe.

82. —(1) I gcás ina mbeartaítear idirbheart fála a dhéanamh, déanfaidh gach ceann de na gnóthais lena mbaineann sé agus arb eol dóibh an togra atá beartaithe, fógra i scríbhinn a thabhairt don Bhanc, a luaithe is féidir, faoin togra.

(2) Más rud é, tar éis dó fógra a fháil faoin alt seó ó aon cheann de na gnóthais lena mbaineann, gur dóigh leis an mBanc go bhfuil faisnéis bhreise ag teastáil uaidh le go ndéanfaidh sé breithniú, chun críocha na Caibidle seo, ar idirbheart fála beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis dó fógra a fháil, a iarraidh ar aon ghnóthas amháin nó níos mó de na gnóthais lena mbaineann, an fhaisnéis bhreise sin a chur chuige i scríbhinn.

(3) (a) I gcás ina ndéanfar sárú ar fho-alt (1) beidh an duine atá i gceannas ar ghnóthas a mhainníonn fógra a thabhairt don Bhanc ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is é an duine atá i gceannas ar an ngnóthas, i gcás comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe, ná aon oifigeach de chuid an chomhlachta lena mbaineann a údaraíonn nó a cheadaíonn an sárú go feasach agus go toiliúil.

An tréimhse iomchuí chun críche ailt 76, 86 agus 88.

83. —Chun críche ailt 76, 86 agus 88, is é an tréimhse iomchuí i ndáil le hidirbheart fála áirithe, faoi réir alt 86 (2)—

(a) i gcás inar gá, de bhua alt 77, toiliú an Aire a fháil le togra de chuid an Bhainc chun an t-idirbheart a cheadú nó gan é a cheadú, an tréimhse 6 mhí, agus

(b) i ngach cás eile, an tréimhse 3 mhí,

is tréimhse dar tosach an dáta a bhfaighidh an Banc, den chéad uair, fógra faoi alt 82 nó, i gcás ina n-iarrfaidh an Banc faisnéis bhreise ó ghnóthas lena mbaineann faoi alt 82, dar tosach an dáta a bhfaighidh an Banc an fhaisnéis sin.

Fiosruithe ag an mBanc.

84. —(1) Féadfaidh an Banc cibé fiosruithe a sheoladh agus cibé faisnéis a fháil is dóigh leis is gá chun a chumasú dó breithniú a dhéanamh ar an idirbheart fála beartaithe.

(2) I gcás feidhm a bheith ag forálacha alt 77, féadfaidh an tAire a cheangal ar an mBanc cibé fiosruithe a sheoladh agus cibé faisnéis a thabhairt dó is dóigh leis is gá chun a chumasú dó a chinneadh an dtabharfaidh sé nó nach dtabharfaidh sé a thoiliú chun críocha an ailt sin.

(3) Aon duine a dhéanfaidh, go toiliúil agus go feasach, treampán a chur ar fhiosruithe an Bhainc faoin alt seo nó faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a thabhairt, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

Ceadú an Bhainc, nó diúltú an Bhainc ceadú a thabhairt, a chur in iúl.

85. —(1) I gcás ina gceadóidh an Banc idirbheart fála beartaithe, nó ina gceadóidh sé idirbheart den sórt sin faoi réir coinníollacha, nó ina ndiúltóidh sé ceadú a thabhairt d'idirbheart den sórt sin, cuirfidh sé an ceadú agus na coinníollacha (más ann) nó an diúltú, de réir mar a bheidh, in iúl do na gnóthais lena mbaineann a raibh fógra tugtha acu don Bhanc i dtaobh an togra faoi alt 82 agus, i gcás nach i scríbhinn a chuirtear an méid sin in iúl, déanfaidh an Banc an ceadú nó an diúltú ceadú, de réir mar a bheidh, a dheimhniú i scríbhinn a luaithe is féidir dá éis sin.

(2) I gcás ina ndiúltóidh an Banc an t-idirbheart fála beartaithe a cheadú, luafaidh sé i scríbhinn na cúiseanna a bhí leis an diúltú agus, faoi réir alt 16, seolfaidh sé na cúiseanna chuig na daoine lena mbaineann a luaithe is féidir dá éis sin.

Achomharc chun na hArd-Chúirte i gcoinne diúltú, etc., an Bhainc.

86. —(1) I gcás ina gcuirfidh an Banc in iúl do ghnóthas lena mbaineann, de réir alt 85, go bhfuil sé—

(a) ag diúltú a cheadú a thabhairt, nó

(b) ag tabhairt ceadú faoi réir coinníollacha,

féadfaidh an gnóthas achomharc a dhéanamh ar phonc dlí chun na Cúirte i gcoinne an diúltaithe nó an cheadaithe, de réir mar a bheidh, laistigh de mhí amháin ón diúltú sin nó ón gceadú sin a bheith curtha in iúl amhlaidh.

(2) I gcás ina gceadóidh an Chúirt an t-achomharc ordóidh sí don Bhanc cinneadh nua a dhéanamh i gcomhréir le breith na Cúirte agus déanfaidh an Banc a chinneadh laistigh den tréimhse iomchuí dar tosach dáta bhreith na Cúirte agus, i gcás lena mbaineann alt 77, rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire sula ndéanfaidh sé a chinneadh.

(3) Más rud é, ar achomharc faoin alt seo, go n-iarrfaidh an tAire go ndéanfaí páirtí sna himeachtaí de, ordóidh an Chúirt go gcuirfí leis na páirtithe é.

(4) I gcás ina dtabhóidh an tAire aon chostais i ndáil le hachomharc faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt cibé ordú is dóigh léi is cóir maidir leis na páirtithe eile sna himeachtaí d'íoc na gcostas sin.

(5) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(6) Ní bheidh aon ábhar achomhairc chun na Cúirte Uachtaraí ann i gcoinne chinneadh na Cúirte faoin alt seo.

(7) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Sárú ar cheadú, etc.

87. —(1) I gcás ina ndéanfar idirbheart fála tar éis don Bhanc ceadú a thabhairt lena aghaidh, aon duine a sháróidh (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh) an ceadú nó aon choinníoll a ghabhann leis an gceadú beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo mar gheall ar é do mhainneachtain, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh de réir coinníll, a ghabhann leis an gceadú, á cheangal air gníomh áirithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus go mbeidh an gníomh fós gan déanamh aige tar éis dháta an chiontaithe, beidh an duine ciontach i sárú an ailt seo ar gach lá a leanfar den sárú tar éis an chiontaithe sin agus in aghaidh gach ciona den sórt sin dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

(3) D'ainneoin an mhír ar a bhfuil an uimhir 4 d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí—

(a) i gcás ciona lena mbaineann fo-alt (1) (a), ón lá is déanaí ar a ndearnadh an cion, agus

(b) i gcás ciona lena mbaineann fo-alt (2), ón lá ar a ndearnadh an cion.

Feidhm achtachán áirithe eile.

88. —(1) Ní fhorléireofar aon ní in aon achtachán eile mar ní a shaorann sealbhóir ceadúnais nó duine eile ó aon oibleagáid a bheidh air déanamh de réir alt 82.

(2) Ní dhéanfar ordú faoi alt 201 ná 203 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , maidir le cónascadh beartaithe, ná faoi alt 33 d'Acht 1971 maidir le haistriú beartaithe gnó sealbhóra ceadúnais (ar idirbheart fála iad araon) go dtí go mbeidh ceadú tugtha ag an mBanc don idirbheart fála nó go dtí go mbeidh an tréimhse iomchuí dá dtagraítear in alt 83 caite gan an ceadú sin a bheith tugtha ag an mBanc nó an ceadú sin a bheith diúltaithe aige.

Caibidil VII

Forais Airgeadais Áirithe a Mhaoirsiú chun críocha Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta

Mínithe (Caibidil VII).

89. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “an Limistéar” Limistéar Duganna Theach an Chustaim, mar a mhínítear sin in alt 41 den Acht Airgeadais, 1986 ;

folaíonn “achtachán” aon ionstraim de chuid na gComhphobal Eorpach a bhfuil feidhm dlí aici sa Stát;

tá le “foras airgeadais” an bhrí a shanntar dó le halt 90;

tá le “comhlacht féin-rialaitheach” an bhrí a shanntar dó in alt 94 (1).

Feidhm (Caibidil VII).

90. —Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le gach cuideachta dá mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht Airgeadais, 1980 (dá ngairtear “foras airgeadais” sa Chaibidil seo) seachas gach foras airgeadais is sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971 nó bróicéir airgid chun críocha Chaibidil IX nó atá faoi réir a mhaoirsithe nó is féidir a iniúchadh—

(a) de bhua an Achta Cumann Foirgníochta, 1976 , agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin,

(b) de bhua an Friendly Societies Act, 1896, agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin,

(c) de bhua an Assurance Companies Act, 1909, agus gach Achta eile atá le forléiriú i dteannta an Achta sin mar aon Acht amháin, nó

(d) de bhua aon achtacháin eile a bheidh sonraithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 91.

Orduithe (Caibidil VII).

91. —(1) Más é tuairim an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí eile (más ann) ar dóigh leis gur cuí dul i gcomhairle leo, go bhfuil forálacha leordhóthanacha i dtaobh maoirsiú agus iniúchadh in aon achtachán a bhaineann le foras airgeadais nó le foras d'aicme nó de chineál a mbeadh, murach ordú faoin alt seo chun críocha alt 90 (d), feidhm ag forálacha na Caibidle seo ina leith, ansin féadfaidh an tAire, le hordú, an t-achtachán lena mbaineann a shonrú agus, más gá i gcomhthéacs an achtacháin sin, an foras nó an aicme nó an cineál forais lena mbaineann an t-ordú a shonrú agus, dá réir sin, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin maidir le foras lena mbaineann an t-ordú.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc agus le cibé Airí eile (más ann) ar dóigh leis gur cuí dul i gcomhairle leo, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm.

Maoirsiú etc., foras airgeadais ag an mBanc.

92. —(1) Déanfaidh gach foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo de réir cibé ceanglas nó coinníollacha maoirseachta agus tuairiscithe i ndáil lena ghnó is dóigh leis an mBanc is críonna a fhorchur air ó am go ham chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar an bhforas nó ar ghrúpa foras (lena n-áirítear an foras) nó ar mhaithe leis an gcéanna nó chun an Limistéar a fhorbairt mar Lárionad Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta.

(2) Má fhorchuireann an Banc Ceannais ceanglais agus coinníollacha críonna maoirseachta agus tuairiscithe ní bheidh an forchur sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht eintiteas a thagann faoi réim an ailt seo ná eintiteas is cuid de ghrúpaí a thagann faoi réim an ailt seo agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain aon pháirtí acu sin.

Feidhm ailt 17 agus 18 d'Acht 1971.

93. —Gan dochar d'fhorálacha alt 92, beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) agus alt 18 (a bhaineann le faisnéis a thabhairt don Bhanc) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) maidir le gach foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo agus maidir le gach fiontar comhlachaithe (de réir bhrí na n-alt sin) de chuid forais den sórt sin ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais gach foras den sórt sin chun críocha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989.

Comhlachtaí féinrialaitheacha a bhunú.

94. —(1) Féadfaidh an Banc i scríbhinn, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, a ordú d'aon ghrúpa foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo agus a bheidh sonraithe san ordachán, comhlacht a bhunú (dá ngairtear “comhlacht féin-rialaitheach” sa Chaibidil seo) is de cibé gné dhlithiúil a shonróidh an Banc chun rialáil a dhéanamh ar sheoladh gnó, nó ar aon ghné a bheidh sonraithe de sheoladh gnó, na bhforas airgeadais lena mbaineann an t-ordachán.

(2) Déanfaidh na forais airgeadais lena mbaineann, i gcomhar, rialacha comhlachta féin-rialaithigh (lena n-áirítear bainistíocht an chomhlachta sin agus a bhallraíocht sa todhchaí) a chur faoi bhráid an Bhainc lena cheadú a fháil dóibh.

(3) Ceadófar rialacha comhlachta féin-rialaithigh faoin alt seo gan dochar do chumhacht an Bhainc ceanglais nó coinníollacha de bhua alt 92, nó ordachán breise faoi fho-alt (1), a fhorchur ar aon cheann de na forais airgeadais lena mbaineann.

(4) I gcás comhlacht féin-rialaitheach a bheith bunaithe chun críocha an ailt seo, beidh feidhm ag forálacha ailt 92, 93, 95 agus 96 maidir leis an gcomhlacht ionann is dá mba fhoras airgeadais é, agus ar an gcaoi céanna a bhfuil feidhm acu maidir le foras airgeadais, lena mbaineann an Chaibidil seo.

(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a choisceann ar aon fhoras airgeadais bheith ina bhall d'aon eagraíocht a dhéanann maoirsiú nó rialú ar sheoladh gnó ar shlí seachas de bhua an ailt seo.

Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil VII a thoirmeasc.

95. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ag an mBanc ar an tslí achomair, gur dóigh leis an gCúirt go bhfuil foras nó forais airgeadais tar éis mainneachtain, nó ag mainneachtain, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a forchuireadh de bhua alt 92 nó de réir ordacháin faoi alt 94, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an bhforas nó ar na forais lena mbaineann leanacht den mhainneachtain.

(2) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

(3) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(4) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Neamhchomhlíonadh a thuairisciú don Aire.

96. —Más amhlaidh—

(a) gur deimhin leis an mBanc nach bhfuil foras airgeadais lena mbaineann an Chaibidil seo ag comhlíonadh aon oibleagáide a forchuireadh air leis an gCaibidil seo nó faoi (lena n-áirítear aon riail de chuid comhlachta féinrialaithigh ar ball de an foras), agus

(b) gur dóigh leis an mBanc gur neamhchomhlíonadh é de chineál is gá a chur in iúl don Aire,

ansin cuirfidh an Banc an neamhchomhlíonadh sin in iúl don Aire.

Caibidil VIII

Maoirsiú ar Mhalartáin Todhchaíochtaí agus Roghanna Airgeadais

Mínithe (Caibidil VIII)

97. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “malartán” malartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais agus folaíonn sé, má cheadaíonn nó má éilíonn an comhthéacs amhlaidh, malartán láithreach nó malartán beartaithe;

tá le “malartán láithreach” an bhrí a shanntar dó le halt 100;

ciallaíonn “malartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais” margadh de chineál airgeadais ina ndéanann baill den mhargadh sin, ar bhealach eagraithe agus faoi rialacha comhaontaithe, trádáil, trí chumarsáid leictreonach, scríofa, de bhéal nó in aon fhoirm eile—

(a) i gcearta faoi chonradh le haghaidh díol nó ceannach táirge airgeadais, tráchtearra airgeadais nó maoin airgeadais d'aon tuairisc eile faoina mbeidh seachadadh le déanamh, nó faoina mbeidh bearta is ionann agus seachadadh le cur i bhfeidhm, ar dháta sa todhchaí agus sin de réir praghais arna chomhaontú nó is inchinnte tráth an chonartha a dhéanamh, nó

(b) trí bhíthin rogha ar chonradh lena mbaineann mír (a) nó ar tháirge airgeadais, tráchtearra airgeadais nó maoin airgeadais d'aon tuairisc eile, lena n-áirítear rogha ceannaigh nó díola nó rogha an praghas nó an chainníocht lena mbaineann a athrú;

tá le “malartán beartaithe” an bhrí a shanntar dó le halt 99;

ciallaíonn “rialacha”, i ndáil le malartán láithreach nó malartán beartaithe, na rialacha a rialaíonn ballraíocht agus oibriú an mhalartáin nó lena mbeartaítear iad a rialú, faoi seach.

Na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir.

98. —Dearbhaítear leis seo chun amhras a sheachaint nach mbeidh aon chonradh nó rogha lena mbaineann an Chaibidil seo ar neamhní nó neamh-infheidhmithe mar gheall ar na hAchtanna um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 go 1986.

Malartáin a bhunú.

99. —Ní dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, aon mhalartán todhchaíochtaí agus roghanna airgeadais a bhunú mura mbeidh na daoine a bheartaíonn an malartán (dá ngairtear “malartán beartaithe” sa Chaibidil seo) a bhunú tar éis na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe den sórt sin a chur faoi bhráid an Bhainc lena gceadú agus mura mbeidh na rialacha sin ceadaithe ag an mBanc.

Malartáin láithreacha.

100. —(1) Laistigh de 3 mhí tar éis an tAcht seo a rith déanfaidh gach malartán a bhí bunaithe roimh an rith sin (dá ngairtear “malartán láithreach” sa Chaibidil seo)—

(a) a chuid rialacha a chur faoi bhráid an Bhainc lena gceadú, nó

(b) é féin a dhíbhunú.

(2) Go dtí go gcinnfidh an Banc rialacha malartáin láithrigh a bheidh curtha faoina bhráid faoi fho-alt (1) (a) a cheadú nó gan iad a cheadú, féadfaidh an Banc—

(a) faoi réir fhorálacha eile an ailt seo más cuí sin, cibé coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán is dóigh leis is cuí a fhorchur air, nó

(b) treoir a eisiúint faoi alt 105 ionann is dá mba é a bhí sa mhalartán láithreach malartán a raibh a rialacha ceadaithe ag an mBanc.

(3) I gcás ina bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar mhalartán láithreach lena mbaineann fo-alt (2), féadfaidh an tAire a ordú don Bhanc coinníollacha nó ceanglais a bheidh sonraithe sa treoir uaidh a fhorchur faoi mhír (a) den fho-alt sin agus forchuirfidh an Banc amhlaidh na coinníollacha nó na ceanglais sin (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin).

(4) Ní dhéanfaidh an Banc coinníoll nó ceanglas i ndáil le déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a fhorchur ar mhalartán láithreach, de bhua an ailt seo, mura rud é—

(a) go bhfuil feidhm ag fo-alt (3) maidir leis an gcoinníoll nó leis an gceanglas, nó

(b) go mbeidh an Banc tar éis fógra a thabhairt don Aire á rá go bhfuil sé ar intinn aige an coinníoll nó an ceanglas a fhorchur ar an malartán.

Ceadú rialacha ag an mBanc, coinníollacha, etc.

101. —(1) (a) Aon uair a cheadóidh an Banc rialacha malartáin láithrigh, nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe, féadfaidh sé—

(i) an ceadú uaidh a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglas, agus

(ii) tráth ar bith tar éis an cheadaithe, coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán nó coinníoll nó ceanglas ar bith lena mbaineann an fo-alt seo a leasú nó a chúlghairm, bíodh nó ná bíodh sé leasaithe roimhe sin de bhua na fomhíre seo.

(b) Gach coinníoll nó ceanglas a fhorchuirfear agus a mbaineann an fo-alt seo leis, agus gach leasú nó cúlghairm ar an gcéanna, is de chineál é is cuí leis an mBanc a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm ar mhaithe le rialáil chríonna an mhalartáin lena mbaineann agus féadfar gach coinníoll nó ceanglas den sórt sin a fhorchur ar cheachtar díobh seo a leanas nó orthu araon, eadhon,—

(i) an malartán sin, agus

(ii) baill an mhalartáin sin (i dteannta a chéile nó ina nduine is ina nduine).

(c) Maidir le haon choinníoll nó ceanglas lena mbaineann mír (a) (ii), ní dhéanfar coinníoll nó ceanglas a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm go dtí—

(i) go mbeidh an Banc tar éis fógra a thabhairt don mhalartán lena mbaineann á rá go bhfuil ar intinn aige an forchur, an leasú nó an chúlghairm sin a dhéanamh, agus

(ii) go mbeidh an Banc tar éis éisteacht a thabhairt d'aon uiríll a rinne an malartán sin, nó aon bhall de, laistigh de cibé teorainn ama a bheidh sonraithe ag an mBanc tráth an fhógra a thabhairt don mhalartán.

(d) I gcás ina bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar mhalartán, ní dhéanfar aon choinníoll nó ceanglas a bhaineann leis na déileálacha sin a fhorchur de bhua an fho-ailt seo mura mbeidh fógra tugtha ag an mBanc don Aire á rá go bhfuil ar intinn aige an forchur sin a dhéanamh.

(2) (a) Más rud é—

(i) go mbeidh ar intinn ag an mBanc rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú, agus

(ii) go bhféadfaí déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú ag an Aire a sheoladh ar an malartán,

féadfaidh an tAire a ordú don Bhanc an ceadú uaidh a chur faoi réir coinníollacha nó ceanglas a fhorchuirfidh an Banc agus a bheidh sonraithe sa treoir ón Aire (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin) agus déanfaidh an Banc, dá réir sin, a cheadú a chur faoi réir gach coinníll nó ceanglais a bheidh sonraithe amhlaidh.

(b) Tráth ar bith tar éis rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a bheith ceadaithe, féadfaidh an tAire, maidir le déileálacha lena mbaineann urrúis arna mbunú aige, a ordú don Bhanc coinníollacha nó ceanglais a fhorchur ar an malartán (ar coinníollacha nó ceanglais iad a bhaineann leis na déileálacha sin agus a mbeidh an tAire sásta maidir leo, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, nach gcuireann siad srian le rialáil chríonna an mhalartáin) nó aon choinníoll nó ceanglas lena mbaineann an fo-alt seo a leasú nó a chúlghairm, bíodh nó ná bíodh sé leasaithe roimhe sin de bhua na míre seo agus, dá réir sin, déanfaidh an Banc an coinníoll nó an ceanglas a fhorchur, a leasú nó a chúlghairm amhlaidh.

(3) Má cheadaíonn an Banc rialacha malartáin nó na rialacha le haghaidh malartáin ní bheidh an ceadú sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht an mhalartáin ná aon bhaill den mhalartán agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain an mhalartáin nó aon bhaill dá chuid.

(4) Aon iarratas go gceadófar rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a chinnfidh an Banc ó am go ham.

Diúltú ag an mBanc rialacha a cheadú.

102. —(1) Ní dhiúltóidh an Banc rialacha malartáin láithrigh ná na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh an ceadú chun leasa do rialáil ordúil chuí malartáin den sórt sin, agus ní thoileoidh an tAire leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh an ceadú chun leasa do rialáil ordúil chuí malartáin den sórt sin.

(2) Aon uair a bheartaíonn an Banc diúltú rialacha malartáin láithrigh nó na rialacha le haghaidh malartáin bheartaithe a cheadú—

(a) cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don mhalartán nó (i gcás malartáin bheartaithe) do thionscnóir an mhalartáin go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá aige leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú beartaithe,

(b) féadfaidh an malartán nó an tionscnóir na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an diúltú beartaithe.

Feidhm alt 17 d'Acht 1971.

103. —Gan dochar d'fhorálacha alt 101 beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais chun críche Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, gach malartán lena mbaineann an Chaibidil seo agus gach ball den mhalartán sin.

Srian le fógraíocht.

104. —(1) Faoi réir fho-alt (2), ní dhéanfaidh duine seirbhísí malartáin a fhógairt, nó a chur á bhfógairt, ná ní dhéanfaidh sé aon sirtheoireacht eile i leith na seirbhísí sin mura mbeidh rialacha an mhalartáin ceadaithe ag an mBanc.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1)—

(a) faoi réir aon choinníll nó ceanglais dá mhalairt arna fhorchur ag an mBanc faoi alt 100 (2), maidir le malartán láithreach, ná le haon duine a bheidh ag gníomhú thar ceann an mhalartáin, le linn na tréimhse dar tosach an tráth a gcuireann sé a chuid rialacha faoi bhráid an Bhainc lena gceadú agus dar críoch an tráth a gceadaítear iad nó a ndiúltaítear iad a cheadú, nó

(b) maidir le haon réamheolaire nó doiciméad eile arna fhoilsiú ag nó thar ceann daoine a bheartaíonn malartán den sórt sin a bhunú, i gcás gur chun críche an togra sin, agus chun na críche sin amháin, a fhoilsítear an réamheolaire nó an doiciméad eile sin.

(3) Má fhoilsítear fógrán nó sirtheoireacht eile lena mbaineann an t-alt seo agus mura mbeidh ar áireamh ann ainm agus seoladh an duine a shocraigh leis an bhfoilsitheoir go bhfoilseofaí an fógrán nó an tsirtheoireacht sin, ansin féadfaidh an Banc, tráth ar bith le linn na tréimhse 12 mhí tar éis aon fhoilsiú a bheith déanta ar an bhfógrán nó ar an tsirtheoireacht, a iarraidh ar an bhfoilsitheoir ainm agus seoladh an duine sin a thabhairt don Bhanc agus déanfaidh an foilsitheoir láithreach de réir na hiarrata sin.

Treoracha ón mBanc trádáil, déileáil, a fhionraí.

105. —(1) I gcás inar deimhin leis an mBanc go bhfuil malartán, nó aon bhall de mhalartán, tar éis mainneachtain nó ag mainneachtain déanamh de réir coinníll nó ceanglais faoi alt 100 (2) (a) nó 101, féadfaidh an Banc treoir a thabhairt—

(a) don mhalartán trádáil a chur ar fionraí, nó

(b) d'aon bhall den mhalartán nó do na baill go léir trádáil nó déileáil ar an gcéanna a chur ar fionraí,

go ceann tréimhse sonraithe nó go dtí go bhfaighfear fógra eile ón mBanc, nó féadfaidh sé na treoracha sin a thabhairt dóibh araon.

(2) (a) Féadfaidh an malartán, nó ball nó baill de, dár tugadh an treoir faoi fho-alt (1) iarratas a dhéanamh ar an tslí achomair chun na Cúirte ar ordú ag cur na treorach ar ceal agus féadfaidh an Chúirt an t-ordú sin a dheonú.

(b) Féadfaidh an Banc iarratas a dhéanamh ar an tslí achomair chun na Cúirte á iarraidh go ndéanfaidh an Chúirt treoir uaidh faoin alt seo a dhaingniú.

(3) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

(4) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Ceadú rialacha a chúlghairm.

106. —(1) Féadfaidh an Banc—

(a) ceadú rialacha malartáin a chúlghairm má iarrann an malartán dár deonaíodh é amhlaidh,

(b) le toiliú an Aire, ceadú rialacha malartáin a chúlghairm más rud é—

(i) maidir leis an malartán—

(I) nach mbeidh sé tosaithe de bheith ag oibriú laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an ceadú, nó

(II) go mbeidh scortha aige de bheith ag oibriú agus nach bhfuil aon trádáil nó déileáil déanta ar an malartán le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis scor dó,

(ii) go bhfuil an malartán, ós cuideachta é, á fhoirceannadh.

(iii) go bhfuil ceadú an Bhainc faighte ag an malartán (is malartán láithreach) nó ag tionscnóir malartáin bheartaithe trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mírialta eile,

(iv) go dtiocfaidh an malartán chun bheith neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith creidiúnaithe nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach den mhalartán nó d'aon bhall de,

(c) le toiliú an Aire, an ceadú a chúlghairm má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an ceadú, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus gur imthosca iad de chineál go ndiúltófaí d'iarratas ar cheadú dá ndéanfaí é sna himthosca athraithe.

(2) Aon uair a bheartaíonn an Banc ceadú a chúlghairm (seachas de bhun iarrata sin a dhéanamh ón malartán dár deonaíodh é)—

(a) cuirfidh sé in iúl don mhalartán lena mbaineann go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an malartán, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe,

(b) féadfaidh an malartán na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe.

(3) I gcás ina gcúlghairfear ceadú rialacha malartáin agus nach é atá sa mhalartán cuideachta atá á foirceannadh—

(a) leanfaidh an malartán agus baill an mhalartáin de bheith faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo nó le halt 18 d'Acht 1971, nó faoin gcéanna, go dtí go mbeidh dliteanais uile an mhalartáin agus a chuid ball urscaoilte chun sástacht an Bhainc,

(b) déanfaidh an malartán, a luaithe is féidir tar éis an ceadú a chúlghairm, scéala a chur chuig an mBanc agus chuig cibé daoine eile (más ann) a ndéarfaidh an Banc leis scéala a chur chucu maidir leis na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun dliteanais an mhalartáin agus a chuid ball a urscaoileadh go hiomlán gan mhoill mhíchuí,

(c) i gcás—

(i) ina mbeidh scéala curtha ag an malartán chuig an mBanc de réir mhír (b) agus gurb é tuairim an Bhainc nach bearta sásúla na bearta atá á ndéanamh nó a bheartaítear a dhéanamh chun críocha na míre sin, nó

(ii) nach mbeidh scéala curtha amhlaidh ag an malartán chuig an mBanc agus gurb é tuairim an Bhainc go bhfuil mainnithe ag an malartán scéala a chur amhlaidh a luaithe is féidir tar éis an ceadú a chúlghairm, nó

(iii) gurb é tuairim an Bhainc go bhfuil mainnithe ag an malartán gach beart réasúnach a dhéanamh chun scéala a chur chuig daoine a mbeidh sé ráite ag an mBanc leis, faoi mhír (b), scéala a chur chucu,

ansin féadfaidh an Banc treoir i scríbhinn a thabhairt don mhalartán sin nó d'aon bhall de, go ceann cibé tréimhse nach faide ná 6 mhí a bheidh sonraithe inti, á thoirmeasc ar an malartán nó ar na baill den mhalartán a mbeidh treoir tugtha amhlaidh dó nó dóibh—

(I) déileáil le haon sócmhainní nó le sócmhainní sonraithe de chuid an mhalartáin nó de chuid a bhall, nó diúscairt a dhéanamh orthu ar shlí ar bith, nó

(II) gabháil d'aon idirbheart nó d'aon aicme idirbhirt nó d'idirbheart sonraithe, nó

(III) íocaíochtaí a dhéanamh,

gan údarú a fháil roimh ré ón mBanc, agus féadfaidh an Banc a cheangal ar an malartán sin nó ar aon bhall dá chuid scéim chun na dliteanais a bheidh i gceist a urscaoileadh, go hiomlán agus go hordúil, a ullmhú agus a chur faoina bhráid, lena cheadú a fháil di, laistigh de dhá mhí ó dháta na treorach.

(4) (a) I gcás ina gcúlghairfear ceadú rialacha malartáin agus gurb é atá sa mhalartán cuideachta atá á foirceannadh, beidh leachtaitheoir na cuideachta, i dteannta na ndualgas agus na n-oibleagáidí a bheidh air i ndáil leis an bhfoirceannadh, faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí a mbeadh an malartán faoina réir dá mba mhalartán é lena mbain-eann fo-alt (3) agus déanfar an fo-alt sin, chun críche an fho-ailt seo, a fhorléiriú dá réir sin.

(b) D'ainneoin mhír (a), féadfaidh an Banc, i gcás ina gcúlghairfidh sé ceadú agus inar dóigh leis gur cuí é sna himthosca, an dualgas agus an oibleagáid a fhorchuirtear ar an leachtaitheoir áirithe déanamh de réir mhír (b) (mar a fhorléirítear í leis an bhfo-alt seo) d'fho-alt (3) a bhaint de i scríbhinn agus féadfaidh sé cibé dualgas agus oibleagáid, breise nó eile, atá ar aon dul leis an gceann atá leagtha amach sa mhír sin (b), a fhorchur i scríbhinn ar an leachtaitheoir sin.

(c) Ní dhéanfar aon ní san fho-alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difear d'aon dualgas nó oibleagáid a bheidh, faoin gCaibidil seo, ar bhaill an mhalartáin lena mbaineann.

(5) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis ceadú rialacha malartáin a bheith cúlghairthe, fógra faoin gcúlghairm a fhoilsiú ar cibé caoi is cuí leis.

Cionta agus pionóis (Caibidil VIII).

107. —(1) Aon duine a sháróidh alt 99, 100 nó 104 agus aon mhalartán nó ball de mhalartán—

(a) a dhéanfaidh sárú, trí ghníomh nó neamhghníomh, ar choinníoll nó ceanglas a bheidh forchurtha go cuí agus a bhaineann leis an gceadú a thug an Banc le haghaidh rialacha an mhalartáin, nó

(b) a mhainneoidh déanamh de réir treorach faoi alt 105 nó 106,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air,

agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú nó den mhainneachtain ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú nó den mhainneachtain tar éis an chiontaithe i leith an tsáraithe nó na mainneachtana bunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

(2) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin alt seo a bhaineann le halt 104, is cosaint mhaith é don chúisí a chruthú go mba dhuine é, an tráth iomchuí, a raibh sé de ghnó aige fógráin nó sirtheoireachtaí eile a fhoilsiú nó socrú a dhéanamh dá bhfoilsiú thar ceann duine éigin eile agus go bhfuarthas an fógrán nó an tsirtheoireacht eile iomchuí chun a fhoilsithe i ngnáthchúrsa an ghnó sin agus nárbh eol dó, agus nach raibh cúis ar bith aige le go mbeadh amhras air, go bhféadfadh cion a bheith i gceist dá n-úsáidfí é chun fógairt nó sireadh ar shlí eile a dhéanamh.

Caibidil IX

Maoirsiú Bróicéirí Airgid

Léiriú (Caibidil IX).

108. —Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn “údarú” údarú arna dheonú do dhuine ag an mBanc faoin gCaibidil seo chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh;

tá le “foras airgeadais” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil VII;

ciallaíonn “bróicéir airgid” duine a sheolann gnó bróicéireachta airgid;

ciallaíonn “gnó bróicéireachta airgid” aon ghnó arb é atá ann na nithe seo a leanas go léir nó aon ní acu a shocrú, eadhon:

(a) iasachtaí airgid a thabhairt nó a fháil,

(b) malairt eachtrach a cheannach nó a dhíol,

(c) idirbhearta de chineál a bheidh forordaithe de thuras na huaire le hordú faoi alt 109, agus

(d) idirbhearta eile a bhfuil éifeacht den chineál céanna leo is atá le haon idirbheart lena mbaineann mír (a), (b) nó (c),

idir beirt nó níos mó arb é atá iontu sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971, cumann foirgníochta, nó foras airgeadais, agus déanfar “bróicéireacht airgid” a fhorléiriú dá réir sin.

Orduithe (Caibidil IX).

109. —(1) I gcás inarb é tuairim an Aire agus an Bhainc gur gá, i gcomhthéacs forbairtí sna margaí airgeadais nó i rialáil ordúil chuí an ghnó bróicéireachta airgid, go ndéanfaí cineálacha áirithe idirbheart a fhorordú chun críche an mhínithe ar “gnó bróicéireachta airgid”, ansin féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBanc, iad a fhorordú amhlaidh le hordú.

(2) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBanc, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm le hordú.

Údarú chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh.

110. —(1) Ní sheolfaidh duine gnó bróicéireachta airgid tráth ar bith tar éis an t-alt seo a bheith i ngníomh ar feadh 3 mhí mura mbeidh údarú chun críocha an ailt seo deonaithe don duine agus nach mbeidh an t-údarú sin cúlghairthe.

(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an Banc údarú chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh a dheonú do dhuine ar bith, nó diúltú é a dheonú do dhuine ar bith, a dhéanfaidh iarratas chuige.

(3) D'ainneoin fho-alt (2), ní cead do dhuine a bheith, an tráth céanna, ina shealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971 agus ina dhuine lena mbaineann údarú marthanach faoin alt seo.

(4) Ní dhiúltóidh an Banc údarú a dheonú gan toiliú an Aire agus mura deimhin leis nach rachadh an t-údarú chun leasa do rialáil ordúil chuí na bróicéireachta airgid nó na baincéireachta, agus ní thabharfaidh an tAire a thoiliú leis an diúltú mura deimhin leis nach rachadh an t-údarú chun leasa do rialáil orduil chuí na bróicéireachta airgid nó na baincéireachta.

(5) Aon uair a bheartóidh an Banc diúltú údarú a dheonú do dhuine—

(a) cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don duine go bhfuil ar intinn aige toiliú an Aire leis an diúltú a lorg agus cad iad na cúiseanna atá aige leis an diúltú agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an diúltú beartaithe,

(b) féadfaidh an duine na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an diúltú beartaithe.

(6) Aon iarratas a dhéanfar ar údarú is i cibé foirm a bheidh sé, agus beidh cibé sonraí ann, a chinnfidh an Banc ó am go ham.

(7) Má dheonaítear údarú do dhuine faoin alt seo ní bheidh an t-údarú sin ann féin ina bharánta maidir le sócmhainneacht an duine chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanais a thabhófar trí dhócmhainneacht nó mainneachtain an duine.

Maoirsiú, etc. bróicéirí airgid ag an mBanc.

111. —Déanfaidh gach duine ar leith a sheolann gnó bróicéireachta airgid de réir cibé ceanglas nó coinníollacha maoirseachta agus tuairiscithe i ndáil lena ghnó is dóigh leis an mBanc is críonna a fhorchur air ó am go ham chun críocha rialáil ordúil chuí na bróicéireachta airgid agus ar mhaithe leis an gcéanna.

Feidhm alt 17 d'Acht 1971.

112. —Gan dochar d'fhorálacha alt 111, beidh feidhm ag forálacha alt 17 (a bhaineann le leabhair agus taifid sealbhóirí ceadúnas) d'Acht 1971 (arna leasú leis an gCuid seo) ionann is dá mba shealbhóir ceadúnais chun críocha Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, gach duine atá údaraithe ag an mBanc chun gnó bróicéireachta airgid a sheoladh.

Cumhacht na Cúirte mainneachtain déanamh de réir ceanglais nó coinníll faoi Chaibidil IX a thoirmeasc.

113. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta ag an mBanc ar an tslí achomair, gur dóigh leis an gCúirt go bhfuil bróicéir airgid tar éis mainneachtain, nó ag mainneachtain, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a forchuireadh de bhua alt 111, féadfaidh an Chúirt, le hordú, a thoirmeasc ar an mbróicéir airgid lena mbaineann leanacht den mhainneachtain.

(2) Féadfaidh an Chúirt, agus an t-ábhar á bhreithniú aici, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is dóigh léi is cuí.

(3) Más deimhin leis an gCúirt, mar gheall ar chineál nó imthosca an cháis nó thairis sin ar mhaithe leis an gceartas, gurb inmhianaithe déanamh amhlaidh, féadfar na himeachtaí go léir nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo a éisteacht ar shlí seachas go poiblí.

(4) San alt seo ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt.

Údaruithe a chúlghairm.

114. —(1) Féadfaidh an Banc—

(a) údarú a chúlghairm má iarrann an duine dár deonaíodh é amhlaidh,

(b) le toiliú an Aire, údarú a chúlghairm más rud é, maidir leis an duine dár deonaíodh é—

(i)  (I) nach mbeidh sé tosaithe de bheith ag seoladh gnó bróicéireachta airgid laistigh de 12 mhí ón dáta ar ar deonaíodh an t-údarú, nó

(II) go mbeidh scortha aige de bheith ag seoladh gnó bróicéireachta airgid agus nach raibh sé á sheoladh aige le linn tréimhse is faide ná 6 mhí díreach tar éis scor dó,

(ii) go mbreithnítear ina fhéimheach é,

(iii) ós comhpháirtíocht é, go ndíscaoiltear an chomhpháirtíocht trí bhás nó féimheacht aon chomhpháirtí, nó thairis sin faoi dhlí na comhpháirtíochta,

(iv) go bhfuil sé, ós cuideachta é, á fhoirceannadh,

(v) go bhfuil an t-údarú faighte aige trí ráitis bhréagacha nó ar aon mhodh mírialta eile,

(vi) go dtiocfaidh sé chun bheith neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe nó go bhfionróidh sé íocaíochtaí atá dlite go dleathach de, nó nach féidir brath air a thuilleadh chun freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe agus, go háirithe, nach dtugann sé urrús a thuilleadh le haghaidh na sócmhainní atá faoina chúram,

(vii) go gciontaítear ar díotáil é i gcion faoi aon fhoráil de chuid Achtanna an Bhainc Ceannais, 1942 go 1989, nó i gcion lena ngabhann calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,

(viii) gur i stát eile is ball de na Comhphobail Eorpacha, atá a phríomh-oifig agus go mbeidh an t-údarás sa stát sin, a fheidhmíonn feidhmeanna sa stát sin atá ar aon dul le feidhmeanna an Bhainc faoin gCaibidil seo, tar éis údarú a tharraingt siar ón bhforas ar brainse de an sealbhóir,

(c) le toiliú an Aire, an t-údarú a chúlghairm má tá athrú tagtha, ón uair a deonaíodh an t-údarú, ar na himthosca a bhaineann leis an deonú agus gur imthosca de chineál iad go ndiúltófaí d'iarratas ar údarú dá ndéanfaí é sna himthosca athraithe.

(2) Aon uair a bheartaíonn an Banc údarú a chúlghairm (seachas in imthosca lena mbaineann mír (a) nó (b) (viii) d'fho-alt (1))—

(a) cuirfear in iúl i scríbhinn don duine dár deonaíodh é go bhfuil ar intinn ag an mBanc toiliú an Aire leis an gcúlghairm a lorg agus cad iad na cúiseanna atá leis an gcúlghairm agus go bhféadfaidh an duine, laistigh de 21 lá tar éis an dáta a gcuirtear sin in iúl dó, uiríll a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe,

(b) féadfaidh an duine sin na huiríll sin a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire laistigh den tréimhse ama a dúradh, agus

(c) déanfaidh an tAire breithniú, sula gcinnfidh sé ar a thoiliú a thabhairt nó gan é a thabhairt, ar aon uiríll a bheidh déanta go cuí chuige faoin bhfo-alt seo i ndáil leis an gcúlghairm bheartaithe.

Ainmneacha bróicéirí airgid agus fógraí faoi chúlghairm údaruithe a fhoilsiú.

115. —(1) Déanfaidh an Banc ó am go ham, ach ar a laghad uair sa bhliain, ainmneacha daoine atá údaraithe le gnó bróicéireachta airgid a sheoladh, a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis.

(2) Déanfaidh an Banc, a luaithe is féidir tar éis cúlghairm a bheith déanta ar údarú, fógra faoin gcúlghairm a fhoilsiú i cibé caoi is cuí leis.

Cionta agus pionóis (Caibidil IX).

116. —Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó (2) d'alt 110 nó aon bhróicéir airgid a mhainneoidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, déanamh de réir ceanglais nó coinníll a bheidh forchurtha air faoi alt 111, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air,

agus má leantar, tar éis an chiontaithe, den sárú ar ina leith a ciontaíodh é, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den sárú tar éis an chiontaithe i leith an tsáraithe bhunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100, nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

Caibidil X

Cóid Chleachtais

Cóid chleachtais.

117. —(1) Féadfaidh an Banc, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cód cleachtais amháin nó níos mó a bhaineann le déileálacha le haon aicme nó aicmí daoine a tharraingt suas, a leasú nó a chúlghairm ó am go ham i ndáil le sealbhóirí ceadúnas d'aicme nó d'aicmí ar bith nó le daoine eile a ndéanann an Banc maoirsiú orthu faoin achtachán seo nó faoi aon achtachán eile agus déanfaidh na sealbhóirí ceadúnas, nó na daoine eile atá faoi mhaoirsiú amhlaidh, a mbaineann na cóid sin leo, gach cód den sórt sin a urramú.

(2) Le linn cóid chleachtais a bheith á dtarraingt suas aige beidh aird ag an mBanc—

(a) ar leas custaiméirí agus an phobail i gcoitinne, agus

(b) ar iomaíocht chóir a chur ar aghaidh i margaí airgeadais sa Stát.

(3) Féadfaidh an Banc—

(a) a cheangal ar aon sealbhóir ceadúnais nó duine eile atá á mhaoirsiú aige an fhaisnéis ábhartha go léir a thabhairt don Bhanc chun a chumasú don Bhanc a dheimhniú dó féin go bhfuil an cód á chomhlíonadh ag an sealbhóir ceadúnais sin nó ag an duine eile sin,

(b) treoir i scríbhinn a eisiúint don sealbhóir ceadúnais nó don duine eile sin á ordú dó na cleachtais a bheidh sonraithe sa treoir a urramú i gcás inar gá sin a dhéanamh, i dtuairim an Bhainc, chun a áirithiú go gcomhlíonfaí an cód.

(4) (a) Aon sealbhóir ceadúnais nó duine eile atá á mhaoirsiú ag an mBanc agus a mhainneoidh faisnéis a thabhairt de réir fho-alt (3) (a) nó déanamh de réir treorach faoi fho-alt (3) (b) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 a chur air.

(b) I gcás duine a bheith ciontaithe i gcion de bhua mhír (a) den fho-alt seo agus go leanfar, tar éis an chiontaithe, den mhainneachtain faisnéis a thabhairt nó déanamh de réir na treorach, de réir mar a bheidh, beidh an duine ciontach i sárú ar an alt seo ar gach lá a leanfar den sárú tar éis an chiontaithe sin agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £2,500 a chur air.

(5) San alt seo folaíonn “cleachtais” nósanna imeachta.

Caibidil XI

Nótaí Dlíthairgthe

Nótaí dlíthairgthe a sholáthar.

118. —(1) Is dleathach don Bhanc nótaí ar a dtabharfar, agus dá ngairtear sa Chuid seo, nótaí dlíthairgthe a sholáthar agus a eisiúint, de réir na Coda seo, sna hainmluachanna seo a leanas, eadhon, £1, £5, £10, £20, £50, £100 agus aon ainmluach airgid eile a mbeidh ordú déanta ag an Aire faoi fho-alt (4) maidir leis, agus beidh na nótaí sin i gcúrsaíocht sa Stát agus is dlíthairiscint a bheidh iontu sa Stát chun aon mhéid a íoc.

(2) Maidir le gach nóta dlíthairgthe, beidh sé i cibé foirm agus beidh cibé méid ann agus cibé dearadh air, agus beidh sé clóite i cibé caoi agus ar cibé páipéar, agus uimhrithe agus fíordheimhnithe i cibé caoi, a bhí forordaithe roimh thosach feidhme an ailt seo nó a fhorordófar ó am go ham tar éis an tosach feidhme sin chun críche an ailt seo.

(3) Aon nóta dlíthairgthe d'ainmluach ar bith a soláthraíodh agus a eisíodh tráth ar bith faoin Acht Airgid Reatha, 1927 , nó faoi aon Acht dá éis sin, leanfaidh sé de bheith i gcúrsaíocht sa Stát agus beidh sé ina dlíthairiscint fós sa Stát chun aon mhéid a íoc.

(4) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, aon ainmluach airgid nach mbeidh sonraithe cheana féin i bhfo-alt (1) nó de bhua an fho-ailt seo a shonrú, le hordú, chun críocha an fho-ailt sin (1).

(5) San alt seo—

folaíonn “páipéar” aon ábhar ar féidir cló air;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an mBanc le cead an Aire.

Feidhm achtachán áirithe.

119. —Aon nótaí dlíthairgthe arna n-eisiúint faoin Acht seo nó faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó faoi aon Acht acu sin, measfar gur nótaí bainc iad de réir bhrí an Forgery Act, 1913, agus aon achtacháin eile a bhaineann le cionta i leith nótaí bainc agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát, agus gur urrúis luachmhara iad de réir bhrí an Larceny Act, 1916, agus aon dlí eile a bhaineann le goid agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire sa Stát, agus gurb iad mona reatha an Stáit iad chun críche na nAchtanna a bhaineann le pá a íoc in airgead tirim agus aon achtacháin eile dá samhail.

An Banc d'eisiúint nótaí dlíthairgthe.

120. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1971 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 44:

“44. Is dleathach don Bhanc nótaí dlíthairgthe a eisiúint—

(a) chuige féin nó chuig aon duine eile—

(i) in aghaidh buillin óir, nó

(ii) in aghaidh aon airgead reatha, urrús nó foirm eile sócmhainne a bheidh á shealbhú ag an mBanc,

a sheachadfar, i gcás an duine eile sin, ar an mBanc i cibé caoi agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorordóidh sé, nó

(b) chuig an duine eile sin in aghaidh údarú muirearú a dhéanamh ar chuntas an duine sin leis an mBanc.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh le héifeacht ón dáta a ndéanfar ciste na nótaí dlíthairgthe a fhoirceannadh faoi alt 22.

Nótaí dlíthairgthe a fhuascailt.

121. —(1) Beidh sealbhóir nóta dlíthairgthe d'ainmluach ar bith i dteideal, ar éileamh arna dhéanamh aige le linn uaireanta oifige i bpríomhoifig an Bhainc i mBaile Átha Cliath, go bhfaighidh sé mar mhalairt ar an nóta—

(a) nóta dlíthairgthe amháin nó níos mó, nó monaí a bheadh ina ndlíthairiscint, nó iad araon, nó

(b) i gcás ina mbeidh cinnte ag an mBanc gur cuí íocaíocht a dhéanamh i slí éigin eile agus go n-iarrann sealbhóir an nóta dlíthairgthe amhlaidh nó go dtoilíonn sé leis, íocaíocht sa tslí sin, nó

(c)  (i) nóta dlíthairgthe amháin nó níos mó, nó monaí a bheadh ina ndlíthairiscint, nó iad araon, agus

(ii) páirt-íocaíocht de réir mhír (b),

ina mbeidh an luach iomlán céanna.

(2) Féadfaidh an Banc diúltú malartú a dhéanamh de réir fho-alt (1) ar aon nóta dlíthairgthe atá chomh seanchaite nó chomh damáistithe sin nach féidir, i dtuairim an Bhainc, é a aithint mar nóta dlíthairgthe áirithe nó nach leor, i dtuairim an Bhainc, an chuid den nóta sin a chuirtear i láthair lena chinntiú nach bhféadfaí an chuid eile den nóta sin a mhalartú amhlaidh uair éigin eile.

(3) Féadfaidh an Banc cibé socruithe a dhéanamh is dóigh leis is cuí chun go gcealófar agus go ndíothófar, aige féin nó thar a cheann, cibé nótaí dlíthairgthe, arna malartú de réir fho-alt (1), is dóigh leis nach cuí a chaomhnú lena n-atheisiúint.

Nótaí dlíthairgthe a ghlaoch isteach.

122. —Féadfaidh an Banc, faoi réir cibé coinníollacha maidir le ham, áit, modh agus ord tíolactha is cuí leis, aon nótaí dlíthairgthe a bheidh eisithe faoin Acht seo nó faoi Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, nó faoi aon Acht acu sin, a ghlaoch isteach ar théarmaí go n-íocfaidh sé as na nótaí sin, ar iad a thíolacadh, ar an gcaoi chéanna a n-íocfaí astu dá mbeidís á bhfuascailt faoi alt 121.

Nótaí dlíthairgthe agus nótaí bainc comhdhlúite a aghlot, etc.

123. —(1) Ní dleathach d'aon duine aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

(a) nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite a ghearradh, a sracadh nó a lot ar shlí eile, nó baint d'aon fheiste slándála a bheidh air nó ann, nó

(b) aon litir, figiúr, dearadh nó marc eile a scríobh, a chló, a tharraingt, a stampáil, a chabhradh nó a bhualadh anuas ar aon slí eile ar nóta dlíthairgthe nó ar nóta bainc comhdhlúite, nó

(c) nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite a bhréifniú, bíodh ná ná bíodh na bréifní i bhfoirm aon litreach, figiúir nó dearaidh eile nó ag seasamh dóibh, nó

(d) aon mheamram, fógrán nó scríbhinn eile a chur i gceangal le haon nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite nó a ghreamú de.

(2) Gach duine a dhéanfaidh aon ghníomh i ndáil le nóta dlíthairgthe nó nóta bainc comhdhlúite ar sárú é ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(3) Má bhíonn gníomh is sárú ar an alt seo déanta maidir le nóta dlíthairgthe, ní dhéanfaidh sé sin dochar ná difear d'aon oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBanc, ná d'aon chumhacht a thugtar dó, le halt 121 agus 122 den Acht seo íoc as an nóta sin nó é a mhalartú ná ní dhéanfaidh sé dochar ná difear d'aon chumhacht a thugtar amhlaidh don Bhanc diúltú an nóta sin a mhalartú.

(4) Má bhíonn gníomh is sárú ar an alt seo déanta maidir le nóta bainc comhdhlúite, ní dhéanfaidh sé sin dochar ná difear don oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBanc le halt 36 (3) den Phríomh-Acht i leith íocaíocht a dhéanamh ar thíolacadh an nóta ina phríomhoifig i mBaile Átha Cliath.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon ní a dhéanfaidh an Banc, nó a dhéanfar thar a cheann, chun nóta dlíthairgthe a chealú nó chun nóta bainc comhdhlúite a aistarraingt nó a chealú.

CUID III

Monaíocht

Míniú (Cuid III).

124. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1969” an tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 .

Leasú ar alt 3 d'Acht 1969.

125. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1969—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Féadfaidh an tAire, maidir le haon mhonaí cupra-nicile nó monaí cré-umha d'ainmluach ar bith arna soláthar faoin alt seo, an Chéad Sceideal sin a leasú le hordú trí cibé meáchan caighdeánach eile agus cibé liúntas tualainge i ndáil leis an meáchan sin is cuí leis agus a shonróidh sé san ordú a chur in ionad an mheáchain chaighdeánaigh agus an liúntais tualainge i ndáil leis an meáchan sin a bheidh sonraithe sa Sceideal sin maidir leis na monaí sin, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an gCéad Sceideal sin.”;

(b) i bhfo-alt (5), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, seachas chun leasú a dhéanamh—

(i) ar mheáchan caighdeánach agus ar chomhshuíomh caighdeánach aon mhonaí agus ar an tualaing (nó ar an gclaonadh ón meáchan caighdeánach agus ón gcomhshuíomh caighdeánach) a bheidh le lamháil ina leith, nó

(ii) ar aon mheáchan nó comhshuíomh nó tualaing den sórt sin (nó ar an gclaonadh ón meáchan nó ón gcomhshuíomh sin),

agus chuige sin amháin, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.

(2) Aon ordú a rinneadh go hiomlán nó go páirteach faoi alt 3 (5) d'Acht 1969 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ionann is dá mbeadh sé déanta, a mhéid céanna, faoi réim agus de réir an ailt sin 3 (5) arna leasú le fo-alt (1) (b).

Leasú ar alt d'Acht 1969.

126. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht 1969—

(a) trí fho-alt (1) a scriosadh, agus

(b) i bhfo-alt (2)—

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is cuí leis, a dhearbhú le hordú (dá ngairtear ordú monaíochta nua san alt seo) gur fóirsteanach go soláthrófaí monaí de mhiotal sonraithe nó de mheascán sonraithe miotal, seachas mar a fhoráiltear le halt 3 den Acht seo nó faoi, d'aon ainmluach sonraithe monaí a údaraítear don Aire a sholáthar leis an alt sin 3 nó faoin alt sin 3.”,

agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (d):

“(d) Aon uair a bheartaítear ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.

(2) Aon ordú a rinneadh go hiomlán nó go páirteach faoi alt 4 (2) d'Acht 1969 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ionann is dá mbeadh sé déanta, a mhéid céanna, faoi réim agus de réir an ailt sin 4 (2) arna leasú le fo-alt (1).

Dlíthairiscint (monaíocht).

127. —Leasaítear leis seo Acht 1969 tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 8:

“8. (1) Má dhéantar airgead a thairiscint i monaí a eisíodh nó a meastar a bheith eisithe faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989, beidh an tairiscint sin, maidir le gach ainmluach a thairgfear, ina dhlíthairiscint chun suim a íoc nach mó ná fiche oiread a n-aghaidhluacha ach ní bheidh i gcás aon suim is mó ná sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le monaí a ghlaofar isteach faoi alt 12 den Acht seo amhail ón dáta feidhme iomchuí chun críocha fho-alt (2) den alt sin.”.

Athrú ar phionóis faoi Acht 1969.

128. —Leasaítear leis seo Acht 1969—

(a) in alt 14, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Gach duine a dhéanfaidh nó a eiseoidh aon phíosa miotail nó miotail mheasctha contrártha d'fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.”,

(b) in alt 15, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Aon duine—

(a) a dhéanfaidh gníomh contrártha don alt seo, nó

(b) a mhainneoidh déanamh de réir aon choinníll a bheidh ag gabháil le ceadúnas faoin alt seo,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air agus, ina theannta sin, féadfaidh an chúirt a ordú go bhforghéillfear na hearraí a ndearnadh an cion ina leith.”.

Leasú ar alt 17 d'Acht 1969.

129. —Leasaítear leis seo alt 17 d'Acht 1969 trí “(seachas ordú faoi alt 3 (5) nó 4 den Acht seo a cheanglaítear a dhaingniú le rún ó gach Teach den Oireachtas sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm, nó ordú faoi alt 12 den Acht seo)” a chur in ionad “(seachas ordú faoi alt 3 (5), 4 nó 12 den Acht seo)”, agus tá an t-alt sin 17, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

17. Déanfar gach ordú agus rialachán faoin Acht seo (seachas ordú faoi alt 3 (5) nó 4 den Acht seo a cheanglaítear a leagan ina dhréacht faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, nó ordú faoi alt 12 den Acht seo) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoi.

Comhlua (Cuid III).

130. —Féadfar na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 go 1989, a ghairm de na hAchtanna um Airgead Reatha Deachúil, 1969 agus 1970, agus den Chuid seo, le chéile.

CUID IV

Forálacha Ilghnéitheacha i ndáil le hIdirbhearta Airgeadais

Leasú ar an Bankers' Books Evidence Act, 1879.

131. —Leasaítear leis seo an Bankers' Books Evidence Act, 1879—

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 5:

“5. (1) A copy of an entry in a banker's book shall not be received in evidence under this Act unless it is further proved that—

(a) in the case where the copy sought to be received in evidence has been reproduced in a legible form directly by either or both mechanical and electronic means from a banker's book maintained in a non-legible form, it has been so reproduced;

(b) in the case where the copy sought to be received in evidence has been made (either directly or indirectly) from a copy to which paragraph (a) of this section would apply:

(i) the copy sought to be so received has been examined with a copy so reproduced and is a correct copy, and

(ii) the copy so reproduced is a copy to which the said paragraph (a) would apply if it were sought to have it received in evidence:

(c) in any other case, the copy has been examined with the original entry and is correct.

(2) Proof to which subsection (1) of this section relates shall be given—

(a) in respect of paragraph (a) or (b) (ii) of that subsection, by some person who has been in charge of the reproduction concerned,

(b) in respect of paragraph (b) (i) of that subsection, by some person who has examined the copy with the reproduction concerned,

(c) in respect of paragraph (c) of that subsection, by some person who has examined the copy with the original entry concerned,

and may be given either orally or by an affidavit sworn before any commissioner or person authorised to take affidavits.”,

(b) trí na focail “to which the bank is not a party” atá i ndiaidh na bhfocal “legal proceeding” in alt 6 a scriosadh,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 7:

“Extension of section 7.

7A. If, on an application made by a member of the Garda Síochána not below the rank of Superintendent, a court or a judge is satisfied that there are reasonable grounds for believing—

(a) that an indictable offence has been committed; and

(b) that there is material in the possession of a bank specified in the application which is likely to be of substantial value (whether by itself or together with other material) to the investigation of the offence;

a court or judge may make an order that the applicant or another member of the Garda Síochána designated by him be at liberty to inspect and take copies of any entries in a banker's book for the purposes of investigation of the offence.”,

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 9 (arna leasú leis an Acht um Fhianaise Leabhar Baincéirí (Leasú), 1959 ):

“(a) include any records used in the ordinary business of a bank, or used in the transfer department of a bank acting as registrar of securities, whether—

(i) comprised in bound volume, loose-leaf binders or other loose-leaf filing systems, loose-leaf ledger sheets, pages, folios or cards, or

(ii) kept on microfilm, magnetic tape or in any non-legible form (by the use of electronics or otherwise) which is capable of being reproduced in a permanent legible form, and”

agus

(e) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 11:

“11. Days which are non-business days for the purposes of, and to the extent provided by the Bills of Exchange Act, 1882, shall be excluded from the computation of time under this Act.”.

Leasú ar an Bills of Exchange Act, 1882.

132. —(1) Leasaítear leis seo an Bills of Exchange Act, 1882:

(a) in alt 2:

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Bill”:

“ ‘Business days’ means those days which are not non-business days.”,

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Issue”:

“ ‘Non-business days’ means—

(a) Saturday, except in a case and to the extent to which the proviso to the paragraph numbered (1) of section 14 of this Act applies,

(b) Sunday,

(c) such days as are public holidays, and

(d) where and to the extent that any direction under section 134 of the Central Bank Act, 1989, provides, such other day or days as so provided.”,

agus

(iii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Person”:

“ ‘Public holiday’ has the same meaning as it has for the purposes of the Holidays (Employees) Act, 1973.”,

(b) in alt 14, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad na míre a bhfuil an uimhir (1) léi:

“(1) The bill is due and payable in all cases on the last day of the time of payment as fixed by the bill or, if that is a non-business day, on the succeeding business day:

Provided that nothing in this paragraph shall operate to prevent a bill being paid by the drawee on a Saturday (other than a Saturday that is a public holiday or to which paragraph (d) of the definition of ‘non-business days’ in section 2 of this Act relates) or cause him to incur any liability thereby, where—

(a) the drawee is a banker, and

(b) the Saturday concerned is the last day fixed by the bill as the time of payment, and

(c) the drawee is normally open for business on a Saturday at his address given in or ascertainable from the bill,

and, accordingly, presentation and payment of such a bill on the Saturday shall be valid and shall discharge it as fully as if it had been presented and paid on the next succeeding business day: but this provision shall not be construed as compelling the person entitled to payment on the bill to accept such payment on the Saturday.”,

(c) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 45:

“Additional rules as to presentment of cheques and other documents.

45A. (1) Subject to the provisions of this section, presentment for payment of a cheque may be made by a banker (in this section referred to as the ‘collecting banker’) on his own behalf or on behalf of a customer or any other person to the banker on whom it is drawn (in this section referred to as the ‘drawee banker') by notification to the drawee banker of the essential features of the cheque other than by its physical presentment, whether by the transmission of an electronic message or by any other means.

(2) A drawee banker to whom a cheque is presented by notification in the manner provided for in subsection (1) of this section may, before the close of business on the next business day following receipt of such notification, request the collecting banker that the cheque be physically presented to him.

(3) A request by the drawee banker for physical presentment of a cheque in accordance with subsection (2) of this section shall not constitute dis-honour of the cheque by non-payment.

(4) A cheque paid upon presentment in the manner provided for in subsection (1) of this section shall be deemed to have been paid in the ordinary course of business.

(5) Where a cheque is presented for payment by notification in the manner provided for in subsection (1) of this section, nothing in this section shall be taken to relieve the collecting banker or the drawee banker from any liability in relation to the collection or payment of the cheque to which the collecting banker or the drawee banker would have been subject if the cheque had been physically presented for payment.

(6) This section shall apply to—

(a) any document issued by a customer of a banker which, though not a bill of exchange, is intended to enable a person to obtain payment from that banker of the sum mentioned in the document,

(b) any document issued by a public officer which is intended to enable a person to obtain payment from the Paymaster General of the sum mentioned in the document but is not a bill of exchange, and

(c) any draft payable on demand drawn by a banker upon himself, whether payable at the head office or some other office of his bank,

as it applies to cheques.

(7) In this section, unless the context otherwise requires—

‘the essential features of the cheque’ includes—

(a) the serial number of the cheque,

(b) the identification code number of the drawee banker,

(c) the account number of the drawer of the cheque,

(d) the amount of the cheque as entered by the drawer of the cheque,

and any such particulars as may be given in the form of letters or figures or any other code which as between bankers represent those particulars;

‘physical presentment’ means presentment of a cheque for payment in accordance with banking practice other than as provided for in subsection (1).”.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní sna forálacha eile den alt seo maidir le haon bhille a tarraingíodh nó, de bhua alt 89 den Bills of Exchange Act, 1882, le haon nóta a rinneadh, roimh theacht i ngníomh don alt seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh mí amháin tar éis an tAcht seo a rith.

Foráil fhorlíontach le halt 3 den Acht Seiceanna, 1959 .

133. —Leasaítear leis seo an tAcht Seiceanna, 1959 , tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“3A. I gcás ina n-íocfar seic ar tíolacadh sa chaoi dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) d'alt 45A (arna chur isteach le halt 132 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 ) den Bills of Exchange Act, 1882, measfar, chun críche alt 3 den Acht seo, gurb é an baincéir is bailitheoir (de réir bhrí an ailt sin 45A), an baincéir ar ar tarraingíodh an seic.”.

Cumhacht an Aire a ordú go bhfionrófar idirbhearta gnó áirithe, etc.

134. —(1) Aon uair is dóigh leis an Aire gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe leis an leas náisiúnta nó chun airgead reatha an Stáit a chosaint, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, ordachán a thabhairt á ordú do dhuine lena mbaineann an t-ordachán gan aon idirbheart, nó gan aon idirbheart de chineál, a bheidh sonraithe san ordachán a chur i gcrích i gcúrsa gnó maidir le lá nó laethanta sonraithe.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBanc, díolúine maidir le hordachán iomlán nó le haon chuid d'ordachán faoin alt seo a dheonú d'aon duine lena mbaineann sé i gcás inar deimhin leis nach rachadh díolúine den sórt sin chun dochair don leas náisiúnta ná do shláine airgead reatha an Stáit.

(3) Maidir le gach ordachán nó díolúine faoin alt seo—

(a) is i scríbhinn a bheidh sé nó cuirfear i scríbhinn é a luaithe is féidir tar éis an t-ordachán a bheith tugtha nó an díolúine a bheith deonaithe, de réir mar a bheidh, agus

(b) déanfar—

(i) é a sheoladh i scríbhinn chuig an duine nó na daoine lena mbaineann sé nó, i gcás é a bheith curtha in iúl de bhéal, é a dheimhniú i scríbhinn dó nó dóibh, nó

(ii) é a fhoilsiú san Iris Oifigiúil,

a luaithe is féidir tar éis é a bheith tugtha nó deonaithe amhlaidh, de réir mar a bheidh:

Ar choinníoll nach gcuirfear ó bhail ordachán a thabharfar go cuí, nó díolúine a dheonófar go cuí, faoin alt seo, de bharr mainneachtana déanamh de réir an fho-ailt seo.

(4) Gach ordachán faoin alt seo beidh sé i cibé foirm agus modh is dóigh leis an Aire is gá agus is iomchuí agus féadfar é a thabhairt do na daoine seo a leanas go léir nó d'aon duine acu, is é sin le rá:

(a) sealbhóir ar cheadúnas faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó duine a bheidh díolmhaithe ó cheadúnas den sórt sin a shealbhú de bhua alt 7 (4) den Acht sin;

(b) duine a bhíonn ag déileáil in airgeadraí coigríche;

(c) duine a bhíonn ag déileáil i monaí nó i mbuillean óir;

(d) duine a bhíonn ag déileáil i monaí nó i mbuillean airgid;

(e) duine a bhíonn ag déileáil i dtodhchaíochtaí airgeadais;

(f) duine a bhíonn ag déileáil i dtodhchaíochtaí in aon tráchtearra;

(g) ball de Stocmhalartán na hÉireann maidir le haon idirbheart ar an malartán sin;

(h) cibé duine nó daoine eile ar dóigh leis an Aire gur gá ordachán a thabhairt dó nó dóibh faoi fho-alt (1).

(5) Aon oibleagáid a bheidh ar dhuine rud éigin a dhéanamh nó a chur i gcrích ar lá ar a mbeidh cosc air, de bhua ordacháin faoin alt seo, é a dhéanamh nó a chur i gcrích, measfar an oibleagáid sin a bheith comhlíonta má dhéanann sé nó má chuireann sé i gcrích é a luaithe is féidir dá éis sin.

(6) (a) Aon duine a sháróidh ordachán faoin alt seo nó a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, faisnéis mhíthreorach a thabhairt, go díreach nó go neamhdhíreach, don Aire nó don Bhanc chun cabhrú le haon duine díolúine ó ordachán den sórt sin a fháil beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(b) I gcás ina mbeidh duine ciontaithe faoi mhír (a) i sárú ordacháin agus go leanfar den sárú tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion ar gach lá a leanfar den chion tar éis an chiontaithe i leith an tsáraithe bhunaidh agus, maidir le gach cion den sórt sin, dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 nó, ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000, a chur air.

(7) San alt seo tá le “airgeadra coigríche” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 .

Ní inordaithe íocaíochtaí a dhéanamh ar laethanta saoire poiblí.

135. —(1) Ní bheidh aon duine inordaithe aon íocaíocht a dhéanamh nó aon ghníomh a dhéanamh ar lá saoire poiblí nach mbeadh sé inordaithe a dhéanamh Lá Nollag nó Aoine an Chéasta de bhua aon riail dlí.

(2) I gcás ina mbeadh duine, ar leith ón alt seo, inordaithe aon íocaíocht a dhéanamh nó aon ghníomh a dhéanamh ar lá saoire poiblí, measfar an oibleagáid atá air an íocaíocht nó an gníomh sin a dhéanamh a bheith comhlíonta má dhéanann sé í nó é ar an gcéad lá eile ina dhiaidh sin ar arb inordaithe dó í nó é a dhéanamh.

(3) San alt seo tá le “lá saoire poiblí” an bhrí chéanna atá leis chun críocha an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe). 1973.

Leasú ar an Money-lenders Act, 1900.

136. —Leasaítear leis seo an Money-lenders Act, 1900:

(a) in alt 6—

(i) trí “the holder of a licence for the time being in force granted under section 9 of the Central Bank Act, 1971, or any person bonâ fide and otherwise carrying on the business of banking, or” a chur in ionad “any person” i mír (d), agus

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(dd) a company to which a certificate has been given by the Minister for Finance under section 39B of the Finance Act, 1980 (inserted by the Finance Act, 1987), and which has not been revoked; or”,

(iii) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e):

“(e) any class or classes of body corporate in respect of which the Minister for Industry and Commerce, by order made from time to time declares that, from such date as he may specify in such order, this Act does not apply; or”,

(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“6A. The date specified for the purposes of an order under section 6 (e) of this Act may be a date earlier than the date upon which the order is made if, but only if—

(a) the Minister for Finance consents to the date being specified, and

(b) such date is not a date earlier than the 1st day of September, 1971.”,

agus tá an t-alt sin 6 (seachas míreanna (a) go (c) agus míreanna (dd) go (f)), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

6. The expression “money-lender” in this Act shall include every person whose business is that of money-lending, or who advertises or announces himself or holds himself out in any way as carrying on that business; but shall not include—

(d) the holder of a licence for the time being in force granted under section 9 of the Central Bank Act, 1971, or any person bonâ fide and otherwise carrying on the business of banking, or bonâ fide carrying on the business of insurance or bonâ fide carrying on any business not having for its primary object the lending of money, in the course of which and for the purposes whereof he lends money; or

Taisce leis an mBanc a bheith ina hinfheistíocht údaraithe d'iontaobhaithe.

137. —(1) Leasaítear leis seo alt 1 (ina sonraítear na hinfheistíochtaí a bhféadfaidh iontaobhaithe infheistiú iontu) den Trustee Act, 1893 (arna leasú leis an Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958 ) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i):

“(ii) subject to section 137 (2) of the Central Bank Act, 1989, in an interest bearing deposit account with the Central Bank of Ireland;”.

(2) Ní dhéanfar an fhoráil in alt 1 den Trustee Act, 1893, a údaraíonn d'iontaobhaí infheistiú i gcuntas taisce úsmhar leis an mBanc, a fhorléiriú mar fhoráil a chuireann d'oibleagáid ar an mBanc glacadh le cistí iontaobhais lena dtaisceadh ann.

Leasú ar an Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958 .

138. —(1) I gcás—

(a) ina mbeartóidh an tAire ordú a dhéanamh faoi alt 2 den Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958 , chun athrú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí a shonraítear in alt 1 den Trustee Act, 1893 (arna leasú leis an Acht sin 1958 nó faoi) trí chuntas taisce úsmhar le haon chomhlacht (cibé acu corpraithe nó nach ea) a bheidh sonraithe ann (dá ngairtear “an comhlacht iomchuí” feasta san alt seo) a scriosadh astu, agus

(b) go mbeidh an tAire, más iomchuí, tar éis dul i gcomhairle le haon údarás maoirseachta lena mbaineann agus tar éis a dtoiliú a fháil le hordú a dhéanamh, agus

(c) go mbeidh teagmhas amháin ar a laghad de na teagmhais a shonraítear i bhfo-alt (2) tar éis tarlú maidir leis an gcomhlacht iomchuí,

ansin ní bheidh feidhm ag forálacha fho-ailt (2) agus (3) d'alt 2 den Acht sin 1958.

(2) Is iad na teagmhais lena mbaineann fo-alt (1) (c), maidir leis an gcomhlacht iomchuí—

(a) i gcás ina seoltar aon ghnó lena mbaineann cuntais taisce úsmhara agus go gceanglaítear dá bharr sin ar an gcomhlacht iomchuí a bheith ceadúnaithe ag údarás maoirseachta nó cláraithe leis nó ina shealbhóir ar údarú de chineál éigin eile uaidh, agus go mbeidh cúlghairm nó aistarraingt déanta ar an gceadúnas, ar an gclárú nó ar an údarú eile nó thairis sin nach ann dó a thuilleadh,

(b) go mbeidh sé éirithe dócmhainneach nó go bhfionróidh sé aon íocaíochtaí atá dlite go dleathach,

(c) go mbeidh sé á fhoirceannadh,

(d) go mbeidh sé tagtha faoi réir ordú ó chúirt i dtaobh—

(i) taiscí a ghlacadh,

(ii) íocaíochtaí a dhéanamh,

(iii) a bhainistíochta, nó

(iv) rialú a bhainistíochta,

(e) go mbeidh sé ciontaithe ar díotáil i gcion faoi na hAchtanna a rialálann é nó i gcion lena ngabhann calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,

(f) i gcás nach comhlacht corpraithe an comhlacht iomchuí, go mbeidh aon oifigeach dá chuid—

(i) tagtha faoi réir ordú ó chúirt i dtaobh taiscí a ghlacadh nó íocaíochtaí a dhéanamh i leith an chomhlachta iomchuí, nó i ndáil le bainistíocht nó rialú bainistíochta an chomhlachta sin, nó

(ii) ciontaithe ar díotáil i gcion faoi na hAchtanna a rialálann an comhlacht iomchuí nó i gcion a bhaineann leis lena ngabhann calaois, mímhacántacht nó sárú iontaobhais,

(g) i gcás an comhlacht iomchuí a bheith corpraithe lasmuigh den Stát, ansin, maidir leis an gcomhlacht sin, aon teagmhas díobh siúd a shonraítear i míreanna (a) go (e) nó aon teagmhas in áit a chorpraithe atá, i dtuairim an Aire, ar aon dul le teagmhas atá sonraithe amhlaidh.

(3) Gach ordú a dhéanfar, de bhua an ailt seo, faoi fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Údaraithe), 1958 , leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás maoirseachta”, maidir le comhlacht iomchuí—

(a) i gcás ina seoltar aon ghnó lena mbaineann (go hiomlán nó go páirteach) cuntais taisce úsmhara, agus go gceanglaítear dá bharr sin ar an gcomhlacht iomchuí, de bhua aon achtacháin, a bheith ceadúnaithe ag aon cheann acu seo a leanas nó a bheith cláraithe leis nó ina shealbhóir ar údarú de chineál éigin eile uaidh, eadhon—

(i) an Rialtas,

(ii) Aire den Rialtas nó a Roinn, nó

(iii) aon duine eile,

an Rialtas nó an tAire sin den Rialtas nó a Roinn nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh, nó

(b) i gcás ina n-áirítear ar aon ghnó a sheolann an comhlacht iomchuí, nó a sheoltar ina leith, gnó a bhaineann le cuntais taisce úsmhara agus atá, de bhua aon achtacháin, faoi réir a mhaoirsithe ag—

(i) an Rialtas,

(ii) Aire den Rialtas nó a Roinn, nó

(iii) aon duine eile,

an Rialtas nó an tAire sin den Rialtas nó a Roinn nó an duine eile sin, de réir mar a bheidh.

Urrúis áirithe a aistriú go leictreonach.

139. —(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon achtachán, nó in aon réamheolaire nó doiciméad eile, a bhaineann le téarmaí eisiúna, sealbhaithe nó aistrithe urrús ainmnithe, féadfar aistriú a dhéanamh ar urrúis den sórt sin, agus beidh éifeacht leis, má dhéantar é trí chóras ríomhairithe a bheidh bunaithe ag an mBanc.

(2) (a) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “urrúis ainmnithe” urrúis a bheidh ainmnithe ag an Aire chun críocha an fho-ailt sin—

(i) trí thagairt go sonrach d'urrús de chineál ainmnithe, nó

(ii) trí thagairt i gcoitinne d'aicme nó d'aicmí urrús (lena n-áirítear, i gcás iad a bheith ainmnithe amhlaidh, eisiúintí todhchaí d'aicme nó d'aicmí urrús).

(b) Ní bheidh éifeacht le hainmniú chun críocha fho-alt (1) go dtí go gcuirfear in iúl i scríbhinn é don Bhanc.

(3) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Aistriú Stoic, 1963 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) Aon tagairtí san Acht seo do ‘aistriú stoic’ déanfar, i dteannta feidhm a bheith acu maidir le hionstraim faoi láimh i bhfoirm atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, iad a fhorléiriú, i gcás ina gceadaítear sin sa chomhthéacs, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aistriú lena mbaineann alt 139 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1989 , ionann is dá mba aistriú é i bhfoirm atá leagtha amach amhlaidh agus nach gá aon aistriú bróicéara ina leith.”.

Faisnéis áirithe a choinneáil i bhfoirm neamh-inléite.

140. —(1) Aon cheanglas a fhorchuirtear ar aon duine le haon achtachán aon dearbhán (cibé ainm a thugtar air) a choinneáil go ceann tréimhse sonraithe, is dearbhán i ndáil le hiontráil i leabhair chuntais de chuid sealbhóra ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 (arna leasú leis an Acht seo) maidir le haon ní, idirbheart nó cuntas idir an duine sin agus sealbhóir an cheadúnais, beidh sé comhlíonta má choinníonn an duine sin nó sealbhóir an cheadúnais taifead iomlán den fhaisnéis atá ar an dearbhán sin trína taifeadadh ar mhicreascannán, ar théip mhaighnéadach nó in aon fhoirm neamh-inléite (trí leictreonaic a úsáid nó ar shlí eile) is féidir a atáirgeadh i bhfoirm bhuan inléite.

(2) I gcás ina ndéanfaidh an duine lena mbaineann nó an sealbhóir ar an gceadúnas faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1971 (arna leasú leis an Acht seo) an fhaisnéis ar dhearbhán lena mbaineann fo-alt (1) a choinneáil trína taifeadadh de réir an fho-ailt sin, ansin aon dualgas a fhorchuirtear, le haon achtachán, ar an duine sin nó ar an sealbhóir sin iniúchadh ar an dearbhú sin a cheadú, nó an bhunchóip nó cóip de a thabhairt ar aird, déileálfar leis mar dhualgas dá shamhail maidir leis an malairt ó thaobh iniúchadh ar an bhfaisnéis a choinnítear amhlaidh, nó ar an gcuid ábhartha de, i bhfoirm inléite, a cheadú, nó ó thaobh atáirgeadh ar an gcéanna a thabhairt ar aird i bhfoirm inléite.

Forléiriú agus comhlua.

141. —(1) Féadfar na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 go 1989, a ghairm de na hAchtanna um Fhianaise Leabhar Baincéirí, 1879 agus 1959, d'alt 131 agus den fho-alt seo le chéile.

(2) Déanfar an Bills of Exchange Act, 1882, an tAcht Seiceanna, 1959 , alt 132 agus an fo-alt seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus na hAchtanna um Billí Malairte, 1882 go 1989, a ghairfear díobh le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 go 1989, a ghairm d'Achtanna na nIasachtaithe Airgid, 1900 agus 1933, d'alt 136 agus den fho-alt seo le chéile.

(4) Féadfar na hAchtanna Iontaobhaithe, 1888 go 1989, a ghairm de na hAchtanna Iontaobhaithe, 1888 go 1958, d'ailt 137 agus 138 agus den fho-alt seo le chéile.

AN SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 4.

Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

34 & 35 Vict., c. 17.

Bank Holidays Act, 1871.

An tAcht iomlán.

38 & 39 Vict., c. 13.

Holidays Extension Act, 1875.

An tAcht iomlán.

3 Edw. 7, c. 1.

Bank Holiday (Ireland) Act, 1903.

An tAcht iomlán.

Uimh. 56 de 1924 .

An tAcht Laetheanta Saoire Puiblí, 1924 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 32 de 1927 .

An tAcht Airgid Reatha, 1927 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 4 (Príobháideach) de 1929.

Acht Bhanc na hÉireann, 1929 .

Míreanna (i) agus (j) d'alt 2 (1).

Uimh. 30 de 1930 .

An tAcht Airgid Reatha (Leasú), 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 (Príobháideach) de 1935.

Acht Bhanc na hÉireann, 1935 .

Alt 3.

Uimh. 22 de 1942 .

Acht an Bhainc Cheannais, 1942 .

Ailt 16, 31, 55 (3) agus (4), 62 (4), 63 agus 64.

Uimh. 33 de 1963 .

Acht na gCuideachtaí, 1963 .

Alt 374.

Uimh. 23 de 1969 .

An tAcht um Airgead Reatha Deachúil, 1969 .

Alt 4 (1).

Uimh. 24 de 1971 .

Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .

Ailt 29, 30, 43, agus 52 (2).

Uimh. 25 de 1973 .

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 .

Alt 17.

(1) IO Uimh. L322, 17.12.1977, 1.30.

(1) Uimh. L 193, 18.7.1983, 1. 18.