12 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1990


ACHT NA nARM TINE AGUS NA nARM IONSAITHEACH, 1990


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2.

Léiriú.

CUID II

Leasuithe ar Achtanna na nArm Tine

3.

Comhlua agus forléiriú.

4.

Crosbhoghanna agus néalghunnaí a thabhairt faoi réim Achtanna na nArm Tine.

5.

Leasú ar alt 10 d'Acht na nArm Teine, 1925.

6.

Údarú arm tine lochtach a shealbhú gan deimhniú airm tine.

7.

Tostóirí a shealbhú, a dhíol, etc.

8.

Arm tine a scaoileadh go meargánta.

CUID III

Airm Ionsaitheacha

9.

Sceana agus airteagail eile a shealbhú.

10.

Foghail a dhéanamh le scian, le harm ionsaithe nó le hairteagal eile.

11.

Taispeáint airteagail a d'fhéadfadh mórdhíobháil a dhéanamh.

12.

Cumhacht chun monarú, allmhairiú, díol, fruiliú nó iasachtú arm ionsaitheach a thoirmeasc.

13.

Airm agus airteagail eile a fhorghéilleadh.

14.

Cumhacht gabhála gan bharántas.

15.

Barántais chuardaigh.

16.

Cumhacht cuardaigh gan bharántas.

17.

Leathnú ar alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976.

18.

Aisghairm ar chuid d'alt 4 den Vagrancy Act, 1824.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um an Dlí Coiriúil, 1976

1976, Uimh. 32

Acht na nArm Teine, 1925

1925, Uimh. 17

Acht na nArm Tine, 1964

1964, Uimh. 1

Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968

1968, Uimh. 20

Acht na nArm Tine, 1971

1971, Uimh. 13

Prevention of Crimes Act, 1871

1871, c. 112

Vagrancy Act, 1824

1824, c. 83

/images/harp.jpg


Uimhir 12 de 1990


ACHT NA nARM TINE AGUS NA nARM IONSAITHEACH, 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nARM TINE, 1925 GO 1971, DO RIALÚ INFHAIGHT-EACHT AGUS SEILBH ARM IONSAITHEACH AGUS AIRTEAGAL EILE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [12 Meitheamh, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (ar leith ó Chuid II) i ngníomh ar dháta a rite.

(3) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon fhorála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla den Chuid sin.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.

(2) San Acht seo, aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe agus aon tagairt d'fho-alt is tagairt í don fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

(3) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, dá éis sin.

CUID II

Leasuithe ar Achtanna na nArm Tine

Comhlua agus forléiriú.

3. —(1) Féadfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, a ghairm d'Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971, agus den Chuid seo, le chéile.

(2) Déanfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1971 (ar leith ó Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 ) agus an Chuid seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin.

Crosbhoghanna agus néalghunnaí a thabhairt faoi réim Achtanna na nArm Tine.

4. —(1) In Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, ciallaíonn “arm tine”—

(a) arm tine marfach nó arm marfach eile de thuairisc ar bith as ar féidir aon urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh;

(b) aerghunna (abairt a fholaíonn aer-raidhfil agus aerphiostal) nó aon arm eile ar a bhfuil bairille as ar féidir slugaí miotail nó slugaí eile a chaitheamh;

(c) crosbhogha;

(d) aon sórt néalghunna nó airm eile chun aon turraing a thabhairt do dhuine, nó chun duine a chur ar aon mhíthreoir eile, le leictreachas nó le hastú fuinnimh de chineál ar bith eile;

(e) arm toirmiscthe mar a mhínítear sin in alt 1 (1) d'Acht na nArm Teine, 1925 ;

(f) aon airteagal a bheadh ina arm tine faoi aon cheann de na míreanna roimhe seo murach go dtarlaíonn, de bhíthin comhpháirt riachtanach nó comhpháirteanna riachtanacha a bheith in easnamh, nó de bhíthin aon locht nó bail eile a bheith air, nach féidir urchar, piléar nó diúracán eile a chaitheamh leis nó turraing a thabhairt do dhuine nó duine a chur ar mhíthreoir eile leis (de réir mar a bheidh);

(g) ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon chomhpháirt d'aon airteagal dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna roimhe seo agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar gur comhpháirteanna den chineál sin a dúradh na hairteagail seo a leanas:

(i) treoracha teileascóip le léas solais, nó treoracha teileascóip le feiste aimpliúcháin solais leictreonach nó le feiste infridhearg, atá deartha lena bhfeistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b), (c) nó (e), agus

(ii) tostóir atá deartha lena fheistiú ar arm tine a shonraítear i mír (a), (b) nó (e).

(2) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:

(a) an míniú ar “arm teine” in alt 1 (1) d'Acht na nArm Teine, 1925 , agus an míniú ar “arm tine” in alt 1 d'Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968 , agus

(b) alt 2 d'Acht na nArm Tine, 1964 , agus, alt 2 d'Acht na nArm Tine, 1971 .

Leasú ar alt 10 d'Acht na nArm Teine, 1925 .

5. —Leasaítear leis seo Acht na nArm Teine, 1925 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 10 i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) Ní dhéanfaidh duine arm tine nó armlón le haghaidh airm tine a dhíol le duine, nó a aistriú, nó a dhiúscairt ar shlí eile, chuig duine, a chónaíonn de ghnáth i dtír, nó le comhlacht nó chuig comhlacht ag seoladh i dtír, atá forordaithe de thuras na huaire chun críocha an ailt seo mura ndéanfaidh ceannfort an Gharda Síochána don cheantar ina gcoimeádtar an t-arm tine nó an t-armlón, ar é bheith deimhin de go bhfuil an t-idirbheart údaraithe ag údaráis inniúla na tíre sin, an t-idirbheart a údarú freisin.

(b) Ní dochar an fo-alt seo d'fhorálacha eile an ailt seo ná d'alt 16 den Acht seo ach níl feidhm ag fo-alt (4) den alt sin maidir le harm tine, nó le harmlón le haghaidh airm tine, a iompraíonn duine amach as an Stát d'fhonn é a aistriú go buan chuig tír den sórt sin a dúradh.

(c) San fho-alt seo ní fholaíonn ‘arm tine’ arm tine a shonraítear i mír (c) nó (d) (nó i mír (f) nó (g) a mhéid a bhaineann ceachtar de na míreanna sin leis an mír sin (c) nó (d)) d'alt 4 (1) d'Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 .”.

Údarú arm tine lochtach a shealbhú gan deimhniú airm tine.

6. —(1) Féadfaidh ceannfort an Gharda Síochána do cheantar údarú i scríbhinn a dheonú do dhuine a chónaíonn sa cheantar, nach duine é nach bhfuil i dteideal deimhniú airm tine a shealbhú faoi Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990, á údarú dó arm tine a bheith ina sheilbh aige, gan deimhniú airm tine a bheith aige, más deimhin leis an gceannfort nach mbeadh an t-arm tine ina arm tine murach alt 4 (1) (f) agus go bhfuil cúis mhaith ag an duine le bheith ag iarraidh é a choimeád agus gur féidir a cheadú dó é sin a dhéanamh gan sábháilteacht an phobail ná an tsíocháin a chur i mbaol.

(2) Féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an sealbhóir ar údarú faoin alt seo aon choinníollacha is dóigh leis is gá, cibé acu i ndáil le slánchoimeád nó eile, a chur leis an údarú tráth ar bith agus féadfaidh sé tráth ar bith an t-údarú a chúlghairm.

Tostóirí a shealbhú, a dhíol, etc.

7. —(1) Beidh duine ciontach i gcion má bhíonn tostóir ina sheilbh aige nó má dhíolann sé le duine eile é nó má aistríonn sé chuig duine eile é mura mbeidh an sealbhú, an díol nó an t-aistriú sin údaraithe i scríbhinn ag an gceannfort don cheantar ina gcónaíonn an duine céadluaite.

(2) Ní dheonóidh ceannfort údarú faoin alt seo mura deimhin leis, maidir leis an duine a mbeidh an tostóir le bheith ina sheilbh aige nó a mbeidh sé le díol leis nó le haistriú chuige, gur sealbhóir é ar dheimhniú airm tine d'arm tine ar féidir an tostóir a fheistiú air agus mura deimhin leis—

(a) ag féachaint do na himthosca go léir, nach gcuirfidh an sealbhú, an díol nó an t-aistriú sin lena mbaineann sábháilteacht an phobail ná an tsíocháin i mbaol, agus

(b) go bhfuil riachtanas speisialta i gceist i gcás an duine is leor, i dtuairim an cheannfoirt, le go ndéanfaí an t-údarú le haghaidh an tostóra a dheonú dó.

(3) Féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an sealbhóir ar údarú faoin alt seo cibé coinníollacha a chur leis an údarú, tráth ar bith, ar coinníollacha iad is dóigh leis an gceannfort is gá chun baol don phobal nó don tsíocháin a chosc nó chun a chinntiú nach n-úsáidfear an tostóir ach amháin chun freastal ar an riachtanas speisialta ar lena aghaidh a deonaíodh an t-údarú.

(4) Féadfar údarú faoin alt seo a dheonú ar feadh cibé tréimhse, nach faide ná bliain, a bheidh sonraithe san údarú agus féadfaidh an ceannfort don cheantar ina gcónaíonn an duine is sealbhóir air, é a chúlghairm.

(5) Aon duine a sháróidh coinníoll a bheidh ag gabháil le húdarú faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

(6) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

(7) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le duine a shonraítear i mír (b), (c) nó (d) d'fho-alt (3) d'alt 2 d'Acht na nArm Teine, 1925 , nó i mír (a) nó (b) d'fho-alt (4) (a cuireadh isteach le hAcht na nArm Tine, 1964 ) den alt sin.

(8) San alt seo—

ciallaíonn “tostóir” tostóir a shonraítear in alt 4 (1) (g);

ciallaíonn “ceannfort” ceannfort den Gharda Síochána.

Arm tine a scaoileadh go meargánta.

8. —Aon duine a scaoilfidh arm tine go meargánta ar mhodh a d'fhéadfadh aon duine a ghortú, beidh sé ciontach i gcion, cibé acu a thrúigfear an gortú sin nó nach dtrúigfear, agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

CUID III

Airm Ionsaitheacha

Sceana agus airteagail eile a shealbhú.

9. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), má bhíonn aon scian, nó aon airteagal eile ar a bhfuil lann nó bior géar, ina sheilbh ag duine in áit phoiblí, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(2) Is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (1) a chruthú go raibh cúis mhaith nó údarás dleathach aige leis an airteagal a bheith ina sheilbh aige in áit phoiblí.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), is cosaint é do dhuine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (1) a chruthú go raibh an t-airteagal ina sheilbh aige lena úsáid ag an obair nó chun críche caithimh aimsire.

(4) I gcás go mbeidh—

(a) aon smeach-scian, nó

(b) aon airteagal eile ar bith atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú,

ina sheilbh ag duine, in aon áit phoiblí, gan údarás dleathach nó leithscéal réasúnach (agus is air féin a bheidh an dualgas é sin a chruthú), beidh an duine sin ciontach i gcion.

(5) I gcás aon airteagal a bheith ina sheilbh ag duine in aon áit phoiblí, agus é ar intinn aige, go neamhdhleathach, díobháil a dhéanamh leis d'aon duine, nó aon duine a éagumasú nó a imeaglú leis, i dteagmhas áirithe nó ar shlí eile, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(6) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi fho-alt (5), ní gá do thaobh an ionchúisimh a líomhnú ná a chruthú, ó thaobh é bheith ar intinn díobháil, éagumasú nó imeaglú a dhéanamh, go raibh sé ar intinn díobháil a dhéanamh do dhuine áirithe nó é a éagumasú nó a imeaglú; agus más rud é, ag féachaint do na himthosca go léir (lena n-áirítear an cineál airteagail a líomhnaítear go raibh sé ar intinn díobháil, éagumasú nó imeaglú a dhéanamh leis, an tráth den lá nó den oíche, agus an áit) gur dóigh leis an gcúirt (nó leis an ngiúiré, de réir mar a bheidh) go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, féadfaidh sí nó sé a mheas gur leor sealbhú an airteagail mar fhianaise ar intinn, cheal míniú leordhóthanach ar bith ón gcúisí.

(7) (a) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (4) nó (5) dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

(8) San alt seo folaíonn “áit phoiblí” aon mhórbhealach agus aon áitreabh nó áit eile a bhfuil, an tráth ábhartha, rochtain nó cead rochtana ag an bpobal air, cibé acu ar íocaíocht a dhéanamh nó ar shlí eile, agus folaíonn sé aon áitreabh de chuid club agus aon traein, soitheach nó feithicil a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht.

(9) San alt seo ciallaíonn “smeach-scian” scian—

(a) ar a bhfuil lann a osclaíonn nuair a chuirtear brú láimhe ar chnaipe, ar lingeán, ar luamhán nó ar fheiste eile atá ar chos, nó i gceangal le cos, na scine, nó

(b) ar a bhfuil lann a scaoiltear as cos nó as cás na scine trí fhórsa na himtharraingthe nó trí fheidhmiú fórsa lártheifigh agus, nuair a scaoiltear é, a choinnítear gafa i staid oscailte le cnaipe, le lingeán, le luamhán nó le feiste eile.

Foghail a dhéanamh le scian, le harm ionsaithe nó le hairteagal eile.

10. —(1) I gcás duine a bheith in aon áitreabh, mar a mhínítear sin i bhfo-alt (2), mar fhoghlaí, beidh sé ciontach i gcion má bhíonn ceachtar díobh seo a leanas ina sheilbh aige, eadhon—

(a) aon scian nó airteagal eile lena mbaineann alt 9 (1), nó

(b) aon arm ionsaithe (mar a mhínítear sin i bhfo-alt (2)).

(2) San alt seo—

ciallaíonn “áitreabh” aon fhoirgneamh, aon chuid d'fhoirgneamh agus aon talamh a fhoghabhann le foirgneamh;

ciallaíonn “arm ionsaithe” aon airteagal atá déanta nó oiriúnaithe lena úsáid chun díobháil a dhéanamh do dhuine nó chun duine a éagumasú, nó a bhfuil sé ar intinn ag an duine ar ina sheilbh atá sé é a úsáid amhlaidh.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

Taispeáint airteagail a d'fhéadfadh mórdhíobháil a dhéanamh.

11. —Más rud é go ndéanfaidh duine, le linn dó cion a dhéanamh nó le linn dó bheith, de réir dealraimh, ar tí cion a dhéanamh, nó le linn conspóide nó troda, aon airteagal a d'fhéadfadh mórdhíobháil a dhéanamh, a thaispeáint i slí ar dóigh dó duine eile a imeaglú go neamhdhleathach, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

Cumhacht chun monarú, allmhairiú, díol, fruiliú nó iasachtú arm ionsaitheach a thoirmeasc.

12. —(1) Aon duine——

(a) a mhonaróidh, a dhíolfaidh nó a fhruileoidh arm lena mbaineann an t-alt seo, nó a thairgfidh nó a thaisealbhfaidh é lena dhíol nó lena fhruiliú, nó a dheiseoidh nó a mhodhnóidh an céanna ar bhonn gnó, nó

(b) a mbeidh arm lena mbaineann an t-alt seo ina sheilbh aige lena dhíol nó lena fhruiliú, nó chun é a dheisiú nó a mhodhnú ar bhonn gnó, nó

(c) a chuirfidh arm lena mbaineann an t-alt seo ar taispeáint, nó a thabharfaidh ar iasacht é nó a thabharfaidh é d'aon duine eile,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corp raithe agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, beidh an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí nó an t-oifigeach eile, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, ciontach freisin i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná cúig bliana, nó iad araon, a chur air.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le harm de thuairisc ar bith a bheidh sonraithe san ordú, ach amháin aon arm tine a thagann faoi réir Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1990.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(6) Toirmisctear leis seo arm lena mbaineann an t-alt seo a allmhairiú.

(7) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Airm agus airteagail eile a fhorghéilleadh.

13. —(1) I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin gCuid seo, féadfaidh an chúirt a chiontóidh é nó ar os a comhair a chiontófar é a ordú go ndéanfar aon airteagal ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh agus a dhíothú nó a dhiúscairt ar shlí eile ar cibé dóigh a chinnfidh an chúirt.

(2) Ní thiocfaidh ordú faoin alt seo in éifeacht go dtí go mbeidh deireadh leis an ngnáth-thréimhse chun achomharc a thionscnamh i gcoinne an chiontaithe nó an ordaithe lena mbaineann nó, i gcás ina dtionscnófar achomharc den sórt sin, go dtí go mbeidh an t-achomharc sin nó aon achomharc breise cinntithe go críochnaitheach nó go mbeifear tar éis éirí as nó go mbeidh deireadh leis an ngnáth-thréimhse chun aon achomharc breise a thionscnamh.

Cumhacht gabhála gan bharántas.

14. —Má thagann comhalta den Gharda Síochána ar aon duine a bhfuil, nó a bhfuil drochamhras ar an gcomhalta, le cúis réasúnach, go bhfuil cion faoi alt 9, 10 nó 11 á dhéanamh aige, féadfaidh sé é a ghabháil gan bharántas.

Barántais chuardaigh.

15. —Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche nó le Coimisinéir Síochána, ar fhaisnéis faoi mhionn ó chomhalta den Gharda Síochána, go bhfuil forais réasúnacha drochamhrais ann go bhfuil cion faoi alt 12 déanta nó á dhéanamh in aon áitreabh, féadfaidh sé barántas a eisiúint, faoina láimh, á údarú do chomhalta sonraithe den Gharda Síochána, i dteannta cibé comhaltaí eile den Gharda Síochána a mheasfaidh an comhalta is gá, dul isteach, le forneart más gá, tráth nó tráthanna ar bith laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar sin air, san áitreabh a bheidh sonraithe sa bharántas agus an t-áitreabh sin a chuardach agus aon ní a gheofar ansin a urghabháil más dóigh leis, agus forais réasúnacha aige, go dteastódh sé lena úsáid i bhfianaise in aon imeachtaí i leith ciona faoi alt 12 nó i leith ciona faoi na hAchtanna Custam i ndáil le harm lena mbaineann alt 12 a allmhairiú isteach sa Stát.

Cumhacht cuardaigh gan bharántas.

16. —(1) Baineann an t-alt seo le cás ina mbeidh líon daoine tagtha le chéile in aon áit phoiblí (de réir bhrí alt 9 (8)) agus go mbeidh briseadh síochána ag tarlú, nó ina mbeidh forais réasúnacha ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur tharla briseadh síochána, nó go bhféadfaidh sé tarlú, san áit sin fad a bhí nó fad a bheidh na daoine tagtha le chéile ann.

(2) Más rud é, i gcás lena mbaineann an t-alt seo, go mbeidh drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochána, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil aon airteagal ina sheilbh ag duine de shárú ar alt 9, féadfaidh sé an duine a chuardach d'fhonn a fháil amach an mar sin atá.

(3) Más rud é, i gcás lena mbaineann an t-alt seo, go mbeidh drochamhras ar chomhalta den Gharda Síochana, agus cúis réasúnach aige leis, go bhfuil, de shárú ar alt 9, airteagal nó airteagail ina sheilbh nó ina seilbh ag duine amháin nó níos mó de na daoine atá i láthair, ansin, fiú mura bhfuil cúis drochamhrais ar an gcomhalta go bhfuil aon airteagal den sórt sin ina sheilbh ag aon duine áirithe amháin de na daoine atá i láthair, féadfaidh an comhalta aon duine de na daoine sin a chuardach más dóigh leis gur gá cuardach a dhéanamh d'fhonn a fháil amach an bhfuil aon airteagal nó airteagail den sórt sin ina sheilbh ag aon duine díobh.

Leathnú ar alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 .

17. —Leasaítear leis seo alt 8 den Acht um an Dlí Coiriúil, 1976 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (i):

“(j) le cion faoi alt 12 (1) d'Acht na nArm Tine agus na nArm Ionsaitheach, 1990 .”.

Aisghairm ar chuid d'alt 4 den Vagrancy Act, 1824.

18. —Leasaítear leis seo alt 4 den Vagrancy Act, 1824 (mar a tugadh feidhm dó, maidir le hÉirinn, le halt 15 den Prevention of Crimes Act, 1871), tríd an méid seo a leanas a scriosadh, eadhon, “or being armed with any gun, pistol, hanger, cutlass, bludgeon, or other offensive weapon,” agus “and every such gun, pistol, hanger, cutlass, bludgeon, or other offensive weapon,”.