21 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1990


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (TRUAILLIÚ UISCE) (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

3.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

4.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

5.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

6.

Achomhairc i ndáil le hailt 4 agus 7 den Phríomh-Acht.

7.

Cumhachtaí cúirteanna, údarás áitiúil agus bord réigiúnach i ndáil le hiarmhairtí truaillithe a mhaolú agus a leigheas.

8.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

9.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

10.

Cumhacht údaráis áitiúil truailliú a chosc agus a laghdú.

11.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

12.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

13.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

14.

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

15.

Achomhairc i ndáil le hailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht.

16.

Forálacha i ndáil le hachomhairc faoi ailt 8 agus 20 den Phríomh-Acht.

17.

Faisnéis d'údaráis áitiúla agus d'údaráis sláintíochta.

18.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

19.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

20.

Dliteanas sibhialta i leith truailliú.

21.

Gníomhaíochtaí talmhaíochta áirithe a rialáil agus a thoirmeasc.

22.

Cumhacht chun a dhearbhú gur séaraigh iad comhshilteáin chun críocha áirithe.

23.

Cionta faoin bPríomh-Acht agus faoin Acht seo ag stiúrthóirí, etc. de chuid comhlachtaí corpraithe.

24.

Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

25.

Forálacha i ndáil le cionta faoi ailt 171 agus 172 d'Acht 1959.

26.

Fíneálacha áirithe a íoc le húdaráis áitiúla, le húdaráis sláintíochta agus le boird réigiúnacha.

27.

Ionchúiseamh i gcionta áirithe.

28.

Costais ionchúiseamh.

29.

An tAire do ghlacadh comhairle i ndáil le rialacháin a dhéanamh.

30.

Aisghairm.

31.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú). 1959

1959, Uimh. 14

An tAcht Iascaigh, 1980

1980, Uimh. 1

An tAcht Imeall Trágha, 1933

1933, Uimh. 12

Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952

1952, Uimh. 5

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983

Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta). 1878 go 1964

An tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce). 1977

1977, Uimh. 1

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851. c. 93

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1990


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (TRUAILLIÚ UISCE) (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA RIALT-AIS ÁITIÚIL (TRUAILLIÚ UISCE), 1977 , AGUS (A MHÉID A BHAINEANN SÉ LE TRUAILLIÚ UISCE) AN ACHTA IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAIN-EANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Iúil, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 .

(2) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán dá éis (lena n-áirítear an tAcht seo) nó faoi.

Leasú ar alt 1 den Phríomh-Acht.

2. —Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Phríomh-Acht trí na mínithe ar “uiscíoch” agus “séarach” a scriosadh agus trí na mínithe seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “bord coimeádaithe”;

“ciallaíonn ‘uiscíoch’ aon stratam nó comhstratam a stórálann nó a sheolann screamhuisce;

ciallaíonn ‘comhshilteán’ píopa siltin, nó córas píopaí den sórt sin, nach bhfuil dílsithe d'údarás sláintíochta nó faoina rialú agus a úsáidtear chun eisilteach trádála nó ábhar eile (seachas uisce báistí) a iompar ó dhá áitreabh nó níos mó go dtí aon uiscí nó go dtí séarach;

tá le ‘réigiún iascaigh’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht lascaigh, 1980, agus folaíonn sé Limistéar an Fheabhail, de réir bhrí Achta Iascaigh an Fheabhail, 1952 ;

tá le ‘bord réigiúnach’ an bhrí a shanntar dó leis an Acht Iascaigh, 1980 , agus folaíonn sé Coimisiún Iascaigh an Fheabhail;

ciallaíonn ‘séarach’ séarach de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964, atá dílsithe d'údarás sláintíochta nó faoina rialú agus folaíonn sé oibreacha cóireála séarachta, agus oibreacha diúscartha séarachta, atá dílsithe d'údarás sláintíochta nó faoina rialú;”.

Leasú ar alt 3 den Phríomh-Acht.

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Is cosaint é ar chúiseamh go ndearnadh cion faoin alt seo má chruthaíonn an cúisí gur ghlac sé gach cúram réasúnach chun an dul amach in uiscí lena mbaineann an cúiseamh a chosc trí shaoráidí a chur ar fáil, a chothabháil, a úsáid, a oibriú agus a mhaoirsiú, nó trí fheidhm a bhaint as cleachtais nó modhanna oibriúcháin, a bhí oiriúnach chun an dul amach sin a chosc.”, agus

(b) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (5)—

“(a) (i) le scardadh eisiltigh trádála nó eisiltigh séarachta a dhéantar faoi réim agus de réir ceadúnais faoi alt 4;

(ii) le scardadh eisiltigh séarachta as séarach: Ar choinníoll, i gcás caighdeán a bhaineann leis an eisilteach a bheith forordaithe faoi alt 26, go bhfuil an scardadh de réir an chaighdeáin sin;

(iii) le scardadh eisiltigh trádála nó eisiltigh séarachta lena mbaineann rialacháin faoi alt 4 (10): Ar choinníoll, i gcás caighdeán a bhaineann leis an eisilteach a bheith forordaithe faoi alt 26, go bhfuil an scardadh de réir an chaighdeáin sin;

(aa) le haon dul amach a údaraítear le hachtachán, nó faoi achtachán, a shonraítear sa Tábla a ghabhann le fo-alt (6);”.

(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire eile den Rialtas ar dóigh leis, ag féachaint dá fheidhmeanna, gur chóir dul i gcomhairle leis, na díolúintí go léir nó aon cheann de na díolúintí a shonraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d'alt 3 den Phríomh-Acht a shrianadh nó coinníollacha a chur ag gabháil leo nó iad a aisghairm.

(b) I gcás ina mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

(3) Déanfar aon tagairt d'Acht 1959 in aon achtachán a shonraítear sa Tábla a ghabhann le halt 3 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fho-alt (1) den alt sin.

Leasú ar alt 6 den Phríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas—

(a) táille de cibé méid a bheidh sonraithe a íoc le húdarás áitiúil maidir le hiarratas chuige ar cheadúnas faoi alt 4, agus

(b) táille de cibé méid a bheidh sonraithe a íoc leis an mBord Pleanála maidir le hachomharc chuige faoi alt 8,

agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas—

(i) íoc táillí de mhéideanna éagsúla maidir le haicmí éagsúla d'iarratais agus d'achomhairc den sórt sin a dúradh.

(ii) díolúine ó íoc táillí dá bhforáiltear faoi mhír (a) nó (b) i cibé imthosca a bheidh sonraithe,

(iii) aon táillí den sórt sin a dúradh a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) i cibé imthosca a bheidh sonraithe, agus

(iv) an modh ina bhféadfar na táillí sin a dhiúscairt.

(2B) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás áitiúil i leith iarratas ar cheadúnas faoi alt 4, ní thabharfaidh an t-údarás áitiúil aird ar an iarratas mura bhfaighidh an t-údarás áitiúil an táille.

(2C) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála i leith achomhairc faoi alt 8, ní thabharfar aird ar an achomharc mura bhfaighidh an Bord Pleanála an táille roimh dheireadh na tréimhse forordaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

(2D) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála i leith achomhairc faoi alt 8 agus, maidir leis an duine a bhfuil an táille iníoctha aige, nach é an t-iarratasóir é ar an gceadúnas lena mbaineann an t-achomharc, ná an duine nó duine de na daoine a thionscain an t-achomharc, ní thabharfaidh an Bord Pleanála aird ar aighneachtaí ná ar bharúlachtaí i ndáil leis an achomharc ón duine, nó thar ceann an duine, a bhfuil an táille iníoctha aige mura bhfaighidh an Bord Pleanála an táille.

(2E) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála i leith iarrata go dtabharfaí éisteacht ó bhéal d'achomharc, ní bhreithneoidh an Bord Pleanála an iarraidh mura bhfaighidh an Bord Pleanála an táille.”.

Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht.

5. —Leasaítear leis seo alt 7 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon choinníll i gceadúnas faoi alt 4, féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh aon cheadúnas den sórt sin é a athbhreithniú tráth ar bith más rud é—

(a) go mbeidh forais réasúnacha ag an údarás áitiúil chun a chreidiúint go bhfuil an scardadh a údaraítear leis an gceadúnas, nó gur dóigh dó a bheith, dochrach do shláinte an phobail nó go ndéanann sé na huiscí lena mbaineann, nó gur dóigh dó iad a dhéanamh, neamhoiriúnach d'úsáidí tís, tráchtála, tionscail, iascaigh (lena n-áirítear feirmeoireacht éisc), talmhaíochta nó áineasa,

(b) go mbeidh athrú ábhartha tagtha ar nádúr nó ar thoilleadh an scardaidh,

(c) go mbeidh athrú ábhartha ann i ndáil leis na huiscí a bhfuil an scardadh á dhéanamh amach iontu,

(d) go bhfuil faisnéis bhreise ar fáil, ón dáta ar ar deonaíodh an ceadúnas, i ndáil le hábhar truailliúcháin atá sa scardadh lena mbaineann nó i ndáil le hiarmhairtí an ábhair sin, nó

(e) go ndéanfaidh an ceadúnaí iarratas chuig an údarás áitiúil lena mbaineann chun an ceadúnas a athbhreithniú.

(2A) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon choinníll i gceadúnas faoi alt 4, i gcás rialacháin a bheith i bhfeidhm faoi alt 26 déanfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh ceadúnas den sórt sin, a bhaineann le heisilteach nó le huiscí lena mbaineann na rialacháin, an ceadúnas sin a athbhreithniú—

(a) i gcás ina raibh sé i bhfeidhm roimh thosach feidhme na rialachán, a luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme sin agus, dá éis sin, i gceann cibé tréimhsí a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(b) in aon chás eile, i gceann cibé tréimhsí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) Ar athbhreithniú faoin alt seo a bheith críochnaithe, féadfaidh údarás áitiúil aon choinníoll de chuid an cheadúnais a leasú nó a scriosadh, nó coinníollacha nó coinníollacha breise a chur ag gabháil leis an gceadúnas. nó an ceadúnas a chúlghairm; agus má bheartaíonn an t-údarás áitiúil cumhacht mar a dúradh a fheidhmiú, déanfaidh sé amhlaidh a luaithe is féidir tar éis dó an t-athbhreithniú iomchuí faoin alt seo a chríochnú.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh freisin i ndáil le haon ní díobh seo a leanas:

(i) táillí de cibé méideanna a bheidh sonraithe sna rialacháin i ndáil le hathbhreithnithe ar cheadúnais a íoc le húdaráis áitiúla,

(ii) íoc táillí de mhéideanna éagsúla i leith aicmí éagsúla d'athbhreithnithe den sórt sin mar a dúradh,

(iii) díolúine ó íoc na dtáillí sin i cibé imthosca a bheidh sonraithe,

(iv) na táillí sin a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) i cibé imthosca a bheidh sonraithe, agus

(v) an modh ina bhféadfar na táillí sin a dhiúscairt.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás áitiúil, ní sheolfaidh an t-údarás áitiúil an t-athbhreithniú a bhfuil an táille iníoctha i ndáil leis go dtí go mbeidh sí faighte ag an údarás áitiúil.”.

Achomhairc i ndáil le hailt 4 agus 7 den Phríomh-Acht.

6. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 8 den Phríomh-Acht:

“8.—(1) (a) Féadfaidh duine, roimh dheireadh cibé tréimhse a bheidh forordaithe, achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Pleanála i ndáil le—

(i) ceadúnas faoi alt 4 a dheonú, diúltú é a dheonú, nó é a chúlghairm,

(ii) coinníollacha nó coinníollacha breise a chur ag gabháil le ceadúnas den sórt sin, nó

(iii) leasú nó scriosadh aon choinníll atá ag gabháil le ceadúnas den sórt sin,

ag údarás áitiúil.

(b) Beidh éifeacht le gníomh de chuid údaráis áitiúil dá dtagraítear i mír (a)—

(i) i gcás nach dtionscnaítear achomharc ina choinne, ar an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) a bheith caite,

(ii) i gcás go dtionscnaítear achomharc ina choinne agus nach é cinneadh críochnaitheach an achomhairc an gníomh a chur ar ceal, de réir an chinnidh chríochnaithigh sin,

(iii) i gcás go dtionscnaítear achomharc nó achomhairc ina choinne agus go ndéantar an t-achomharc nó na hachomhairc a tharraingt siar—

(I) má tá an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) caite, ar an tarraingt siar sin, agus

(II) mura bhfuil an tréimhse sin a dúradh caite, ar í a bheith caite.

(2) Tar éis don Bhord Pleanála achomharc faoin alt seo a bhreithniú, ceadóidh sé an t-achomharc nó diúltóidh sé dó (de réir mar is cuí leis) agus féadfaidh sé aon ordachán is dóigh leis is iomchuí, de dhroim an chinnidh atá déanta aige, a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann (lena n-áirítear ordachán á ordú go ndéanfar coinníoll sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas lena mbaineann nó a leasú nó a scriosadh) agus déanfaidh údarás áitiúil de réir aon ordacháin den sórt sin.”.

(2) Aon achomhairc a bheidh tionscanta faoi alt 8 den Phríomh-Acht agus nach mbeidh cinnte go críochnaitheach ar thosach feidhme an ailt seo, leanfar leo agus cinnfear iad ionann is dá mbeidís tionscanta amhlaidh tar éis an tosach feidhme sin.

Cumhachtaí cúirteanna, údarás áitiúil agus bord réigiúnach i ndáil le hiarmhairtí truaillithe a mhaolú agus a leigheas.

7. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 10 den Phríomh-Acht:

“10.—(1) (a) Más rud é, ar iarratas ó aon duine chuig an gcúirt iomchuí, bíodh nó ná bíodh leas ag an duine sna huiscí lena mbaineann, gur deimhin leis an gcúirt sin go bhfuil duine eile—

(i) ag cur faoi deara nó ag ceadú, nó tar éis cur faoi deara nó tar éis ceadú, ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí agus nach dul amach lena mbaineann alt 3 (5) agus nach dul amach faoi réim agus de réir ceadúnais faoi alt 171 d'Acht 1959 an dul amach atá nó a bhí i gceist, nó

(ii) ag scardadh eisiltigh trádála nó eisiltigh séarachta amach in uiscí nó á chur sin faoi deara nó á cheadú, nó tar éis scardadh den sórt sin a dhéanamh, a chur faoi deara nó a cheadú, agus nach scardadh lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 4 agus nach scardadh faoi réim agus de réir ceadúnais faoin alt sin nó faoin alt sin 171 an scardadh atá nó a bhí i gceist,

féadfaidh an chúirt sin ordú a dhéanamh á ordú don duine eile sin aon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá:

(I) deireadh a chur leis an dul amach nó leis an scardadh laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, nó

(II) aon iarmhairtí ón dul amach nó ón scardadh lena mbaineann a mhaolú nó a leigheas i cibé slí agus laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, nó

(III) méid sonraithe a íoc leis an iarratasóir nó le cibé duine eile a bheidh sonraithe san ordú chun íoc as na costais go léir, nó as cuid d'aon chostais, a thabhaigh an t-iarratasóir nó an duine eile sin ag imscrúdú, ag maolú nó ag leigheas na n-iarmhairtí ón dul amach nó ón scardadh lena mbaineann.

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘cúirt iomchuí’, i ndáil le hiarratas faoi mhír (a) —

(i) i gcás nach mó ná £2,500 an costas measta as déanamh de réir an ordaithe lena mbaineann an t-iarratas, an Chúirt Dúiche,

(ii) i gcás nach mó ná £15,000 an costas measta sin a dúradh, an Chúirt Chuarda, agus

(iii) in aon chás, an Ard-Chúirt.

(c)  (i) Más rud é, i ndáil le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Dúiche, go dtiocfaidh an chúirt sin, le linn an t-iarratas a éisteacht, chun bheith den tuairim go rachaidh an costas measta sin a dúradh thar £2,500, féadfaidh sí, más cuí léi, an t-iarratas a aistriú go dtí an Chúirt Chuarda nó go dtí an Ard-Chúirt, cibé cúirt acu is dóigh léi is iomchuí ag féachaint don chostas measta sin a dúradh.

(ii) Más rud é, i ndáil le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda, go dtiocfaidh an chúirt sin, le linn an t-iarratas a éisteacht, chun bheith den tuairim go rachaidh an costas measta sin a dúradh thar £15,000, féadfaidh sí, más cuí léi, an t-iarratas a aistriú le hordú go dtí an Ard-Chúirt.

(iii) Ní dochar an mhír seo do dhlínse cúirte (arb í an Chúirt Dúiche nó an Chúirt Chuarda í) chun iarratas a chinneadh faoin alt seo ar iarratas é arbh í an chúirt iomchuí í i ndáil leis an tráth a ndearnadh an t-iarratas.

(d) Tionscnófar iarratas faoin alt seo ar an tslí achomair.

(e) Féadfaidh cúirt, más cuí léi é, cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach is dóigh léi is cuí a dhéanamh in imeachtaí faoin alt seo agus, i gcás ina n-aistreofar iarratas faoi mhír (c), measfar gurbh í an chúirt chuig a n-aistrítear é a rinne aon ordú a bheidh déanta faoin mír seo ag an gcúirt óna n-aistrítear amhlaidh é sna himeachtaí i ndáil leis an iarratas.

(2) Gan dochar d'aon chumhacht atá ag cúirt orduithe a bheidh déanta aici a fhorfheidhmiú, beidh duine nach gcomhlíonfaidh ordú faoi fho-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.

(3) (a) Ní dhéanfaidh cúirt ordú faoin alt seo gan caoi a thabhairt don duine atá ainmnithe san ordú éisteacht a fháil sa chúirt sna himeachtaí a bhaineann leis an iarratas ar an ordú.

(b) Féadfaidh an chúirt áirithe cibé ordú a dhéanamh is dóigh léi is cuí i dtaobh costas na bpáirtithe, nó na ndaoine a fhaigheann éisteacht sa chúirt, in imeachtaí a bhaineann le hiarratas ar ordú faoin alt seo.

(4) (a) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine ordú faoi fho-alt (1) féadfaidh an t-údarás áitiúil, nó an bord réigiúnach, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá na huiscí lena mbaineann, aon bhearta a bheidh sonraithe san ordú a dhéanamh chun na hiarmhairtí ón dul amach nó ón scardadh lena mbaineann a mhaolú nó a leigheas.

(b) Beidh méid aon chaiteachais a thabhóidh údarás áitiúil nó bord réigiúnach, i ndáil le bearta arna nglacadh aige faoi mhír (a), ina fhiach conartha shimplí a bheidh dlite don údarás nó don bhord, de réir mar a bheidh, den duine ar ina leith a rinneadh an t-ordú faoi fho-alt (1) agus féadfaidh an t-údarás nó an bord é a ghnóthú ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Féadfaidh údarás áitiúil fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar dhuine—

(a) atá ag cur faoi deara nó ag ceadú ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí agus nach dul amach lena mbaineann alt 3 (5) agus nach dul amach faoi réim agus de réir ceadúnais faoi alt 171 d'Acht 1959 an dul amach atá i gceist, nó

(b) atá ag cur faoi deara nó ag ceadú eisilteach trádála nó eisilteach séarachta a scardadh amach in uiscí agus nach scardadh lena mbaineann alt 4 (2), agus nach scardadh faoi réim agus de réir ceadúnais faoin alt sin nó faoin alt sin 171, an scardadh atá i gceist,

á cheangal air deireadh a chur leis an dul amach nó leis an scardadh lena mbaineann laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus á cheangal aon iarmhairtí ón dul amach nó ón scardadh sin a mhaolú nó a leigheas i cibe slí agus laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

(6) I gcás nach gcomhlíonfaidh duine fógra faoi fho-alt (5), féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann aon bhearta a dhéanamh is dóigh leis is gá chun deireadh a chur leis an dul amach nó leis an scardadh lena mbaineann agus chun aon iarmhairtí ón gcéanna a mhaolú nó a leigheas agus beidh méid aon chaiteachais a thabhóidh sé i ndáil le haon bhearta den sórt sin ina fhiach conartha shimplí a bheidh dlite den duine dó agus féadfaidh sé é a ghnóthú ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(7) (a) Aon iarratas faoi fho-alt (1) chun na Cúirte Dúiche déanfar é chuig an mbreitheamh den Chúirt Dúiche don dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil na huiscí lena mbaineann nó ina bhfuil an talamh nó an t-áitreabh eile as a ndéantar an dul amach nó an scardadh lena mbaineann.

(b) Aon iarratas faoi fho-alt (1) chun na Cúirte Cuarda déanfar é chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil na huiscí lena mbaineann nó ina bhfuil an talamh nó an t-áitreabh eile as a ndéantar an dul amach nó an scardadh lena mbaineann.

(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (5), féadfar a cheangal le hordú faoi fho-alt (1) nó le fógra faoi fho-alt (5)—

(a) stoic éisc a athsholáthar,

(b) leapacha sceite a athshuíomh,

(c) bearta a dhéanamh chun cosc a chur ar dhuine leanúint leis an dul amach nó leis an scardadh lena mbaineann an t-ordú nó an fógra,

(d) ábhar truailliúcháin a bhaint amach as uiscí,

(e) uiscí a ndearnadh dochar dóibh a chóireáil ar chaoi a mhaolóidh nó a leigheasfaidh na hiarmhairtí ón dui amach nó ón scardadh lena mbaineann,

(f) malairt comhshocruithe a dhéanamh chun uisce a sholáthar le haghaidh úsáidí tís, tráchtála, tionscail, iascaigh (lena n-áirítear feirmeoireacht éisc), talmhaíochta nó áineasa nó méid sonraithe a íoc leis an údarás sláintíochta nó leis an duine eile lena mbaineann faoi chomhair na gcostas go léir nó cuid de na costais a bhaineann leis na comhshocruithe sin,

(g) aon damáiste a rinneadh do ghléasra nó do threalamh, nó d'aon oibreacha astógála nó cóireála uisce, agus aon chaillteanais iarmhartacha a thabhaigh aon duine mar gheall ar ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí, a chur ina cheart.

(9) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) agus féadfar fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (5) d'ainneoin nár tionscnaíodh ionchúiseamh faoi alt 3 nó 4 maidir leis an dul amach nó an scardadh iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (5), de réir mar is cuí.”.

Leasú ar alt 11 den Phríomh-Acht.

8. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Más rud é, ar iarratas ó aon duine chun na hArd-Chúirte, bíodh nó ná bíodh leas ag an duine sin sna huiscí lena mbaineann, gur deimhin leis an gCúirt sin—

(a) go bhfuiltear, go rabhthas nó gur dóigh go mbeifear ag cur faoi deara nó ag ceadú ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí agus nach dul amach lena mbaineann nó lena mbainfeadh alt 3 (5) agus nach dul amach faoi réim agus de réir ceadúnais faoi alt 171 d'Acht 1959 an dul amach atái gceist,

(b) go bhfuiltear, go rabhthas nó gur dóigh go mbeifear ag scardadh eisiltigh trádála nó eisiltigh séarachta amach in uiscí nó á chur sin faoi deara nó á cheadú agus nach scardadh lena mbaineann nó lena mbainfeadh fo-alt (2) d'alt 4 agus nach scardadh faoi réim agus de réir ceadúnais faoin alt sin nó faoin alt sin 171 an scardadh, nó

(c) go bhfuil ábhar truailliúcháin tar éis éalú, ag éalú nó gur dóigh dó éalú, de thaisme, as áitreabh amach in uiscí,

féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú—

(i) a thoirmeasc ar aon duine a chur faoi deara nó a cheadú, nó leanúint de bheith ag cur faoi deara nó de bheith ag ceadú, ábhar truailliúcháin do dhul amach sna huiscí nó eisilteach trádála nó eisilteach séarachta a scardadh mar a dúradh amach sna huiscí,

(ii) a cheangal ar aon duine a bhfuil ábhar truailliúcháin nó eisilteach trádála nó eisilteach séarachta ina choimeád nó faoina rialú bearta sonracha a chur i gcrích chun cosc a chur le dul amach nó scardadh dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó le tarlú leanúnach nó le hatarlú an dul amach nó an scardaidh sin,

(iii) d'fhonn dul amach nó scardadh den chineál a dúradh a chosc, nó d'fhonn tarlú leanúnach nó atarlú an chéanna a chosc, nó d'fhonn aon bhaol a sheachaint go ndéanfaidh duine a bhfuil ábhar truailliúcháin nó eisilteach trádála nó eisilteach séarachta ina choimeád nó faoina rialú dul amach nó scardadh den chineál a dúradh a chur faoi deara nó a cheadú, a cheangal ar an duine aon ghníomh sonraithe a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh nó éirí as é a dhéanamh nó staonadh ó aon neamhghníomh sonraithe a dhéanamh nó éirí as é a dhéanamh,

(iv) d'fhonn an t-éalú a dúradh a chosc nó d'fhonn tarlú leanúnach nó atarlú an éalaithe sin a chosc, a cheangal ar áititheoir an áitribh sin a dúradh bearta sonraithe a dhéanamh agus, d'fhonn aon bhaol go dtarlóidh éalú den sórt sin a sheachaint, a cheangal ar an áititheoir aon ghníomh sonraithe a dhéanamh nó staonadh óna dhéanamh nó éirí as é a dhéanamh nó staonadh ó aon neamhghníomh sonraithe a dhéanamh nó éirí as é a dhéanamh, agus

(v) cibé foráil eile a dhéanamh is dóigh leis an gCúirt is cuí.

(1A) Féadfar iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1) d'ainneoin nár tionscnaíodh ionchúiseamh faoi alt 3 nó 4 maidir leis an dul amach nó an scardadh iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1).”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

9. —Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) D'ainneoin fho-alt (2), féadfar, le fógra faoin bhfo-alt seo, i dteannta nó in ionad an fo-alt sin a chomhlíonadh—

(a) seoladh aon ghníomhaíochta, cleachtais nó úsáid áitribh a mbeadh de thoradh air, i dtuairim an údaráis áitiúil lena mbaineann, ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí, a rialáil nó a shrianadh i cibé slí agus go feadh cibé méid agus go ceann cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra nó an seoladh sin a chur faoi réir coinníollacha sonraithe, agus

(b) a cheangal go soláthrófar, go n-athlonnófar nó go n-athrófar saoráidí chun ábhar truailliúcháin a bhailiú nó a stóráil.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) Féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra faoin alt seo uiríll i scríbhinn a dhéanamh chun an údaráis áitiúil lena mbaineann maidir le téarmaí an fhógra laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus féadfaidh an t-údarás, tar éis aon uiríll den sórt sin a bhreithniú, aon fhoráil san fhógra (lena n-áirítear an fhoráil a bhaineann le fo-alt (2) (c)) a leasú nó féadfaidh sé an fógra a dhaingniú nó a chúlghairm agus cuirfidh sé in iúl don duine go bhfuil an leasú, an daingniú nó an chúlghairm sin déanta.”.

Cumhacht údaráis áitiúil truailliú a chosc agus a laghdú.

10. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 13 den Phríomh-Acht:

“13.—(1) I gcás ar dealraitheach d'údarás áitiúil nó d'údarás sláintíochta gur gá déanamh amhlaidh—

(a) chun ábhar truailliúcháin a chosc ar dhul amach in aon uiscí nó go dtí aon silteán nó séarach atá curtha ar fáil chun uisce báistí ina limistéar feidhmiúcháin a ghlacadh nó a dhiúscairt, agus chuige sin amháin,

(b) chun ábhar truailliúcháin a bhaint as aon uiscí, silteán nó séarach den sórt sin,

(c) chun ábhar truailliúcháin in uiscí lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin a chosc ar an limistéar sin, nó ar aon trá mhara (de réir bhrí an Achta Imeall Trágha, 1933 ) atá tadhlach leis an limistéar sin, a dhochrú, nó

(d) chun iarmhairtí aon ábhair truailliúcháin in aon uiscí. silteán nó séarach den chineál a dúradh a mhaolú nó a leigheas i ndáil lena limistéar feidhmiúcháin nó le haon trá mhara den chineál a dúradh,

féadfaidh sé cibé bearta a dhéanamh (lena n-áirítear cúnamh a thabhairt, cibé acu cúnamh airgid nó cúnamh eile, do dhaoine eile agus a chur faoi deara do dhaoine eile bearta a dhéanamh) is dóigh leis is cuí chun na gcríoch sin agus féadfaidh sé aon ábhar truailliúcháin den sórt sin a dhiúscairt i cibé slí a mheasfaidh sé is iomchuí.

(2) Sa mhéid (más aon mhéid é) gurbh iad gníomhartha nó neamhghníomhartha duine (ba ghníomhartha nó neamhghníomhartha ar chóir le réasún don duine a shamhlú go dtabharfaidís nó go bhféadfaidís a thabhairt ar an údarás na bearta a dhéanamh) a thug ar údarás áitiúil nó ar údarás sláintíochta aon bhearta a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an t-údarás an caiteachas a thabhaigh an t-údarás i ndáil leis na bearta a ghnóthú ón duine mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”.

Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht.

11. —Leasaítear leis seo alt 15 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Féadfaidh dhá údarás áitiúla nó níos mó, i gcomhpháirt, plean bainistithe cáilíochta uisce a dhéanamh i ndáil le huiscí a bhfuil cuid díobh i limistéar feidhmiúcháin gach údaráis áitiúil acu nó tadhlach leis.

(3A) Féadfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla a rinne plean bainistithe cáilíochta uisce é a athchóiriú nó plean eile a chur ina ionad.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):

“(6) A luaithe is féidir tar éis plean faoin alt seo a dhéanamh nó a athchóiriú nó tar éis plean eile a chur ina ionad, déanfaidh an t-údarás áitiúil áirithe cóip den phlean arna dhéanamh nó arna athchóiriú amhlaidh, nó cóip den phlean a cuireadh ina ionad, a thabhairt don Aire agus d'Aire na Mara agus d'aon údarás áitiúil, údarás sláintíochta nó bord réigiúnach a bhfuil a limistéar feidhmiúcháin tadhlach leis na huiscí lena mbaineann an plean nó a ndéanfadh comhlíonadh a fheidhmeanna difear d'fheidhmiú an phlean nó a ndéanfadh feidhmiú an phlean difear do chomhlíonadh a fheidhmeanna.”.

Leasú ar alt 16 den Phríomh-Acht.

12. —Leasaítear leis seo alt 16 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (4):

“(b) socrú a dhéanamh go n-íocfaidh sealbhóir an cheadúnais leis an údarás sláintíochta áirithe cibé méid nó méideanna a chinnfidh an t-údarás sláintíochta ag féachaint don chaiteachas a thabhaigh nó a thabhóidh sé i ndáil le faireachán, cóireáil agus diúscairt a dhéanamh ar eisilteach trádála, eisilteach séarachta agus ábhar eile a scardtar amach i séaraigh ina limistéar feidhmiúcháin nó i gcuid shonraithe dá limistéar feidhmiúcháin.”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13):

“(13A) I gcás nach gcomhlíonfar fógra faoin alt seo, beidh an duine ar ar seirbheáladh é ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

Leasú ar alt 17 den Phríomh-Acht.

13. —Leasaítear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon choinníll i gceadúnas faoi alt 16, féadfaidh an t-údarás sláintíochta a dheonaigh aon cheadúnas den sórt sin é a athbhreithniú tráth ar bith más rud é—

(a) go mbeidh forais réasúnacha ag an údarás sláintíochta chun a chreidiúint go bhfuil an scardadh a údaraítear leis an gceadúnas, nó gur dóigh dó a bheith, dochrach do shláinte an phobail nó go ndéanann sé na huiscí a scardann an séarach áirithe amach iontu, nó gur dóigh dó iad a dhéanamh, neamhoiriúnach d'úsáidí tís, tráchtála, tionscail, iascaigh (lena n-áirítear feirmeoireacht éisc), talmhaíochta nó áineasa,

(b) go mbeidh athrú ábhartha tagtha ar nádúr nó ar thoilleadh an scardaidh,

(c) go mbeidh athrú ábhartha ann i ndáil leis na huiscí a bhfuil an séarach lena mbaineann ag scardadh amach iontu,

(d) go bhfuil faisnéis bhreise ar fáil, ón dáta ar ar deonaíodh an ceadúnas, i ndáil le hábhar truailliúcháin atá sa scardadh lena mbaineann nó i ndáil le hiarmhairtí an ábhair sin, nó

(e) go ndéanfaidh an ceadúnaí iarratas chuig an údarás sláintíochta lena mbaineann chun an ceadúnas a athbhreithniú.

(2A) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon choinníll i gceadúnas faoi alt 16, i gcás rialacháin a bheith i bhfeidhm faoi alt 26 a bhaineann le heisilteach trádála nó eisilteach séarachta as séarach nó le huiscí a scardann séarach amach iontu, déanfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh ceadúnas den sórt sin a bhaineann leis an eisilteach trádála nó a údaraíonn eisilteach trádála a scardadh amach i séarach, an ceadúnas sin a athbhreithniú—

(a) i gcás ina raibh sé i bhfeidhm roimh thosach feidhme na rialachán, a luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme sin agus, dá éis sin, i gceann cibé tréimhsí a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus

(b) in aon chás eile, i gceann cibé tréimhsí a bheidh sonraithe sna rialacháin.

(3) Ar athbhreithniú faoin alt seo a bheith críochnaithe, féadfaidh údarás sláintíochta aon choinníoll de chuid an cheadúnais a leasú nó a scriosadh, nó coinníollacha nó coinníollacha breise a chur ag gabháil leis an gceadúnas, nó an ceadúnas a chúlghairm; agus má bheartaíonn údarás sláintíochta cumhacht mar a dúradh a fheidhmiú, déanfaidh sé amhlaidh a luaithe is féidir tar éis dó an t-athbhreithniú iomchuí faoin alt seo a chríochnú.”,

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo foráil a dhéanamh freisin i ndáil le gach ní nó le haon ní díobh seo a leanas:

(i) táillí de cibé méideanna a bheidh sonraithe sna rialacháin i ndáil le hathbhreithnithe ar cheadúnais a íoc le húdaráis sláintíochta,

(ii) íoc táillí de mhéideanna éagsúla i leith aicmí éagsúla d'athbhreithnithe den sórt sin mar a dúradh,

(iii) díolúine ó íoc na dtáillí sin i cibé imthosca a bheidh sonraithe,

(iv) na táillí sin a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) i cibé imthosca a bheidh sonraithe, nó

(v) an modh ina bhféadfar táillí a dhiúscairt.”,

agus

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás sláintíochta ní sheolfaidh an t-údarás sláintíochta an t-athbhreithniú a bhfuil an táille iníochta i ndáil leis go dtí go mbeidh sí faighte ag an údarás sláintíochta.”,

Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht.

14. —Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas—

(a) táille de cibé méid a bheidh sonraithe a íoc le húdarás sláintíochta maidir le hiarratas chuige ar cheadúnas faoi alt 16, agus

(b) táille de cibé méid a bheidh sonraithe a íoc leis an mBord Pleanála maidir le hachomharc chuige faoi alt 20,

agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas—

(i) íoc táillí de mhéideanna éagsúla maidir le haicmí éagsúla d'iarratais agus d'achomhairc den sórt sin a dúradh,

(ii) díolúine ó íoc táillí dá bhforáiltear faoi mhír (a) nó (b) i cibé imthosca a bheidh sonraithe,

(iii) aon táillí den sórt sin a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach) i cibé imthosca a bheidh sonraithe, agus

(iv) an modh ina bhféadfar na táillí sin a dhiúscairt.

(2B) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha le húdarás sláintíochta i leith iarratas ar cheadúnas faoi alt 16, ní bhreithneoidh an t-údarás sláintíochta an t-iarratas mura bhfaighidh an t-údarás sláintíochta an táille.

(2C) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála i leith achomhairc faoi alt 20, ní thabharfar aird ar an achomharc mura bhfaighidh an Bord Pleanála an táille roimh dheireadh na tréimhse forordaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

(2D) Más rud é, de bhun rialachán faoin alt seo, go mbeidh táille iníoctha leis an mBord Pleanála i leith iarrata go dtabharfaí éisteacht ó bhéal d'achomarc, ní bhreithneoidh an Bord Pleanála an iarraidh mura bhfaighidh an Bord Pleanála an táille.”.

Achomhairc i ndáil le hailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht.

15. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 20 den Phríomh-Acht:

“20.—(1) (a) Féadfaidh áititheoir áitribh as a ndéantar scardadh lena mbaineann ceadúnas faoi alt 16 achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Pleanála, roimh dheireadh cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i ndáil le—

(i) cúlghairm an cheadúnais,

(ii) coinníollacha nó coinníollacha breise a chur ag gabháil leis an gceadúnas, nó

(iii) leasú nó scriosadh aon choinníll atá ag gabháil leis an gceadúnas,

ag údarás sláintíochta.

(b) Féadfaidh duine ar dhiúltaigh údarás sláintíochta d'iarratas uaidh ar cheadúnas faoi alt 16 achomharc a dhéanamh chun an Bhoird Pleanála, roimh dheireadh cibé tréimhse a bheidh forordaithe, i ndáil leis an diúltú.

(c) Beidh éifeacht le gníomh de chuid údaráis sláintíochta dá dtagraítear i mír (a) nó (b)—

(i) i gcás nach dtionscnaítear achomharc ina choinne, ar an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) nó (b), de réir mar a bheidh, a bheith caite,

(ii) i gcás go dtionscnaítear achomharc ina choinne agus nach é cinneadh críochnaitheach an achomhairc an gníomh a chur ar ceal, ar an gcinneadh críochnaitheach sin a dhéanamh agus dá réir,

(iii) i gcás go dtionscnaítear achomharc ina choinne agus go dtarraingítear siar an t-achomharc, ar an achomharc a tharraingt siar.

(2) Tar éis don Bhord Pleanála achomharc faoin alt seo a bhreithniú, ceadóidh sé an t-achomharc nó diúltóidh sé dó, de réir mar is cuí leis, agus féadfaidh sé aon ordachán is dóigh leis is iomchuí, de dhroim an chinnidh atá déanta aige, a thabhairt don údarás sláintíochta lena mbaineann (lena n-áirítear ordachán á ordú go ndéanfar coinníoll sonraithe a chur ag gabháil leis an gceadúnas lena mbaineann nó a leasú nó a scriosadh) agus déanfaidh údarás sláintíochta de réir aon ordacháin den sórt sin.”.

(2) Aon achomhairc a bheidh tionscanta faoi alt 20 den Phríomh-Acht agus nach mbeidh cinnte go críochnaitheach ar thosach feidhme an ailt seo, leanfar leo agus cinnfear iad ionann is dá mbeidís tionscanta amhlaidh tar éis an tosach feidhme sin.

Forálacha i ndáil le hachomhairc faoi ailt 8 agus 20 den Phríomh-Acht.

16. —(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 21 den Phríomh-Acht:

“21.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh—

(a) le haghaidh aon ní a bhaineann le nós imeachta i ndáil le hachomhairc faoi ailt 8 agus 20, agus

(b) le haghaidh cibé nithe teagmhasacha agus forlíontacha (lena n-áirítear modhnú aon fhorála de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, agus de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983) is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críche na n-achomharc sin.

(2) Beidh éifeacht le hailt 6 (2) (d), 19 (2) (d) agus fo-ailt (1) (a) agus (9) d'alt 28, maidir le hachomhairc den chineál a dúradh, ionann is dá mba thagairtí don Bhord Pleanála na tagairtí iontu don Aire.”.

(2) Leanfaidh an tOrdú um an Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 (Aistriú Achomharc), 1978 (seachas Airteagal 4) (is ordú a rinneadh faoi alt 21 den Phríomh-Acht) de bheith i bhfeidhm agus féadfaidh an tAire é a leasú nó a chúlghairm le hordú.

Faisnéis d'údaráis áitiúla agus d'údaráis sláintíochta.

17. —Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 23 den Phríomh-Acht:

“23.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do dhuine, nó a sheirbheáil ar dhuine—

(a) a thógann uisce as aon uiscí i limistéar feidhmiúcháin an údaráis,

(b) a scardann, nó a chuireann faoi deara nó a cheadaíonn go scardtar, eisilteach trádála nó eisilteach séarachta nó ábhar eile amach in aon uiscí den sórt sin,

(c) a bhfuil aon ábhar truailliúcháin ina limistéar feidhmiúcháin ina choimeád nó faoina rialú,

(d) atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí nó do chleachtais a fhéadfaidh, i dtuairim an údaráis áitiúil, a chur faoi deara nó a cheadú ábhar truailliúcháin do dhul amach in uiscí,

a cheangal ar an duine cibé sonraí a bheidh sonraithe san fhógra i ndáil le haon cheann de na gníomhaíochtaí nó de na cleachtais a dúradh (lena n-áirítear coimeád nó rialú ábhair truailliúcháin) agus cibé faisnéis eile (más ann) is dóigh leis an údarás áitiúil is gá chun críocha na bhfeidhmeanna sin, a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 14 lá), dar tosach an dáta a thabharfar nó a sheirbheálfar an fógra, a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Féadfaidh údarás sláintíochta, chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do dhuine nó a sheirbheáil air, a cheangal ar an duine a bhfuil scardadh chun séaraigh á dhéanamh aige, nó atá á chur sin faoi deara nó á cheadú, cibé sonraí i ndáil leis an scardadh a bheidh sonraithe san fhógra agus cibé faisnéis eile (más ann) is dóigh leis an údarás sláintíochta is gá chun críocha na bhfeidhmeanna sin, a thabhairt i scríbhinn don údarás sláintíochta laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 14 lá), dar tosach an dáta a thabharfar nó a sheirbheálfar an fógra, a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), féadfar, le fógra faoi cheachtar de na fo-ailt sin a bhaineann le heisilteach trádála, le heisilteach séarachta nó le hábhar truailliúcháin eile, a cheangal ar an duine dá dtugtar é nó ar a seirbheáiltear é na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás áitiúil nó, de réir mar a bheidh, don údarás sláintíochta, lena mbaineann, eadhon—

(a) léarscáileanna, pleananna, líníochtaí nó grianghraif a thaispeánann láthair, nádúr, méid agus riocht—

(i) aon saoráidí chun an t-eisilteach nó an t-ábhar truailliúcháin eile a bhailiú, a stóráil, a chóireáil nó a dhiúscairt,

(ii) aon áitreabh eile as ar féidir le hábhar truailliúcháin dul amach in uiscí, nó

(iii) aon séaraigh,

agus a thaispeánann a gcoibhneas le haon uiscí, agus

(b) cibé sonraí eile a bheidh sonraithe san fhógra i dtaobh na nithe a dúradh, lena n-áirítear sonraí maidir leis na comhshocruithe, na córais agus na modhanna atá in úsáid nó a bheartaítear a úsáid chun an t-eisilteach nó an t-ábhar truailliúcháin eile a dhiúscairt, agus maidir leis na tráthanna agus na rátaí ag a ndéantar an diúscairt sin.

(4) Aon duine—

(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir ceanglais i bhfógra faoin alt seo, nó

(b) a dhéanann, i gcomhlíonadh airbheartaithe ceanglais den sórt sin, faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó a bheith míthreorach i bponc ábhartha a thabhairt d'údarás áitiúil nó d'údarás sláintíochta,

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

Leasú ar alt 26 den Phríomh-Acht.

18. —Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) (a) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a cheangal ar dhaoine cibé bearta a bheidh sonraithe sna rialacháin a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar caighdeáin cháilíochta a bheidh forordaithe faoi fho-alt (1) agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críche na rialachán (lena n-áirítear forálacha ag modhnú aon fhorála de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990).

(b) I gcás ina mbeartaítear rialacháin ag modhnú forála den Acht seo a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.”.

Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht.

19. —Leasaítear leis seo alt 28 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) (a) Más rud é, maidir le duine údaraithe atá in áitreabh nó i soitheach de bhun na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, go gcreidfidh sé le réasún go bhfuil cion faoi alt 3 (1), 4 (1) nó 16 (1) den Acht seo nó alt 21 (3) den Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) (Leasú), 1990 , á dhéanamh nó déanta i ndáil leis an áitreabh nó leis an soitheach, féadfaidh sé a iarraidh ar aon duine a gheobhaidh sé san áitreabh nó sa soitheach a ainm agus a sheoladh a thabhairt dó, mar aon le tuairisc ar a shlí bheatha agus na feidhmeanna agus na freagrachtaí atá aige i ndáil leis an áitreabh nó leis an soitheach, de réir mar a bheidh, agus aon fhiontar atá á sheoladh san áitreabh nó sa soitheach agus (a mhéid atá siad ar eolas aige) ainm agus seoladh áititheoir an áitribh, úinéir an tsoithigh agus an duine atá i bhfeighil an áitribh nó an tsoithigh.

(b) Aon duine a mhainneoidh nó a dhiúltóidh déanamh de réir iarrata faoin bhfo-alt seo nó a thugann, de bhun iarrata den sórt sin, faisnéis atá bréagach nó míthreorach do dhuine údaraithe, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air.”.

Dliteanas sibhialta i leith truailliú.

20. —(1) I gcás ina rachaidh eisilteach trádála, eisilteach séarachta nó ábhar truailliúcháin eile amach in uiscí agus gur trúig díobhála, caillteanais nó damáiste é do dhuine nó do mhaoin duine, féadfaidh an duine, gan dochar d'aon chúis chaingne eile a bheidh aige i leith na díobhála, an chaillteanais nó an damáiste, damáistí a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla i leith na díobhála, an chaillteanais nó an damáiste sin—

(a) ó áititheoir an áitribh ónar tháinig an t-eisilteach nó an t-ábhar i dtosach, murarbh é ba chúis leis an dul amach sna huiscí foiche Dé nó gníomh nó neamhghníomh de chuid tríú páirtí nach raibh rialú ag an áititheoir sin ar a chuid iompair, ar ghníomh nó neamhghníomh é nárbh fhéidir leis an áititheoir sin, le réasún, a shamhlú agus cosaint a dhéanamh ina aghaidh, nó

(b) má ba é ba chionsiocair leis an dul amach sna huiscí gníomh nó neamhghníomh de chuid aon duine ar sárú é. i dtuairim na cúirte, ar thaobh an duine sin ar aon fhoráil den Phríomh-Acht nó den Acht seo, ón duine sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) le heisilteach trádála, eisilteach séarachta nó ábhar truailliúcháin eile do dhul amach in uiscí de bhua aon ní atá sonraithe in alt 3 (5) den Phríomh-Acht nó faoi réim agus de réir ceadúnais faoi alt 4 den Phríomh-Acht nó alt 171 d'Acht 1959.

Gníomhaíochtaí talmhaíochta áirithe a rialáil agus a thoirmeasc.

21. —(1) San alt seo ciallaíonn “gníomhaíocht” aon ní amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(a) bailiú, stóráil, cóireáil agus diúscairt aon ábhair truailliúcháin a úsáidtear i dtaca le haon oibríocht, gníomhaíocht, cleachtas nó úsáid talún nó áitribh eile a sheoltar chun críocha talmhaíochta, gairneoireachta nó foraoiseachta, nó dá mbarr sin;

(b) aon ghníomhaíocht ar cuid de aon eisilteach sadhlais, sciodar ainmhíoch, aoileach, leasachán, lotnaidicíd nó ábhar truailliúcháin eile a chur ar thalamh nó ar bharraí fáis nó a instealladh isteach sa talamh;

(c) aon oibríocht, gníomhaíocht nó cleachtas eile, nó aon úsáid eile talún nó áitribh eile, chun críocha talmhaíochta, gairneoireachta nó foraoiseachta.

(2) (a) Aon uair a mheasfaidh údarás áitiúil gur gá déanamh amhlaidh chun ábhar truailliúcháin a chosc ar dhul amach in uiscí nó chun deireadh a chur le dul amach den sórt sin, féadfaidh sé fodhlíthe a dhéanamh á thoirmeasc gníomhaíocht shonraithe a sheoladh i ngach cuid nó i gcuid shonraithe dá limistéar feidhmiúcháin nó á shocrú go rialálfar seoladh gníomhaíochta sonraithe i ngach cuid nó i gcuid shonraithe dá limistéar feidhmiúcháin.

(b) Aon uair a mheasfaidh an tAire gur gá déanamh amhlaidh chun ábhar truailliúcháin a chosc ar dhul amach in uiscí nó chun deireadh a chur le dul amach den sórt sin, féadfaidh an tAire a ordú d'údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh á thoirmeasc gníomhaíocht shonraithe a sheoladh i limistéar feidhmiúcháin an údaráis nó i gcuid shonraithe den limistéar sin nó á shocrú go rialálfar, i cibé slí a shonróidh an tAire, seoladh gníomhaíochta sonraithe i limistéar feidhmiúcháin an údaráis nó i gcuid shonraithe den limistéar feidhmiúcháin sin agus déanfaidh an t-údarás áitiúil de réir an ordacháin.

(c) Gan dochar do ghinearáltacht mhíreanna (a) agus (b) féadfar a shonrú, i bhfodhlíthe faoin bhfo-alt seo, an modh ina bhféadfar, na coinníollacha ar faoina réir a fhéadfar, na tráthanna ag a bhféadfar agus na himthosca ina bhféadfar gníomhaíocht a sheoladh agus féadfaidh na fodhlíthe sin srianta, rialuithe agus ceanglais a fhorchur i ndáil leis an ngníomhaíocht a sheoladh agus féadfaidh na fodhlíthe forálacha éagsúla a dhéanamh i ndáil le limistéir éagsúla, codanna éagsúla de limistéir, gníomhaíochtaí éagsúla agus imthosca éagsúla.

(d) Féadfaidh fodhlíthe faoin bhfo-alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an údarás áitiúil, a dhéanfaidh na fodhlíthe, is gá nó is fóirsteanach chun críocha na bhfodhlíthe nó chun críocha fheidhmeanna an údaráis faoin alt seo.

(e) Beidh fodhlíthe faoin bhfo-alt seo faoi réir cheadú an Aire.

(3) (a) Beidh duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh fodhlíthe faoi fho-alt (2) ciontach i gcion.

(b) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) más é atá sa chion sárú fodhlí, nó mainneachtain déanamh de réir fodhlí, a thoirmisceann gníomhaíocht shonraithe a sheoladh nó a bhaineann le ní dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c), ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(4) I gcás ina mbeartaíonn údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh faoi mhír (a) nó (b) d'fho-alt (2)—

(a) déanfaidh sé fógra faoina bhfuil beartaithe aige, faoin limistéar a mbeidh feidhm ag na fodhlíthe beartaithe maidir leis agus faoin áit ar féidir, agus an tréimhse ar féidir lena linn, cóipeanna de na fodhlíthe beartaithe a iniúchadh agus a cheannach, a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar sin,

(b) beidh ráiteas san fhógra a fhoilseofar de bhun mhír (a) á rá go bhféadfaidh aon duine arb éagóir leis na fodhlíthe beartaithe úiríll i scribhinn a dhéanamh chun an Aire i ndáil leo laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra,

(c) taiscfidh sé cóipeanna de na fodhlíthe beartaithe ina chuid oifigí, agus cuirfear ar fáil ansin iad lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal gach uile thráth réasúnach le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra faoi mhír (a),

(d) féadfaidh aon duine arb éagóir leis na fodhlíthe beartaithe uiríll i scríbhinn a dhéanamh chun an Aire i ndáil leo laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra (is tréimhse nach giorra ná 30 lá ón dáta is déanaí a fhoilsítear an fógra de bhun mhír (a)),

(e) breithneoidh an tAire aon uiríll a bheidh déanta go cuí faoi mhír (d) sula gcinnfidh sé ar a cheadú a thabhairt, nó ar dhiúltú é a thabhairt, le haghaidh na bhfodhlíthe beartaithe,

(f) féadfaidh an tAire a ordú don údarás leasuithe sonraithe a dhéanamh ar na fodhlíthe beartaithe agus, má dhéanann sé amhlaidh, measfar míreanna (a) go (e) a bheith comhlíonta i ndáil leis na fodhlíthe arna leasú de réir an ordacháin,

(g) más rud é, ag deireadh na tréimhse 6 mhí ón dáta is déanaí ar ar féidir uiríll a dhéanamh chun an Aire faoi mhír (d) i ndáil leis na fodhlíthe beartaithe, nach mbeidh cinneadh tugtha ag an Aire faoi mhír (e) agus nach mbeidh ordachán tugtha aige i ndáil leo faoi mhír (f), measfar ceadú a bheith tugtha ag an Aire le haghaidh na bhfodhlíthe beartaithe faoi mhír (e),

(h) foilseofar na fodhlíthe san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus déanfar fógra faoina ndéanamh, faoin limistéar a bhfuil feidhm acu maidir leis, agus faoin áit inar féidir cóipeanna díobh a cheannach nó a iniúchadh, a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar lena mbaineann siad.

(5) Chun críocha fheidhm alt 28 den Phríomh-Acht i ndáil leis an alt seo, déanfar an tagairt i bhfo-alt (1) (c) den alt sin do rialacháin faoin bPríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fhodhlíthe faoin alt seo.

Cumhacht chun a dhearbhú gur séaraigh iad comhshilteáin chun críocha áirithe.

22. —(1) Féadfaidh údarás sláintíochta a dhearbhú le hordú go dtiocfaidh comhshilteán sonraithe chun bheith, agus go mbeidh sé, ina shéarach chun críocha an Phríomh-Achta agus an Achta seo agus, aon uair a dhéanfaidh sé amhlaidh, tiocfaidh an silteán lena mbaineann chun bheith agus beidh sé, ar thosach feidhme an ordaithe lena mbaineann, ina shéarach chun na gcríoch sin.

(2) Aon uair a bheartóidh údarás sláintíochta ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) i ndáil le comhshilteán—

(a) déanfaidh sé, 30 lá ar a laghad roimh dháta déanta an ordaithe, fógra i scríbhinn á rá go bhfuil beartaithe aige an t-ordú a dhéanamh a thabhairt d'úinéir an tsilteáin agus d'áititheoir gach áitribh a bhfuil eisilteach trádála nó eisilteach séarachta á scardadh amach as chun an tsilteáin, agus

(b) féadfaidh úinéir an tsilteáin nó áititheoir den chineál a dúradh, laistigh de 30 lá ón dáta a tugadh an fógra a dúradh dó, uiríll i scríbhinn a dhéanamh chun an údaráis sláintíochta i ndáil leis an ordú a dhéanamh agus, sula gcinnfidh an t-údarás cé acu ar chóir an t-ordú a dhéanamh, cuirfidh an t-údarás i gcuntas aon uiríll a bheidh déanta ag an úinéir nó ag an áititheoir.

(3) Tiocfaidh ordú faoi fho-alt (1) i ngníomh ar cibé dáta (is dáta nach luaithe ná 6 mhí tar éis dháta a dhéanta) a bheidh sonraithe ann.

(4) Déanfar, laistigh de 10 lá tar éis dháta a dhéanta, cóipeanna d'ordú faoi fho-alt (1) a thaisceadh agus a chur ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gceannach in oifigí an údaráis sláintíochta a rinne é agus tabharfar cóip den ordú d'úinéir an tsilteáin lena mbaineann agus do gach áititheoir den chineál a dúradh, nó seirbheálfar air é, laistigh den tréimhse a dúradh.

(5) I gcas ina ndéanfadh údarás sláintíochta ordú faoi fho-alt (1)—

(a) déanfaidh áititheoir gach áitribh, a bhfuil eisilteach trádála nó eisilteach séarachta á scardadh amach as chun an tsilteáin lena mbaineann díreach tar éis an t-ordú a dhéanamh, iarratas chun an údaráis, laistigh de 6 mhí tar éis an t-ordú a dhéanamh, ar cheadúnas faoi alt 16 den Phríomh-Acht maidir leis an scardadh,

(b) maidir le haon áititheoir dá dtagraítear i mír (a) a dhéanfaidh iarratas go cuí, de bhun na míre sin, ar cheadúnas faoi alt 16 den Phríomh-Acht agus a sholáthróidh aon fhaisnéis a bheidh ag teastáil go cuí ón údarás sláintíochta áirithe i ndáil leis an iarratas, measfar nach mbeidh alt 16 (1) den Phríomh-Acht sáraithe aige sa tréimhse ó thosach feidhme an ordaithe go dtí go ndeonófar an ceadúnas nó, de réir mar a bheidh, go dtí go mbeidh mí amháin caite ó diúltaíodh an ceadúnas a dheonú, maidir le haon scardadh chun an tsilteáin áirithe arb ionann dó maidir lena nádúr, lena chomhdhéanamh, lena theocht agus lena thoilleadh, agus a dhéantar, le linn na tréimhse sin, de réir ráta arb ionann dó agus don scardadh dá dtagraítear i mír (a) a rinneadh le linn na tréimhse comhréire roimh an tosach feidhme sin; agus, in aon ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt sin 16, toimhdeofar go dtí go suífear a mhalairt nach scardadh lena mbaineann an mhír seo an scardadh áirithe sin,

(c) scoirfidh ceadúnas faoi alt 4 nó 16 den Phríomh-Acht a bhaineann le heisilteach trádála nó eisilteach séarachta a scardadh amach as an silteán go dtí uiscí nó séarach, de réir mar a bheidh, d'éifeacht a bheith leis ar thosach feidhme an ordaithe.

(6) Aon doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é d'ordú faoi fho-alt (1) agus go bhfuil sé deimhnithe ag oifigeach don údarás sláintíochta a rinne an t-ordú mar chóip dhílis den ordú, beidh sé inghlactha in aon imeachtaí mar fhianaise ar an ordú.

(7) Féadfaidh údarás sláintíochta, le hordú, ordú a rinne sé faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(8) San alt seo ní fholaíonn “eisilteach séarachta” séaracht tís atá á scardadh go dtí comhshilteán agus as an gcomhshilteán go dtí séarach.

(9) Féadfaidh ordú faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le cuid shonraithe de chomhshilteán sonraithe agus leis an gcuid sin amháin, agus déanfar tagairtí sna fo-ailt roimhe seo den alt seo do chomhshilteán a fhorléiriú dá réir sin.

Cionta faoin bPríomh-Acht agus faoin Acht seo ag stiúrthóirí, etc. de chuid comhlachtaí corpraithe.

23. —(1) I gcás cion faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe sin, nó aon duine a d'airbheartaigh bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne agus é a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach sa chion céadluaite.

(2) I gcás gnóthaí comhlachta chorpraithe a bheith á mbainistiú ag a chomhaltaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus le mainneachtana comhalta i dtaca lena fheidhmeanna bainisteoireachta ionann is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é.

Pionóis áirithe faoin bPríomh-Acht a mhéadú.

24. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3, 4 nó 16 den Phríomh-Acht dlífear, in ionad an phionóis a shonraítear san alt lena mbaineann—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 6, 12, 19, 27 nó 28 (4) den Phríomh-Acht, dlífear ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, in ionad an phionóis a shonraítear san alt lena mbaineann.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 14 den Phríomh-Acht dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air in ionad an phionóis a shonraítear san alt sin.

(4) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le cionta a dhéanfar tar éis thosach feidhme an ailt seo.

Forálacha i ndáil le cionta faoi ailt 171 agus 172 d'Acht 1959.

25. —Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 171 nó 172 d'Acht 1959 a dhéanfar tar éis thosach feidhme an ailt seo dlífear, in ionad na bpionós a shonraítear in alt 50 den Acht Iascaigh, 1980

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

Fíneálacha áirithe a íoc le húdaráis áitiúla, le húdaráis sláintíochta agus le boird réigiúnacha.

26. —I gcás ina bhforchuirfidh cúirt fíneáil, nó ina ndaingneoidh nó ina n-athróidh sí fíneáil a bheidh forchurtha ag cúirt eile, maidir le cion faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo, arna ionchúiseamh ag údarás áitiúil, ag údarás sláintíochta nó ag bord réigiúnach, déanfaidh sí, ar iarratas ón údarás nó ón mbord lena mbaineann (a bheidh déanta roimh an bhforchur, an daingniú nó an athrú sin), a fhoráil le hordú go n-íocfar méid na fíneála leis an údarás nó leis an mbord, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh an t-údarás nó an bord, de réir mar a bheidh, an íocaíocht sin a fhorfheidhmiú ionann is dá mbeadh sí dlite dó ar scór foraithne nó ordaithe arna dhéanamh ag an gcúirt in imeachtaí sibhialta.

Ionchúiseamh i gcionta áirithe.

27. —(a) Maidir le cion faoi aon alt den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Chuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, féadfaidh aon duine a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin I os coinne lua an ailt sa cholún sin (1), an cion sin a ionchúiseamh.

(b) Maidir le cion achomair faoi aon alt den Phríomh-Acht a luaitear i gcolún (1) de Chuid II den Tábla sin, féadfaidh aon duine a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin II os coinne lua an ailt sa cholún sin (1) an cion sin a ionchúiseamh.

(c) Féadfaidh an t-údarás áitiúil áirithe cion achomair faoi alt 21 a ionchúiseamh.

(d) (i) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin bPríomh-Acht, faoin Acht seo nó faoi alt 171 nó 172 d'Acht 1959 a thosú tráth ar bith laistigh de 6 mhí ón dáta ar a dtagann fianaise is leor faoi chomhair na n-imeachtaí, i dtuairim an duine a thionscnaíonn na himeachtaí, ar iúl don duine sin:

Ar choinníoll nach dtionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth nach déanaí ná 5 bliana ón dáta a ndearnadh an cion áirithe.

(ii) Chun críocha na míre seo, beidh deimhniú arna shíniú ag an duine nó thar ceann an duine a thionscnaíonn na himeachtaí, ag sonrú an dáta nó na ndátaí ar ar tháinig fianaise a bhaineann leis an gcion áirithe ar iúl dó, ina fhianaise prima facie maidir leis an dáta nó na dátaí sin agus, in aon imeachtaí dlí, aon doiciméad a airbheartaíonn gur deimhniú faoin mír seo é, agus a bheith sínithe amhlaidh, measfar é a bheith sínithe amhlaidh, agus glacfar i bhfianaise é gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn an deimhniú a shíniú, mura suífear a mhalairt.

AN TÁBLA

Cuid I

Alt

An duine atá i dteideal ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh

(1)

(2)

6

An t-údarás áitiúil lena mbaineann.

10

An duine a rinne iarratas chun na cúirte ar an ordú lena mbaineann an cion.

12

An t-údarás áitiúil lena mbaineann.

14

Údarás áitiúil a bhfuil aon chuid de na huiscí áirithe ina limistéar feidhmiúcháin, nó tadhlach leis, nó údarás sláintíochta a bhfuil an séarach áirithe dílsithe dó nó faoina rialú.

19

An t-údarás sláintíochta lena mbaineann.

23

An t-údarás áitiúil lena mbaineann nó an t-údarás sláintíochta lena mbaineann.

27

Údarás áitiúil a bhfuil aon chuid de na huiscí áirithe ina limistéar feidhmiúcháin, nó tadhlach leis.

28

An duine a cheap an duine údaraithe lena mbaineann.

Cuid II

Alt

An duine atá i dteideal ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh

(1)

(2)

3, 4

Údarás áitiúil a bhfuil aon chuid de na huiscí áirithe ina limistéar feidhmiúcháin, nó tadhlach leis, bord réigiúnach a bhfuil aon chuid de na huiscí áirithe ina limistéar feidhmiúcháin nó aon duine eile a bhfuil difear á dhéanamh dó.

16

Údarás sláintíochta a bhfuil an séarach áirithe dílsithe dó nó faoina rialú nó ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an séarach sin.

Costais ionchúiseamh.

28. —I gcás ina gciontófar duine i gcion faoin bPríomh-Acht, faoin Acht seo nó faoi ailt 171 nó 172 d'Acht 1959 a rinneadh tar éis thosach feidhme an ailt seo, ordóidh an chúirt don duine sin, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta substaintiúla ann gan é sin a dhéanamh, na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh aon údarás áitiúil, údarás sláintíochta nó bord réigiúnach i ndáil le himscrúdú, brath agus ionchúiseamh an chiona, lena n-áirítear costais a tabhaíodh maidir le samplaí a thógáil, tástálacha, scrúduithe agus anailísí a sheoladh agus maidir le luach saothair agus caiteachais eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, a íoc leis an údarás nó leis an mbord lena mbaineann.

An tAire do ghlacadh comhairle i ndáil le rialacháin a dhéanamh.

29. —(1) I gcás ina measann an tAire gur chóir, ag féachaint d'fheidhmeanna aon Aire den Rialtas, dul i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas i ndáil le rialacháin a dhéanamh faoi alt 4 (10), 16 (10), 24, 25 (1), 26 (1) nó 27 (1) den Phríomh-Acht, ní dhéanfaidh sé na rialacháin gan dul i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas.

(2) Scoirfidh an oiread sin de na hachtacháin a dúradh a fhorálann go rachfar i gcomhairle le daoine sonraithe i ndáil le rialacháin a dhéanamh, d'éifeacht a bheith leis.

Aisghairm.

30. —Aisghairtear leis seo alt 2, fo-ailt (4) agus (6) (seachas an Tábla) d'alt 3 agus ailt 4 (9), 6 (5), 12 (6), 14 (3), 16 (9), 19 (5), 27 (4), 28 (8), 31 agus 34 (c) den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

31. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce) (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 , agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 agus 1990, a ghairm díobh le chéile.

(3) Déanfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1987, agus ailt 23, 25 agus 28 (a mhéid a bhaineann siad leis na hAchtanna sin) a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Iascaigh, 1959 go 1990, a ghairm díobh le chéile.

(4) Tiocfaidh ailt 4, 5, 6, 13, 14, 15 agus 16 den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla de na hailt sin.