13 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1990


AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR, 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Feidhm dlí le bheith ag CMR sa Stát.

3.

Feidhmiú achtachán áirithe i ndáil le CMR.

4.

Dámhachtainí eadrána agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú.

5.

Cúirteanna etc. sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

6.

Méideanna in aonaid chuntais a chomhshó in airgeadra an Stáit chun críocha CMR.

7.

Cionta i ndáil le nótaí coinsíneachta.

8.

Caiteachais.

9.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

An Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) agus Prótacal 1978 leis an gCoinbhinsiún sin

CUID I

An Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a rinneadh sa Ghinéiv an 19ú lá de Bhealtaine, 1956

CUID II

An Prótacal leis an gCoinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a rinneadh sa Ghinéiv an 5ú lá d'Iúil, 1978


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Eadrána, 1954

1954, Uimh. 26

Carriers Act, 1830

1830, c. 68

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Seirbhísí Dóiteáin, 1981

1981, Uimh. 30

Railway and Canal Traffic Act, 1854

1854, c. 31

Sale of Goods Act, 1893

1893, c. 71

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980

1980, Uimh. 16

Reacht na dTréimhsí, 1957

1957, Uimh. 6

An tAcht Iompair, 1958

1958, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 13 de 1990


AN tACHT UM IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR, 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT FEIDHM DLÍ DON CHOINBHIN-SIÚN AR AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR A RINNEADH SA GHINÉIV AN 19ú LÁ DE BHEALTAINE, 1956, AGUS DON PHRÓTACAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN A RINNEADH SA GHINÉIV AN 5ú LÁ d'IÚIL, 1978, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE COMH-GHAOLMHARA. [27 Meitheamh, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

tá le “caingean” an bhrí a shanntar dó le Reacht na dTréimhsí, 1957 ;

tá le “comhaontú eadrána” an bhrí a shanntar dó leis an Acht Eadrána, 1954 ;

ciallaíonn “dámhachtain” dámhachtain in eadráin de bhun CMR i stát ar Páirtí Conarthach é (seachas an Stát);

ciallaíonn “CMR” an Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar a rinneadh sa Ghinéiv an 19ú lá de Bhealtaine, 1956 (a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach i gCuid I den Sceideal mar áis tagartha) arna leasú leis an bPrótacal a rinneadh sa Ghinéiv an 5ú lá d'Iúil, 1978 (a bhfuil an téacs de, sa Bhéarla, leagtha amach i gCuid II den Sceideal mar áis tagartha);

ciallaíonn “Páirtí Conarthach” stát is páirtí i CMR;

tá le “údarás dóiteáin” an bhrí a shanntar dó le halt 9 den Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 ;

ciallaíonn “breithiúnas” breithiúnas ó chúirt inniúil nó ó bhinse eile i stát (ar Páirtí Conarthach é (seachas an Stát)) a bhfuil feidhm ag Airteagal 31 de CMR maidir leis;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair.

(2) Is iad na daoine atá, chun críocha an Achta seo, bainteach le hearraí a iompar de bhóthar faoi chonradh a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis ná—

(a) seoltóir na n-earraí,

(b) an coinsíní,

(c) iompróir is páirtí sa chonradh, cibé acu de réir Airteagal 34 de CMR nó ar shlí eile,

(d) duine a bhfuil an t-iompróir freagach as de bhua Airteagal 3 de CMR, agus

(e) duine a mbeidh cearta nó dliteanais aon duine de na daoine dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) glactha aige air féin.

(3) San Acht seo—

(a) aon tagairt d'alt nó don Sceideal is tagairt í d'alt den Acht seo nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe, agus

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, ina dhiaidh sin.

Feidhm dlí le bheith ag CMR sa Stát.

2. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh feidhm dlí ag CMR sa Stát agus tabharfar aird bhreithiúnach air.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, a dhearbhú le hordú—

(i) gur Páirtí Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú, nó

(ii) go bhfuil dearbhú (a mbeidh a théacs leagtha amach san ordú) déanta de bhun Airteagal 46 de CMR chun Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

(b) Ordú a bheidh i bhfeidhm faoin bhfo-alt seo—

(i) is fianaise é, maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (i) a bheidh san ordú, gur Páirtí Conarthach aon stát a bheidh sonraithe san ordú, agus

(ii) is fianaise é, maidir le haon dearbhú faoi mhír (a) (ii) a bheidh san ordú, go ndearnadh an dearbhú de bhun Airteagal 46 de CMR lena mbaineann sé agus is fianaise é ar an ábhar ann.

(c) Féadfaidh an tAire, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin mír seo, a leasú nó a chúlghairm agus déanfar an tagairt i mír (b) do ordú a bheidh i bhfeidhm a fhorléiriú, maidir le hordú den sórt sin a leasaítear le hordú a bheidh i bhfeidhm faoin mír seo, mar thagairt don ordú céadluaite arna leasú amhlaidh.

(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Feidhmiú achtachán áirithe i ndáil le CMR.

3. —(1) D'ainneoin alt 7 de Reacht na dTréimhsí, 1957 , beidh feidhm ag Cuid III den Acht sin i ndáil le caingne i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis.

(2) Beidh feidhm ag Codanna I agus II den Acht Eadrána, 1954 , maidir le headrána i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis amhail is dá mba eadrána de bhun comhaontuithe eadrána na headrána agus amhail is dá mba chomhaontú eadrána CMR, ach amháin a mhéid a bheidh an Chuid sin II ar neamhréir le CMR nó le haon rialacha nó nós imeachta a údaraítear nó a aithnítear le CMR.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Carriers Act, 1830, ag alt 7 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, ag an Sale of Goods Act, 1893, ná ag an Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí, 1980 , i ndáil le conarthaí le haghaidh iompar earraí más iompar é an t-iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis.

(4) D'ainneoin alt 8 den Acht Iompair, 1958 , aon chonradh a dhéanfaidh Córas Iompair Éireann nó fochuideachta (de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963 ) de chuid Chóras Iompair Éireann le haghaidh iompar earraí aige nó aici, agus ar iompar é a mbeidh feidhm ag CMR maidir leis, beidh sé ar comhréir le forálacha CMR.

(5) (a) Aon iompróir a bheartaíonn aon earraí a dhíluchtú, a dhíothú, nó an dochar a bhaint astu de bhun Airteagal 22 (2) de CMR—

(i) tabharfaidh sé fógra faoin mbeartú

(I) don Údarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an Údarás sin chun críocha na míre seo, agus

(II) don údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh an beartú le cur i gcrích nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an údarás dóiteáin sin chun críocha na míre seo, agus

(III) do chomhalta den Gharda Síochána ag stáisiún Gharda Síochána don áit ina mbeidh an beartú le cur i gcrích, agus

(IV) i gcás aon substainte arb eol, nó a bhfuil drochamhras, é a bheith radaighníomhach, don Bhord Fuinnimh Núicléigh nó do dhuine a bheidh údaraithe ag an mBord sin chun críocha na míre seo,

sula gcuirfear an beartú i gcrích agus, mura rud é nach féidir le réasún déanamh amhlaidh, déanfaidh sé amhlaidh 24 uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear i gcrích é, agus

(ii) déanfaidh sé gach beart praiticiúil, lena n-áirítear déanamh de réir aon orduithe a thabharfaidh an tÚdarás, an t-údarás dóiteáin, nó an Bord, a dúradh nó an comhalta den Gharda Síochána lena mbaineann, nó a thabharfaidh duine a bheidh údaraithe acu chun díobháil nó baol díobhála d'aon duine nó damáiste nó baol damáiste do mhaoin nó don chomhshaol a chosc.

(b) Beidh iompróir a sháróidh mír (a) ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(c) Féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta um Shábháilteacht agus Sláinte Ceirde, an Bord Fuinnimh Núicléigh, an t-údarás dóiteáin ar ina limistéar feidhmiúcháin a rinneadh an cion nó comhalta den Gharda Síochána cion achomair faoin bhfo-alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Dámhachtainí eadrána agus breithiúnais a aithint agus a fhorfheidhmiú.

4. —(1)  (a) Más rud é, maidir le dámhachtain a dhéanfar nó breithiúnas a thabharfar in imeachtaí i stát, ar Páirtí Conarthach (seachas an Stát) é, i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, go ndéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar an dámhachtain nó an breithiúnas a aithint nó a fhorfheidhmiú, féadfaidh an Chúirt sin faoi réir fhorálacha an ailt seo ordú a dhéanamh go n-aithneofar nó go bhforfheidhmeofar an dámhachtain nó an breithiúnas a mhéid nach mbeidh an céanna comhlíonta.

(b) Más rud é, ar iarratas faoi mhír (a) chun dámhachtain nó breithiúnas a fhorfheidhmiú, go dtaispeánfar—

(i) go ndéanann an dámhachtain nó an breithiúnas foráil chun suim airgid a íoc, agus

(ii) de réir dhlí an Pháirtí Chonarthaigh ina ndearnadh an dámhachtain nó inar tugadh an breithiúnas, go mbeidh ús ar an tsuim sin inghnóthaithe faoin dámhachtain nó faoin mbreithiúnas de réir ráta nó rátaí áirithe agus ó dháta nó ó am áirithe, forálfaidh an t-ordú, má dhéantar é, go ndlífidh an duine ag a mbeidh an tsuim a dúradh iníoctha an t-ús a dúradh a íoc freisin, ar leith ó aon ús ar chostais is inghnóthaithe de bhua mhír (c), de réir na sonraí a bheidh nótáilte san ordú, agus beidh méid an úis inghnóthaithe ag an iarratasóir lena mbaineann amhail is dá mba chuid é den tsuim a dúradh.

(c) Féadfaidh ordú dá dtagraítear i mír (b), de rogha na hArd-Chúirte, a fhoráil go n-íocfaidh an freagróir lena mbaineann leis an iarratasóir lena mbaineann na costais réasúnacha a bhaineann nó a ghabhann leis an iarratas ar an ordú.

(d) Aon duine a mbeidh costais is inghnóthaithe de bhua mhír (c) iníoctha aige dlífidh sé ús a íoc ar na costais amhail is dá mba ábhar ordaithe iad chun costais a íoc a rinne an Ard-Chúirt ar an dáta a rinneadh an t-ordú iomchuí faoi mhír (a).

(e) Ní bheidh ús iníoctha ar shuim dá dtagraítear i mír (a) ach amháin de réir mar a fhoráiltear leis an bhfo-alt seo.

(2) Dámhachtain nó breithiúnas a mbeidh ordú déanta ina leith faoi fho-alt (1) chun í nó é a fhorfheidhmiú, beidh, a mhéid a údaraítear leis an ordú an dámhachtain nó an breithiúnas sin a fhorfheidhmiú, an fheidhm agus an éifeacht chéanna aici nó aige agus, chun an dámhachtain nó, de réir mar a bheidh, an breithiúnas a fhorfheidhmiú, nó maidir le forfheidhmiú an chéanna, beidh na cumhachtaí céanna ag an Ard-Chúirt, agus féadfar imeachtaí a thionscnamh, amhail is dá mba eadráin de bhun comhaontaithe eadrána an eadráin lena mbaineann nó, de réir mar a bheidh, amhail is dá mba bhreithiúnas ón Ard-Chúirt an breithiúnas.

(3) (a) Cuirfear na doiciméid seo a leanas ag gabháil le hiarratas faoi fho-alt (1):

(i) an dámhachtain nó an breithiúnas bunaidh lena mbaineann nó cóip den chéanna (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip),

(ii) an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a bheidh sínithe ag an eadránaí, ag an mbreitheamh nó ag an oifigeach a dúradh agus a déarfaidh go bhfuil an dámhachtain nó an breithiúnas infheidhmithe sa stát lena mbaineann (ar Páirtí Conarthach é).

(iii) más rud é gur mainneachtain ba chúis leis an dámhachtain a dúradh a dhéanamh, nó an breithiúnas a dúradh a thabhairt, an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an duine a thug fógra i dtaobh na n-imeachtaí don duine ar ina choinne a lorgaítear forfheidhmiú gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a shuífidh gur tugadh fógra cuí don duine deireanach sin, agus

(iv) an doiciméad bunaidh nó cóip de (agus é deimhnithe ag an eadránaí lena mbaineann, nó ag breitheamh na cúirte lena mbaineann, nó ag oifigeach don chúirt sin, gur cóip dhílis an chóip) ar doiciméad é a shuífidh go bhfuair an duine ar ina choinne a lorgaítear forfheidhmiú fógra i dtaobh na dámhachtana nó an bhreithiúnais in am cuí.

(b) Chun críocha an Achta seo—

(i) doiciméad a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar a shonraítear i mír (a) (i) agus a bheith ina chóip de dhámhachtain nó de bhreithiúnas, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gur cóip dhílis é den dámhachtain nó den bhreithiúnas, mura léirítear a mhalairt,

(ii) an doiciméad bunaidh a shonraítear i bhfomhír (ii), (iii) nó (iv) de mhír (a) nó cóip a airbheartaíonn a bheith deimhnithe mar a shonraítear san fhomhír (ii), (iii) nó (iv) sin, is fianaise é nó í, mura léirítear a mhalairt, ar aon ní a bheidh ráite sa doiciméad,

(iii) doiciméad a airbheartaíonn a bheith ina aistriúchán ar dhoiciméad a shonraítear i mír (a) agus a bheith deimhnithe mar dhoiciméad cruinn ag duine atá inniúil chun sin a dhéanamh, measfar, gan tuilleadh cruthúnais, gurb é an t-aistriúchán sin é mura léirítear a mhalairt.

Cúirteanna etc. sa Stát do sholáthar doiciméad áirithe do pháirtithe leasmhara.

5. —Maidir le dámhachtain a dhéantar nó breithiúnas a thugtar in imeachtaí sa Stát i leith iompair, nó mar gheall ar iompar, a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, tabharfaidh an t-eadránaí lena mbaineann nó cláraitheoir nó cléireach na cúirte lena mbaineann, de réir mar is iomchuí, do pháirtí leasmhar, ar iarraidh ón bpáirtí leasmhar sin agus, i gcás an bhreithiúnais, faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe le rialacha cúirte—

(a) cóip den dámhachtain nó den bhreithiúnas, agus é deimhnithe ag an éadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, gur cóip dhílis den dámhachtain nó den bhreithiúnas an chóip,

(b) deimhniú a bheidh sínithe ag an eadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, ina ndeirtear—

(i) cén cineál imeachtaí iad,

(ii) an dáta a rachaidh an t-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne na dámhachtana nó an bhreithiúnais in éag nó, i gcás é bheith imithe in éag, an dáta a ndeachaigh sé in éag,

(iii) cibé acu atá nó nach bhfuil achomharc i gcoinne na dámhachtana nó an bhreithiúnais tionscanta nó, in aon chás nach láithreoidh páirtí eile sna himeachtaí, imeachtaí tionscanta chun an dámhachtain nó an breithiúnas a chur ar ceal,

(iv) más le haghaidh suim airgid a íoc an dámhachtain nó an breithiúnas, an ráta úis (más ann) is iníoctha ar an tsuim agus an dáta óna mbeidh aon ús iníoctha, agus

(v) i gcás an bhreithiúnais, cibé sonraí eile (más ann) a bheidh sonraithe le rialacha cúirte, agus

(c) i gcás gur d'éagmais láithriú a rinneadh an dámhachtain nó a tugadh an breithiúnas, an doiciméad bunaidh nó cóip de, a mbeidh sé deimhnithe ag an eadránaí nó ag cláraitheoir nó cléireach na cúirte, de réir mar is iomchuí, gur cóip dhílis an chóip, ar doiciméad é a shuífidh gur seirbheáladh fógra faoi thionscnamh na n-imeachtaí lena mbaineann ar an duine a rinne mainneachtain.

Méideanna in aonaid chuntais a chomhshó in airgeadra an Stáit chun críocha CMR.

6. —(1) Chun a chinneadh cé mhéid cúitimh in airgeadra an Stáit is féidir a dhámhachtain de bhun CMR in imeachtaí in aon chúirt nó in aon bhinse eile i leith iompair nó mar gheall ar iompar a bhfuil feidhm ag CMR maidir leis, glacfar leis gurb é an luach, in airgeadra an Stáit, atá ag aonad cuntais a bheidh sonraithe i CMR ná an luach, arna fhionnadh de réir CMR, san airgeadra sin, a bhí ag aonad cuntais den sórt sin an lá a ndearnadh an dámhachtain nó, mura féidir an luach a bhí aige ar an lá sin a fhionnadh amhlaidh, a luach san airgeadra sin ar an lá is déanaí roimh an lá sin ar ar féidir an luach a fhionnadh amhlaidh.

(2) Chun críocha an ailt seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach do Bhanc Ceannais na hÉireann ina ndeirtear—

(a) gur méid sonraithe in airgeadra an Stáit an luach a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe, nó

(b) nach féidir an luach in airgeadra an Stáit a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe a fhionnadh de réir CMR agus gur méid sonraithe in airgeadra an Stáit an luach, arna ríomh de réir CMR, a bhí ag aonad cuntais den sórt sin ar lá sonraithe (arb é an lá is déanaí é roimh an lá sonraithe céadluaite ar ar féidir an luach sin a fhionnadh mar a dúradh),

beidh sé inghlactha mar fhianaise ar na fíorais atá ráite sa deimhniú.

Cionta i ndáil le nótaí coinsíneachta.

7. —(1) Beidh duine ciontach i gcion—

(a) más rud é, le linn dó aon fhaisnéis a thabhairt is gá a thabhairt i nóta coinsíneachta chun críocha CMR, go ndéanann sé ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó go ndéanann sé ráiteas go meargánta atá bréagach i bponc ábhartha, nó

(b) má dhéanann sé, le hintinn mheabhlaireachta, doiciméad a bhrionnú á airbheartú gur nóta coinsíneachta den sórt sin é nó aon nóta coinsíneachta den sórt sin a athrú nó a úsáid nó má bhíonn aon doiciméad atá cosúil go maith le haon nóta coinsíneachta den sórt sin ina sheilbh aige,

agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) (a) I gcás cion faoi fho-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe, nó duine a bhí ag airbheartú gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(b) I gcás go bhfuil gnóthaí comhlachta chorpraithe á mbainisteoireacht ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta amhail is dá mba é stiúrthóir nó bainisteoir an chomhlachta chorpraithe é.

(3) Féadfaidh an tAire cion achomair faoi fho-alt (1) a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Caiteachais.

8. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a bheidh ceadaithe ag an Aire Airgeadais, a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil le hiompar (seachas iompar dá dtagraítear i mír (b)) ar an lá a dtagann CMR i bhfeidhm i leith an Stáit de réir théarmaí Airteagal 43 (2) de CMR agus ní bheidh feidhm aige i ndáil le conarthaí le haghaidh an iompair sin a dhéanfar roimh an lá sin agus dearbhóidh an tAire, le hordú a dhéanfar roimh an lá sin, cén lá a dtagann CMR i bhfeidhm i leith an Stáit agus gurb é an dáta sin an dáta, de réir an fho-ailt seo, a dtiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil leis an iompar réamhráite agus is fianaise an t-ordú ar an dáta ar tháinig CMR i bhfeidhm i leith an Stáit.

(b) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndáil le hiompar idir an Stát agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú agus ní bheidh feidhm aige i ndáil le conarthaí le haghaidh an iompair sin a dhéanfar roimh an lá sin.

AN SCEIDEAL

AN COINBHINSIÚN AR AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR (CMR) AGUS PRÓTACAL 1978 LEIS AN gCOINBHINSIÚN SIN

Alt 1.

CUID I

AN COINBHINSIÚN AR AN gCONRADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR (CMR) A RINNEADH SA GHINÉIV AN 19ú LÁ DE BHEALTAINE, 1956

BROLLACH

TÁ NA PÁIRTITHE CONARTHACHA

TAR ÉIS DÓIBH A AITHINT gurb inmhianaithe caighdeánú a dhéanamh ar na coinníollacha a rialaíonn an conradh le haghaidh iompar idirnáisiúnta earraí de bhóthar, go háirithe maidir leis na doiciméid a úsáidtear le haghaidh an iompair sin agus maidir le dliteanas an iompróra,

TAR ÉIS COMHAONTÚ MAR A LEANAS:

CAIBIDIL I

Raon feidhme

Airteagal 1

1. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo maidir le gach conradh le haghaidh iompar earraí de bhóthar i bhfeithiclí ar luaíocht, i gcás áit tógtha na n-earraí agus an áit a bheidh ceaptha le haghaidh seachadadh, mar a shonraítear sa chonradh, a bheith suite in dhá thír éagsúla, ar tír chonarthach tír amháin díobh ar a laghad, is cuma cá gcónaíonn na páirtithe ná cén náisiúntacht atá acu.

2. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, ciallaíonn “feithiclí” mótarfheithiclí, feithiclí altacha, leantóirí agus leath-leantóirí arna míniú in airteagal 4 den Choinbhinsiún um Thrácht ar Bhóithre dar dáta an 19 Meán Fómhair, 1949.*

3. Beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo freisin i gcas gur Stáit nó forais nó eagraíochtaí rialtasacha a sheolann iompar a thagann faoi raon an Choinbhinsiúin.

4. Ní bheidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo:

(a) maidir le hiompar a dhéantar faoi théarmaí aon choinbhinsiúin idirnáisiúnta um chúrsaí poist;

(b) maidir le coinsíneachtaí sochraide;

(c) maidir le haistriú troscáin.

5. Comhaontaíonn na Páirtithe Conarthacha gan athrú a dhéanamh ar aon fhoráil d'fhorálacha an Choinbhinsiúin seo trí chomhaontuithe speisialta idir dhá pháirtí nó níos mó díobh, ach amháin chun an Coinbhinsiún a dhéanamh neamh-infheidhme i dtaca lena dtrácht teorann nó, maidir le nótaí coinsíneachta is ionann is teideal ar na hearraí, úsáid na nótaí coinsíneachta sin a údarú in oibríochtaí iompair a bheidh go hiomlán laistigh dá gcríoch.

Airteagal 2

1. I gcás, le linn cuid den turas, gur ar muir, ar iarnród, ar uiscebhealaí intíre nó d'aer, a iomprófar an fheithicil ina mbeidh na hearraí agus, ach amháin mar a mbeidh forálacha airteagal 14 infheidhme, nach ndíluchtaítear na hearraí as an bhfeithicil, beidh feidhm ag an gCoinbhinsiún seo mar sin féin maidir leis an iompar úile. Ar choinníoll a mhéid a chruthaítear nárbh aon ghníomh nó neamhghníomh ar thaobh an iompróra de bhóthar faoi deara aon chaillteanas, damáiste nó moill ag seachadadh na n-earraí a tharlaíonn agus iad á n-iompar den mhodh eile iompair ach gur teagmhas eile faoi deara é nach bhféadfadh tarlú ach amháin i gcúrsa agus de bhíthin an mhodha eile iompair sin, ní chinnfear dliteanas an iompróra de bhóthar de réir an Choinbhinsiúin seo ach de réir na slí a gcinnfí dliteanas an iompróra den mhodh iompair eile dá mbeadh conradh chun na hearraí amháin a iompar déanta ag an seoltóir leis an iompróir den mhodh iompair eile de réir na gcoinníollacha a fhorordaítear le dlí chun earraí a iompar ar an modh iompair sin. Más rud é, áfach, nach mbeidh aon choinníollacha forordaithe den sórt sin ann, is leis an gCoinbhinsiún seo a chinnfear dliteanas an iompróra de bhóthar.

2. Más é an t-iompróir de bhóthar an t-iompróir den mhodh eile iompair freisin, cinnfear a dhliteanas freisin de réir fhorálacha mhír 1 den airteagal seo ach sin amhail is dá mba bheirt dhuine éagsúla é ina cháil mar iompróir de bhóthar agus mar iompróir den mhodh eile iompair.

CAIBIDIL II

Daoine a bhfuil an t-iompróir freagrach astu

Airteagal 3

Chun críocha an Choinbhinsiúin seo. beidh an t-iompróir freagrach as gníomhartha agus neamhghníomhartha a ghníomhairí agus a sheirbhíseach agus as gníomhartha agus neamhghníomhartha aon daoine eile a mbaineann sé úsáid as a seirbhísí chun an t-iompar a chur i gcrích, nuair a bheidh na gníomhairí, na seirbhísigh nó na daoine eile sin ag gníomhú faoi raon a gcuid fostaíochta, amhail is dá mba ghníomhartha nó neamhghníomhartha dá chuid féin na gníomhartha nó na neamhghníomhartha sin.

CAIBIDIL III

An conradh iompair a thabhairt chun críche agus a chomhlíonadh

Airteagal 4

Daingneofar an conradh iompair trí nóta coinsíneachta a dhéanamh amach. ní dhéanfaidh neamhfháil an nóta coinsíneachta. neamhrialtacht ann ná cailliúint an chéanna difear do mharthanas ná do bhailíocht an chonartha iompair a leanfaidh de bheith faoi réir fhorálacha an choinbhinsiúin seo.

Airteagal 5

1. Déanfar amach an nóta coinsíneachta i dtrí chóip bhunaidh a bheidh sínithe ag an seoltóir agus ag an iompróir. féadfaidh na síniúcháin seo a bheith clóite nó stampaí an tseoltóra agus an iompróra a chur ina n-ionad má cheadaítear sin de reir dhlí na tíre ina ndearnadh amach an nóta coinsíneachta. tabharfar an chéad chóip de láimh don seoltóir, beidh an dara cóip ag gabháil leis na hearraí agus coimeádfaidh an t-iompróir an tríú cóip.

2. I gcás go gcaithfear na hearraí atá le hiompar a luchtú i bhfeithiclí éagsúla, nó gur de chineálacha éagsúla iad nó go mbeidh siad roinnte i luchtóga éagsúla, beidh de cheart ag an seoltóir nó ag an iompróir a cheangal go ndéanfar amach nóta coinsíneachta ar leithligh do gach feithicil a úsáidfear, nó do gach cineál earraí nó do gach luchtóg earraí.

Airteagal 6

1. Beidh na mionsonraí seo a leanas sa nóta coinsíneachta:

(a) dáta an nóta coinsíneachta agus an áit ina ndéantar amach é;

(b) ainm agus seoladh an tseoltóra;

(c) ainm agus seoladh an iompróra;

(d) an áit agus an dáta a dtógfar na hearraí idir lámha agus an áit a bheidh ainmnithe chun a seachadta;

(e) ainm agus seoladh an choinsíní;

(f) an tuairisc choitianta a thugtar ar chineál na n-earraí agus an modh pacála, agus, i gcás earraí contúirteacha, an tuairisc orthu a aithnítear go coitianta;

(g) an líon pacáistí agus a marcanna agus a n-uimhreacha faoi leith;

(h) ollmheáchan na n-earraí nó a gcainníocht arna cur in iúl ar shlí eile;

(i) muirir a bhaineann leis an iompar (muirir iompair, muirir fhorlíontacha, dleachtanna custam agus muirir eile a thabhaítear ó thráth déanta an chonartha go tráth an tseachadta);

(j) na treoracha riachtanacha le haghaidh foirmiúlachtaí custam agus foirmiúlachtaí eile;

(k) ráiteas go bhfuil an t-iompar faoi réir fhorálacha an choinbhinsiúin seo. d'ainneoin aon chlásail dá mhalairt.

2. Más infheidhme, beidh na mionsonraí seo a leanas freisin sa nóta coinsíneachta:

(a) ráiteas nach ceadmhach trasloingsiú;

(b) na muirir a ghabhann an seoltóir air féin a íoc;

(c) méid na muirear “íoc ar sheachadadh”;

(d) dearbhú i dtaobh luach na n-earraí agus an méid atá ionadaíoch do leas speisialta i seachadadh;

(e) treoracha an tseoltóra don iompróir i dtaobh árachas na n-earraí;

(f) an am-theorainn chomhaontaithe ar laistigh di a bheidh an t-iompar le déanamh;

(g) liosta de na doiciméid a bheidh tugtha don iompróir.

3. Féadfaidh na páirtithe aon mhionsonraí eile a mheasfaidh siad a bheith úsáideach a thaifeadadh sa nóta coinsíneachta.

Airteagal 7

1. Beidh an seoltóir freagrach as na caiteachais, as an gcaillteanas agus as an damáiste go léir a bhainfidh don iompróir de bhíthin míchruinnis sna mionsonraí seo a leanas:

(a) na mionsonraí a shonraítear in airteagal 6, mír 1, (b), (d), (e), (f), (g), (h) agus (j);

(b) na mionsonraí a shonraítear in airteagal 6, mír 2;

(c) aon mhionsonraí nó treoracha eile a thugann sé le go bhféadfar an nóta coinsíneachta a dhéanamh amach nó iad a thaifeadadh sa nóta sin.

2. Más rud é, ar iarraidh ón seoltóir, go ndéanfaidh an t-iompróir na mionsonraí dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo a thaifeadadh sa nóta coinsíneachta, measfar, mura gcruthaítear a mhalairt, go ndearna sé sin thar ceann an tseoltóra.

3. Mura mbeidh an ráiteas a shonraítear in airteagal 6, mír 1 (k) ar áireamh sa nóta coinsíneachta, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith na gcaiteachas, an chaillteanais agus an damáiste go léir, mar gheall ar an neamhghníomh sin, a bhainfidh don duine a bheidh i dteideal na hearraí a dhiúscairt.

Airteagal 8

1. Ar na hearraí a thógáil idir lámha seiceálfaidh an t-iompróir:

(a) cruinneas na ráiteas sa nóta coinsíneachta maidir le líon na bpacáistí agus a marcanna agus a n-uimhreacha, agus

(b) an bhail is cosúil atá ar na hearraí agus ar a bpacáistiú.

2. I gcás nach mbeidh aon deis réasúnach ag an iompróir chun seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na ráiteas dá dtagraítear i mír 1 (a) den airteagal seo taifeadfaidh sé na forchoimeádais a bheidh aige sa nóta coinsíneachta maille leis na forais is bonn dóibh. sonróidh sé sa tslí chéanna na forais is bonn d'aon fhorchoimeádais a bheidh aige i dtaca leis an mbail is cosúil atá ar na hearraí agus ar a bpacáistiú. ní bheidh an seoltóir faoi cheangal ag na forchoimeádais sin murar chomhaontaigh sé go sainráite sa nóta coinsíneachta a bheith faoi cheangal acu.

3. Beidh an seoltóir i dteideal a cheangal ar an iompróir seiceáil a dhéanamh ar ollmheáchan na n-earraí nó ar a gcainníocht a bheidh curtha in iúl ar shlí eile. féadfaidh sé a cheangal freisin go ndéanfar seiceáil ar a mbeidh sna pacáistí. beidh an t-iompróir i dteideal costas na seiceála sin a éileamh. taifeadfar torthaí na seiceálacha sa nóta coinsíneachta.

Airteagal 9

1. Beidh an nóta coinsíneachta ina fhianaise prima facie go ndearnadh an conradh iompair, agus ar choinníollacha an chonartha agus go bhfuair an t-iompróir na hearraí.

2. Mura mbeidh aon fhorchoimeádais shonracha ón iompróir sa nóta coinsíneachta, toimhdeofar, mura gcruthófar a mhalairt, gur chosúil go raibh bail mhaith ar na hearraí agus ar a bpacáistiú nuair a thóg an t-iompróir idir lámha iad agus go raibh an líon pacáistí, a marcanna agus a n-uimhreacha ar comhréir leis na ráitis sa nóta coinsíneachta.

Airteagal 10

Beidh an seoltóir faoi dhliteanas don iompróir i leith damáiste do dhaoine, do threalamh nó d'earraí eile agus i leith aon chaiteachas mar gheall ar phacáistiú na n-earraí a bheith lochtach, murar léir an locht don iompróir nó murarbh eol dó é a bheith ann an tráth ar thóg sé na hearraí idir lámha agus nach ndearna sé aon fhorchoimeádais faoi.

Airteagal 11

1. Chun críocha na bhfoirmiúlachtaí Custam agus na bhfoirmiúlachtaí eile nach mór a chomhlánú sula seachadfar na hearraí, cuirfidh an seoltóir na doiciméid is gá ag gabháil leis an nóta coinsíneachta nó cuirfidh sé iad faoi réir an iompróra agus tabharfaidh sé dó an fhaisnéis go léir a theastóidh uaidh.

2. Ní bheidh aon dualgas ar an iompróir fiosrú a dhéanamh faoi chruinneas nó faoi leordhóthanacht na ndoiciméad ná na faisnéise sin. beidh an seoltóir faoi dhliteanas don iompróir i leith aon damáiste mar gheall ar neamhfháil na ndoiciméad agus na faisnéise sin, a neamhleordhóthanacht nó mírialtacht iontu, ach amháin i gcás gnímh éagóraigh nó faillí éigin ar thaobh an iompróra.

3. An dliteanas faoina mbeidh an t-iompróir i leith na n-iarmhairtí a éiríonn as cailliúint nó úsáid neamhcheart na ndoiciméad a shonraítear sa nóta coinsíneachta agus a ghabhann leis an nóta sin nó a thaisctear leis an iompróir, is ionann é agus dliteanas gníomhaire, ar choinníoll nach mó an cúiteamh is iníoctha ag an iompróir ná an cúiteamh is iníoctha i gcás na hearraí a chailliúint.

Airteagal 12

1. Tá an ceart ag an seoltóir na hearraí a dhiúscairt, go sonrach trína iarraidh ar an iompróir stop a chur leis na hearraí agus iad faoi bhealach, an áit le haghaidh seachadadh a athrú nó na hearraí a sheachadadh ar choinsíní seachas an coinsíní a luaitear sa nóta coinsíneachta.

2. Scoirfidh an ceart seo de bheith ar marthain nuair a thugtar don choinsíní an dara cóip den nóta coinsíneachta nó nuair a fheidhmíonn an coinsíní a cheart faoi airteagal 13, mír 1; ón am sin amach géillfidh an t-iompróir d'orduithe an choinsíní.

3. Beidh an ceart diúscartha ag an gcoinsíní, áfach, ón tráth a tharraingítear suas an nóta coinsíneachta, má dhéanann an seoltóir iontráil á rá sin sa nóta coinsíneachta.

4. Más rud é agus é ag feidhmiú a chirt diúscartha go mbeidh ordú tugtha ag an gcoinsíní na hearraí a sheachadadh ar dhuine eile, ní bheidh an duine eile sin i dteideal coinsínithe eile a ainmniú.

5. Beidh feidhmiú an chirt diúscartha faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) go ndéanfaidh an seoltóir nó, sa chás dá dtagraítear i mír 3 den airteagal seo, an coinsíní ar mian leis an ceart a fheidhmiú an chéad chóip den nóta coinsíneachta a thabhairt ar aird ar a mbeidh na treoracha nua don iompróir iontráilte agus go slánóidh sé an t-iompróir i gcoinne na gcaiteachas, an chaillteanais agus an damáiste go léir a bheidh i gceist i gcomhlíonadh na dtreoracha sin;

(b) gur féidir na treoracha sin a chomhlíonadh an tráth a bhfaigheann an duine atá chun iad a chomhlíonadh iad agus nach gcuirfidh sé isteach ar ghnáth-oibriú ghnóthas an iompróra ná nach ndéanfaidh sé dochar do sheoltóirí ná do choinsínithe coinsíneachtaí eile;

(c) nach mbeidh de thoradh ar na treoracha go roinntear an choinsíneacht.

6. Nuair nach féidir leis an iompróir, de bhíthin fhorálacha mhír 5 (b) den airteagal seo, na treoracha a fhaigheann sé a chomhlíonadh cuirfidh sé é sin in iúl láithreach don duine a thug na treoracha sin dó.

7. Aon iompróir nach gcomhlíonfaidh na treoracha a bheidh tugtha faoi na coinníollacha dá bhforáiltear san airteagal seo, nó a chomhlíonfaidh iad gan aon cheangal a chur an chéad chóip den nóta coinsíneachta a thabhairt ar aird, beidh sé faoi dhliteanas don duine a bheidh i dteideal éileamh a dhéanamh mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste a thrúigfear dá dheasca sin.

Airteagal 13

1. Nuair a shroichfidh na hearraí an áit a bheidh ainmnithe lena seachadadh, beidh an coinsíní i dteideal a cheangal ar an iompróir an dara cóip den nóta coinsíneachta, agus na hearraí, a sheachadadh air, ar admháil a fháil. má shuitear go bhfuil na hearraí caillte nó mura mbeidh na hearraí tagtha tar éis an tréimhse dá bhforáiltear in airteagal 19 a bheith caite, beidh an coinsíní i dteideal aon chearta a éiríonn as an gconradh iompair a fhorfheidhmiú ina ainm féin i gcoinne an iompróra.

2. An coinsíní a bhainfidh leas as na cearta a dheonaítear dó faoi mhír 1 den airteagal seo, íocfaidh sé na muirir a léirítear ar an nóta coinsíneachta iad a bheith dlite, ach i gcás díospóide faoin ábhar sin, ní cheanglófar ar an iompróir na hearraí a sheachadadh mura mbeidh urrús tugtha ag an gcoinsíní.

Airteagal 14

1. Más rud é ar chúis ar bith go bhfuil sé, nó go dtiocfaidh go mbeidh sé, dodhéanta an conradh a chomhlíonadh de réir na dtéarmaí a bheidh leagtha amach sa nóta coinsíneachta sula sroicheann na hearraí an áit a bheidh ainmnithe lena seachadadh, iarrfaidh an t-iompróir treoracha ar an duine a bheidh i dteideal na hearraí a dhiúscairt de réir fhorálacha airteagal 12.

2. Más rud é san am céanna, gur féidir sna himthosca an t-iompar a dhéanamh faoi choinníollacha atá difriúil leis na coinníollacha atá leagtha amach sa nóta coinsíneachta agus mura n-éiríonn leis an iompróir treoracha a fháil in am réasúnach ón duine atá i dteideal na hearraí a dhiúscairt de réir fhorálacha airteagal 12, déanfaidh sé cibé bearta is dóigh leis is fearr a rachaidh chun leasa an duine atá i dteideal na hearraí a dhiúscairt.

Airteagal 15

1. Más rud é nach féidir, de bharr imthosca, na hearraí a sheachadadh tar éis dóibh an áit a shroicheadh a bheidh ainmnithe lena seachadadh, iarrfaidh an t-iompróir treoracha ar an seoltóir. má dhiúltaíonn an coinsíní na hearraí a ghlacadh beidh an seoltóir i dteideal iad a dhiúscairt gan aon oibleagáid a bheith air an chéad chóip den nóta coinsíneachta a thabhairt ar aird.

2. Fiú má dhiúltaigh an coinsíní na hearraí a ghlacadh féadfaidh sé mar sin féin a cheangal iad a sheachadadh a fhad is nach mbeidh treoracha dá mhalairt ag an iompróir ón seoltóir.

3. Más rud é nach féidir na hearraí a sheachadadh de bharr imthosca a tharlaíonn tar éis don choinsíní, i bhfeidhmiú a chearta faoi airteagal 12, mír 3, ordú a thabhairt na hearraí a sheachadadh ar dhuine eile, beidh feidhm ag míreanna 1 agus 2 den airteagal seo ionann is dá mba é an coinsíní an seoltóir agus dá mba é an duine eile sin an coinsíní.

Airteagal 16

1. Beidh an t-iompróir i dteideal an costas a aisghabháil a bhainfidh lena iarraidh ar threoracha mar aon le haon chaiteachais a thabhófar i gcomhlíonadh na dtreoracha sin, mura rud é gur ghníomh éagórach nó faillí ar thaobh an iompróra ba chúis leis na caiteachais sin.

2. Sna cásanna dá dtagraítear in airteagal 14, mír 1, agus in airteagal 15, féadfaidh an t-iompróir na hearraí a dhíluchtú láithreach ar chuntas an duine a bheidh i dteideal iad a dhiúscairt agus air sin measfar go mbeidh críoch leis an iompar. sealbhóidh an t-iompróir na hearraí ansin thar ceann an duine a bheidh i dteideal amhlaidh. Féadfaidh sé, áfach, iad a thabhairt ar iontaoibh do thríú páirtí agus sa chás sin ní bheidh sé faoi aon dliteanas ach amháin maidir le cúram réasúnach a ghlacadh ag roghnú an tríú páirtí sin. leanfaidh na muirir a bheidh dlite faoin nóta coinsíneachta agus na caiteachais eile go léir de bheith inmhuirearaithe i gcoinne na n-earraí.

3. Féadfaidh an t-iompróir na hearraí a dhíol gan fanacht le treoracha ón duine a bheidh i dteideal iad a dhiúscairt, más earraí meatacha iad nó más gá sin mar gheall ar an mbail atá orthu, nó i gcás nach mbeadh na costais stórála i gcomhréir le luach na n-earraí. Féadfaidh sé freisin dul ar aghaidh agus na hearraí a dhíol i gcásanna eile más rud é, tar éis tréimhse réasúnach a bheith caite, nach mbeidh treoracha dá mhalairt, a fhéadfar a cheangal air le réasún a chomhlíonadh, faighte aige ón duine a bheidh i dteideal na hearraí a dhiúscairt.

4. Má dhíoltar na hearraí de bhun an airteagail seo, déanfar fáltais an díola, tar éis na caiteachais is inmhuirearaithe i gcoinne na n-earraí a asbhaint, a thabhairt lena gcur de láimh don duine a bheidh i dteideal na hearraí a dhiúscairt. más mó na muirir sin ná fáltais an díola beidh an t-iompróir i dteideal na difríochta.

5. Is le dlí nó gnás na háite ina bhfuil na hearraí a chinnfear an nós imeachta i gcás díola.

CAIBIDIL IV

Dliteanas an Iompróra

Airteagal 17

1. Is é an t-iompróir a bheidh faoi dhliteanas i leith chaillteanas iomlán nó pháirt-chaillteanas na n-earraí agus i leith damáiste a bhainfidh dóibh idir an t-am a dtógfaidh sé na hearraí idir lámha agus am an tseachadta, agus chomh maith leis sin i leith aon mhoill ag seachadadh na n-earraí.

2. Saorfar an t-iompróir, áfach, ó dhliteanas más é ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill ná gníomh éagórach nó faillí ar thaobh an éilitheora, treoracha an éilitheora a tugadh ar shlí seachas de thoradh gnímh éagóraigh nó faillí ar thaobh an iompróra, fabht bunúsach sna hearraí nó imthosca nárbh fhéidir leis an iompróir a sheachaint agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc.

3. Ní shaorfar an t-iompróir ó dhliteanas de bhíthin an fheithicil a úsáideann sé chun an t-iompar a dhéanamh a bheith lochtach ná de bhíthin gnímh éagóraigh nó faillí ar thaobh an duine a mbeidh an fheithicil ar fruiliú aige uaidh nó ar thaobh gníomhairí nó seirbhísigh an duine sin.

4. Faoi réir airteagal 18, míreanna 2 go 5, saorfar an t-iompróir ó dhliteanas aon uair a tharlaíonn an caillteanas nó an damáiste de dheasca na bpriacal faoi leith atá ann go bunúsach in imthosca amháin nó níos mó de na himthosca seo a leanas:

(a) feithiclí oscailte, gan clúdach leathán, a úsáid nuair a bheidh comhaontú déanta go sainráite iad a úsáid agus é sin sonraithe sa nóta coinsíneachta;

(b) easpa pacála, nó bail lochtach ar phacáil, i gcás earraí ar gnáth leo a bheith diomailteach go nádúrtha nó ar gnáth damáiste a dhéanamh dóibh nuair nach mbíonn siad pacáilte nó pacáilte i gceart;

(c) láimhseáil, luchtú, stuáil nó díluchtú na n-earraí ag an seoltóir, ag an gcoinsíní nó ag daoine a ghníomhaíonn thar ceann an tseoltóra nó an choinsíní;

(d) saghsanna áirithe earraí is de chineál a fhágann go sonrach go bhfuil siad i mbaol a gcaillte, nó i mbaol damáiste, go hiomlán nó go páirteach, go háirithe trí bhriseadh, meirgiú, meathlú, triomú, sileadh, gnáth-dhiomailt, nó gníomhaíocht leamhan nó míolra;

(e) neamh-leordhóthanacht nó neamhdhóthanacht marcanna nó uimhreacha ar na pacáistí;

(f) iompar beostoic.

5. I gcás nach mbeidh an t-iompróir faoi aon dliteanas faoin airteagal seo i leith roinnt de na tosca is cúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill, ní bheidh sé faoi dhliteanas ach amháin a mhéid a bheidh na tosca sin a bhfuil sé faoi dhliteanas ina leith faoin airteagal seo ina gcionchúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill.

Airteagal 18

1. Is ar an iompróir a bheidh an dualgas a chruthú gur ceann de na cúiseanna a shonraítear in airteagal 17, mír 2, ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill.

2. Má shuíonn an t-iompróir gurbh fhéidir in imthosca an cháis an caillteanas nó an damáiste a chur síos do phriacal amháin nó níos mó de na priacail speisialta dá dtagraítear in airteagal 17, mír 4, toimhdeofar gur priacal den sórt sin ba chúis leis. Beidh an t-éilitheoir i dteideal a chruthú, áfach, nach raibh an caillteanas nó an damáiste inchurtha síos iarbhír go hiomlán nó go páirteach do phriacal de na priacail sin.

3. Ní bheidh feidhm ag an toimhde sin sna himthosca a leagtar amach in airteagal 17, mír 4 (a), má bhí easnamh neamhghnách i gceist nó má cailleadh aon phacáiste.

4. Má dhéantar an t-iompar i bhfeithiclí ina bhfuil trealamh faoi leith chun na hearraí a chosaint ar éifeacht teasa, fuachta, athruithe sa teocht nó ar thaiseachas an aeir, ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as airteagal 17, mír 4 (d), mura gcruthaíonn sé go ndearnadh gach beart a raibh sé de dhualgas air sna himthosca é a dhéanamh maidir le roghnú, cothabháil agus úsáid an trealaimh sin. agus gur chomhlíon sé aon treoracha faoi leith a eisíodh chuige.

5. Ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as airteagal 17, mír 4 (f), mura gcruthaíonn sé go ndearnadh gach beart a bheadh de dhualgas air a dhéanamh sna himthosca de ghnáth agus gur chomhlíon sé aon treoracha faoi leith a eisíodh chuige.

Airteagal 19

Glacfar leis gur tharla moill ag seachadadh earraí nuair nár seachadadh na hearraí laistigh den am-theorainn chomhaontaithe nó, d'éagmais am-theorann comhaontaithe, go dtarlaíonn go mbeidh fadama iarbhír an iompair, ag féachaint d'imthosca an cháis, agus go sonrach, i gcás páirt-ualaí. don am is gá chun ualach iomlán a dhéanamh suas sa ghnáth-shlí, níos faide ná an t-am a lamhálfaí le réasún d'iompróir dícheallach.

Airteagal 20

1. Mura seachadfar earraí laistigh de thríocha lá tar éis dheireadh na ham-theorann comhaontaithe, nó d'éagmais aon am-theorann comhaontaithe, laistigh de sheasca lá ón tráth ar thóg an t-iompróir na hearraí idir lámha, beidh an neamhsheachadadh sin ina fhianaise dhochloíte gur cailleadh na hearraí agus air sin féadfaidh an duine a bheidh i dteideal éileamh a dhéanamh na hearraí a áireamh mar earraí caillte.

2. Féadfaidh an duine a bheidh i dteideal amhlaidh, ar é d'fháil cúitimh sna hearraí a bheidh ar iarraidh, iarraidh a dhéanamh i scríbhinn go dtabharfar fógra dó láitheach i gcás go n-aisghabhtar na hearraí i gcaitheamh na bliana tar éis an cúiteamh a íoc. Tabharfar admháil i scríbhinn dó go ndearnadh an iarraidh sin.

3. Faoi cheann tríocha lá tar éis dó an fógra sin a fháil, féadfaidh an duine a mbeidh teideal aige mar a dúradh a cheangal na hearraí a sheachadadh air ar na muirir a íoc a thaispeántar ar an nóta coinsíneachta a bheith dlite agus freisin ar aisíoc an chúitimh a bheidh faighte aige lúide aon mhuirir a bheidh ar áireamh ann ach sin gan dochar d'aon éilimh ar chúiteamh as moill sa seachadadh faoi airteagal 23 agus, más infheidhme, faoi airteagal 26.

4. Mura ndéantar an iarraidh a luaitear i mír 2 nó mura dtugtar aon treoracha faoi cheann na tréimhse tríocha lá a shonraítear i mír 3 nó mura n-aisghabhtar na hearraí go dtí breis agus bliain amháin tar éis an cúiteamh a íoc, beidh an t-iompróir i dteideal déileáil leo de réir dhlí na háite ina bhfuil na hearraí suite.

Airteagal 21

Más rud é gur seachadadh na hearraí ar an gcoinsíní gan an muirear “íoc ar sheachadadh” a bhailiú ar chóir don iompróir é a bhailiú faoi théarmaí an chonartha iompair, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas ag an seoltóir i leith cúitimh nach mbeidh níos mó ná méid an mhuirir sin gan dochar dá cheart caingne i gcoinne an choinsíní.

Airteagal 22

1. Déanfaidh an seoltóir, aon tráth a thugann sé earraí de chineál contúirteach don iompróir, an cineál contúirte go cruinn a chur in iúl don iompróir agus léireoidh sé, más gá, na réamhchúraimí a bheidh le glacadh. Mura mbeidh an fhaisnéis sin taifeadta sa nóta coinsíneachta, is ar an seoltóir nó ar an gcoinsíní a bheidh an dualgas a chruthú, ar shlí éigin eile, gurbh eol don iompróir an cineál contúirte go cruinn a bhí á chruthú agus na hearraí sin á n-iompar.

2. Earraí de chineál contúirteach nárbh eol don iompróir sna himthosca dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo iad a bheith contúirteach, féadfaidh an t-iompróir tráth ar bith agus in áit ar bith iad a dhíluchtú, a dhíothú nó caoi shábháilte a chur orthu, gan chúiteamh; ina theannta sin, beidh an seoltóir faoi dhliteanas i leith na gcaiteachas, an chaillteanais nó an damáiste go léir a éireoidh as iad a thabhairt le hiompar nó as iad a iompar.

Airteagal 23

1. Más rud e, faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, go ndlífidh iompróir cúiteamh a íoc maidir le caillteanas iomlán nó páirt-chaillteanas earraí, ríomhfar an cúiteamh sin faoi threoir luach na n-earraí san áit agus ag an am ar glacadh iad lena n-iompar.

2. Socrófar luach na n-earraí de réir an phraghais malartaithe tráchtearraí, nó mura mbeidh aon phraghas den sórt sin ann, de réir an mhargadh-phraghais reatha, nó mura mbeidh aon phraghas malartaithe tráchtearraí ná aon mhargadh-phraghas reatha ann, faoi threoir ghnáthluach earraí den chineál agus den chainníocht chéanna.

3. Ní rachaidh an cúiteamh, áfach, thar 25 franc an cileagram d'ollmheáchan gearr. Ciallaíonn “franc” an franc óir dar meáchan 10/31 de ghram d'fhíneáltacht 900 as an míle.*

4. Ina theannta sin, déanfar na muirir iompair, na dleachtanna Custam agus na muirir eile a thabhaítear maidir le hiompar nan-earraí a aisíoc go hiomlán i gcás caillteanais iomláin agus i gcomhréir leis an gcaillteanas a thabhaítear i gcás páirt-chaillteanais, ach ní bheidh aon damáistí breise iníoctha.

5. Má chruthaíonn an t-éilitheoir, i gcás moille, gur tharla damáiste mar gheall ar an moill sin, déanfaidh an t-iompróir cúiteamh nach mó ná na muirir iompair a íoc i leith an damáiste sin.

6. Ní fhéadfar cúiteamh níos airde a éileamh ach amháin i gcás go mbeidh luach na n-earraí nó leas speisialta sa seachadadh dearbhaithe de réir airteagail 24 agus 26.

[7.8.9]†

Airteagal 24

Féadfaidh an seoltóir, ach formhuirear ar a gcomhaontófar a bheith íoctha, luach le haghaidh na n-earraí a dhearbhú sa nóta coinsíneachta ar luach é a bheidh níos mó ná an teorainn atá leagtha síos in airteagal 23, mír 3, agus sa chás sin cuirfear méid an luacha a bheidh dearbhaithe in ionad na teorann sin.

Airteagal 25

1. I gcás damáiste a dhéanamh, beidh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith an méid dár laghdaíodh luach na n-earraí, arna ríomh faoi threoir luach na n-earraí a shocraítear de réir airteagal 23, míreanna 1, 2 agus 4.

2. Ní bheidh an cúiteamh, áfach, níos mó ná na méideanna seo:

(a) i gcás damáiste a bheith déanta don choinsíneacht go léir, an méid is iníoctha i gcás caillteanais iomláin;

(b) mura mbeidh damáiste déanta ach do chuid den choinsíneacht, an méid is iníoctha i gcás an méid lena mbaineann a chailleadh.

Airteagal 26

1. Féadfaidh an seoltóir, ach formhuirear ar a gcomhaontófar a bheith íoctha, méid leasa speisialta sa seachadadh a shocrú i gcás caillteanais nó damáiste nó i gcás go dtéitear thar an am-theorainn chomhaontaithe, tríd an méid sin a thaifeadadh sa nóta coinsíneachta.

2. Má rinneadh dearbhú i dtaobh leasa speisialta sa seachadadh, féadfar cúiteamh i leith an chaillteanais nó an damáiste bhreise a bheidh cruthaithe, a éileamh suas go dtí méid iomlán an leasa a bheidh dearbhaithe, ar leith ón gcúiteamh dá bhforáiltear in airteagail 23, 24 agus 25.

Airteagal 27

1. Beidh an t-éilitheoir i dteideal ús a éileamh ar chúiteamh is iníoctha. Fabhróidh an t-ús sin, arna ríomh de réir cúig faoin gcéad sa bhliain, ón dáta ar cuireadh an t-éileamh i scríbhinn chuig an iompróir nó, mura mbeidh aon éileamh den sórt sin déanta, ón dáta ar tionscnaíodh imeachtaí dlí.

2. Nuair nach mbeidh na méideanna, ar a mbeidh ríomh an chúitimh bunaithe, sainráite in airgeadra na tíre ina n-éilítear íocaíocht, déanfar an comhshó de réir an ráta iomlaoide is infheidhme ar lá agus ag áit íoctha an chúitimh.

Airteagal 28

1. I gcásanna a mbeidh, faoin dlí is infheidhme, caillteanas, damáiste nó moill a thig as iompar faoin gCoinbhinsiún seo ina chúis le héileamh seach-chonarthach, féadfaidh an t-iompróir leas a bhaint as forálacha an Choinbhinsiúin seo a shaorann é ar dhliteanas nó a shocraíonn nó a theorannaíonn an cúiteamh atá dlite.

2. I gcásanna a mbeidh ceist ann faoi dhliteanas seach-chonarthach duine de na daoine a bhfuil an t-iompróir freagrach as faoi théarmaí airteagal 3, i leith caillteanais, damáiste nó moille ag an duine, féadfaidh an duine sin freisin leas a bhaint as forálacha an Choinbhinsiúin seo a shaorann an t-iompróir ar dhliteanas nó a shocraíonn nó a theorannaíonn an cúiteamh atá dlite.

Airteagal 29

1. Ní bheidh an t-iompróir i dteideal leas a bhaint as forálacha na caibidle seo a shaorann é ar dhliteanas nó a theorannaíonn a dhliteanas nó a aistríonn an dualgas cruthúnais i gcás gurb é ba chúis leis an damáiste a mhí-iompar toiliúil nó cibé mainneachtain ar a thaobh a mheastar, de réir dhlí na cúirte nó an bhinse a mbeidh an cás os a gcomhair, a bheith comhionann le mí-iompar toiliúil.

2. Beidh feidhm ag an bhforáil chéanna más iad a dhéanann an mí-iompar toiliúil nó an mhainneachtain gníomhairí nó seirbhísigh an iompróra nó aon daoine eile a mbaineann sé úsáid as a gcuid seirbhísí chun an t-iompar a dhéanamh nuair a bhíonn na gníomhairí, na seirbhísigh nó na daoine eile sin ag gníomhú faoi raon a gcuid fostaíochta. Ina theannta sin, i gcás den sórt sin, ní bheidh na gníomhairí, na seirbhísigh ná na daoine eile sin i dteideal leas a bhaint, i dtaca lena ndliteanas pearsanta, as forálacha na caibidle seo dá dtagraítear i mír 1.

CAIBIDIL V

Éilimh agus caingne

Airteagal 30

1. Má ghlacann an coinsíní le seachadadh na n-earraí gan seiceáil chuí a dhéanamh leis an iompróir ar an mbail atá orthu nó gan forchoimeádais a chur chuige ina gcuirtear an caillteanas nó an damáiste in iúl go ginearálta, tráth nach déanaí ná am an tseachadta i gcás caillteanais nó damáiste atá follasach, agus laistigh de sheacht lá ón seachadadh, gan Domhnaí ná laethanta saoire poiblí a áireamh, i gcás caillteanais nó damáiste nach bhfuil follasach, is fianaise prima facie a bheidh i nglacadh na n-earraí aige go bhfuair sé na hearraí agus an bhail orthu a thuairiscítear sa nóta coinsíneachta. I gcás caillteanais nó damáiste nach bhfuil follasach, is i scríbhinn a dhéanfar na forchoimeádais dá dtagraítear.

2. Nuair a bheidh seiceáil chuí déanta ag an gcoinsíní agus ag an iompróir ar an mbail atá ar na hearraí, ní bheidh fianaise ag bréagnú thoradh na seiceála sin inghlactha ach amháin i gcás caillteanais nó damáiste nach bhfuil follasach agus ar choinníoll go mbeidh, laistigh de sheacht lá, gan Domhnaí ná laethanta saoire poiblí a áireamh, ó dháta na seiceála, forchoimeádais curtha i scríbhinn ag an gcoinsíní chuig an iompróir.

3. Ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i leith moille ag seachadadh mura mbeidh forchoimeádas i scríbhinn curtha chuig an iompróir laistigh de lá is fiche ón tráth ar tugadh na hearraí don choinsíní lena gcur de láimh.

4. Nuair a bheidh na ham-theorainneacha dá bhforáiltear san airteagal seo á ríomh ní dhéanfar dáta an tseachadta, ná an dáta seiceála ná an dáta ar tugadh na hearraí don choinsíní lena gcur de láimh, de réir mar a bheidh, a chur san áireamh.

5. Tabharfaidh an t-iompróir agus an coinsíní gach áis réasúnach dá chéile chun na himscrúduithe agus na seiceálacha riachtanacha a dhéanamh.

Airteagal 31

1. In imeachtaí dlí a éiríonn as iompar faoin gCoinbhinsiún seo, féadfaidh an gearánaí caingean a thionscnamh in aon chúirt nó binse de chuid tíre conarthaí a bheidh ainmnithe trí chomhaontú idir na páirtithe agus, ina theannta sin, i gcúirteanna nó i mbinsí aon tíre ar laistigh dá críoch:

(a) atá gnáthchónaí ar an gcosantóir, nó atá a phríomh-áit ghnó, nó atá an brainse nó an ghníomhaireacht trína ndearnadh an conradh iompair, nó

(b) atá an áit ar thóg an t-iompróir na hearraí idir lámha, nó an áit a bheidh ainmnithe le haghaidh seachadadh, suite,

agus ní in aon chúirteanna nó binsí eile.

2. Más rud é maidir le héileamh dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo go mbeidh caingean ar feitheamh os comhair cúirte inniúla nó os comhair binse inniúil faoin mír sin, nó más rud é, maidir le héileamh den sórt sin, go mbeidh cúirt nó binse den sórt sin tar éis breithiúnas a thaifeadadh, ní chuirfear tús le haon chaingean úr idir na páirtithe céanna ar na forais chéanna mura rud é nach mbeidh breithiúnas na cúirte nó an bhinse, ar os a comhair a tionscnaíodh an chéad chaingean, infheidhmithe sa tír ina dtionscnaítear na himeachtaí úra.

3. Nuair a bheidh breithiúnas a thaifeadann cúirt nó binse de chuid tíre conarthaí in aon chaingean de chineál dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo tagtha chun bheith infheidhmithe sa tír sin, tiocfaidh sé chun bheith infheidhmithe freisin i ngach Stát de na Stáit chonarthacha eile, a luaithe a bheidh na foirmiúlachtaí a bheidh riachtanach sa tír áirithe comhlíonta. Ní cheadófar fiúntas an cháis a athphlé de bharr na bhfoirmiúlachtaí sin.

4. Beidh feidhm ag forálacha mhír 3 den airteagal seo maidir le breithiúnais tar éis trialach, breithiúnais mhainneachtana agus socraíochtaí a dhaingnítear le hordú ón gcúirt, ach ní bheidh feidhm acu maidir le breithiúnais eatramhacha ná le dámhachtainí damáistí, i dteannta costas i gcoinne gearánaí a dteipeann air go hiomlán nó go páirteach ina chaingean.

5. In imeachtaí a éiríonn as iompar faoin gCoinbhinsiún seo ní cheanglófar ar náisiúnaigh de chuid tíortha conarthacha a bhfuil cónaí orthu, nó a bhfuil a n-áit ghnó, i dtír de na tíortha sin urrús a thabhairt i leith costas.

Airteagal 32

1. Bliain amháin a bheidh sa tréimhse teorann le haghaidh caingne a éiríonn as iompar faoin gCoinbhinsiún seo. Mar sin féin, is trí bliana a bheidh sa tréimhse teorann i gcás mí-iompair thoiliúil, nó cibé mainneachtana a mheastar, de réir dhlí na cúirte nó an bhinse a mbeidh an cás curtha os a gcomhair, a bheith comhionann le mí-iompar toiliúil. Beidh feidhm ag an tréimhse teorann:

(a) i gcás páirt-chaillteanais, damáiste nó moill ag seachadadh, ó dháta an tseachadta;

(b) i gcás caillteanais iomláin, ón tríochadú lá tar éis dheireadh na ham-theorann comhaontaithe nó i gcás nach mbeidh aon am-theorainn chomhaontaithe ann, ón seascadú lá ón dáta ar thóg an t-iompróir ar láimh na hearraí;

(c) i ngach cás eile, ag deireadh thréimhse trí mhí tar éis an conradh iompair a dhéanamh.

Ní chuirfear an lá a dtiocfaidh an tréimhse teorann i bhfeidhm in áireamh sa tréimhse.

2. Cuirfidh éileamh i scríbhinn an tréimhse teorann ar fionraí go dtí cibé dáta a ndiúltóidh an t-iompróir an t-éileamh trí fhógra a thabhairt i scríbhinn agus a gcuireann sé na doiciméid a ghabhann leis an éileamh ar ais. Má admhaítear cuid den éileamh ní bheidh feidhm arís ag an tréimhse teorann ach amháin maidir leis an gcuid sin den éileamh a bheidh fós faoi dhíospóid. An dualgas cruthúnais go bhfuarthas an t-éileamh nó an freagra agus gur cuireadh na doiciméid ar ais is ar an bpáirtí a bheidh i muinín na bhfíoras sin a bheidh sé. Ní chuirfidh éilimh bhreise a mbeidh an cuspóir céanna acu feidhm na tréimhse teorann ar fionraí.

3. Faoi réir fhorálacha mhír 2 thuas, is faoi rialú dhlí na cúirte nó an bhinse a mbeidh an cás curtha os a gcomhair a bheidh leathnú na tréimhse teorann. Beidh fabhrú nua de chearta caingne faoi rialú an dlí sin freisin.

4. Aon cheart caingne a bheidh tagtha faoi urchosc trí imeacht aimsire, ní féidir é a fheidhmiú ar mhodh frithéilimh nó fritháirimh.

Airteagal 33

Féadfaidh clásal a thugann inniúlacht do bhinse eadrána a bheith sa chonradh iompair má fhorálann an clásal a thugann inniúlacht don bhinse go gcuirfidh an binse an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm.

CAIBIDIL VI

Forálacha a bhaineann le hiompar a dhéanann iompróirí comhleanúnacha

Airteagal 34

Más iompróirí bóthair comhleanúnacha a dhéanann iompar atá faoi rialú conartha shingil, beidh gach iompróir acu freagrach as an iompar go léir a dhéanamh, agus tiocfaidh an dara hiompróir agus gach iompróir a leanann chun bheith ina pháirtí sa chonradh iompair, faoi théarmaí an nóta coinsíneachta, de bhíthin é do ghlacadh leis na hearraí agus leis an nóta coinsíneachta.

Airteagal 35

1. Iompróir a ghlacfaidh le hearraí ó iompróir roimhe tabharfaidh sé admháil a bheidh dátaithe agus sínithe don iompróir sin. Taifeadfaidh sé a ainm agus a sheoladh ar an dara cóip den nóta coinsíneachta. Más infheidhme, taifeadfaidh sé forchoimeádais den chineál dá bhforáiltear in airteagal 8, mír 2 ar an dara cóip den nóta coinsíneachta agus ar an admháil.

2. Beidh feidhm ag forálacha airteagal 9 maidir leis an gcaidreamh idir iompróirí comhleanúnacha.

Airteagal 36

Ach amháin i gcás frithéilimh nó fritháirimh a ardófar i gcaingean a bhaineann le héileamh a bheidh bunaithe ar an gconradh iompair céanna, ní fhéadfar imeachtaí dlí a thionscnamh maidir le dliteanas i leith caillteanais, damáiste nó moille ach amháin i gcoinne an chéad iompróra, an iompróra dheireanaigh nó an iompróra a raibh an chuid sin den iompar á dhéanamh aige ar lena linn a tharla an teagmhas ba chúis leis an gcaillteanas, leis an damáiste nó leis an moill; féadfar caingean a thionscnamh an tráth céanna in aghaidh iompróirí éagsúla de na hiompróirí sin.

Airteagal 37

Beidh iompróir a mbeidh cúiteamh íoctha aige i gcomhlíonadh fhorálacha an Choinbhinsiúin seo i dteideal an cúiteamh sin, maille le hús air, agus na costais agus na caiteachais go léir a tabhaíodh de bhíthin an éilimh, a ghnóthú ó na hiompróirí eile a bhí páirteach san iompar, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) is é an t-iompróir a bhí freagrach as an gcaillteanas nó an damáiste, agus eisean amháin, a bheidh faoi dhliteanas i leith an chúitimh, cibé acu a íocann sé féin nó iompróir eile é;

(b) nuair is gníomh de chuid beirt iompróirí nó níos mó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an damáiste, íocfaidh gach duine acu méid a bheidh ar comhréir lena sciar den dliteanas; i gcás nach féidir an dliteanas a chionroinnt, beidh gach iompróir faoi dhliteanas i gcomhréir leis an sciar den íocaíocht as an iompar a bheidh dlite dó;

(c) mura féidir a fhionnadh cé acu iompróir a bhfuil an caillteanas nó an damáiste inchurtha ina leith, déanfar méid an chúitimh a chionroinnt idir na hiompróirí go léir mar atá leagtha síos in (b) thuas.

Airteagal 38

I gcás duine de na hiompróirí a bheith dócmhainneach, déanfar an sciar den chúiteamh a bheidh dlite de agus gan íoc aige a roinnt idir na hiompróirí eile i gcomhréir leis an sciar den íocaíocht as an iompar a bheidh dlite dóibh.

Airteagal 39

1. Ní bheidh aon iompróir a ndéantar éileamh ina choinne faoi airteagail 37 agus 38 i dteideal bailíocht na híocaíochta a rinne an t-iompróir a bheidh ag déanamh an éilimh a chur faoi dhíospóid más údarás breithiúnach a chinn méid an chúitimh tar éis fógra cuí i dtaobh na n-imeachtaí agus deis taifeadta láithris a bheith tugtha don iompróir céadluaite.

2. Iompróir ar mian leis imeachtaí a shaothrú chun a cheart gnóthaithe a fheidhmiú féadfaidh sé a éileamh a dhéanamh os comhair chúirt inniúil nó bhinse inniúil na tíre ina bhfuil gnáthchónaí ar dhuine de na hiompróirí lena mbaineann nó ina bhfuil príomh-áit ghnó an duine sin nó an brainse nó an ghníomhaireacht ar tríd nó tríthi a rinneadh an conradh iompair. Féadfar cosantóirí sa chaingean chéanna a dhéanamh de na hiompróirí go léir lena mbaineann.

3. Beidh feidhm ag forálacha airteagal 31, míreanna 3 agus 4, maidir le breithiúnais a thaifeadtar sna himeachtaí dá dtagraítear in airteagail 37 agus 38.

4. Beidh feidhm ag forálacha airteagal 32 maidir le héilimh idir iompróirí. Tiocfaidh an tréimhse teorann i bhfeidhm, áfach, ar dháta an chinnidh bhreithiúnaigh dheireanaigh lena socraítear méid an chúitimh is iníoctha faoi fhorálacha an Choinbhinsiúin seo, nó, mura ndéantar aon chinneadh breithiúnach den sórt sin, ó dháta iarbhír na híocaíochta.

Airteagal 40

Beidh cead ag iompróirí aontú eatarthu féin maidir le forálacha seachas na forálacha sin a leagtar síos in airteagail 37 agus 38.

CAIBIDIL VII

Coinníollacha atá contrártha don Choinbhinsiún a neamhniú

Airteagal 41

1. Faoi réir fhorálacha airteagal 40, aon choinníoll a mhaolódh go díreach nó go hindíreach forálacha an Choinbhinsiúin seo beidh sé ar neamhní. Ní bheidh na forálacha eile den chonradh ar neamhní mar gheall ar choinníoll den sórt sin a bheith ar neamhní.

2. Go sonrach, beidh sochar árachais i bhfabhar an iompróra nó aon chlásal eile dá shamhail, nó aon chlásal a aistríonn an dualgas cruthúnais, ar neamhní.

CAIBIDIL VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 42

1. Tá an Coinbhinsiún seo ar oscailt lena shíniú nó le haontú dó ag tíortha is baill den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip agus ag tíortha a ligtear isteach sa Choimisiún i gcáil chomhchomhairliúcháin faoi mhír 8 de théarmaí tagartha an Choimisiúin.

2. Na tíortha sin a ghlacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí áirithe den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de réir mhír 11 de théarmaí tagartha an Choimisiúin, féadfaidh siad teacht chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún seo trí aontú dó tar éis dó teacht i bhfeidhm.

3. Beidh an Coinbhinsiún ar oscailt lena shíniú go dtí 31 Lúnasa 1956, agus an dáta sin san áireamh. Dá éis sin, beidh sé ar oscailt chun aontú dó.

4. Daingneofar an Coinbhinsiún seo.

5. Cuirfear daingniú nó aontachas i gcrích trí ionstraim a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

Airteagal 43

1. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis do chúig thír de na tíortha dá dtagraítear in airteagal 42, mír 1, a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

2. I gcás aon tíre a dhaingneoidh an Coinbhinsiún seo nó a aontóidh dó tar éis do chúig thír a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis don tír sin a hionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 44

1. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach an Coinbhinsiún seo a shéanadh trí fhógra faoi sin a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

2. Glacfaidh séanadh éifeacht dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí an fógra faoin séanadh.

Airteagal 45

Más rud é, tar éis don Choinbhinsiún seo teacht i bhfeidhm, go laghdófar an líon Páirtithe Conarthacha, de thoradh séantaí, go dtí líon is lú ná cúig, scoirfidh an Coinbhinsiún de bheith i bhfeidhm ón dáta a nglacfaidh an séanadh is deireanaí den sórt sin éifeacht.

Airteagal 46

1. Féadfaidh aon tír, an tráth a thaiscfidh sí a hionstraim dhaingniúcháin nó aontachais, nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra a bheidh dírithe ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go mbeidh réim ag an gCoinbhinsiún seo maidir le gach críoch nó aon chríoch de na críocha a mbeidh sí freagrach ina gcaidreamh idirnáisiúnta. Beidh an chríoch nó na críocha a bheidh ainmnithe san fhógra faoi réim an Choinbhinsiúin amhail ón nóchadú lá tar éis don Ard-Rúnaí an fógra a fháil nó, mura mbeidh an Coinbhinsiún tagtha i bhfeidhm fós ar an lá sin, ón tráth a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2. Féadfaidh aon tír a mbeidh dearbhú déanta aici faoin mír sin roimhe seo ag tabhairt aon chríche a bhfuil sí freagrach ina caidreamh idirnáisiúnta faoi réim an Choinbhinsiúin seo an Coinbhinsiún a shéanadh go leithleach i leith na críche sin de réir fhorálacha airteagal 44.

Airteagal 47

Más rud é, maidir le haon díospóid idir dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó i dtaobh léiriú nó feidhmiú an Choinbhinsiúin seo, nach féidir leis na páirtithe í a réiteach trí chomhchaibidlí nó trí mhodhanna eile, féadfar, má iarrann aon cheann de na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann é, an díospóid a tharchur lena réiteach chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Airteagal 48

1. Féadfaidh gach Páirtí Conarthach, an tráth a shíneoidh nó a dhaingneoidh sé an Coinbhinsiún seo, nó a aontóidh sé dó, a dhearbhú nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag airteagal 47 den Choinbhinsiún. Ní bheidh Páirtithe Conarthacha eile faoi cheangal ag airteagal 47 maidir le haon Pháirtí Conarthach a mbeidh forchoimeádas den sórt sin taifeadta aige.

2. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach, tar éis dó forchoimeádas dá bhforáiltear i mír 1 a thaifeadadh, an forchoimeádas sin a tharraingt siar tráth ar bith trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

3. Ní cheadófar aon fhorchoimeádas eile leis an gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 49

1. Tar éis don Choinbhinsiún seo a bheith i bhfeidhm trí bliana, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a iarraidh go gcomórfar comhdháil d'fhonn an Coinbhinsiún a athbhreithniú. Tabharfaidh an tArd-Rúnaí fógra do gach Páirtí Conarthach i dtaobh na hiarrata agus comórfaidh an tArd-Rúnaí comhdháil athbhreithnithe más rud é, laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis an dáta a dtabharfaidh an tArd-Rúnaí an fógra, go dtabharfaidh líon nach lú ná an ceathrú cuid de na Páirtithe Conarthacha fógra dó go gcomhthoilíonn siad leis an iarraidh.

2. Má chomórtar comhdháil de réir na míre sin roimhe seo, tabharfaidh an tArd-Rúnaí fógra do na Páirtithe Conarthacha go léir agus tabharfaidh sé cuireadh dóibh cibé tograí is mian leo a bhreithneodh an chomhdháil a chur isteach laistigh de thréimhse trí mhí. Déanfaidh an tArd-Rúnaí an clár sealadach don chomhdháil maille le téacsanna na dtograí sin a scaipeadh ar na Páirtithe Conarthacha go léir trí mhí ar a laghad roimh an dáta a mbeidh an chomhdháil le teacht le chéile.

3. Tabharfaidh an tArd-Rúnaí cuireadh chuig aon chomhdháil a chomórfar de réir an airteagail seo do na tíortha go léir dá dtagraítear in airteagal 42, mír 1, agus do thíortha atá tagtha chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha faoi airteagal 42, mír 2.

Airteagal 50

I dteannta na bhfógraí dá bhforáiltear in airteagal 49, tabharfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe fógra do na tíortha dá dtagraítear in airteagal 42, mír 1, agus do na tíortha atá tagtha chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha faoi airteagal 42, mír 2, i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) daingniúcháin agus aontachais faoi airteagal 42;

(b) na dátaí a dtiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm de réir airteagal 43;

(c) séantaí faoi airteagal 44;

(d) foirceannadh an Choinbhinsiúin seo de réir airteagal 45;

(e) fógraí a bheidh faighte de réir airteagal 46;

(f) dearbhuithe agus fógraí a bheidh faighte de réir airteagal 48, míreanna 1 agus 2.

Airteagal 51

Tar éis an 31 Lúnasa, 1956, déanfar cóip bhunaidh an Choinbhinsiúin seo a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a tharchuirfidh cóipeanna dílse deimhnithe chuig gach tír de na tíortha a luaitear in airteagal 42, míreanna 1 agus 2.

MAR FHIANAISE AIR SIN, rinne na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar iad a bheith údaraithe go cuí chuige sin, an Coinbhinsiún seo a shíniú.

ARNA DHÉANAMH sa Ghinéiv, an naoú lá déag seo de Bhealtaine míle naoi gcéad caoga a sé, in aon chóip amháin sa Bhéarla agus sa Fhraincis, agus comhúdarás ag gach téacs acu.

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos).

CUID II

AN PRÓTACAL LEIS AN gCOINBHINSIÚN AR AN gCONR-ADH LE hAGHAIDH IOMPAR IDIRNÁISIÚNTA EARRAÍ DE BHÓTHAR (CMR) A RINNEADH SA GHINÉIV AN 5ú LÁ d'IÚIL, 1978

TÁ NA PÁIRTITHE SA PHRÓTACAL LÁITHREACH. AR PÁIRTITHE IAD sa Choinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR) a rinneadh sa Ghinéiv an 19 Bealtaine, 1956.

TAR ÉIS COMHAONTÚ mar a leanas:

Airteagal 1

Chun críche an Phrótacail láithrigh ciallaíonn “Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún ar an gConradh le haghaidh Iompar Idirnáisiúnta Earraí de Bhóthar (CMR).

Airteagal 2

Leasaítear Airteagal 23 den Choinbhinsiún mar a leanas:

(1) Cuirtear an téacs seo a leanas in ionad mhír 3:

“3. Ní rachaidh an cúiteamh, áfach, thar 8.33 aonad cuntais an cileagram d'ollmheáchan gearr.”

(2) Ag deireadh an airteagail seo cuirtear na míreanna 7, 8 agus 9 seo a leanas leis mar bhreis:

“7. Is é an t-aonad cuntais a luaitear sa Choinbhinsiún seo ná an Ceart Tarraingthe Speisialta mar a shainmhíníonn an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta é. Déanfar an méid atá luaite i mír 3 den airteagal seo a chomhshó in airgeadra náisiúnta an Stáit ina bhfuil an Chúirt ar os a comhair a bhí an cás agus sin ar bhonn luach an airgeadra sin ar dháta an bhreithiúnais nó ar an dáta ar a gcomhaontóidh na Páirtithe. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Stáit is ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, a ríomh de réir an mhodha luachála a chuireann an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta i bhfeidhm, a bheidh in éifeacht ar an dáta i gceist maidir lena oibríochtaí agus lena idirbhearta. Déanfar an luach, i dtéarmaí an Chirt Tarraingthe Speisialta, atá le hairgeadra náisiúnta Stáit nach ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, a ríomh ar mhodh a chinnfidh an Stát sin.

8. Mar sin féin, aon Stát nach ball den Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus nach gceadaítear dó, faoina dhlí, forálacha mhír 7 den airteagal seo a chur chun feidhme, féadfaidh sé a dhearbhú, an tráth a dhaingneoidh sé an Prótacal le CMR nó a n-aontóidh sé dó nó aon tráth dá éis sin, gur 25 aonad airgeadaíochta an teorainn dliteanais dá bhforáiltear i mír 3 den airteagal seo a bheidh le cur chun feidhme ina chríoch. Is ionann an t-aonad airgeadaíochta dá dtagraítear sa mhír seo agus 10/31 gram óir d'fhíneáltacht naoi gcéad as an míle. Is de réir dhlí an Stáit lena mbaineann a dhéanfar an méid atá sonraithe sa mhír seo a chomhshó san airgeadra náisiúnta.

9. An ríomh a luaitear san abairt dheireanach de mhír 7 den airteagal seo agus an comhshó a luaitear i mír 8 den airteagal seo, déanfar iad ar shlí go sloinnfear, a mhéid is féidir é, in airgeadra náisiúnta an Stáit, an fíorluach céanna don mhéid i mír 3 den airteagal seo a shloinntear ann in aonaid chuntais. Cuirfidh Stáit in iúl d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe an modh ríofa de bhun mhír 7 den airteagal seo nó toradh an chomhshó i mír 8 den airteagal seo, de réir mar a bheidh, nuair a bheidh ionstraim dá dtagraítear in airteagal 3 den Phrótacal le CMR á taisceadh acu agus aon uair a dhéanfar athrú ar cheachtar acu.”

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 3

1. Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú ag Stáit is sínitheoirí leis an gCoinbhinsiún nó a d'aontaigh don Choinbhinsiún agus is baill den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip nó is Stáit a ligeadh isteach sa Choimisiún sin i gcáil chomhchomhairliúcháin faoi mhír 8 de théarmaí tagartha an Choimisiúin sin.

2. Fanfaidh an Prótacal seo ar oscailt le go n-aontóidh aon Stát dó de na Stáit dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo ar Páirtithe iad sa Choinbhinsiún.

3. Na Stáit sin a ghlacfaidh páirt i ngníomhaíochtaí áirithe den Choimisiún Eacnamaíoch don Eoraip de réir mhír 11 de théarmaí tagartha an Choimisiúin sin, agus a mbeidh aontaithe acu don Choinbhinsiún, féadfaidh siad teacht chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha sa Phrótacal seo trí aontú dó tar éis dó teacht i bhfeidhm.

4. Beidh an Prótacal seo ar oscailt lena shíniú sa Ghinéiv ón 1 Meán Fómhair 1978 go dtí an 31 Lúnasa 1979, agus na dátaí sin san áireamh. Dá éis sin beidh sé ar oscailt le haontú dó.

5. Beidh an Prótacal seo faoi réir a dhaingnithe tar éis don Stát lena mbaineann aontú don Choinbhinsiún nó tar éis dó é a dhaingniú.

6. Cuirfear daingniú nó aontachas i gcrích trí ionstraim a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

7. Aon ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaiscfear tar éis leasú ar an bPrótacal láithreach a theacht i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha go léir nó tar éis chomhlánú na mbearta go léir is gá le go dtiocfadh an leasú i bhfeidhm maidir leis na Páirtithe Conarthacha go léir, measfar feidhm a bheith aici maidir leis an bPrótacal arna mhodhnú leis an leasú.

Airteagal 4

1. Tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis do chúig Stát de na Stáit dá dtagraítear in airteagal 3, míreanna 1 agus 2 den Phrótacal seo a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

2. I gcás aon Stáit a dhaingneoidh é nó a aontóidh dó tar éis do chúig Stát a n-ionstraimí daingniúcháin nó aontachais a thaisceadh, tiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm ar an nóchadú lá tar éis don Stát sin a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais a thaisceadh.

Airteagal 5

1. Féadfaidh aon Pháirtí Conarthach an Prótacal seo a shéanadh trí fhógra faoi sin a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

2. Tiocfaidh séanadh in éifeacht dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfaighidh an tArd-Rúnaí an fógra séanta.

3. Aon Pháirtí Conarthach a scoirfidh de bheith ina Pháirtí sa Choinbhinsiún scoirfidh sé ar an dáta céanna de bheith ina Pháirtí sa Phrótacal seo.

Airteagal 6

Más rud é, tar éis don Phrótacal seo teacht i bhfeidhm, go laghdófar an líon Páirtithe Conarthacha, de thoradh séantaí, go dtí líon is lú ná cúig, scoirfidh an Prótacal seo de bheith i bhfeidhm ón dáta a nglacfaidh an séanadh is deireanaí den sórt sin éifeacht. Scoirfidh sé freisin d'fheidhm a bheith aige ón dáta a scoirfidh an Coinbhinsiún d'fheidhm a bheith aige.

Airteagal 7

1. Féadfaidh aon Stát, an tráth a thaiscfidh sé a ionstraim dhaingniúcháin nó aontachais nó aon tráth dá éis sin, a dhearbhú trí fhógra a bheidh dírithe ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go mbeidh réim ag an bPrótacal seo maidir le gach críoch nó aon chríoch de na críocha a mbeidh sé freagrach ina gcaidreamh idirnáisiúnta agus a mbeidh dearbhú déanta ina leith aige de réir airteagal 46 den Choinbhinsiún. Beidh an chríoch nó na críocha a bheidh ainmnithe san fhógra faoi réim an Phrótacail seo amhail ón nóchadú lá tar éis don Ard-Rúnaí an fógra a fháil nó, mura mbeidh an Prótacal tagtha i bhfeidhm ar an lá sin, ón tráth a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

2. Féadfaidh aon Stát a mbeidh dearbhú déanta aige faoin mír sin roimhe seo ag tabhairt aon chríche a bhfuil sé freagrach ina caidreamh idirnáisiúnta faoi réim an Phrótacail seo an Prótacal a shéanadh go leithleach i leith na críche sin de réir fhorálacha airteagal 5 thuas.

Airteagal 8

Más rud é, maidir le haon díospóid idir dhá Pháirtí Chonarthacha nó níos mó i dtaobh léiriú nó feidhmiú an Phrótacail seo, nach féidir leis na Páirtithe í a réiteach trí chomhchaibidlí nó ar mhodhanna eile, féadfar, má iarrann aon cheann de na Páirtithe Conarthacha lena mbaineann é, an díospóid a tharchur lena réiteach chuig an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.

Airteagal 9

1. Féadfaidh gach Páirtí Conarthach, an tráth a shíneoidh nó a dhaingneoidh sé an Prótacal seo, nó a aontóidh sé dó, a dhearbhú, trí fhógra a bheidh dírithe ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, nach measann sé é féin a bheith faoi cheangal ag airteagal 8 den Phrótacal seo. Ní bheidh Páirtithe Conarthacha eile faoi cheangal ag airteagal 8 den Phrótacal seo maidir le haon Pháirtí Conarthach a mbeidh forchoimeádas den sórt sin taifeadta aige.

2. Féadfar an dearbhú dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo a tharraingt siar aon uair trí fhógra a bheidh dírithe ar Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe.

3. Ní cheadófar aon fhorchoimeádas eile leis an bPrótacal seo.

Airteagal 10

1. Tar éis don Phrótacal seo a bheith i bhfeidhm trí bliana, féadfaidh aon Pháirtí Conarthach, trí fhógra a thabhairt d'Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a iarraidh go gcomórfar comhdháil d'fhonn an Prótacal seo a athbhreithniú. Tabharfaidh an tArd-Rúnaí fógra do gach Páirtí Conarthach i dtaobh na hiarrata agus comórfaidh an tArd-Rúnaí comhdháil athbhreithnithe más rud é, laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis an dáta a dtabharfaidh an tArd-Rúnaí an fógra, go dtabharfaidh líon nach lú ná an ceathrú cuid de na Páirtithe Conarthacha fógra dó go gcomhthoilíonn siad leis an iarraidh.

2. Má chomórtar comhdháil de réir na míre sin roimhe seo, tabharfaidh an tArd-Rúnaí fógra do na Páirtithe Conarthacha go léir agus tabharfaidh sé cuireadh dóibh cibé tograí is mian leo a bhreithneodh an chomhdháil a chur isteach laistigh de thréimhse trí mhí. Déanfaidh an tArd-Rúnaí an clár sealadach don chomhdháil maille le téacsanna na dtograí sin a scaipeadh ar na Páirtithe Conarthacha go léir trí mhí ar a laghad roimh an dáta a mbeidh an chomhdháil le teacht le chéile.

3. Tabharfaidh an tArd-Rúnaí cuireadh chuig aon chomhdháil a chomórfar de réir an airteagail seo do na Stáit go léir dá dtagraítear in airteagal 3, míreanna 1 agus 2 agus do Stáit atá tagtha chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha faoi airteagal 3, mír 3, den Phrótacal seo.

Airteagal 11

I dteannta na bhfógraí dá bhforáiltear in airteagal 10, tabharfaidh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe fógra do na Stáit dá dtagraítear in airteagal 3, míreanna 1 agus 2 den Phrótacal seo, agus do na Stáit atá tagtha chun bheith ina bPáirtithe Conarthacha faoi airteagal 3, mír 3, den Phrótacal seo, i dtaobh na nithe seo a leanas:

(a) daingniúcháin agus aontachais faoi airteagal 3;

(b) na dátaí a dtiocfaidh an Prótacal seo i bhfeidhm de réir airteagal 4;

(c) teachtaireachtaí a bheidh faighte faoi airteagal 2, mír (2);

(d) séantaí faoi airteagal 5;

(e) foirceannadh an Phrótacail seo de réir airteagal 6;

(f) fógraí a bheidh faighte de réir airteagal 7;

(g) dearbhuithe agus fógraí a bheidh faighte de réir airteagal 9, míreanna 1 agus 2.

Airteagal 12

Tar éis an 31 Lúnasa, 1979, déanfar cóip bhunaidh an Phrótacail seo a thaisceadh le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, a tharchuirfidh cóipeanna dílse deimhnithe chuig gach Stát de na Stáit a luaitear in airteagal 3, míreanna 1, 2 agus 3 den Phrótacal seo.

ARNA DHÉANAMH sa Ghinéiv, an cúigiú lá seo d'Iúil míle naoi gcéad seachtó a hocht, in aon chóip amháin sa Bhéarla agus sa Fhraincis, agus comhúdarás ag gach téacs acu.

MAR FHIANAISE AIR SIN rinne na daoine a bhfuil a síniú anseo thíos, ar iad a bheith údaraithe go cuí chuige sin, an Prótacal seo a shíniú in ainm

(Sínithe thar ceann Stát áirithe anseo thíos.)

*Is iad seo a leanas na mínithe atá leagtha amach san airteagal seo, a mhéid atá siad ábhartha:—

Ciallaíonn “mótarfheithicil” aon fheithicil fhéinghluaiste a úsáidtear de ghnáth chun daoine nó earraí a iompar ar bhóthar, seachas feithiclí a ghluaiseann ar ráillí nó a bhíonn i gceangal le seoltáin leictreacha.

Ciallaíonn “feithicil altach” aon mhótarfheithicil lena ngabhann leantóir nach bhfuil aon acastóir tosaigh air agus atá i gceangal sa chaoi go bhfuil cuid den leantóir ar mhuiniompar ar an mótarfheithicil agus go n-iompraíonn an mhótarfheithicil cuid shubstaintiúil de mheáchan an leantóra agus dá ualach. Tabharfar “leath-leantóir” ar leantóir den sórt sin.

Ciallaíonn “leantóir” aon fheithicil atá deartha lena tarraingt ag mótarfheithicil.

*Cuireadh an mhír seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 23 le Prótacal 1978 leCMR (féach leathanach 78 ar leanúint):

“3. Ní rachaidh an cúiteamh, áfach, thar 8.33 aonad cuntais an cileagram d'ollmheáchan gearr.”

†Cuireadh isteach míreanna breise 7, 8 agus 9 in Airteagal 23 le Prótacal 1978 le CMR (féach leathanaigh 78 agus 80 ar leanúint).