31 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1990


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (DÍSCAOILEADH), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An Chuideachta a dhíscaoileadh.

3.

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid na Cuideachta a aistriú chuig an gCorparáid.

4.

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don Chuideachta i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.

5.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

6.

Díolúine ó dhleacht stampa.

7.

Cuntais chríochnaitheacha na Cuideachta agus cuntais na Corparáide i ndáil le sócmhainní agus dliteanais a aistrítear.

8.

Tuarascálacha don Aire ón gCorparáid.

9.

Airleacain don Chorparáid ón Aire.

10.

Aisghairm.

11.

Caiteachais an Aire.

12.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Finance Act, 1895

1895, c. 16

An tAcht um Fhóir Teoranta, 1972

1972, Uimh. 1

Na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 1990


AN tACHT UM FHÓIR TEORANTA (DÍSCAOILEADH), 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN FÓIR TEORANTA A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN A SÓCMHAINNÍ AGUS A DLITEANAIS A AISTRIÚ GO DTÍ CORPARÁID AN CHAIRDE TIONSCAIL CUIDEACHTA PHOIBLÍ THEOR-ANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [17 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” Fóir Teoranta;

ciallaíonn “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Tionscail Cuideachta Phoiblí Theoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

An Chuideachta a dhíscaoileadh.

2. —Díscaoiltear an Chuideachta leis seo.

Maoin agus dliteanais áirithe de chuid na Cuideachta a aistriú chuig an gCorparáid.

3. —(1) Déanfar, agus déantar leis seo, na nithe seo a leanas a aistriú chuig an gCorparáid:

(a) an mhaoin agus na cearta uile a bhí, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, á sealbhú nó ar teachtadh ag an gCuideachta, agus

(b) na dliteanais uile (seachas dliteanais i ndáil le £75,000,000, a aisíoc leis an Aire i leith airleacan a tugadh don Chuideachta faoi alt 13 den Acht um Fhóir Teoranta, 1972 ) a thabhaigh an Chuideachta roimh an tosach feidhme sin agus nach raibh urscaoilte roimh an tosach feidhme sin,

agus, dá réir sin, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh breise—

(i) dílseoidh an mhaoin sin, réadach agus pearsanta, don Chorparáid ar an tosach feidhme sin go feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile dá raibh sí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe don Chuideachta, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don mhaoin agus is inchomhlíonta,

(ii) beidh na cearta sin, amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, ar teachtadh ag an gCorparáid,

(iii) amhail ar an agus ón tosach feidhme sin, is dliteanais de chuid na Corparáide na dliteanais sin.

(2) An t-airgead, na stoic, na scaireanna agus na hurrúis go léir a aistrítear chuig an gCorparáid leis an alt seo agus atá, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, in ainm na Cuideachta déanfar, má iarrann an Chorparáid amhlaidh, iad a aistriú isteach in ainm na Corparáide.

(3) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear chuig an gCorparáid leis an alt seo féadfar, ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agairt ina leith nó iad a ghnóthú nó a fheidhmiú ag an gCorparáid nó i gcoinne na Corparáide ina hainm féin agus ní gá don Chorparáid fógra faoin aistriú a thabhairt don duine arb é a cheart nó a dhliteanas a aistrítear leis an alt seo.

(4) Déanfar méid aon leasa, díbhinní nó íocaíochtaí eile a gheobhaidh an Chorparáid i leith sócmhainní a aistrítear chuici leis an alt seo (lena n-áirítear íocaíochtaí i leith na hacmhainní sin a réadú) a íoc leis an Aire agus íocfaidh seisean é isteach sa Státchiste nó chun sochair don Státchiste.

(5) Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, táille a íoc leis an gCorparáid tar éis gach bliana airgeadais de chuid na Corparáide ina mbeidh cibé méid (más ann) is iomchuí leis an Aire i leith aon bhainisteoireacht, réadú nó urscaoileadh ag an gCorparáid sa bhliain sin ar shócmhainní agus ar dhliteanais a aistrítear chuici leis an Acht seo.

Conarthaí leanúnacha áirithe a choimeád ar marthain agus tagairtí don Chuideachta i ndoiciméid áirithe a oiriúnú.

4. —(1) Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a rinne nó a thug an Chuideachta, nó a rinneadh nó a tugadh thar a ceann, d'aon duine, nó a thug aon duine don Chuideachta agus ar ghlac an Chuideachta leis nó ar glacadh leis thar ceann na Cuideachta agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an Chuideachta agus aon duine eile agus a bheidh i bhfeidhm ach nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán díreach roimh thosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin agus dá éis agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Chorparáid in ionad na Cuideachta mar pháirtí ann agus dá gcuirfí ainm na Corparáide ann in ionad ainm na Cuideachta agus beidh sé infheidhmithe ag an gCorparáid nó ina coinne.

(2) Aon tagairtí don Chuideachta a bhí díreach roimh thosach feidhme an Achta seo i meabhrán agus in airteagail chomhlachais aon chuideachta (de réir bhrí Acht an gCuideachtaí, 1963) déanfar, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, iad a fhorléiriú mar thagairtí don Chorparáid.

Imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

5. —Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, go mbeidh aon imeachtaí dlí ar feitheamh in aon chúirt nó binse agus gur páirtí sna himeachtaí an Chuideachta, cuirfear an Chorparáid in ionad na Cuideachta mar pháirtí sna himeachtaí agus cuirfear ainm na Corparáide in ionad ainm na Cuideachta sna himeachtaí agus ní rachaidh na himeachtaí ar ceal mar gheall ar an ionadú sin.

Díolúine ó dhleacht stampa.

6. —Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le haon mhaoin nó ceart a aistrítear leis an Acht seo a dhílsiú don Chorparáid.

Cuntais chríochnaitheacha na Cuideachta agus cuntais na Corparáide i ndáil le sócmhainní agus dliteanais a aistrítear.

7. —(1) (a) A luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an Achta seo, cuirfidh an Chorparáid faoi deara na cuntais go léir is cuí agus is gnách a ullmhú i cibé foirm a cheadóidh an tAire ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Chuideachta sa bhliain chuntasaíochta, nó sa chuid de bhliain chuntasaíochta, de chuid na Cuideachta dar críoch díreach roimh an tosach feidhme sin agus aon chuntas speisialta a ullmhú a shonróidh an tAire i ndáil leis an airgead sin.

(b) Déanfaidh an Chorparáid a luaithe is féidir cuntais a ullmhófar de bhun an fho-ailt seo a chur faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus de cibé cuntais eile (más ann) de na cuntais a ordóidh an tAire agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) (a) Coimeádfaidh an Chorparáid i cibé foirm a cheadóidh an tAire na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh sí lena n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe i ndáil leis na sócmhainní agus na dliteanais a aistrítear chuici leis an Acht seo.

(b) Déanfaidh an Chorparáid cuntais a choimeádfar de bhun an fho-ailt seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra lena n-iniúchadh, agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas sochair agus dochair agus den chlár comhardaithe agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascálacha don Aire ón gCorparáid.

8. —A luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta de chuid na Corparáide ina dtitfidh tosach feidhme an Achta seo agus tar éis dheireadh gach bliana cuntasaíochta de chuid na Corparáide dá éis sin, tíolacfaidh an Chorparáid tuarascáil don Aire i dtaobh a gníomhaíochtaí sa bhliain sin i ndáil le sócmhainní agus dliteanais na Cuideachta a aistrítear chuici leis an Acht seo agus cuirfidh an tAire faoi deara cóip den tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Airleacain don Chorparáid ón Aire.

9. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham cibé suimeanna a airleacan don Chorparáid nach mó a gcomhiomlán ná £2 mhilliún is dóigh leis is cóir faoi choinne an chostais a bhaineann le caiteachas a íoc a thabhóidh an Chorparáid i leith dhliteanais na Cuideachta i ndáil lena feidhmeanna mar a shonraítear in alt 4 den Acht um Fhóir Teoranta, 1972 .

(2) Tabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

(3) Na suimeanna go léir a íocfaidh an Chorparáid d'aisíoc airleacain faoin alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar tugadh airleacan faoina réir faoin alt seo íocfar iad isteach sa Státchiste nó cuirfear de láimh iad chun sochair don Státchiste.

(4) An t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo déanfar iad a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(5) Féadfaidh an tAire, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chuige sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun críche na n-iasachtaí sin, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar amhlaidh.

(6) Príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo agus na caiteachais a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint muirearófar iad ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Aisghairm.

10. —Aisghairtear leis seo na hAchtanna um Fhóir Teoranta, 1972 go 1983.

Caiteachais an Aire.

11. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Fhóir Teoranta (Díscaoileadh), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.