33 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1990


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990


RIAR NA nALT

CUID I

Réamhráiteach

Alt

1.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2.

Tosach feidhme.

3.

Léiriú.

4.

Tréimhsí ama.

5.

Orduithe.

6.

Aisghairm.

CUID II

Imscrúduithe

7.

Imscrúdú cúrsaí cuideachta.

8.

Imscrúdú cúrsaí cuideachta ar iarratas ón Aire.

9.

Cumhacht cigirí chun cúrsaí cuideachtaí gaolmhara a thabhairt faoi réim imscrúdú.

10.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird, tráth imscrúdaithe.

11.

Tuarascálacha na gcigirí.

12.

Imeachtaí ar thuarascáil chigirí.

13.

Caiteachais imscrúdaithe ar chúrsaí cuideachta.

14.

Cigirí a cheapadh agus cumhachtaí cigirí chun úinéireacht cuideachta a imscrúdú.

15.

Cumhacht chun faisnéis a éileamh maidir le daoine a bhfuil leas acu i scaireanna nó i mbintiúir.

16.

Cumhacht chun srianta a fhorchur ar scaireanna nó bintiúir.

17.

Leathnú ar chumhachtaí imscrúdaithe chuig comhlachtaí áirithe atá corpraithe lasmuigh den Stát.

18.

Nithe áirithe a bheith inghlactha i bhfianaise.

19.

Cumhacht an Aire chun a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird.

20.

Dul isteach agus áitreabh a chuardach.

21.

Foráil d'fhonn faisnéis a shlánchoimeád.

22.

Tuarascálacha cigirí a bheith ina bhfianaise.

23.

Cosaint d'fhaisnéis faoi phribhléid.

24.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

CUID III

Idirbhearta a Bhaineann le Stiúrthóirí

Réamhráiteach

25.

Léiriú ar Chuid III.

26.

Daoine bainteacha.

27.

Cúlstiúrthóirí.

Idirbhearta áirithe lena mbaineann easaontacht leasa

28.

Conarthaí fostaíochta stiúrthóirí.

29.

Idirbhearta substaintiúla maoine a bhaineann le stiúrthóirí, etc.

30.

Pionósú mar gheall ar dhéileáil ag stiúrthóir cuideachta i roghanna chun scaireanna áirithe a cheannach nó a dhíol sa chuideachta nó i gcuideachtaí comhlachaithe nó chun bintiúir áirithe den chuideachta nó de chuideachtaí comhlachaithe a cheannach nó a dhíol.

31.

Cosc ar iasachtaí etc. a thabhairt do stiúrthóirí agus do dhaoine bainteacha.

32.

Comhshocraíochtaí de luach cinnte.

33.

Laghdú ar mhéid sócmhainní iomchuí cuideachta.

34.

Iasachtaí idir cuideachtaí sa ghrúpa céanna.

35.

Idirbhearta le cuideachta shealbhaíochta.

36.

Caiteachais stiúrthóirí.

37.

Idirbhearta gnó.

38.

Leigheasanna sibhialta mar gheall ar alt 31 a shárú.

39.

Dliteanas pearsanta maidir le fiacha cuideachta i gcásanna áirithe.

40.

Pionóis choiriúla i leith sárú ar alt 31.

Idirbhearta a bhaineann le stiúrthóirí agus daoine eile a nochtadh

41.

Conarthaí substaintiúla etc. le stiúrthóirí agus le daoine eile le nochtadh i gcuntais.

42.

Sonraí a cheanglaítear, le halt 41, a chur isteach sna cuntais.

43.

Sonraí faoi na méideanna atá gan íoc a bheith le cur isteach sna cuntais.

44.

Tuilleadh forálacha a bhaineann le bainc cheadúnaithe.

45.

Comhshocraíochtaí atá eisiata ó ailt 41 agus 44.

46.

Dualgas iniúchóirí cuideachta má sháraítear alt 41 nó 43.

47.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna i gconarthaí, etc.

Forlíontach

48.

Cumhacht chun teorainneacha airgeadais a athrú faoi Chuid III.

49.

Alt 192 den Phríomh-Acht a scor.

50.

Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí a iniúchadh.

51.

Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe.

52.

Stiúrthóirí do thabhairt aird ar leasanna fostaithe.

CUID IV

Leasanna i Scaireanna a Nochtadh

Caibidil I

Déileálacha i Scaireanna ag Stiúrthóirí, Rúnaithe agus a dTeaghlaigh

53.

Oibleagáid ar stiúrthóir nó ar rúnaí leasanna i scaireanna nó i mbintiúir cuideachta a fhógairt.

54.

An cineál leasa de réir alt 53.

55.

Neamhaird a thabhairt ar leasanna.

56.

Tréimhsí nach foláir oibleagáidí faoi alt 53 a urscaoileadh laistigh díobh.

57.

Imthosca nach n-urscaoiltear oibleagáid faoi alt 53 maidir leo.

58.

Forálacha eile a bhaineann le fógra a thabhairt.

59.

Clár leasanna.

60.

Forálacha a bhaineann leis an gclár.

61.

Taifid a bhaint den chlár.

62.

An tráth nach bhfuil taifid le baint den chlár.

63.

Leasanna a nochtadh i dtuarascáil na stiúrthóirí.

64.

Alt 53 a leathnú chuig céilí agus leanaí.

65.

Dualgas cuideachta fógra a thabhairt don stocmhalartán.

66.

Déileáil i scaireanna a imscrúdú.

Caibidil 2

Fáltais Aonair agus Grúpfháltais

67.

Oibleagáid nochtadh a dhéanamh agus na cásanna ina ndéanfar é.

68.

Leasanna atá le nochtadh.

69.

“Leibhéal de réir céatadáin” i ndáil le leasanna infhógartha.

70.

An céatadán infhógartha.

71.

Na sonraí a bheidh san fhógra.

72.

Fógra a thabhairt faoi leasanna teaghlaigh agus leasanna corpraithe.

73.

Comhaontú chun leasanna a fháil i gcuideachta phoiblí theoranta.

74.

Oibleagáid nochtadh a dhéanamh a thig faoi alt 73.

75.

Oibleagáid ar dhaoine a ghníomhaíonn le chéile scéala a thabhairt dá chéile.

76.

Leasanna i scaireanna a chur i leith duine.

77.

Leasanna i scaireanna atá le fógairt.

78.

Leasanna a dtabharfar neamhaird orthu.

79.

Forálacha eile a bhaineann le fógra a thabhairt.

80.

Clár leasanna i scaireanna.

81.

Imscrúduithe cuideachta.

82.

Leasanna a nochtadh faoi alt 81 a chlárú.

83.

Imscrúduithe cuideachta ar fhoréileamh ó chomhaltaí.

84.

Tuarascáil ón gcuideachta do chomhaltaí.

85.

Pionós de dheasca mainneachtana faisnéis a chur ar fáil.

86.

Taifid a bhaint den chlár.

87.

An tráth nach bhfuil taifid le baint den chlár.

88.

Clár agus tuarascálacha a iniúchadh.

89.

Treoir 1988.

90.

Forálacha maidir le léiriú.

91.

Oibleagáid leasanna áirithe a fhógairt don Mhalartán.

92.

Dualgas ar údarás iomchuí tuarascáil a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

93.

Feidhm Rialacháin 1984 agus leasú orthu.

94.

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.

95.

Díolúine ó agra.

96.

Comhoibriú idir údaráis i mBallstáit.

Caibidil 3

Orduithe um Nochtadh: Cuideachtaí seachas Cuideachtaí Poiblí Teoranta

97.

Feidhm Chaibidil 3.

98.

Ordú um nochtadh.

99.

Nós imeachta maidir le hiarratas ar ordú um nochtadh.

100.

Réim an ordaithe um nochtadh.

101.

Cumhachtaí na cúirte.

102.

Fógra faoi ordú um nochtadh.

103.

Faisnéis a nochtadh faoi ordú.

104.

Iarmhairtí sibhialta maidir leis an ordú um nochtadh a shárú.

Caibidil 4

Forálacha ginearálta faoi scairchláir etc.

105.

Cumhacht chun táillí iniúchta uasta etc. a athrú.

106.

Forálacha idirthréimhseacha.

CUID V

Déileáil Chos Istigh

107.

Léiriú.

108.

Déileálacha neamhdhleathacha in urrúis ag lucht cos istigh.

109.

Dliteanas sibhialta mar gheall ar dhéileáil neamhdhleathach.

110.

Idirbhearta díolmhaithe.

111.

Dliteanas coiriúil mar gheall ar dhéileáil neamhdhleathach.

112.

Srian ar dhéileáil.

113.

Dualgas gníomhairí i ndáil le déileáil neamhdhleathach.

114.

Pionóis mar gheall ar chionta faoin gCuid seo.

115.

Dualgas stocmhalartáin aitheanta i ndáil le déileáil neamhdhleathach.

116.

Comhoibriú le húdaráis eile lasmuigh den Stát.

117.

Daoine údaraithe.

118.

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.

119.

Leathnú ar Threoir 79/279/CEE ón gComhairle.

120.

Tuarascáil bhliantúil stocmhalartáin aitheanta.

121.

Cumhacht an Aire rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

CUID VI

Foirceannadh agus Nithe Gaolmhara

Clárú Muirear

122.

Leasú ar alt 99 den Phríomh-Acht.

Foirceannadh ag an gCúirt

123.

Leasú ar ailt 214 agus 345 den Phríomh-Acht.

124.

Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht.

125.

Leabhair, taifid, etc. cuideachta a bheith gan aon lian.

126.

Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú.

127.

Ordú íocaíochta nó seachadta maoine in aghaidh duine a cheistítear faoi alt 245 den Phríomh-Acht.

Dearbhú Sócmhainneachta

128.

Dearbhú reachtúil sócmhainneachta i gcás tairisceana le haghaidh foirceannadh toilteanach.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí

129.

Dualgas leachtaitheora cruinniú creidiúnaithe a ghairm más é a thuairim nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe

130.

Leasú ar alt 266 den Phríomh-Acht.

131.

Foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh Toilteanach

132.

Leasú ar alt 275 den Phríomh-Acht.

133.

Toiliú le ceapachán mar leachtaitheoir agus fógra i dtaobh an cheapacháin.

Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh

134.

Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh.

135.

Tosaíocht chalaoiseach.

136.

Imthosca ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí.

137.

Dliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach ag cuideachta.

138.

Dliteanas sibhialta na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach nó mheargánta ag cuideachta.

139.

Cumhacht na cúirte ordú a thabhairt sócmhainní a aistríodh go míchuí a aischur.

140.

Féadfar a cheangal ar an gcuideachta ranníoc a dhéanamh i leith fiach cuideachtaí gaolmhara.

141.

Sócmhainní cuideachtaí gaolmhara a chomhthiomsú.

142.

Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht.

143.

Leasú ar alt 299 den Phríomh-Acht.

144.

Dualgas leachtaitheoirí agus glacadóirí faisnéis áirithe a chur isteach i dtuairisceáin etc.

145.

Pionós mar gheall ar mhainneachtain glacadóra nó leachtaitheora cuntais agus tuairisceáin áirithe a thabhairt.

Forálacha Forlíontacha

146.

Dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar leachtaitheoir.

147.

Leas a nochtadh ag creidiúnaithe etc. ag cruinnithe creidiúnaithe.

148.

Cumhacht na cúirte a leathnú chun damáistí in aghaidh stiúrthóirí a mheasúnú.

CUID VII

Dícháilíochtaí agus Srianta:

Stiúrthóirí agus Oifigigh Eile

Caibidil 1

Srian ar Stiúrthóirí Cuideachtaí Dócmhainneacha

149.

Feidhm Chaibidil I.

150.

Srian.

151.

Dualgas an leachtaitheora faoin gCaibidil seo.

152.

Faoiseamh.

153.

Clár de dhaoine srianta.

154.

Feidhm na Caibidle seo maidir le glacadóirí.

155.

Srianta ar chuideachta lena mbaineann alt 150 (3).

156.

Ceanglais maidir le scaireanna a leithroinnfidh cuideachta lena mbaineann alt 155.

157.

Faoiseamh do chuideachta maidir le hidirbhearta toirmiscthe.

158.

Cumhacht chun na méideanna a luaitear in alt 150 (3) a athrú.

Caibidil 2

Dícháilíocht i gCoitinne

159.

Léiriú ar Chaibidlí 2 agus 3.

160.

Daoine áirithe a dhícháiliú chun gníomhú mar stiúrthóirí nó iniúchóirí ar chuideachtaí nó chun iad a bhainistiú.

Caibidil 3

Cur i bhfeidhm

161.

Pionós mar gheall ar ghníomhú contrártha d'fhorálacha Chaibidil 1 nó 2.

162.

Tréimhse an ordaithe dícháilíochta a measfar duine a bheith faoina réir.

163.

Iarmhairtí sibhialta mar gheall ar ghníomhú contrártha d'fhorálacha Chaibidil 1 nó 2.

164.

Pionós mar gheall ar ghníomhú faoi orduithe ó dhuine dícháilithe.

165.

Iarmhairtí sibhialta mar gheall ar ghníomhú faoi orduithe ó dhuine dícháilithe.

166.

Faisnéis a bheidh le tabhairt don chúirt ag stiúrthóirí.

167.

Faisnéis a bheidh le soláthar do chláraitheoir na gcuideachtaí.

168.

Clár de dhaoine atá faoi réir orduithe dícháilíochta.

169.

Toirmeasc ar fhéimhigh neamhurscaoilte gníomhú mar stiúrthóirí ar chuideachtaí nó mar oifigigh eile dóibh.

CUID VIII

Glacadóirí

170.

Dícháiliú duine chun a cheaptha mar ghlacadóir.

171.

Leasú ar alt 316 den Phríomh-Acht.

172.

Dualgas glacadóra atá ag díol maoine an praghas is fearr is infhaighte le réasún a fháil.

173.

Leasú ar alt 320 den Phríomh-Acht.

174.

Iarmhairtí mar gheall ar alt 319 nó 320 den Phríomh-Acht a shárú.

175.

Glacadóir a chur as oifig.

176.

Féadfaidh an chúirt glacadóireacht a fhoirceannadh nó a theorannú ar iarratas ón leachtaitheoir.

177.

An glacadóir d'éirí as oifig.

178.

Feidhm alt 139 maidir le glacadóirí.

179.

Feidhm alt 299 (2), (4) agus (5) den Phríomh-Acht maidir le glacadóirí.

CUID IX

Cuideachtaí faoi Chosaint Cúirte

180.

Leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990.

181.

Tuilleadh leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990.

CUID X

Cuntais agus Iniúchadh

182.

Léiriú ar Chuid X.

183.

Ceapadh iniúchóirí agus a gcur as oifig.

184.

Rúin a bhaineann le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig agus cearta iniúchóirí a cuireadh as oifig.

185.

Iniúchóirí d'éirí as oifig.

186.

Foréileamh ar chruinniú ginearálta den chuideachta ag iniúchóir atá ag éirí as oifig.

187.

Cáilíocht chun duine a cheapadh mar iniúchóir.

188.

Daoine a bhí ag dul faoi oiliúint an 1 Eanáir, 1990.

189.

Cáilíochtaí a fuarthas lasmuigh den Stát a cheadú.

190.

Comhchomhairle ag an Aire maidir le caighdeáin agus cáilíochtaí.

191.

Comhlachtaí cuntasóirí a aithint.

192.

Forálacha i ndáil le haitheantais agus údaruithe ag an Aire faoi alt 187.

193.

Tuarascáil na n-iniúchóirí agus a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag cruinnithe ginearálta.

194.

Dualgas iniúchóirí mura bhfuil leabhair chuntais chuí á gcoimeád.

195.

Toirmeasc ar ghníomhú i ndáil le hiniúchadh fad a bheidh ordú dícháilíochta i bhfeidhm.

196.

Cumhachtaí iniúchóirí i ndáil le fochuideachtaí.

197.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha a dhéanamh le hiniúchóirí.

198.

Clár iniúchóirí.

199.

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann leis an gclár.

200.

Dualgas chun cláraitheoir a choimeád ar an eolas.

201.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

202.

Leabhair chuntais a choimeád.

203.

Dliteanas pionós a chur ar oifigigh chuideachta i gcás nach gcoimeádfar leabhair chuntais chuí.

204.

Dliteanas pearsanta oifigeach cuideachta i gcás nach gcoimeádfar leabhair chuntais chuí.

205.

Tosach feidhme Chuid X.

CUID XI

Cuideachta d'fháil a Scaireanna féin agus Scaireanna i gCuideachta Shealbhaíochta

206.

Léiriú.

207.

Cumhacht chun scaireanna infhuascailte a eisiúint.

208.

Scaireanna a chealú tráth fuascailte.

209.

Scaireanna cisteáin.

210.

Cumhacht chun scaireanna a chomhshó ina scaireanna infhuascailte.

211.

Cumhacht cuideachta a cuid scaireanna féin a cheannach.

212.

Ceannach ar an eismhargadh agus ar an margadh.

213.

Údarás maidir le ceannach ar an eismhargadh.

214.

Conradh ceannaigh teagmhasach.

215.

Údarás maidir le ceannach ar an margadh.

216.

Ré saoil an údaráis a dheonóidh cuideachtaí poiblí teoranta chun scaireanna dá gcuid féin a cheannach.

217.

Sannadh nó scaoileadh ar cheart cuideachta scaireanna dá cuid féin a cheannach.

218.

Íocaíochtaí foghabhálacha maidir le scaireanna dá cuid féin a cheannach.

219.

Éifeacht mainneachtana ag cuideachta scaireanna a fhuascailt nó a cheannach.

220.

Scaireanna tosaíochta infhuascailte láithreacha a fhuascailt.

221.

Tagairtí do scaireanna tosaíochta infhuascailte a fhorléiriú.

222.

Doiciméid a choinneáil agus a iniúchadh.

223.

Feidhm alt 108 (6) maidir le déileálacha ag cuideachta ina cuid urrús féin.

224.

Fochuideachta do shealbhú scaireanna ina cuideachta shealbhaíochta.

225.

Dliteanas sibhialta mar gheall ar cheannach míchuí i gcuideachta shealbhaíochta.

226.

Tuairisceán le tabhairt don chláraitheoir.

227.

Leasú ar alt 89 den Phríomh-Acht.

228.

Rialacháin maidir le scaireanna a cheannach.

229.

Dualgas cuideachta fógra a thabhairt don stocmhalartán.

230.

Dualgas an stocmhalartáin i ndáil le ceannaigh neamhdhleathacha.

231.

Leasuithe ar an bPríomh-Acht maidir le scairchaipiteal.

232.

Leasuithe ar Acht 1983.

233.

Leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986.

234.

Cionta faoin gCuid seo.

CUID XII

Ginearálta

235.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

236.

Cáilíochtaí rúnaí cuideachta poiblí teoranta.

237.

Cáilíochtaí leachtaitheoirí agus glacadóirí.

238.

Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

239.

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh chun urrúis a aistriú.

240.

Cionta.

241.

Cionta ag comhlachtaí áirithe.

242.

Faisnéis bhréagach a thabhairt.

243.

Pionósú mar gheall ar dhíothú, lot nó falsú doiciméad.

244.

Pionóis a mhéadú.

245.

Leasú ar alt 12 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982.

246.

Cuideachta atá bainte den chlár a chur ar ais ar an gclár.

247.

Córas chun faisnéis a aicmiú.

248.

Doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir i bhfoirm inléite.

249.

Doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir ar shlí seachas i bhfoirm inléite.

250.

Leasú ar alt 377 den Phríomh-Acht agus ar an Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

251.

Feidhm forálacha áirithe maidir le cuideachtaí nach bhfuil faoi leachtú.

CUID XIII

Cuideachtaí Infheistíochta

252.

Léiriú ar an gCuid seo.

253.

Scairchaipiteal cuideachtaí infheistíochta.

254.

Cumhacht cuideachta a cuid scaireanna féin a cheannach.

255.

Déileáil le scaireanna a ceannaíodh.

256.

Údarú ag an mBanc.

257.

Cumhachtaí an Bhainc.

258.

Forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a oiriúnú.

259.

Mainneachtain ag cuideachta infheistíochta nó cliseadh i bhfeidhmiú a cuid infheistíochtaí.

260.

Forálacha áirithe d'Achtanna na gCuideachtaí a shrianadh.

261.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

262.

Cionta.

AN SCEIDEAL

Forálacha a Chuirtear in ionad an Naoú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1989

1989, Uimh. 17

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil. 1975

1975, Uimh. 20

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

An tAcht Carthanas, 1961

1961, Uimh. 17

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977

1977, Uimh. 31

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982

1982, Uimh. 10

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983

1983, Uimh. 13

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986

1986, Uimh. 25

Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990

1990, Uimh. 27

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936

1936, Uimh. 48

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Na hAchtanna um Rialú lomlaoide, 1954 go 1986

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977

An tAcht Cánach loncaim, 1967

1967, Uimh. 6

Na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978

Na hAchtanna Árachais, 1909 go 1990

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

14 & 15 Vict., c.93

Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist. 1861 go 1958

An tAcht Comharbais, 1965

1965, Uimh. 27

Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979

An tAcht um lontaobhais Aonad, 1972

1972, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1990


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUIDEACH-TAÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA. [22 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Réamhráiteach

Gearrtheideal comhlua agus forléiriú.

1. —(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí, 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, a ghairm den Acht seo agus d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, le chéile.

(3) Forléireofar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó orduithe ón Aire chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

3. —(1) San Acht seo mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “leabhair agus doiciméid” agus “leabhair nó doiciméid” cuntais, gníomhais, scríbhinní agus taifid a dhéantar in aon slí eile;

folaíonn “leanbh” leasleanbh agus uchtleanbh agus forléireofar “mac”, “iníon” agus “tuismitheoir” dá réir sin;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) atá le forléiriú mar aon ní amháin leis an Acht sin;

tá le “duine bainteach” an bhrí a shanntar dó le halt 26;

folaíonn “sárú” cliseadh i gcomhlíonadh;

tá le “fíneáil mhainneachtana laethúil” an bhrí a shanntar dó le halt 240 (6);

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “forordú” forordú le rialacháin;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

tá le “stocmhalartán aitheanta” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);

tá le “cuideachta ghaolmhar” an bhrí a shanntar dó le halt 140;

tá le “cúlstiúrthóir” an bhrí a shanntar dó le halt 27.

(2) (a) Chun críocha aon fhorála d'Achtanna na gCuideachtaí is malartán a bheidh forordaithe chun críocha an ailt sin stocmhalartán aitheanta.

(b) Is in ionad an mhínithe in alt 2 (1) den Phríomh-Acht atá an míniú ar “stocmhalartán aitheanta” i mír (a).

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní a fhorordaítear nó a bheidh le forordú.

(4) San Acht seo—

(a) aon tagairt a dhéantar do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;

(b) aon tagairt a dhéantar d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe; agus

(c) déanfar aon tagairt d'aon achtachán eile a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.

Tréimhsí ama.

4. —(1) Más rud é gur ar Shatharn, ar Dhomhnach nó ar lá saoire poiblí a rachaidh an t-am i léig a bheidh teorannaithe ag aon fhoráil den Acht seo chun aon ní a dhéanamh, fadófar an t-am a bheidh arna theorannú amhlaidh go dtí an chéad lá ina dhiaidh sin nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí agus féadfar an ní a dhéanamh ar an lá sin.

(2) Más rud é san Acht seo go gceanglaítear nó go gceadaítear aon ní a dhéanamh laistigh de líon laethanta nach faide ná sé lá, ní áireofar lá is Satharn, Domhnach nó lá saoire poiblí nuair a bheidh an líon sin á ríomh.

Orduithe.

5. —Féadfaidh an tAire le hordú aon ordú a dhéanfaidh sé faoi aon fhoráil den Acht seo, seachas faoi alt 2, a chúlghairm nó a leasú.

Aisghairm.

6. —(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht — ailt 147, 162 (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ), 163, 165 go 173, 184, 294, 296, 380 agus 385 agus an Seachtú agus an Deichiú Sceideal.

(2) Aisghairtear leis seo freisin na forálacha seo a leanas—

(a) Rialachán 8 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachtaí), 1973,

(b) alt 6 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1977 , agus

(c) alt 21 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 .

CUID II

Imscrúduithe

Imscrúdú cúrsaí cuideachta.

7. —(1) Féadfaidh an chúirt cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú d'fhonn fiosrú a dhéanamh i dtaobh nithe a bheidh sonraithe ag an gcúirt agus chun tuarascáil a thabhairt ina dtaobh ar cibé modh a ordóidh an chúirt—

(a) i gcás cuideachta ag a bhfuil scairchaipiteal, ar iarratas ó 100 comhalta ar a laghad nó ó chomhalta nó comhaltaí a shealbhaíonn an deichiú cuid ar a laghad de scairchaipiteal íoctha na cuideachta;

(b) i gcás cuideachta gan scairchaipiteal, ar iarratas ón gcúigiú cuid ar a laghad de líon na ndaoine ar chlár comhaltaí na cuideachta;

(c) in aon chás, ar iarratas ón gcuideachta;

(d) in aon chás, ar iarratas ó stiúrthóir de chuid na cuideachta;

(e) in aon chás, ar iarratas ó chreidiúnaí de chuid na cuideachta.

(2) Ní foláir cibé fianaise a theastóidh ón gcúirt a bheith i dtacaíocht leis an iarratas, lena n-áirítear cibé fianaise a bheidh forordaithe.

(3) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a cheangal ar an iarratasóir nó na hiarratasóirí urrús a thabhairt de mhéid nach lú ná £500 agus nach mó ná £100,000, chun íoc as costais an imscrúdaithe.

(4) I gcás go gceapfaidh an chúirt cigire faoin alt seo nó alt 8, féadfaidh sí, ó am go ham, cibé orduithe a thabhairt is cuí léi, cibé acu don chigire nó ar shlí eile, d'fhonn a chinntiú go ndéanfar an t-imscrúdú a luaithe agus a neamhchostasaí is féidir.

Imscrúdú cúrsaí cuideachta ar iarratas ón Aire.

8. —(1) Gan dochar dá cumhachtaí faoi alt 7, féadfaidh an chúirt ar iarratas ón Aire cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu ar cibé modh a ordóidh an chúirt, más deimhin leis an gcúirt go bhfuil imthosca ann a thugann le tuiscint—

(a) go bhfuil a cuid cúrsaí á stiúradh nó gur stiúradh iad le hintinn calaois a dhéanamh ar a creidiúnaithe nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó ar dhóigh eile chun críche atá calaoiseach nó neamhdhleathach nó ar mhodh neamhdhleathach nó ar mhodh a dhéanann dochar míchothrom do chuid éigin dá comhaltaí, nó go ndéanann nó go ndéanfadh aon ghníomh nó neamhghníomh iarbhír nó beartaithe de chuid na cuideachta (lena n-áirítear gníomh nó neamhghníomh thar a ceann) dochar amhlaidh, nó gur foirmíodh í chun aon chríche atá calaoiseach nó neamhdhleathach; nó

(b) go bhfuil daoine a raibh baint acu lena foirmlú nó le bainistíocht a cúrsaí ciontach i dtaca leis sin i gcalaois, i míghníomh nó i mí-iompar eile i leith na cuideachta nó i leith a comhaltaí; nó

(c) nár tugadh dá comhaltaí an fhaisnéis go léir maidir lena cúrsaí a mbeadh sé réasúnach acu bheith ag súil leis.

(2) (a) Beidh an chumhacht a thugtar le halt 7 nó leis an alt seo infheidhmithe maidir le comhlacht corpraithe d'ainneoin go bhfuil sé i gcúrsa a fhoirceanta.

(b) Beidh éifeacht leis an tagairt i bhfo-alt (1) (a) do chomhaltaí cuideachta amhail is dá bhfolódh sí tagairt d'aon duine nach comhalta ach a bhfuil scaireanna sa chuideachta aistrithe nó tarchurtha chuige trí oibriú dlí.

Cumhacht cigirí chun cúrsaí cuideachtaí gaolmhara a thabhairt faoi réim imscrúdú.

9. —Más dóigh le cigire a cheapfar faoi alt 7 nó 8 chun cúrsaí cuideachta a imscrúdú gur gá, chun críocha a imscrúdaithe, imscrúdú a dhéanamh freisin ar chúrsaí aon chomhlachta chorpraithe eile atá gaolmhar leis an gcuideachta sin beidh cumhacht aige, le ceadú na cúirte, é sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar chúrsaí an chomhlachta chorpraithe eile sa mhéid gur dóigh leis go bhfuil baint ag toradh a imscrúdaithe orthu leis an imscrúdú ar chúrsaí na cuideachta céadluaite.

Doiciméid agus fianaise a thabhairt ar aird, tráth imscrúdaithe.

10. —(1) Beidh de dhualgas ar gach oifigeach agus gníomhaire don chuideachta agus ar gach oifigeach agus gníomhaire d'aon chomhlacht corpraithe eile a ndéanfar imscrúdú ar a chúrsaí de bhua alt 9, gach leabhar agus doiciméad de chuid, nó i dtaobh, na cuideachta nó, de réir mar a bheidh, an chomhlachta chorpraithe eile a bheidh ina gcoimeád nó faoina n-urlámhas a thabhairt ar aird do na cigirí, freastal os comhair na gcigirí nuair a cheanglaítear orthu déanamh amhlaidh agus thairis sin gach cabhair a thabhairt do na cigirí is féidir leo le réasún a thabhairt i dtaca leis an imscrúdú.

(2) Má mheasann na cigirí go bhfuil duine seachas oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó do chomhlacht corpraithe eile i seilbh, nó go bhféadfadh sé a bheith i seilbh, aon fhaisnéise a bhaineann lena cúrsaí, féadfaidh siad a cheangal ar an duine sin aon leabhair nó doiciméid a bheidh ina choimeád nó faoina urlámhas i dtaobh na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile a thabhairt ar aird dóibh, freastal os a gcomhair agus thairis sin gach cabhair a thabhairt dóibh is féidir leis le réasún a thabhairt i dtaca leis an imscrúdú; agus beidh sé de dhualgas ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.

(3) Má bhíonn cúiseanna réasúnacha ag cigire lena chreidiúint go gcoimeádann nó gur choimeád stiúrthóir de chuid na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile, a bhfuil an cigire ag imscrúdú a cúrsaí, cuntas bainc d'aon tuairisc, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine eile agus cibé acu sa Stát nó in áit eile, ar íocadh isteach ann nó amach as—

(a) aon airgead a tháinig as aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a mhaoiniú nó a úsáideadh i maoiniú an chéanna—

(i) agus nár nochtadh na sonraí maidir leis i nóta a bhí ag gabháil le cuntais aon chuideachta i leith aon bhliana airgeadais mar a cheanglaítear le halt 41; nó

(ii) nach ndearnadh ina leith aon mhéid a bhí gan íoc a áireamh sna méideanna comhiomlána a bhí gan íoc maidir le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó omhaontuithe áirithe mar a cheanglaítear le halt 43 a nochtadh i nóta a bhí ag gabháil le cuntais aon chuideachta i leith aon bhliana airgeadais; nó

(iii) nach ndearnadh sonraí maidir leis a áireamh in aon chlár d'idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe áirithe mar a cheanglaítear le halt 44; nó

(b) aon airgead a bhí bainteach in aon slí le haon ghníomh nó neamhghníomh nó le sraith gníomhartha nó neamhghníomhartha ar mhí-iompar (cibé calaoiseach nó gan a bheith) iad ag an stiúrthóir sin i leith na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe sin nó i leith chomhaltaí an chéanna;

féadfaidh an cigire a cheangal ar an stiúrthóir gach doiciméad i seilbh an stiúrthóra nó faoina rialú, a bhaineann leis an gcuntas bainc sin a thabhairt ar aird dó; agus folaíonn “cuntas bainc” san fho-alt seo cuntas le haon duine a bheidh díolmhaithe de bhua alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin, agus folaíonn “stiúrthóir” aon stiúrthóir láithreach nó iarstiúrthóir nó aon duine atá bainteach, de réir bhrí alt 26, le stiúrthóir den sórt sin, agus aon chúlstiúrthóir láithreach nó aon iarchúlstiúrthóir.

(4) Féadfaidh cigire, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, oifigigh agus gníomhairí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus cibé duine a luaitear i bhfo-alt (2) a cheistiú faoi mhionn i ndáil le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus féadfaidh sé—

(a) iad a chur faoi mhionn dá réir sin,

(b) freagraí an duine sin a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.

(5) Má dhiúltaíonn aon oifigeach nó gníomhaire don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile nó aon duine den sórt atá luaite i bhfo-alt (2) aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird do na cigirí a mbeidh sé de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt ar aird amhlaidh, má dhiúltaíonn sé freastal os comhair cigirí nuair a cheanglaítear air déanamh amhlaidh nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a fhreagairt a chuirfidh na cigirí air maidir le cúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile, de réir mar a bheidh, féadfaidh na cigirí an diúltú a dheimhniú faoina láimh don chúirt, agus air sin féadfaidh an chúirt an cás a fhiosrú agus, tar éis di aon fhinnéithe a thabharfar ar aird in aghaidh nó ar thaobh an chiontóra líomhnaithe agus aon ráiteas a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an ciontóir a phionósú ionann is dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte.

(6) Gan dochar dá cumhacht faoi fho-alt (5), féadfaidh an chúirt, tar éis éisteachta faoin bhfo-alt sin, aon ordú nó ordachán a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordachán chuig an duine lena mbaineann chun freastal nó athfhreastal os comhair an chigire nó leabhair nó doiciméid áirithe a thabhairt ar aird nó ceisteanna áirithe a chuirfidh an cigire air a fhreagairt, nó ordachán nach gá don duine lena mbaineann leabhar nó doiciméad áirithe a thabhairt ar aird nó ceist áirithe a chuirfidh an cigire air a fhreagairt.

(7) San alt seo, folóidh aon tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí daoine a bhí, chomh maith le daoine atá, ina n-oifigigh nó ina ngníomhairí, de réir mar a bheidh, agus folóidh “gníomhairí”, maidir le cuideachta nó le comhlacht corpraithe eile, baincéirí agus aturnaetha na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile agus aon daoine ar fostú ag an gcuideachta nó ag an gcomhlacht corpraithe eile mar iniúchóirí cibé acu is oifigigh don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile na daoine sin nó nach ea.

Tuarascálacha na gcigirí.

11. —(1) Féadfaidh cigirí a bheidh ceaptha faoi alt 7 nó 8, agus i gcás go n-ordaíonn an chúirt dóibh é amhlaidh déanfaidh siad, tuar ascálacha eatramhacha a thabhairt don chúirt agus ar chríochnú an imscrúdaithe tabharfaidh siad tuarascáil deiridh don chúirt.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), féadfaidh cigire atá ceaptha faoi alt 7 nó 8 tráth ar bith i gcúrsa a imscrúdaithe, gan é a bheith riachtanach air tuarascáil eatramhach a thabhairt, nithe ar tháinig sé ar an eolas fúthu de bharr an imscrúdaithe agus a thaispeánfadh go bhfuil cion déanta a chur in iúl don chúirt.

(3) I gcás gur ceapadh cigirí faoi alt 7 nó 8, tabharfaidh an chúirt cóip de gach tuarascáil dá gcuid don Aire agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi—

(a) cóip d'aon tuarascáil a thabharfaidh na cigirí a chur ar aghaidh chuig oifig chláraithe na cuideachta,

(b) cóip a thabhairt ar í a iarraidh agus ar an táille fhorordaithe a íoc—

(i) d'aon chomhalta den chuideachta nó den chomhlacht corpraithe eile is ábhar don tuarascáil;

(ii) d'aon duine a dtagraítear dá iompar sa tuarascáil;

(iii) d'iniúchóirí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe sin;

(iv) do na hiarratasóirí ar an imscrúdú;

(v) d'aon duine eile (lena n-áirítear fostaí) más dealraitheach don chúirt go ndéanann na nithe ar déileáladh leo sa tuarascáil difear dá leasanna airgeadais cibé acu mar chreidiúnaí de chuid na cuideachta nó de chuid an chomhlachta chorpraithe nó ar shlí eile;

(vi) don Bhanc Ceannais in aon chás ina mbaineann tuarascáil na gcigirí, go hiomlán nó go páirteach, le cúrsaí sealbhóra ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ; agus

(c) a chur faoi deara go gclófar agus go bhfoilseofar aon tuarascáil den sórt sin.

(4) I gcás gur cuí leis an gcúirt amhlaidh féadfaidh sí a ordú, maidir le cuid áirithe de thuarascáil a bheidh tugtha de bhua an ailt seo, go bhfágfar an chuid sin ar lár ó chóip a bheidh curthá ar aghaidh nó tugtha faoi fho-alt (3) (a) nó (b), nó ón tuarascáil arna cló agus arna foilsiú faoi fho-alt (3) (c).

Imeachtaí ar thuarascáil chigirí.

12. —(1) Tar éis tuarascáil a bhreithniú a tugadh faoi alt 11, féadfaidh an chúirt cibé ordú is cuí léi a dhéanamh i ndáil le nithe a thig ón tuarascáil sin lena n-áirítear—

(a) ordú as a treoir féin chun comhlacht corpraithe a fhoirceannadh, nó

(b) ordú chun aon mhíchumas a leigheas a bhain d'aon duine a ndearnadh dochar dá leasanna de dheasca stiúradh chúrsaí na cuideachta, ar choinníoll go mbeidh aird ag an gcúirt, ag déanamh aon ordaithe den sórt sin di, ar leasanna aon duine eile a bhféadfaí dochar a dhéanamh dó leis an ordú.

(2) Más rud é, i gcás aon chomhlacht corpraithe a dhlífear a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí, gur dealraitheach don Aire—

(a) ó aon tuarascáil a tugadh faoi alt 11 de bharr iarratais ón Aire faoi alt 8, nó

(b) ó aon tuarascáil a thug cigirí arna gceapadh ag an Aire faoin Acht seo, nó

(c) ó aon fhaisnéis nó doiciméad a fuair an tAire faoin gCuid seo,

gur cheart achainí a thíolacadh chun an comhlacht a fhoirceannadh, féadfaidh an tAire, mura bhfuil an comhlacht á fhoirceannadh cheana féin ag an gcúirt, achainí a thíolacadh chun é a fhoirceannadh amhlaidh má cheapann an chúirt go bhfuil sé cóir cothromasach é a fhoirceannadh amhlaidh.

Caiteachais imscrúdaithe ar chúrsaí cuideachta.

13. —(1) Íocfaidh an tAire Dlí agus Cirt, ar an gcéad ásc, na caiteachais a bhainfidh agus a ghabhfaidh le himscrúdú ag cigire a bheidh ceaptha ag an gcúirt faoi na forálacha roimhe seo den Acht seo ach féadfaidh an chúirt a ordú go ndlífear ar aon duine—

(a) ar comhlacht corpraithe é lena ndéileálfar sa tuarascáil, nó

(b) ar iarratasóir nó iarratasóirí ar an imscrúdú iad,

go feadh cibé méid a ordóidh an chúirt, aisíocaíocht a dhéanamh leis an Aire Dlí agus Cirt, ar choinníoll nach mó san iomlán ná £100,000 aon dliteanas den sórt sin ar thaobh an iarratasóra nó na n-iarratasóirí.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), aon duine—

(a) a chiontófar ar díotáil i gcion ar ionchúiseamh a tionscnaíodh de thoradh imscrúdú,

(b) a n-ordófar dó damáistí a íoc nó aon mhaoin a thabhairt ar ais in imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh imscrúdú, nó

(c) ar dámhadh damáistí dó nó ar tugadh maoin ar ais dó in imeachtaí a tionscnaíodh de thoradh imscrúdú,

féadfar, sna himeachtaí céanna, a ordú dó na caiteachais uile nó cuid díobh dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a aisíoc leis an Aire Dlí agus Cirt nó le haon duine ar a bhforchuirtear dliteanas ag an gcúirt faoin bhfo-alt sin, ar choinníoll, i gcás duine lena mbaineann mír (c), nach n-ordóidh an chúirt íocaíocht de bhreis ar an deichiú cuid de mhéid na ndamáistí a dámhadh nó de luach na maoine a tugadh ar ais, de réir mar a bheidh, agus ní fhorghníomhófar aon ordú den sórt sin go bhfaighidh an duine lena mbaineann a dhamáistí nó go dtabharfar an mhaoin ar ais, de réir mar a bheidh.

(3) I gcás na tuarascála ó chigire féadfaidh an cigire, más cuí leis é, agus má ordaíonn an chúirt amhlaidh, déanfaidh sé, moladh a chur inti maidir leis na hordacháin (más ann) is dóigh leis is iomchuí, ag féachaint dá imscrúdú, a thabhairt faoi fho-alt (1).

Cigirí a cheapadh agus cumhachtaí cigirí chun úinéireacht cuideachta a imscrúdú.

14. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2), cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun comhaltas aon chuideachta a imscrúdú agus tuarascáil a thabhairt faoi agus thairis sin maidir leis an gcuideachta chun a chinneadh cé hiad na daoine go fírinneach a bhfuil nó a raibh leas ó thaobh airgid acu i rathúlacht nó i gcliseadh (réadach nó follasach) na cuideachta nó atá nó a bhí in ann polasaí na cuideachta a rialú nó dul i gcion go hábhartha air.

(2) Féadfaidh an tAire ceapachán a dhéanamh más dóigh leis go bhfuil imthosca ann a thugann le tuiscint gur gá é—

(a) chun an dlí a bhaineann le cuideachtaí a riar go héifeachtach;

(b) chun go n-urscaoilfidh an tAire go héifeachtach a chuid feidhmeanna faoi aon achtachán; nó

(c) ar mhaithe le leas an phobail.

(3) Féadfaidh ceapachán cigire faoin alt seo scóip a imscrúdaithe a mhíniú, cibé acu maidir leis na nithe nó leis an tréimhse a mbeidh réim ag an imscrúdú maidir leo nó léi nó maidir le nithe eile, agus go háirithe féadfaidh an ceapachán an t-imscrúdú a theorannú go nithe a bhaineann le scaireanna nó bintiúir áirithe.

(4) Faoi réir téarmaí ceapacháin cigire beidh réim ag a chuid cumhachtaí maidir le haon imthosca a imscrúdú a thugann le tuiscint go bhfuil, cé nach bhfuil ceangal de réir dlí ann, comhshocraíocht nó comhthuiscint ann, a urramaítear nó a urramaíodh nó is dóigh a urramófar i gcleachtas agus is iomchuí do chríocha a imscrúdaithe.

(5) Chun críocha aon imscrúdaithe faoin alt seo, beidh feidhm ag ailt 9 go 11, ach amháin alt 10 (3), fara na modhnuithe is gá i dtaca le tagairtí, maidir le cúrsaí na cuideachta nó cúrsaí aon chomhlachta chorpraithe eile, ionas, áfach—

(a) go mbeidh feidhm ag na hailt sin i ndáil leis na daoine go léir a bhfuil nó a raibh, nó a bhfuil cúis réasúnach ag an gcigire lena chreidiúint go bhfuil nó go raibh, leas ó thaobh airgid acu i rathúlacht nó i gcliseadh, nó i rathúlacht nó i gcliseadh follasach, na cuideachta nó aon chomhlachta chorpraithe eile a ndéantar a chomhaltas a imscrúdú i dteannta chomhaltas na cuideachta, nó atá in ann polasaí an chéanna a rialú nó dul i gcion go hábhartha air, lena n-áirítear daoine nach cúram dóibh ach gníomhú ar son daoine eile agus i ndáil le haon duine eile a bhfuil cúis réasúnach ag an gcigire lena chreidiúint go bhfuil faisnéis aige is iomchuí don imscrúdú, de réir mar a bheidh feidhm acu i ndáil le hoifigigh agus gníomhairí don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile, de réir mar a bheidh;

(b) más dóigh leis an Aire go bhfuil cúis mhaith ann le nach sceithfí aon chuid de thuarascáil a thabharfar de bhua an ailt seo féadfaidh sé an tuarascáil a nochtadh agus an chuid sin a fhágáil ar lár; agus féadfaidh sé a chur faoi deara do chláraitheoir na gcuideachtaí cóip den tuarascáil agus an chuid sin fágtha ar lár nó, i gcás aon tuarascála eile den sórt sin, cóip den tuarascáil iomlán, a choimeád; agus

(c) go gcuirfear tagairtí don Aire in ionad tagairtí don chúirt (ach amháin in alt 10 (5) agus (6)).

Cumhacht chun faisnéis a éileamh maidir le daoine a bhfuil leas acu i scaireanna nó i mbintiúir.

15. —(1) Más dealraitheach don Aire gur gá é—

(a) leis an dlí a bhaineann le cuideachtaí a riar go héifeachtach;

(b) le go n-urscaoilfidh an tAire go héifeachtach a chuid feidhmeanna faoi aon achtachán; nó

(c) ar mhaithe le leas an phobail;

úinéireacht aon scaireanna i gcuideachta nó aon bhintiúr de chuid cuideachta a imscrúdú agus nach gá cigire a cheapadh chun na críche, féadfaidh sé a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach aige lena chréidiúint go bhfuil aon fhaisnéis aige nó go bhfuil sé in ann aon fhaisnéis a fháil maidir leis na leasanna láithreacha agus leasanna caite sna scaireanna nó sna bintiúir sin agus ainmneacha agus seoltaí na ndaoine leasmhara agus aon daoine a ghníomhaíonn nó a ghníomhaigh thar a gceann i ndáil leis na scaireanna nó leis na bintiúir, aon fhaisnéis den sórt sin a thabhairt don Aire.

(2) Chun críocha an ailt seo measfar leas a bheith ag duine i scair nó i mbintiúr má tá aon cheart aige an scair nó an bintiúr nó aon leas sa scair nó sa bhintiúir a fháil nó a dhiúscairt nó vótáil maidir leis an gcéanna nó más gá a thoiliú chun aon cheann de chearta daoine eile a bhfuil leas acu sa chéanna a fheidhmiú nó más féidir a cheangal ar na daoine eile a bhfuil leas acu sa chéanna nó más gnách leo a gcearta a fheidhmiú de réir a threoracha.

(3) Aon duine a mhainneoidh aon fhaisnéis a thabhairt a cheanglaítear air a thabhairt faoin alt seo nó a dhéanann aon ráiteas agus aon fhaisnéis den sórt sin á tabhairt aige is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha, nó a dhéanann aon ráiteas go meargánta atá bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

Cumhacht chun srianta a fhorchur ar scaireanna nó bintiúir.

16. —(1) Más dealraitheach don Aire i dtaca le himscrúdú nó fiesrú faoi alt 14 nó 15 go bhfuil deacracht ann na fíorais iomchuí faoi aon scaireanna (cibé acu eisithe nó le heisiúint) a fháil amach, féadfaidh an tAire le fógra i scríbhinn a ordú go mbeidh na scaireanna, go dtí go bhfógrófar a mhalairt, faoi réir na srianta a fhorchuirtear leis an alt seo.

(2) Fad a bheidh ordú faoi fho-alt (1) maidir le haon scaireanna i bhfeidhm—

(a) beidh aon aistriú ar na scaireanna sin, nó i gcás scaireanna neamheisithe, aon aistriú ar an gceart a bheidh le heisiúint leo, agus aon eisiúint den chéanna, ar neamhní;

(b) ní bheidh aon chearta vótála infheidhmithe maidir leis na scaireanna sin;

(c) ní eiseofar aon scaireanna eile de bhua cheart na scaireanna sin nó de bhun aon tairisceana a rinneadh le sealbhóir na scaireanna sin; agus

(d) ach amháin i leachtú, ní íocfar aon suimeanna a bheidh dlite den chuideachta ar na scaireanna sin, cibé acu maidir le caipiteal nó ar shlí eile.

(3) I gcás scaireanna a bheith faoi réir na srianta a fhorchuirtear le fo-alt (2) (a) beidh aon chomhaontú na scaireanna a aistriú nó i gcás scaireanna neamheisithe, an ceart a bheidh le heisiúint leis na scaireanna, ar neamhní ach amháin comhaontú na scaireanna a dhíol de bhun fho-alt (6) (b).

(4) Má bhíonn scaireanna faoi réir na srianta a fhorchuirtear le fo-alt (2) (c) nó (2) (d) beidh aon chomhaontú chun aon cheart a aistriú a bheidh le heisiúint le scaireanna eile de cheart na scaireanna sin nó aon íocaíocht a fháil ar na scaireanna sin (ar shlí seachas i leachtú) ar neamhní ach amháin comhaontú chun aon cheart den sórt sin a aistriú ar na scaireanna a dhíol de bhun fho-alt (6) (b).

(5) Má ordaíonn an tAire go mbeidh scaireanna faoi réir na srianta sin, nó má dhiúltaíonn sé ordú a thabhairt go scoirfidh scaireanna de bheith faoina réir, féadfaidh aon duine a bheidh éagóirithe dá bharr iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú go scoirfidh na scaireanna de bheith faoina réir.

(6) Faoi réir fho-ailt (7) agus (13), ní fhéadfar ordú de chuid na cúirte ná ordachán de chuid an Aire, go scoirfidh scaireanna de bheith faoi réir na srianta a fhorchuirtear leis an alt seo, a dhéanamh ach amháin—

(a) más deimhin leis an gcúirt nó, de réir mar a bheidh, leis an Aire gur nochtadh na fíorais iomchuí faoi na scaireanna don chuideachta agus nár fhabhraigh aon bhuntáiste neamhchóir chuig aon duine de bharr nach ndearnadh an nochtadh sin roimhe sin; nó

(b) má tá na scaireanna le díol agus go n-aontaíonn an chúirt nó an tAire leis an díol.

(7) Má bhíonn aon scaireanna i gcuideachta faoi réir na srianta a fhorchuirtear leis an alt seo, féadfaidh an chúirt ar iarratas ón Aire nó ón gcuideachta a ordú go ndíolfar na scaireanna, faoi réir cheadú na cúirte maidir leis an díol, agus féadfaidh sí a ordú freisin go scoirfidh na scaireanna de bheith faoi réir na srianta sin.

(8) I gcás ordú a bheith déanta faoi fho-alt (7) ansin, ar iarratas ón Aire, ón gcuideachta, ón duine atá ceaptha ag an ordú nó de bhun an ordaithe an díol a dhéanamh nó ó aon duine a bhfuil leas aige sna scaireanna, féadfaidh an chúirt cibé ordú eile a dhéanamh is cuí léi a bhaineann leis an díol nó le haistriú na scaireanna.

(9) Má dhíoltar aon scaireanna de bhun ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (7), íocfar fáltais an díola, lúide costais an díola, leis an gcúirt chun tairbhe na ndaoine a bhfuil leas tairbhiúil acu sna scaireanna; agus féadfaidh aon duine den sórt sin iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun na fáltais sin go léir nó cuid díobh a íoc leis.

(10) Ar iarratas faoi fho-alt (9) ordóidh an chúirt, faoi réir fho-alt (11), fáltais an díola go léir mar aon leis an ús orthu a íoc leis an iarratasóir nó, i gcás leas tairbhiúil a bheith ag aon duine eile sna scaireanna tráth a ndíola, cibé cion de na fáltais agus den ús sin atá comhionann leis an gcion atá idir luach leas an iarratasóra sna scaireanna agus luach iomlán na scaireanna.

(11) Ar iarratas ar ordú faoi fho-alt (7) nó (8) a dheonú, féadfaidh an chúirt a ordú go n-íocfar costais an iarratasóra amach as fáltais an díola; agus, i gcás go ndéanfar ordú faoin bhfo-alt seo, beidh an t-iarratasóir i dteideal íocaíocht a fháil ar a chostais as fáltais an díola sula bhfaighidh aon duine a bhfuil leas aige sna scaireanna áirithe aon chuid de na fáltais sin.

(12) Aon ordú nó ordachán go scoirfidh scaireanna de bheith faoi réir na srianta sin agus a shainítear a bheith déanta nó tugtha d'fhonn cead a thabhairt na scaireanna sin a aistriú nó a dhéantar faoi fho-alt (7) féadfar leis an ordú nó leis an ordachán sin na srianta a luaitear i bhfo-alt (2) (c) agus (2) (d) a choimeád i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach a mhéid a bhaineann siad le haon cheart a fuarthas nó le haon tairiscint a rinneadh roimh an aistriú.

(13) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le haon ordú de chuid na cúirte nó de chuid an Aire a ordaíonn go scoirfidh scaireanna de bheith faoi réir aon srianta atá á gcoimeád i bhfeidhm i ndáil leis na scaireanna sin de bhua fho-alt (12).

(14) Aon duine—

(a) a fheidhmíonn aon cheart nó a airbheartaíonn aon cheart a fheidhmiú chun aon scaireanna a dhiúscairt atá de thuras na huaire, go bhfios dó, faoi réir na srianta sin nó chun aon cheart a dhiúscairt a bheidh le heisiúint le haon scaireanna den sórt sin; nó

(b) a vótálann maidir le haon scaireanna den sórt sin, cibé acu mar shealbhóir nó mar sheachvótálaí, nó a cheapann seachvótálaí le vótáil maidir leis an gcéanna; nó

(c) mar shealbhóir ar aon scaireanna den sórt sin, a mhainníonn a chur in iúl go bhfuil siad faoi réir na srianta sin d'aon duine nach eol dó an fíoras sin a bheith ar eolas aige ach arb eol dó go bhfuil sé, ar leith ó na srianta sin, i dteideal vótáil maidir leis na scaireanna sin cibé acu mar shealbhóir nó mar sheachvótálaí; nó

(d) mar shealbhóir ar aon scaireanna den sórt sin , nó mar dhuine atá i dteideal aon cheart den sórt a luaitear i bhfo-alt (4), a dhéanann comhaontú atá ar neamhní de bhua fho-alt (3) nó (4);

beidh sé ciontach i gcion.

(15) Má eisítear scaireanna in aon chuideachta de shárú ar na srianta sin, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

(16) Ní thionscnófar imeachtaí achoimre faoin alt seo ach amháin ag an Aire nó lena thoiliú.

(17) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le bintiúir mar atá feidhm aige i ndáil le scaireanna.

(18) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar fógra faoi aon ordachán a thabharfaidh sé faoin alt seo—

(a) a chur chuig an gcuideachta lena mbaineann ag a hoifig chláraithe, agus

(b) a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí,

(c) a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in dhá nuachtán laethúla ar a laghad,

a luaithe is féidir tar éis an t-ordachán a thabhairt.

Leathnú ar chumhachtaí imscrúdaithe chuig comhlachtaí áirithe atá corpraithe lasmuigh den Stát.

17. —Beidh feidhm ag ailt 8 go 11, 13, 18 agus 22 maidir leis na comhlachtaí corpraithe go léir atá corpraithe lasmuigh den Stát agus atá ag seoladh gnó sa Stát nó a sheol gnó tráth ar bith ann amhail is dá mba chuideachtaí iad a bhí cláraithe faoin bPríomh-Acht, faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

Nithe áirithe a bheith inghlactha i bhfianaise.

18. —Maidir le freagra a thabharfaidh duine ar cheist a chuirfear air i bhfeidhmiú cumhachtaí a thugtar—

(a) le halt 10;

(b) le halt 10 arna chur chun feidhme le hailt 14 agus 17; nó

(c) le rialacha arna ndéanamh maidir le cuideachtaí a fhoirceannadh cibé acu ag an gcúirt nó go saorálach faoi alt 68 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , arna leathnú le halt 312 den Phríomh-Acht;

féadfar é a úsáid i bhfianaise ina aghaidh agus féadfar ráiteas is gá a thabhairt le halt 224 den Phríomh-Acht a úsáid i bhfianaise in aghaidh aon duine a dhéanfaidh é nó a chomhthoileoidh lena dhéanamh.

Cumhacht an Aire chun a cheangal doiciméid a thabhairt ar aird.

19. —(1) Féadfaidh an tAire, faoi réir fho-alt (2), ordacháin a thabhairt d'aon chomhlacht—

(a) ar cuideachta é a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí;

(b) ar cuideachta láithreach é de réir bhrí na nAchtanna sin;

(c) ar cuideachta é lena mbaineann an Príomh-Acht de bhua alt 325 den chéanna nó atá cláraithe faoin Acht sin de bhua Chuid IX den chéanna;

(d) ar comhlacht corpraithe é atá corpraithe sa Stát agus a bhfuil príomh-áit ghnó aige sa Stát, ar comhlacht é lena mbaineann aon cheann d'fhorálacha an Achta a dúradh maidir le réamheolairí agus leithrannta de bhua alt 377 den Acht sin;

(e) ar comhlacht corpraithe é atá corpraithe lasmuigh den Stát agus atá ag seoladh gnó sa Stát nó a sheol gnó ann tráth ar bith;

(f) ar comhlacht ar bith eile é, cibé acu corpraithe nó gan bheith, ar gnóthas árachais é nó ar dealraitheach don Aire gur gnóthas árachais é a mbeadh feidhm ag na hAchtanna Árachais, 1909 go 1990, nó ag rialacháin faoi árachas a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , maidir leis;

á cheangal ar an gcomhlacht, cibé tráth agus áit a bheidh sonraithe sna hordacháin, cibé leabhair nó doiciméid a bheidh sonraithe amhlaidh a thabhairt ar aird, nó féadfaidh sé tráth ar bith, má cheapann sé go bhfuil cúis mhaith aige le déanamh amhlaidh, a údarú d'aon oifigeach dá chuid, ar fhianaise faoina údarás a thabhairt ar aird (má cheanglaítear air déanamh amhlaidh), a cheangal ar aon chomhlacht den sórt sin mar a dúradh aon leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird dó láithreach a shonróidh an t-oifigeach.

(2) Féadfaidh an tAire ordacháin a thabhairt más dóigh leis go bhfuil imthosca ann a thugann le tuiscint—

(a) gur gá leabhair agus doiciméid an chomhlachta a scrúdú d'fhonn a chinneadh cibé acu ba cheart cigire a cheapadh chun imscrúdú ar an gcomhlacht a stiúradh faoi Achtanna na gCuideachtaí; nó

(b) go bhfuil nó go raibh cúrsaí an chomhlachta á stiúradh le hintinn calaois a dhéanamh—

(i) ar a chreidiúnaithe,

(ii) ar chreidiúnaithe aon duine eile, nó

(iii) ar a chuid comhaltaí; nó

(c) go bhfuil nó go raibh cúrsaí an chomhlachta á stiúradh chun críche calaoisí seachas mar a thuairiscítear i mír (b); nó

(d) go bhfuil nó go raibh cúrsaí an chomhlachta á stiúradh ar shlí a dhéanann dochar míchothrom do chuid éigin dá chomhaltaí; nó

(e) go ndéanann nó go ndéanfadh aon ghníomh nó neamhghníomh, nó sraith de ghníomhartha nó neamhghníomhartha, iarbhír nó beartaithe, de chuid an chomhlachta nó thar a cheann dochar míchothrom do chuid éigin dá chomhaltaí; nó

(f) go bhfuil, nó gur dóigh go bhfuil, aon ghníomh nó neamhghníomh, nó sraith de ghníomhartha nó neamhghníomhartha, iarbhír nó beartaithe, de chuid an chomhlachta nó thar a cheann neamhdhleathach; nó

(g) gur foirmíodh an comhlacht chun aon chríche calaoisí; nó

(h) gur foirmíodh an comhlacht chun aon chríche neamhdhleathaí.

(3) Más rud é de bhua fho-alt (1) go mbeidh cumhacht ag an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe ag an Aire a cheangal ar aon chomhlacht aon leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird beidh cumhacht dá samhail ag an Aire nó ag an oifigeach a cheangal ar aon duine ar dealraitheach don Aire nó don oifigeach na leabhair nó na doiciméid sin a bheith ina sheilbh iad a thabhairt ar aird; ach má éilíonn aon duine den sórt sin lian ar leabhair nó doiciméid a bheidh tugtha ar aird aige, déanfar iad a thabhairt ar aird gan dochar don lian.

(4) Aon chumhacht a thugtar leis an alt seo nó de bhua an ailt seo chun a cheangal ar chomhlacht nó ar dhuine eile leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird folóidh sí cumhacht—

(a) i gcás na leabhair nó na doiciméid a thabhairt ar aird—

(i) chun cóipeanna díobh nó sleachta astu a thógáil; agus

(ii) chun a cheangal ar an duine sin, nó ar aon duine eile ar oifigeach láithreach nó iaroifigeach é don chomhlacht áirithe nó atá nó a bhí fostaithe tráth ar bith ag an gcomhlacht áirithe míniú a thabhairt ar aon cheann díobh;

(b) mura dtabharfar na leabhair nó na doiciméid ar aird, chun a cheangal ar an duine ar ceanglaíodh air iad a thabhairt ar aird a lua, de réir mar is fearr is eol dó agus mar a chreideann sé, cá bhfuil siad.

(5) Mura gcomhlíonfar ceanglas chun leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird nó míniú a sholáthar nó ráiteas a dhéanamh a fhorchuirtear de bhua an ailt seo, beidh an comhlacht nó an duine eile ar ar forchuireadh an ceanglas amhlaidh ciontach i gcion; ach i gcás go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo i leith ceanglais chun aon leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird, is cosaint a chruthú nach raibh siad ina sheilbh ná faoina rialú agus nárbh fhéidir leis le réasún an ceanglas a chomhlíonadh.

(6) Féadfar ráiteas a dhéanfaidh duine agus ceanglas a fhorchuirtear de bhua an ailt seo á chomhlíonadh aige a úsáid mar fhianaise ina aghaidh.

(7) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an Aire duine seachas oifigeach dá chuid a údarú chun na feidhmeanna a fheidhmiú a fhéadfaidh oifigeach dá chuid a fheidhmiú faoin alt seo agus, i gcás go n-údaróidh an tAire amhlaidh, beidh na cearta céanna ag an duine sin agus na dualgais agus na hoibleagáidí céanna air amhail is dá mba é an t-oifigeach sin é.

Dul isteach agus áitreabh a chuardach.

20. —(1) Más deimhin le Breitheamh Dúiche ar fhaisnéis faoi mhionn a bheidh curtha i láthair ag oifigeach a d'údaraigh an tAire nó a bheidh curtha i láthair faoi údarás an Aire, go bhfuil foras réasúnach le drochamhras a bheith ann an bhfuil aon leabhair nó doiciméid ar aon áitreabh ar ceanglaíodh iad a thabhairt ar aird faoi alt 14, 15 nó 19, agus nár tugadh ar aird i gcomhlíonadh an cheanglais sin, féadfaidh an Breitheamh barántas a eisiúint á údarú d'aon chomhalta den Gharda Síochána agus d'aon daoine eile a bheidh ainmnithe sa bharántas agus d'aon chomhaltaí eile den Gharda Síochána dul isteach san áitreabh a bheidh sonraithe san fhaisnéis (agus cibé forneart a úsáid is gá le réasún chun na críche) agus an t-áitreabh a chuardach agus seilbh a ghabháil ar aon leabhair nó doiciméid ar dealraitheach gur leabhair nó doiciméid den sórt sin a dúradh iad, nó, i ndáil le haon leabhair nó doiciméid is dealraitheach dóibh amhlaidh, aon bhearta eile a dhéanamh is dealraitheach dóibh a bheith riachtanach chun na leabhair nó na doiciméid sin a chaomhnú agus le nach mbainfí leo.

(2) Leanfaidh gach barántas a eiseofar faoin alt seo i bhfeidhm go dtí deireadh tréimhse míosa tar éis dáta a eisiúna.

(3) Féadfar aon leabhair nó doiciméid a ngabhfar seilbh orthu faoin alt seo a choimeád ar feadh tréimhse trí mhí nó, i gcás aon imeachtaí coiriúla den sórt atá luaite in alt 21 (1) (a) nó (1) (b) (ar imeachtaí iad lena mbaineann na leabhair nó na doiciméid) a bheith tosaithe laistigh den tréimhse sin, go dtí críoch na n-imeachtaí sin.

(4) Duine a bhacfaidh ceart dul isteach nó cuardaigh a fheidhmiú a thugtar de bhua barántais a eisítear faoin alt seo nó a bhacfaidh ceart a fheidhmiú a thugtar amhlaidh chun seilbh a ghabháil ar aon leabhair nó doiciméid, beidh sé ciontach i gcion.

Foráil d'fhonn faisnéis a shlánchoimeád.

21. —(1) Ní dhéanfar aon fhaisnéis, leabhar nó doiciméad a bhaineann le comhlacht agus a gheofar faoi alt 19 nó 20 a fhoilsiú ná a nochtadh, gan toiliú roimh ré i scríbhinn ón gcomhlacht sin, ach amháin d'údarás inniúil, mura n-éilítear an foilsiú nó an nochtadh—

(a) d'fhonn aon imeachtaí coiriúla a thionscnamh, nó thairis sin chun críocha aon imeachtaí den sórt sin, de bhun nó de dhroim Achtanna na gCuideachtaí nó i leith ciona lena ngabhann mí-iompar i dtaca le cúrsaí an chomhlachta a bhainistiú nó lena chuid maoine a mhífheidhmiú nó a choinneáil go héagórach;

(b) d'fhonn aon imeachtaí coiriúla a thionscnamh, nó thairis sin chun críocha aon imeachtaí den sórt sin, de bhun nó de dhroim na nAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 go 1986, nó na nAchtanna Árachais, 1909 go 1990, nó rialachán faoi árachas a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 ;

(c) d'fhonn aon cheanglas a chomhlíonadh nó aon chumhacht a fheidhmiú a fhorchuirtear nó a thugtar leis an gCuid seo maidir le tuarascálacha a thugann cigirí a bheidh ceaptha fúithi ag an gcúirt nó ag an Aire;

(d) d'fhonn an tAire do thionscnamh imeachtaí chun an comhlacht a fhoirceannadh faoin bPríomh-Acht nó thairis sin chun críocha imeachtaí a bheidh tionscanta aige chun na críche sin;

(e) chun críocha imeachtaí faoi alt 20.

(2) Aon duine a fhoilseoidh nó a nochtfaidh aon fhaisnéis, leabhar nó doiciméad de shárú ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Chun críocha an ailt seo folaíonn “údarás inniúil”—

(a) an tAire,

(b) duine arna údarú ag an Aire,

(c) cigire a cheapfar faoin Acht seo,

(d) an tAire Airgeadais,

(e) oifigeach arna údarú ag an Aire Airgeadais,

(f) aon chúirt dlínse inniúla,

(g) údarás maoirseachta de réir bhrí rialachán a bhaineann le hárachas a rinneadh faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , agus

(h) an Banc Ceannais.

Tuarascálacha cigirí a bheith ina bhfianaise.

22. —Beidh doiciméad a airbheartóidh a bheith ina chóip de thuarascáil ó chigire a cheapfar faoi fhorálacha na Coda seo inghlactha in aon imeachtaí sibhialta mar fhianaise—

(a) ar na fíorais a bheidh leagtha amach inti gan a thuilleadh cruthúnais mura gcruthófar a mhalairt, agus

(b) ar thuairim an chigire i ndáil le haon ní sa tuarascáil.

Cosaint d'fhaisnéis faoi phribhléid.

23. —(1) Ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo d'iallach ar aon duine aon fhaisnéis a nochtadh a mbeadh sé, i dtuairim na cúirte, i dteideal diúltú í a thabhairt ar aird ar fhoras a bhaineann le pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil ná ní údaróidh aon ní sa Chuid seo seilbh a ghlacadh ar aon doiciméad ina mbeidh faisnéis den sórt sin a bheidh ina sheilbh.

(2) Ní cheanglóidh an tAire ar dhuine, faoi alt 19, ná ní údaróidh sé d'oifigeach dá chuid a cheangal ar dhuine, a sheolann gnó baincéireachta doiciméad a thabhairt ar aird a bhaineann le cúrsaí custaiméara dá chuid mura dealraitheach don Aire gur gá sin a dhéanamh chun cúrsaí an duine chéadluaite a imscrúdú nó gur duine é an custaiméir ar ar forchuireadh ceanglas de bhua an ailt sin.

(3) Beidh foilsiú aon tuarascála, faisnéise, leabhair nó doiciméid, de bhun aon fhorála den Chuid seo, faoi phribhléid.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

24. —(1) Má bhíonn aon deacracht ann, in aon slí, aon fhoráil den Chuid seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dealraitheach dó a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, chun an fhoráil a thabhairt i ngníomh, nó chun a gníomhú a áirithiú nó a urasú, agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Chuid seo a mhodhnú a mhéid a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun foráil den sórt sin a chur in éifeacht chun na gcríoch a dúradh.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

CUID III

Idirbhearta a Bhaineann le Stiúrthóirí

Réamhráiteach

Léiriú ar Chuid III.

25. —(1) Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “idirbhearta creidmheasa” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (3);

folaíonn “ráthaíocht” slánaíocht;

tá le “quasi-iasacht” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);

ciallaíonn “banc ceadúnaithe” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 .

(2) Chun críocha na Coda seo—

(a) is éard is quasi-iasacht ann idirbheart faoina gcomhaontaíonn páirtí amháin (“an creidiúnaí”) suim a íoc do pháirtí eile (“an t-iasachtaí”) nó faoina n-íocann sé suim amhlaidh ar shlí seachas de bhun comhaontú, nó faoina gcomhaontaíonn sé caiteachas a thabhaigh páirtí amháin a aisíoc do pháirtí eile (“an t-iasachtaí”) nó faoina ndéanann sé aisíoc amhlaidh seachas de bhun comhaontú—

(i) ar théarmaí go ndéanfaidh an t-iasachtaí (nó duine thar a cheann) aisíoc leis an gcreidiúnaí: nó

(ii) in imthosca faoina mbeidh an t-iasachtaí faoi dhliteanas aisíoc a dhéanamh leis an gcreidiúnaí;

(b) is tagairt don iasachtaí aon tagairt don duine a dtabharfar quasi-iasacht dó; agus

(c) folaíonn dliteanais iasachtaí faoi quasi-iasacht dliteanais aon duine a chomhaontaigh aisíoc a dhéanamh leis an gcreidiúnaí thar ceann an iasachtaí.

(3) Chun críocha na Coda seo is é is idirbheart creidmheasa ann idirbheart faoina ndéanann páirtí amháin (“an creidiúnaí”)—

(a) aon earraí a sholáthar nó aon talamh a dhíol faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó faoi chomhaontú coinníollach díola;

(b) úsáid talún a léasú nó a cheadúnú nó carraí a fhruiliú, i gcomaoin íocaíochtaí tréimhsiúla;

(c) talamh a dhiúscairt ar shlí eile nó earraí nó seirbhísí a sholáthar ar shlí eile ar an mbonn tuisceana go ndéanfar íocaíocht (cibé acu ina cnapshuim nó i dtráthchodanna nó ar mhodh íocaíochtaí tréimhsiúla nó ar shlí eile) a chur siar.

(4) Chun críocha na Coda seo is é is luach d'idirbheart nó do chomhshocraíocht—

(a) i gcás iasachta, príomhshuim na hiasachta;

(b) i gcás quasi-iasachta, an méid nó an t-uasmhéid a mbeidh an duine a dtabharfar an quasi-iasacht dó faoi dhliteanas a aisíoc leis an gcreidiúnaí;

(c) i gcás idirbhirt nó comhshocraíochta, seachas iasacht nó quasi-iasacht nó idirbheart nó comhshocraíocht faoi mhír (d) nó (e), an praghas a d'fhéadfaí a bheith ag súil le réasún a fháil ar na hearraí, ar an talamh nó ar na seirbhísí lena mbaineann an t-idirbheart nó an chomh shocraíocht dá soláthrófaí iad an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht i ngnáthchúrsa gnó agus ar na téarmaí céanna (ar leith ón bpraghas) ar soláthraíodh nó a soláthrófar iad faoin idirbheart nó faoin gcomhshocraíocht áirithe;

(d) i gcás ráthaíochta nó urrúis, an méid a ráthaíodh nó a urraíodh;

(e) i gcás comhshocraíochta lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3) luach an idirbhirt lena mbaineann an chomhshocraíocht lúide aon mhéid trínar laghdaíodh dliteanais an duine, dá ndearnadh an t-idirbheart, faoin gcomhshocraíocht nó faoin idirbheart.

(5) Chun críocha fho-alt (4), measfar, maidir le luach idirbhirt nó comhshocraíochta nach féidir a shainiú mar shuim shonrach airgid (mar nach féidir méid aon dliteanais faoin idirbheart a fhionnadh, nó mar gheall ar aon chúis eile), gur mó é ná £50,000 cibé acu a laghdaíodh nó nár laghdaíodh aon dliteanas faoin idirbheart.

(6) Chun críocha na Coda seo, déanfar idirbheart nó comhshocraíocht do dhuine más rud é—

(a) i gcás iasachta nó quasi-iasachta, go dtugtar dó í;

(b) i gcás idirbhirt creidmheasa, gurb eisean an duine a ndéanfar earraí nó seirbhísí a sholáthar dó, nó talamh a dhíol leis nó a dhiúscairt ar shlí eile, faoin idirbheart;

(c) i gcás ráthaíochta nó urrúis, go ndéanfar é nó go gcuirfear ar fáil é i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a tugadh dó nó i dtaca le hidirbheart creidmheasa a rinneadh dó;

(d) i gcás comhshocraíochta lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3), gur dó a rinneadh an t-idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht; agus

(e) i gcás aon idirbhirt nó chomhshocraíochta eile chun earraí, talamh nó seirbhísí (nó aon leas iontu) a sholáthar nó a aistriú, gurb eisean an duine a soláthrófar na hearraí, an talamh nó na seirbhísí (nó an leas) dó nó a n-aistreofar chuige iad.

(7) Ní bhaineann an Chuid seo, ach amháin ailt 41, 43 agus 44, le comhshocraíochtaí nó idirbhearta a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo ach, chun a chinneadh cibé acu is comhshocraíocht lena mbaineann alt 31 (2) nó 31 (3) comhshocraíocht, measfar, maidir leis an idirbheart lena mbaineann an chomhshocraíocht, i gcás go ndearnadh é roimh an tosach feidhme sin, gur ina dhiaidh sin a rinneadh é.

(8) Beidh éifeacht leis an gCuid seo i ndáil le comhshocraíocht nó le hidirbheart bíodh sé faoi réir dhlí an Stáit nó dlí tíre eile.

Daoine bainteacha.

26. —(1) Chun críocha na Coda seo tá duine bainteach le stiúrthóir cuideachta más rud é, ach más rud é amháin—

(a) gurb é céile, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr nó leanbh an stiúrthóra sin é;

(b) gur duine é a ghníomhaíonn ina cháil mar iontaobhaí aon iontaobhais arb iad na príomhthairbhithe maidir leis an iontaobhas an stiúrthóir, a chéile nó aon leanbh dá chuid nó aon chomhlacht corpraithe a rialaíonn sé: nó

(c) gur comhpháirtí den stiúrthóir sin é;

mura stiúrthóir de chuid na cuideachta an duine sin freisin.

(2) Measfar comhlacht corpraithe a bheith bainteach freisin le stiúrthóir cuideachta más é an stiúrthóir sin a rialaíonn é.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar comhlacht corpraithe a bheith faoi rialú stiúrthóra cuideachta más rud é, ach más rud é amháin go bhfuil, mar dhuine aonair nó i dteannta aon duine de na daoine dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c) d'fho-alt (1), leas aige i mbreis is leath de scairchaipiteal cothromais an chomhlachta sin nó go bhfuil sé i dteideal breis is leath den chumhacht vótála a fheidhmiú nó feidhmiú na coda sin a rialú ag aon chruinniú ginearálta de chuid an chomhlachta sin.

(4) I bhfo-alt (3)—

(a) tá le “scairchaipiteal cothromais” an bhrí chéanna atá leis in alt 155 den Phríomh-Acht; agus

(b) folóidh tagairtí do chumhacht vótála a fheidhmíonn stiúrthóir tagairtí do chumhacht vótála a fheidhmíonn comhlacht corpraithe eile a rialaíonn an stiúrthóir sin.

(5) Beidh éifeacht le forálacha alt 54 chun críocha fho-alt (3) ach na focail “níos mó ná leath” a chur in ionad na bhfocal “an tríú cuid nó níos mó” i bhfo-ailt (5) agus (6) den alt sin.

Cúlstiúrthóirí.

27. —(1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le duine ar gnách le stiúrthóirí cuideachta gníomhú de réir a ordachán nó a threoracha (dá ngairtear “cúlstiúrthóir” san Acht seo) déileálfar leis, chun críocha na Coda seo, mar stiúrthóir ar an gcuideachta mura gnách leis na stiúrthóirí gníomhú amhlaidh ar an aonchúis go ndéanann siad amhlaidh ar chomhairle a thugann sé i gcáil ghairmiúil.

(2) Ní bheidh cúlstiúrthóir ciontach i gcion faoi alt 44 (8) de bhua fho-alt (1) amháin.

(3) Beidh feidhm ag alt 194 den Phríomh-Acht i ndáil le cúlstiúrthóir cuideachta mar atá feidhm aige i ndáil le stiúrthóir cuideachta, ach amháin go ndearbhóidh an culstiúrthóir a leas, ní ag cruinniú stiúrthóirí, ach trí fhógra i scríbhinn chuig na stiúrthóirí—

(a) ar fógra sonrach é a thabharfar roimh dháta an chruinnithe ag a gceanglófaí, le fo-alt (2) den alt sin, an dearbhú a dhéanamh dá mba gur stiúrthóir é; nó

(b) ar fógra é atá, faoi fho-alt (3) den alt sin, le háireamh mar leordhearbhú ar an leas sin nó a bheadh le háireamh amhlaidh ar leith ón gcoinníoll;

agus beidh éifeacht le halt 145 den Acht sin amhail is dá ndéanfaí an dearbhú ag an gcruinniú áirithe agus dá réir sin dá mba chuid de na himeachtaí é ag an gcruinniú sin.

Idirbhearta áirithe lena mbaineann easaontacht leasa

Conarthaí fostaíochta stiúrthóirí.

28. —(1) Faoi réir fho-alt (6), ní chorpróidh cuideachta téarma lena mbaineann an t-alt seo in aon chomhaontú mura gceadófar an téarma ar dtús le rún ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus, i gcás stiúrthóra cuideachta sealbhaíochta, le rún ón gcuideachta sin i gcruinniú ginearálta.

(2) Baineann an t-alt seo le haon téarma lena leanfar nó lena bhféadfar leanúint d'fhostaíocht stiúrthóra leis an gcuideachta arb é an stiúrthóir uirthi é nó, i gcás gur stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta é, dá chuid fostaíochta laistigh den ghrúpa, ar shlí seachas ar thionscnamh na cuideachta (cibé acu faoin gcomhaontú bunaidh nó faoi chomhaontú nua arna dhéanamh de bhun an chomhaontaithe bunaidh), ar feadh tréimhse is faide ná cúig bliana—

(a) nach féidir leis an gcuideachta an fhostaíocht a fhoirceannadh le fógra lena linn; nó

(b) nach féidir an fhostaíocht a fhoirceannadh amhlaidh lena linn ach amháin in imthosca sonraithe.

(3) In aon chás—

(a) ina bhfuil duine fostaithe, nó le fostú, le cuideachta faoi chomhaontú nach féidir leis an gcuideachta a fhoirceannadh le fógra nó nach féidir a fhoirceannadh amhlaidh ach amháin in imthosca sonraithe; agus

(b) ina ndéanann an chuideachta comhaontú breise (ar dhóigh seachas de bhun cirt a thugtar leis an gcomhaontú bunaidh, nó de bhua an chomhaontaithe bunaidh, don pháirtí eile sa chomhaontú) sé mhí ar a laghad roimh dheireadh na tréimhse a bhfuil sé fostaithe nó le fostú amhlaidh, faoina mbeidh sé le fostú leis an gcuideachta nó, i gcás gur stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta é, le fostú laistigh den ghrúpa,

beidh feidhm ag fo-alt (2) amhail is dá gcuirfí tréimhse bhreise, ar comhfhad leis an tréimhse neamhchaite den chomhaontú bunaidh, leis an tréimhse a mbeidh sé le fostú lena haghaidh faoin gcomhaontú breise sin.

(4) Ní rithfear, ag cruinniú ginearálta cuideachta, rún ón gcuideachta ag ceadú téarma lena mbaineann an t-alt seo mura mbeidh meabhrán scríofa ina leagfar amach an comhaontú atá beartaithe, agus ina gcorprófar an téarma, ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí na cuideachta—

(a) ag oifig chláraithe na cuideachta ar feadh tréimhse 15 lá ar a laghad dar críoch dáta an chruinnithe; agus

(b) ag an gcruinniú féin.

(5) Aon téarma a bheidh i gcomhaontú de shárú ar an alt seo beidh sé ar neamhní a mhéid a sháraíonn sé an t-alt seo; agus measfar téarma a bheith sa chomhaontú sin agus, i gcás lena mbaineann fo-alt (3), sa chomhaontú bunaidh a thabharfaidh teideal don chuideachta é a fhoirceannadh tráth ar bith trí fhógra réasúnach a thabhairt.

(6) Ní cheanglaítear ar aon chomhlacht corpraithe aon cheadú a thabhairt faoin alt seo mura cuideachta é de réir bhrí an Phríomh-Achta nó cuideachta atá cláraithe faoi Chuid IX den Acht sin nó, chun críocha alt 150 den Acht sin, más fochuideachta ar lánúinéireacht ag aon chomhlacht corpraithe é, cibé áit inar corpraíodh é.

(7) San alt seo—

(a) folaíonn “fostaíocht” fostaíocht faoi chonradh i gcomhair seirbhísí; agus

(b) ciallaíonn “grúpa” i ndáil le stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta, an grúpa arb é atá ann an chuideachta sin agus a fochuideachtaí.

Idirbhearta substaintiúla maoine a bhaineann le stiúrthóirí, etc.

29. —(1) Faoi réir fho-ailt (6), (7) agus (8), ní dhéanfaidh cuideachta comhshocraíocht—

(a) trína ndéanann nó trína ndéanfaidh stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin sócmhainn amháin nó níos mó nach sócmhainn airgid, den luach riachtanach, a fháil ón gcuideachta; nó

(b) trína ndéanann nó trína ndéanfaidh an chuideachta sócmhainn amháin nó níos mó nach sócmhainn airgid, den luach riachtanach, a fháil ó stiúrthóir den sórt sin nó ó dhuine atá bainteach amhlaidh;

mura gceadaítear an chomhshocraíocht ar dtús le rún ón gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus, más stiúrthóir ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin an stiúrthóir nó an duine bainteach, le rún i gcruinniú ginearálta den chuideachta shealbhaíochta.

(2) Chun críocha an ailt seo is den luach riachtanach sócmhainn nach sócmhainn airgid más rud é, an tráth a ndéantar an chomhshocraíocht áirithe, gur fiú £1,000 ar a laghad a luach ach, faoina réir sin, gur mó é ná £50,000 nó deich faoin gcéad de mhéid shócmhainní iomchuí na cuideachta, agus chun na gcríoch sin is é méid sócmhainní iomchuí cuideachta—

(a) ach amháin i gcás a thig faoi mhír (b), luach a glansócmhainní arna chinneadh faoi threoir na gcuntas a ullmhaíodh agus a leagadh faoi bhráid an chruinnithe de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis an mbliain airgeadais dheireanach roimhe sin ar leagadh na cuntais sin faoina bhráid amhlaidh ina leith;

(b) i gcás nár ullmhaíodh nó nár leagadh aon chuntais faoi bhráid an chruinnithe faoin alt sin roimh an am sin, méid a scairchaipitil ghlaoite.

(3) Beidh aon chomhshocraíocht a dhéanfaidh cuideachta de shárú ar an alt seo agus aon idirbheart a dhéanfar de bhun na comhshocraíochta (cibé acu ag an gcuideachta nó ag aon duine eile) inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta—

(a) mura féidir a thuilleadh aiseag aon airgid nó sócmhainne eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a dhéanamh, nó mura slánóidh duine ar bith eile an chuideachta de bhun fho-alt (4) (b) ar an gcaillteanas nó ar an damáiste a bhain di; nó

(b) mura ndéanfaí difear trína neamhniú d'aon chearta a fuair aon duine nach páirtí sa chomhshocraíocht nó san idirbheart agus a fuair sé ar mhodh bona fide ar luach-chomaoin agus d'éagmais fógra iarbhír faoin sárú; nó

(c) mura ndaingneoidh an chuideachta an chomhshocraíocht i gcruinniú ginearálta laistigh de thréimhse réasúnach agus, más comhshocraíocht í chun sócmhainn a aistriú chuig nó ag stiúrthóir dá cuideachta shealbhaíochta nó chuig nó ag duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin, mura ndaingnítear í amhlaidh le ceadú na cuideachta sealbhaíochta arna thabhairt le rún i gcruinniú ginearálta.

(4) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirtear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo, ach faoi réir fho-alt (5), i gcás go ndéanfaidh stiúrthóir ar chuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach leis comhshocraíocht le cuideachta de shárú ar an alt seo beidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach leis amhlaidh agus aon stiúrthóir eile ar an gcuideachta a d'údaraigh an chomhshocraíocht nó aon idirbheart a rinneadh de bhun comhshocraíochta den sórt sin (cibé acu a cuireadh ar neamhní í nó nár cuireadh de bhun fho-alt (3)) faoi dhliteanas—

(a) cuntas a thabhairt don chuideachta ar aon ghnóchan a rinne sé go díreach nó go neamhdhíreach tríd an gcomhshocraíocht nó an idirbheart; agus

(b) (i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile atá faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo) an chuideachta a shlánú ar aon chaillteanas nó damáiste a thig ón gcomhshocraíocht nó ón idirbheart.

(5) I gcás go ndéanfaidh cuideachta agus duine atá bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, comhshocraíocht de shárú ar an alt seo, ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (4) má thaispeánann sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun comhlíonadh an ailt seo ag an gcuideachta a áirithiú agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh ná aon stiúrthóir eile den sórt sin atá luaite san fho-alt sin faoi dhliteanas amhlaidh má thaispeánann sé nárbh eol dó, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht, na himthosca iomchuí a bhí i gceist sa sárú.

(6) Ní cheanglaítear ar aon chomhlacht corpraithe aon cheadú a thabhairt faoin alt seo mura cuideachta é de réir bhrí an Phríomh-Achta nó cuideachta atá cláraithe faoi Chuid IX den Acht sin nó, chun críocha alt 150 den Acht sin, más fochuideachta ar lánúinéireacht ag aon chomhlacht corpraithe é cibé áit inar corpraíodh é.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le haon chomhshocraíocht chun sócmhainn nach sócmhainn airgid a fháil—

(a) más rud é, maidir leis an tsócmhainn nach sócmhainn airgid atá i gceist, go bhfaigheann nó go bhfaighidh cuideachta shealbhaíochta í ó aon cheann dá fochuideachtaí ar lánúinéireacht nó go bhfaigheann nó go bhfaighidh aon cheann dá fochuideachtaí ar lánúinéireacht í ó chuideachta shealbhaíochta nó go bhfaigheann nó go bhfaighidh aon fhochuideachta amháin ar lánúinéireacht de chuid cuideachta sealbhaíochta í ó fhochuideachta eile ar lánúinéireacht de chuid na cuideachta sealbhaíochta céanna sin; nó

(b) más cuideachta atá á foirceannadh a dhéanann an chomhshocraíocht mura foirceannadh toilteanach ag comhaltaí an foirceannadh.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le haon chomhshocraíocht trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh duine sócmhainn ó chuideachta ar comhalta di é más ina cháil mar chomhalta den sórt sin a dhéantar an chomhshocraíocht leis an duine sin.

(9) San alt seo—

(a) ciallaíonn “sócmhainn nach sócmhainn airgid” aon mhaoin nó leas i maoin seachas airgead agus chun na críche sin folaíonn “airgead” airgeadra coigríche;

(b) folaíonn aon tagairt d'fháil sócmhainne nach sócmhainn airgid tagairt do chruthú nó do mhúchadh eastáit nó leasa in aon mhaoin, nó cirt thar aon mhaoin, mar aon le tagairt d'urscaoileadh dliteanais aon duine seachas dliteanas i leith suime leachtaithe; agus

(c) ciallaíonn “glansócmhainní”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán shócmhainní na cuideachta lúide comhiomlán a dliteanas, agus chun na críche sin folaíonn “dliteanais” aon soláthar le haghaidh dliteanas nó muirear de réir mhír 70 den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 .

Pionósú mar gheall ar dhéileáil ag stiúrthóir cuideachta i roghanna chun scaireanna áirithe a cheannach nó a dhíol sa chuideachta nó i gcuideachtaí comhlachaithe nó chun bintiúir áirithe den chuideachta nó de chuideachtaí comhlachaithe a cheannach nó a dhíol.

30. —(1) Maidir le stiúrthóir cuideachta a cheannaíonn—

(a) ceart chun glaoch a dhéanamh d'fhonn líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó méid sonraithe de bhintiúir iomchuí a sheachadadh ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe; nó

(b) ceart chun seachadadh a dhéanamh ar líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó ar mhéid sonraithe de bhintiúir iomchuí ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe; nó

(c) ceart (de réir mar a ghlacfaidh sé de rogha) chun glaoch a dhéanamh d'fhonn líon sonraithe de scaireanna iomchuí nó méid sonraithe de bhintiúir iomchuí a sheachadadh ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe nó chun seachadadh a dhéanamh ar an gcéanna ar phraghas sonraithe agus laistigh d'am sonraithe;

beidh sé ciontach i gcion.

(2) I bhfo-alt (1)—

(a) ciallaíonn “scaireanna iomchuí” i ndáil le stiúrthóir cuideachta, scaireanna sa chuideachta nó in aon chomhlacht corpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuid eachta shealbhaíochta na cuideachta é, agus ar scaireanna iad a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil dóibh ag stocmhalartán (cibé acu laistigh den Stát nó in áit eile); agus

(b) ciallaíonn “bintiúir iomchuí” i ndáil le stiúrthóir cuideachta, bintiúir de chuid na cuideachta nó d'aon chomhlacht corpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, agus ar bintiúir iad a bhfuil cibé saoráidí déileála a dúradh tugtha maidir leo.

(3) Ní mheasfar go gcuirfidh aon ní san alt seo pionós ar dhuine a cheannaíonn ceart chun suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcomhlacht corpraithe nó bintiúr de chuid comhlachta chorpraithe nó a cheannaíonn bintiúir de chuid comhlachta chorpraithe a thugann ceart do shealbhóir an chéanna suibscríobh le haghaidh scaireanna an chomhlachta nó na bintiúir a chomhshó (go hiomlán nó go páirteach) i scaireanna an chomhlachta.

(4) Chun críocha an ailt seo déanfar aon tagairt, cibé slí a bheidh sí sainráite, d'aon phraghas a íocadh, a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas i scaireanna nó i mbintiúir, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomaoin seachas airgead a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas den sórt sin, agus folaíonn aon tagairt do phraghas sonraithe tagairt do réimse praghas sonraithe.

(5) Bainfidh an t-alt seo freisin le haon duine (nach stiúrthóir ar an gcuideachta)—

(a) a cheannaíonn ceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus

(b) a dhéanann amhlaidh thar ceann stiúrthóra de chuid na cuideachta nó ar a chomhairle.

Cosc ar iasachtaí etc. a thabhairt do stiúrthóirí agus do dhaoine bainteacha.

31. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear le hailt 32 go 37—

(a) ní thabharfaidh cuideachta iasacht ná quasi-iasacht do stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta ná do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(b) ní dhéanfaidh cuideachta idirbheart creidmheasa mar chreidiúnaí do stiúrthóir den sórt sin nó do dhuine atá bainteach amhlaidh;

(c) ní dhéanfaidh cuideachta ráthaíocht ná aon úrrús a sholáthar i ndáil le hiasacht, quasi-iasacht ná idirbheart creidmheasa a thug aon duine eile do stiúrthóir den sórt sin nó do dhuine atá bainteach amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh cuideachta comhshocraíocht chun aon chearta, oibleagáidí nó dliteanais a shannadh di nó a ghabháil uirthi féin faoi idirbheart a sháródh fo-alt (1) dá ndéanfadh an chuideachta é; ach chun críocha na Coda seo déileálfar leis an idirbheart mar idirbheart a rinneadh ar dháta na comhshocraíochta.

(3) Ní ghlacfaidh cuideachta páirt in aon chomhshocraíocht—

(a) trína ndéanfaidh duine eile idirbheart a sháródh fo-alt (1) nó (2) dá ndéanfadh an chuideachta é; agus

(b) trína bhfaigheann nó trína bhfaighidh an duine eile sin, de bhun na comhshocraíochta, aon sochar ón gcuideachta nó óna cuideachta shealbhaíochta nó ó fhochuideachta de chuid na cuideachta nó a cuideachta shealbhaíochta.

Comhshocraíochtaí de luach cinnte.

32. —(1) Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta comhshocraíocht a dhéanamh le stiúrthóir nó duine atá bainteach le stiúrthóir más rud é—

(a) go bhfuil luach na comhshocraíochta, agus

(b) an méid iomlán atá gan íoc faoi aon chomhshocraíochtaí eile a rinne an chuideachta le haon stiúrthóir de chuid na cuideachta, nó le haon duine atá bainteach le stiúrthóir,

níos lú, le chéile, ná deich faoin gcéad de shócmhainní iomchuí na cuideachta.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) déanann cuideachta comhshocraíocht le duine má thugann sí iasacht nó quasi-iasacht don duine sin nó má dhéanann sí idirbheart creidmheasa mar chreidiúnaí dó, agus

(b) cinnfear méid sócmhainní iomchuí cuideachta de réir alt 29 (2).

Laghdú ar mhéid sócmhainní iomchuí cuideachta.

33. —(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta a dtarlaíonn maidir léi, go bhfuil an méid iomlán atá gan íoc faoi aon chomhshocraíochtaí dá dtagraítear in alt 32 níos mó ná 10 faoin gcéad de shócmhainní iomchuí na cuideachta ar aon chúis, ach go háirithe, ar an gcúis gur thit luach na sócmhainní sin.

(2) Nuair is léir do stiúrthóirí cuideachta, nó nuair ba chóir le réasún gur léir dóibh, go bhfuil staid ann dá dtagraítear i bhfo-alt (1) beidh sé de dhualgas ar an gcuideachta, a stiúrthóirí agus aon daoine dá ndearnadh na comhshocraíochtaí dá dtagraítear san fho-alt sin, téarmaí na gcomhshocraíochtaí lena mbaineann a leasú laistigh de dhá mhí ionas go mbeidh arís an méid iomlán a bheidh gan íoc faoi na comhshocraíochtaí laistigh de theorainn an chéatadáin dá dtagraítear san fho-alt sin.

Iasachtaí idir cuideachtaí sa ghrúpa céanna.

34. —I gcás cuideachta a bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, arb é atá ann cuideachta shealbhaíochta agus a fochuideachtaí, ní thoirmiscfear ar an gcuideachta sin le halt 31—

(a) iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt do chomhalta eile den ghrúpa sin; nó

(b) ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a thug aon duine do chomhalta eile den ghrúpa;

de bhíthin amháin go bhfuil stiúrthóir de chuid comhalta amháin den ghrúpa bainteach le comhalta eile.

Idirbhearta le cuideachta shealbhaíochta.

35. —Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta—

(a) iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt dá cuideachta shealbhaíochta nó ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le hiasacht nó quasi-iasacht a thug aon duine do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta;

(b) idirbheart creidmheasa a dhéanamh mar chreidiúnaí dá cuideachta shealbhaíochta nó ráthaíocht a dhéanamh nó aon urrús a sholáthar i dtaca le haon idirbheart creidmheasa a dhéanfaidh aon duine eile do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta.

Caiteachais stiúrthóirí.

36. —(1) Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta aon ní a dhéanamh chun cistí a chur ar fáil d'aon duine dá cuid stiúrthóirí faoi chomhair caiteachais dheimhnithe a thabhaigh nó a thabhóidh sé go cuí chun críocha na cuideachta nó le go bhféadfaidh sé a dhualgais a chomhlíonadh go cuí mar oifigeach don chuideachta nó aon ní a dhéanamh le go bhféadfaidh aon duine dá stiúrthóirí tabhú caiteachais den sórt sin a sheachaint.

(2) I gcás go ndéanfaidh cuideachta aon idirbheart de bhun fho-alt (1) déanfaidh aon duine ar a dtitfidh aon dliteanas a d'eascair ó aon idirbheart den sórt sin an dliteanas sin a urscaoileadh laistigh de shé mhí ón dáta a tabhaíodh é.

(3) Beidh duine a sháraíonn fo-alt (2) ciontach i gcion.

Idirbhearta gnó.

37. —Ní thoirmiscfidh alt 31 ar chuideachta aon iasacht nó quasi-iasacht a thabhairt nó aon idirbheart creidmheasa a dhéanamh mar chreidiúnaí d'aon duine—

(a) má dhéanann an chuideachta an t-idirbheart áirithe i ngnáthchúrsa a gnó; agus

(b) mura mó luach an idirbhirt agus mura fabhraí na téarmaí ar a ndearnadh é, i leith an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, ná an luach sin nó na téarmaí sin—

(i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó

(ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta,

do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige leis an duine sin ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta.

Leigheasanna sibhialta mar gheall ar alt 31 a shárú.

38. —(1) I gcás go ndéanfaidh cuideachta idirbheart nó comhshocraíocht de shárú ar alt 31 beidh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht inchurtha ar neamhní ar thionscnamh na cuideachta—

(a) mura féidir a thuilleadh aiseag aon airgid nó sócmhainne eile is ábhar don chomhshocraíocht nó don idirbheart a dhéanamh, nó mura slánófar an chuideachta de bhun fho-alt (2) (b) ar an gcaillteanas nó ar an damáiste a bhain di; nó

(b) mura ndéanfaí difear trína neamhniú d'aon chearta a fuair aon duine, ar mhodh bona fide ar luach-chomaoin agus d'éagmais fógra iarbhír faoin sárú, seachas an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht.

(2) Gan dochar d'aon dliteanas a fhorchuirtear ar shlí seachas leis an bhfo-alt seo ach faoi réir fho-alt (3), i gcás go ndéanfaidh cuideachta comhshocraíocht nó idirbheart do stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin de shárú ar alt 31, beidh an stiúrthóir sin agus an duine atá bainteach leis amhlaidh agus aon stiúrthóir eile ar an gcuideachta a d'údaraigh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht (cibé acu a cuireadh ar neamhní iad nó nár cuireadh de bhun fho-alt (1)) faoi dhliteanas—

(a) cuntas a thabhairt don chuideachta ar aon ghnóchan a rinne sé go díreach nó go neamhdhíreach tríd an gcomhshocraíocht nó an idirbheart; agus

(b) (i gcomhpháirt agus go leithleach le haon duine eile atá faoi dhliteanas faoin bhfo-alt seo) an chuideachta a shlánú ar aon chaillteanas nó damáiste a thig ón gcomhshocraíocht nó ón idirbheart.

(3) I gcás go ndéanfaidh cuideachta agus duine atá bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta comhshocraíocht nó idirbheart de shárú ar alt 31 ní bheidh an stiúrthóir sin faoi dhliteanas faoi fho-alt (2) má thaispeánann sé go ndearna sé gach beart réasúnach chun comhlíonadh an ailt sin ag an gcuideachta a áirithiú agus, in aon chás, ní bheidh duine atá bainteach amhlaidh ná aon stiúrthóir eile den sórt sin atá luaite san fho-alt sin (2) faoi dhliteanas amhlaidh má thaispeánann sé nárbh eol dó, an tráth a ndearnadh an chomhshocraíocht nó an t-idirbheart, na himthosca iomchuí a bhí i gceist sa sárú.

Dliteanas pearsanta maidir le fiacha cuideachta i gcásanna áirithe.

39. —(1) Má tá cuideachta á foirceannadh agus nach bhfuil sí in ann a fiacha a íoc agus go measann an chúirt go raibh aon chomhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 32 ina cionchúis go hábhartha le neamhábaltacht na cuideachta a fiacha a íoc, nó go raibh an chomhshocraíocht ina bac substaintiúil ar fhoirceannadh ordúil na cuideachta, féadfaidh an chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ó ranníocóir de chuid na cuideachta, a dhearbhú maidir le haon duine ar ar mhaithe leis a rinneadh an chomhshocraíocht, go mbeidh sé faoi dhliteanas go pearsanta, gan aon teorainn dliteanais, i leith fiacha agus dliteanais eile go léir na cuideachta nó cibé cuid díobh a bheidh sonraithe ag an gcúirt.

(2) Le linn di a bheith ag cinneadh an ndéanfaidh sí dearbhú faoi fho-alt (1), tabharfaidh an chúirt aird ar leith ar cibé acu a glanadh, agus cá mhéid ar glanadh, roimh thosach feidhme an fhoirceanta, aon dliteanais a bhí gan íoc a thig faoi aon chomhshocraíocht dá dtagraítear san fho-alt sin.

(3) Le linn di a bheith ag cinneadh méid aon dliteanais phearsanta faoin alt seo tabharfaidh an chúirt aird ar leith ar a mhéid a bhí an chomhshocraíocht i gceist ina cionchúis go hábhartha le neamhábaltacht na cuideachta a fiacha a íoc nó ar a mhéid a bhí an chomhshocraíocht ina bac substaintiúil ar fhoirceannadh ordúil na cuideachta.

Píonóis choiriúla i leith sárú ar alt 31.

40. —(1) Aon oifigeach don chuideachta a údaraíonn nó a cheadaíonn don chuideachta idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige go raibh an chuideachta, nó go raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go raibh an chuideachta, ag sárú alt 31 dá chionn sin, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Aon duine a thugann ar chuideachta idirbheart nó comhshocraíocht a dhéanamh agus a fhios aige go raibh an chuideachta, nó go raibh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go raibh an chuideachta, ag sárú alt 31 dá chionn sin, beidh sé ciontach i gcion.

Idirbhearta a bhaineann le stiúrthóirí agus daoine eile a nochtadh

Conarthaí substaintiúla etc. le stiúrthóirí agus le daoine eile le nochtadh i gcuntais.

41. —(1) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6) agus alt 45, maidir le grúpchuntais a ullmhóidh cuideachta shealbhaíochta de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh iontu na sonraí a shonraítear in alt 42, eadhon—

(a) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne an chuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(b) sonraí i dtaobh aon chomhaontaithe ag an gcuideachta nó ag fochuideachta de chuid na cuideachta chun aon idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh do dhuine a bhí. aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin:

(c) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta eile leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta ina raibh leas ábhartha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta.

(2) Faoi réir mar a dúradh, maidir le cuntais a ullmhóidh aon chuideachta seachas cuideáchta shealbhaíochta i leith na tréimhse iomchuí, beidh iontu na sonraí a shonraítear in alt 42, eadhon—

(a) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne an chuideachta do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(b) sonraí i dtaobh aon chomhaontaithe ag an gcuideachta chun aon idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh do dhuine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó a bhí bainteach le stiúrthóir den sórt sin;

(c) sonraí i dtaobh aon idirbhirt nó comhshocraíochta eile leis an gcuideachta ina raibh leas ábhartha, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a bhí, aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ina stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta.

(3) Aon sonraí a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2) a bheith ar áireamh in aon chuntais tabharfar iad ar mhodh nótaí leis na cuntais sin.

(4) I gcás nach ndéanfaidh cuideachta, de bhua ailt 150 (2) agus 154 den Phríomh-Acht. grúpchuntais a thabhairt ar aird i ndáil le haon bhliain airgeadais, beidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil leis an gcuideachta agus leis an mbliain airgeadais sin amhail is dá bhfágfaí an focal “grúp” ar lár.

(5) Chun críocha fho-ailt (1) (c) agus (2) (c)—

(a) déileálfar le hidirbheart nó comhshocraíocht idir cuideachta agus stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta nó duine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin (mura ndéileálfaí leis amhlaidh thairis sin) mar idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontu ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin; agus

(b) ní bheidh leas in idirbheart ná i gcomhshocraíocht den sórt sin ábhartha más é tuairim thromlach stiúrthóirí (seachas an stiúrthóir sin) na cuideachta atá ag ullmhú na gcuntas i gceist nach bhfuil sé ábhartha (ach gan dochar don cheist cibé acu atá nó nach bhfuil leas den sórt sin ábhartha in aon chás nár bhreithnigh na stiúrthóirí sin an t-ábhar).

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2), chun críocha aon chuntas a ullmhóidh aon chuideachta ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta de bhanc ceadúnaithe í, i ndáil le hidirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 31, nó comhaontú chun idirbheart nó comhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh ar páirtí ann an banc ceadúnaithe sin.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) i ndáil leis na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe seo a leanas—

(a) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú idir cuideachta amháin agus cuideachta eile agus nach bhfuil leas ag stiúrthóir na chéad chuideachta nó a fochuideachta nó a cuideachta shealbhaíochta iontu ach amháin de bhua go bhfuil sé ina stiúrthóir ar an gceann eile;

(b) conradh seirbhíse idir cuideachta agus duine dá cuid stiúrthóirí nó stiúrthóir ar a cuideachta shealbhaíochta nó idir stiúrthóir cuideachta agus aon cheann d'fhochuideachtaí na cuideachta sin;

(c) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú nach ndearnadh le linn na tréimhse iomchuí le haghaidh na gcuntas i gceist agus nach raibh ar marthain ag aon tráth le linn na tréimhse sin; agus

(d) idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain dá éis sin.

(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2)—

(a) cibé acu a toirmisceadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht nó nár toirmisceadh le halt 31;

(b) cibé acu ba stiúrthóir ar an gcuideachta an duine dá ndearnadh é nó nárbh ea nó cibé acu a bhí sé bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta an tráth a ndearnadh é nó nach raibh;

(c) i gcás idirbhirt nó comhshocraíochta a rinne cuideachta ar fochuideachta í do chuideachta eile tráth ar bith le linn tréimhse iomchuí, cibé acu ba fhochuideachta don chuideachta eile sin í nó nárbh ea an tráth a ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht.

(9) San alt seo agus in ailt 43 agus 45, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i ndáil le cuideachta, bliain airgeadais de chuid na cuideachta dar críoch tráth nach luaithe ná 6 mhí tar éis thosach feidhme an ailt lena mbaineann.

Sonraí a cheanglaítear, le halt 41, a chur isteach sna cuntais.

42. —Na sonraí faoi idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a cheanglaítear le halt 41 a chur isteach sna cuntais bhliantúla a ullmhaíonn cuideachta is sonraí iad faoi phríomhthéarmaí an idirbhirt, na comhshocraíochta nó an chomhaontaithe agus (gan dochar do ghinearáltacht na forála sin roimhe seo)—

(a) ráiteas faoin bhfíoras go ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú nó go raibh siad ar marthain, de réir mar a bheidh, i rith na bliana airgeadais a bhfuil na cuntais sin déanta amach ina leith;

(b) ainm an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú agus, i gcás an duine sin a bheith bainteach nó i gcás go raibh sé bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, ainm an stiúrthóra sin;

(c) in aon chás lena mbaineann fo-alt (1) (c) nó (2) (c) d'alt 41, ainm an stiúrthóra leis an leas ábhartha agus cineál an leasa sin;

(d) i gcás iasachta nó comhaontaithe le haghaidh iasachta nó comhshocraíochta de réir alt 31 (2) nó 31 (3) a bhaineann le hiasacht—

(i) méid dhliteanas an duine dár tugadh an iasacht nó a ndearnadh comhaontú an iasacht a thabhairt dó, maidir le príomhshuim agus ús, ag tús agus ag deireadh na tréimhse sin;

(ii) méid uasta an dliteanais sin le linn na tréimhse sin;

(iii) méid aon úis a bhí le híoc agus nár íocadh; agus

(iv) méid aon soláthair (de réir bhrí an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht nó le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 ) a rinneadh maidir le haon mhainneachtain nó mainneachtain réamh-mheasta ag an iasachtaí iomlán na hiasachta nó cuid di a aisíoc nó iomlán aon úis uirthi nó cuid de a íoc;

(e) i gcás ráthaíochta nó urrúis nó comhshocraíochta de réir alt 31 (2) a bhaineann le ráthaíocht nó urrús—

(i) an méid a raibh an chuideachta (nó a fochuideachta) faoi dhliteanas maidir leis faoin ráthaíocht nó i leith an urrúis ag tús agus ag deireadh na bliana airgeadais i gceist;

(ii) an méid uasta a bhféadfaidh an chuideachta (nó a fochuideachta) teacht chun bheith faoi dhliteanas amhlaidh maidir leis; agus

(iii) aon mhéid a d'íoc agus aon dliteanas a thabhaigh an chuideachta (nó a fochuideachta) chun an ráthaíocht a chomhall nó an t-urrús a urscaoileadh (lena n-áirítear aon chaillteanas a tabhaíodh de bhíthin an ráthaíocht nó an t-urrús a chur i bhfeidhm); agus

(f) i gcás aon idirbhirt, comhshocraíochta nó comhaontaithe seachas iadsin a luaitear i míreanna (d) agus (e), luach an idirbhirt nó na comhshocraíochta nó, de réir mar a bheidh, luach an idirbhirt nó na comhshocraíochta lena mbaineann an comhaontú; agus

(g) i gcás comhshocraíochtaí lena mbaineann alt 32, luach comhiomlán na gcomhshocraíochtaí sin ag deireadh na bliana airgeadais áirithe, i ndáil le haon daoine a shonraítear san alt sin, a shloinntear mar chéatadán de shócmhainní iomchuí na cuideachta an tráth sin: agus

(h) aon leasú ar théarmaí aon chomhshocraíochta den sórt sin de réir alt 33.

Sonraí faoi na méideanna atá gan íoc a bheith le cur isteach sna cuntais.

43. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil leis na haicmí idirbheart, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe seo a leanas—

(a) iasachtaí, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le hiasachtaí, comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear in alt 31 (2) nó 31 (3) a bhaineann le hiasachtaí, agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh;

(b) quasi-iasachtaí, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le quasi-iasachtaí, comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear sna fo-ailt sin a bhaineann le quasi-iasachtaí agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh;

(c) idirbhearta creidmheasa, ráthaíochtaí agus urrúis a bhaineann le hidirbhearta creidmheasa agus comhshocraíochtaí de chineál a thuairiscítear sna fo-ailt sin a bhaineann le hidirbhearta creidmheasa agus comhaontuithe chun aon cheann de na hidirbhearta agus de na comhshocraíochtaí roimhe seo a dhéanamh.

(2) Maidir leis na grúpchuntais de chuid cuideachta sealbhaíochta a ullmhófar de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht agus na cuntais de chuid aon chuideachta eile a ullmhófar de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh ráiteas iontu i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a rinne an chuideachta agus, i gcás cuideachta sealbhaíochta, a rinne fochuideachta don chuideachta do dhaoine arbh oifigigh don chuideachta (ach nár stiúrthóirí) iad aon tráth le linn na tréimhse iomchuí, ar ráiteas é i dtaobh na méideanna comhiomlána a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe faoi réim aon mhíre d'fho-alt (1) agus an líon oifigeach dá ndearnadh na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a thig faoi gach ceann de na míreanna sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2), i ndáil leis na cuntais a ullmhóidh aon chuideachta i leith aon tréimhse iomchuí, maidir le hidirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a rinne an chuideachta nó aon cheann dá cuid fochuideachtaí d'aon oifigeach don chuideachta mura mó ná £2,500 an méid comhiomlán a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse sin faoi na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a rinneadh amhlaidh don oifigeach sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le haon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinne banc ceadúnaithe d'aon duine dá chuid oifigeach nó d'aon duine d'oifigigh a chuideachta sealbhaíochta.

(5) Maidir le grúpchuntais cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, a ullmhófar de réir cheanglais alt 150 den Phríomh-Acht agus cuntais aon chuideachta eile ar banc ceadúnaithe í a ullmhófar de réir cheanglais alt 148 den Phríomh-Acht i leith na tréimhse iomchuí, beidh ráiteas iontu i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe a rinne an chuideachta a bheidh ag ullmhú na gcuntas, más banc ceadúnaithe í, agus (i gcás cuideachta sealbhaíochta) a rinne aon cheann dá cuid fochuideachtaí ar banc ceadúnaithe í, do dhaoine ar stiúrthóirí ar an gcuideachta iad aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, ar ráiteas é i dtaobh na méideanna comhiomlána a bheidh gan íoc ag deireadh na tréimhse iomchuí faoi idirbhearta, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe faoi réim aon mhíre d'fho-alt (1) agus an líon daoine dá ndearnadh na hidirbhearta, na comhshocraíochtaí agus na comhaontuithe a thig faoi gach ceann de na míreanna sin.

(6) (a) Beidh ar áireamh freisin ar leithligh sa ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (5) an fhaisnéis chéanna dá dtagraítear san fho-alt sin i ndáil le hidirbhearta, comhshocraíochtaí nó comhaontuithe a rinneadh do dhaoine a bhí bainteach le stiúrthóir ar an gcuideachta aon tráth i rith na tréimhse iomchuí.

(b) Ní gá idirbheart, comhshocraíocht ná comhaontú lena mbaineann mír (a) a chur isteach sa ráiteas—

(i) má dhéanann an chuideachta lena mbaineann é i ngnáthchúrsa a gnó, agus

(ii) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin—

(I) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó

(II) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta.

do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta.

(7) Aon sonraí a cheanglaítear le fo-alt (2), (5) nó (6) a bheith ar áireamh in aon chuntais tabharfar iad ar mhodh nótaí leis na cuntais sin.

(8) I gcás nach ndéanfaidh cuideachta, de bhua ailt 150 (2) agus 154 den Phríomh-Acht, grúpchuntais a thabhairt ar aird i ndáil le haon bhliain airgeadais, beidh éifeacht le fo-ailt (2), (5) agus (6) i ndáil leis an gcuideachta agus leis an mbliain airgeadais sin amhail is dá bhfágfaí an focal “grúp” ar lár.

(9) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (2), (5) agus (6) i ndáil le hidirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a dhéantar roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain dá éis sin.

(10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “méid a bheidh gan íoc” méid na ndliteanas a bheidh gan íoc ag an duine dá ndearnadh an t-idirbheart, an chomhshocraíocht nó an comhaontú i gceist, nó, i gcás ráthaíochta nó urrúis, an méid a ráthaíodh nó a urraíodh.

Tuilleadh forálacha a bhaineann le bainc cheadúnaithe.

44. —(1) Faoi réir alt 45, coimeádfaidh cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, clár ina mbeidh cóip de gach idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a gceanglófaí, murach alt 41 (6), sonraí díobh a nochtadh le fo-alt (1) nó (2) den alt sin i gcuntais nó i ngrúpchuntais na cuideachta don bhliain airgeadais reatha agus do gach bliain de na deich mbliana airgeadais roimhe sin (ach gan aon bhliain airgeadais a chríochnaíonn roimh dháta rite an Achta seo a áireamh) nó, mura bhfuil idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú den sórt sin i scríbhinn, coimeádfaidh sí meabhrán scríofa ina leagfar amach a téarmaí.

(2) Ní cheanglóidh fo-alt (1) ar chuideachta cóip d'aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú a rinneadh do dhuine bainteach a choimeád ina clár—

(a) má rinneadh é i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta, agus

(b) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin—

(i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó

(ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta,

do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta.

(3) Faoi réir alt 45, déanfaidh cuideachta, ar banc ceadúnaithe nó cuideachta shealbhaíochta bainc cheadúnaithe í, ráiteas a chur ar fáil roimh a cruinniú ginearálta bliantúil, ag oifig chláraithe na cuideachta ar feadh tréimhse nach lú ná 15 lá dar críoch dáta an chruinnithe, lena iniúchadh ag comhaltaí na cuideachta, ar ráiteas é ina mbeidh sonraí idirbheart, comhshocraíochtaí agus comhaontuithe a gceanglófaí, murach alt 41 (6), ar an gcuideachta le fo-alt (1) nó (2) den alt sin iad a nochtadh ina cuid cuntas nó grúpchuntas don bhliain airgeadais iomlán dheireanach roimh an gcruinniú sin agus cuirfear an ráiteas sin ar fáil freisin lena iniúchadh ag na comhaltaí ag an gcruinniú ginearálta bliantúil.

(4) Ní cheanglóidh fo-alt (3) go mbeidh sonraí faoi aon idirbheart, comhshocraíocht nó comhaontú le cur isteach sa ráiteas—

(a) má dhéantar é i ngnáthchúrsa gnó na cuideachta, agus

(b) mura mó a luach agus mura fabhraí na téarmaí ann i leith an duine dá ndearnadh é ná an luach sin nó na téarmaí sin—

(i) a thairgeann an chuideachta de ghnáth, nó

(ii) a mbeifí ag súil leis le réasún a bheith tairgthe ag an gcuideachta.

do dhuine nó i leith duine a bhfuil an seasamh airgeadais céanna aige ach nach duine é atá bainteach leis an gcuideachta.

(5) Beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta aon ráiteas den sórt sin a scrúdú sula gcuirfear ar fáil é do chomhaltaí na cuideachta de réir fho-alt (3) agus tuarascáil a thabhairt do na comhaltaí faoin ráiteas sin; agus déanfar an tuarascáil a chur i gceangal leis an ráiteas sula gcuirfear ar fáil amhlaidh é.

(6) Sonróidh tuarascáil faoi fho-alt (5) cibé acu atá nó nach bhfuil, i dtuairim na n-iniúchóirí, na sonraí a cheanglaítear le fo-alt (3) sa ráiteas agus más é a dtuairim nach bhfuil, déanfaidh siad, a mhéid is féidir leo amhlaidh le réasún, ráiteas ag tabhairt na sonraí is gá, a chur isteach sa tuarascáil.

(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) i ndáil le banc ceadúnaithe ar fochuideachta ar lánúinéireacht í, chun críocha alt 150 den Phríomh-Acht, de chuid cuideachta atá corpraithe sa Stát.

(8) I gcás go mainneoidh cuideachta fo-alt (1) nó (3) a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach duine ar stiúrthóir ar an gcuideachta é tráth na mainneachtana sin ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

(9) Is cosaint in imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (8) don chosantóir a chruthú go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí fo-alt (1) nó (3), de réir mar a bheidh, a chomhlíonadh.

Comhshocraíochtaí atá eisiata ó ailt 41 agus 44.

45. —(1) Ní bheidh feidhm ag alt 41 (1) agus (2) ná ag alt 44 maidir le comhshocraíochtaí den chineál a luaitear in alt 32 (2) a rinne cuideachta nó fochuideachta de chuid na cuideachta do dhuine ar stiúrthóir ar an gcuideachta, nó ar a cuideachta shealbhaíochta, é nó a bhí bainteach leis an stiúrthóir sin aon tráth i rith na tréimhse iomchuí, más rud é nár mhó ná £2,500 aon tráth i rith na tréimhse iomchuí comhiomlán luachanna gach comhshocraíochta a rinneadh amhlaidh don stiúrthóir sin nó d'aon duine atá bainteach leis, lúide an méid (más ann) ar laghdaíodh dliteanais an duine dá ndearnadh an chomhshocraíocht.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) (c) agus (2) (c) d'alt 41, i ndáil le haon chuntais a d'ullmhaigh cuideachta i leith aon tréimhse iomchuí, maidir le haon idirbheart nó comhshocraíocht le cuideachta nó le haon cheann dá cuid fochuideachtaí ina raibh leas ábhartha ag stiúrthóir ar an gcuideachta nó ar a cuideachta shealbhaíochta, go díreach nó go neamhdhíreach, más rud é—

(a) maidir le luach gach idirbhirt nó comhshocraíochta faoi réim fho-alt (1) (c) nó (2) (c), de réir mar a bheidh, ina raibh leas ábhartha ag an stiúrthóir sin, go díreach nó go neamhdhíreach, agus a rinneadh tar éis thosach na tréimhse iomchuí sin leis an gcuideachta nó le haon cheann dá cuid fochuideachtaí; agus

(b) maidir le luach gach idirbhirt nó comhshocraíochta den sórt sin a rinneadh roimh thosach na tréimhse sin lúide an méid (más ann) ar laghdaíodh dliteanais an duine dá ndearnadh an t-idirbheart nó an chomhshocraíocht;

nár mhó é san iomlán aon tráth i rith na tréimhse iomchuí ná £1,000 nó, i gcás gur mhó, nár mhó é ná £5,000 nó aon faoin gcéad de luach ghlansócmhainní na cuideachta a bheidh ag ullmhú na gcuntas i gceist amhail ag deireadh na tréimhse iomchuí do na cuntais sin, cibé acu is lú agus chun na críche sin, tá le “glansócmhainní” an bhrí chéanna atá leis in alt 29 (9).

Dualgas iniúchóirí cuideachta má sháraítear alt 41 nó 43.

46. —Más rud é i gcás aon ghrúpchuntas nó cuntas eile de chuid cuideachta nach gcomhlíontar ceanglais alt 41 nó 43, beidh sé de dhualgas ar iniúchóirí na cuideachta a scrúdaíonn na cuntais ráiteas, ina dtugtar na sonraí is gá, a chur isteach ina dtuarascáil faoi chlár comhardaithe na cuideachta a mhéid atá siad in ann é sin a dhéanamh le réasún.

Stiúrthóirí do nochtadh leasanna i gconarthaí. etc.

47. —(1) Forléireofar aon tagairt in alt 194 den Phríomh-Acht do chonradh mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon idirbheart nó comhshocraíocht (cibé acu ar conradh é nó nach ea) a dhéantar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.

(2) Chun críocha an ailt sin 194, déileálfar le hidirbheart nó comhshocraíocht de chineál a thuairiscítear in alt 31 a rinne cuideachta do stiúrthóir ar an gcuideachta nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir den sórt sin, mura ndéileálfaí leis amhlaidh thairis sin (agus cibé acu atá sé toirmiscthe leis an alt sin nó nach bhfuil), mar idirbheart nó comhshocraíocht ina bhfuil leas ag an stiúrthóir sin.

(3) Cuirfear an méid seo a leanas in ionad fho-alt (3) den alt sin 194—

“(3) Faoi réir fho-alt (4), má thugann stiúrthóir fógra ginearálta do stiúrthóirí cuideachta á chur in iúl—

(a) gur comhalta é de chuideachta nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dháta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin; nó

(b) go bhfuil sé le háireamh mar dhuine a bhfuil leas aige in aon chonradh a dhéanfaí, tar éis dháta an fhógra, le duine sonraithe atá bainteach leis (de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ),

measfar, chun críocha an ailt seo, gur leordhearbhú é sin ar a leas i ndáil le haon chonradh den sórt sin.”.

Forlíontach

Cumhacht chun teorainneacha airgeadais a athrú faoi Chuid III.

48. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon cheann de na teorainneacha airgeadais a shonraítear sa Chuid seo a athrú.

(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Alt 192 den Phríomh-Acht a scor.

49. —Scoirfidh alt 192 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith leis ach amháin—

(a) i ndáil le cuntais agus tuarascálacha stiúrthóirí a ullmhaítear i leith aon bhliana airgeadais a chríochnaíonn roimh thosach feidhme an ailt seo; agus

(b) i ndáil le cuntais agus tuarascálacha stiúrthóirí a ullmhaítear i leith na chéad bhliana airgeadais a chríochnaíonn tar éis thosach feidhme an ailt seo ach sin i ndáil le hiasachtaí agus conarthaí a bheidh déanta roimh thosach feidhme an ailt seo agus nach bhfuil ar marthain an lá sin nó dá éis agus i ndáil leo sin amháin.

Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí a iniúchadh.

50. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo coimeádfaidh gach cuideachta in áit iomchuí—

(a) i gcás gach stiúrthóra a bhfuil a chonradh seirbhíse leis an gcuideachta i scríbhinn, cóip den chonradh sin;

(b) i gcás gach stiúrthóra nach bhfuil a chonradh seirbhíse leis an gcuideachta i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagtar amach téarmaí an chonartha sin;

(c) i gcás gach stiúrthóra atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse le fochuideachta de chuid na cuideachta, cóip den chonradh sin nó, mura bhfuil sé i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagtar amach téarmaí an chonartha sin;

(d) cóip nó meabhrán scríofa, de réir mar a bheidh, d'aon athrú ar aon chonradh seirbhíse dá dtagraítear i mír (a), (b) nó (c);

agus coimeádfar san áit chéanna gach cóip agus meabhrán a choimeádann cuideachta de bhun an fho-ailt seo.

(2) I gcás nach mbeidh conradh seirbhíse ach go páirteach i scríbhinn beidh feidhm ag míreanna (a), (b), (c) agus (d), de réir mar is iomchuí, d'fho-alt (1), agus ag fo-ailt (4) agus (5), maidir le conradh den sórt sin freisin.

(3) Chun críocha fho-alt (1), is áiteanna iomchuí, maidir le cuideachta, na háiteanna seo a leanas, eadhon—

(a) a hoifig chláraithe;

(b) an áit ina gcoimeádtar clár a comhaltaí más áit é seachas a hoifig chláraithe;

(c) a príomháit ghnó.

(4) Cuirfidh gach cuideachta fógra san fhoirm fhorordaithe chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoin áit a gcoimeádtar cóipeanna agus meabhráin a cheanglaítear uirthi a choimeád le fo-alt (1) agus faoi aon athrú san áit sin, ach amháin sa chás go raibh siad, gach tráth, á gcoimeád ag a hoifig chláraithe.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le conradh seirbhíse stiúrthóra leis an gcuideachta nó le fochuideachta de chuid na cuideachta má cheangail an conradh sin air oibriú ar fad nó go formhór lasmuigh den Stát, ach coimeádfaidh an chuideachta meabhrán—

(a) i gcás conradh seirbhíse leis an gcuideachta, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra agus forálacha an chonartha a bhaineann lena ré saoil;

(b) i gcás conradh seirbhíse le fochuideachta de chuid na cuidachta, ina leagfar amach ainm an stiúrthóra, ainm agus áit chorpraithe na fochuideachta agus forálacha an chonartha a bhaineann lena ré saoil,

san áit chéanna ina gcoimeádann an chuideachta cóipeanna agus na meabhráin de bhun fho-alt (1).

(6) Beidh gach cóip agus meabhrán a cheanglaítear a choimeád le fo-ailt (1) agus (5) ar fáil lena n-iniúchadh le linn uaireanta gnó ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta ionas go lamhálfar dhá uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchadh).

(7) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (5) a chomhlíonadh nó má dhiúltaítear iniúchadh a cheanglaítear le fo-alt (6) dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ar é a chiontú go hachomair agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50 agus má mhainnítear ar feadh 14 lá fo-alt (4) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50.

(8) I gcás go ndiúltaítear iniúchadh a cheanglaítear le fo-alt (6) ar chóip nó ar mheabhrán, féadfaidh an chúirt iallach a chur le hordú iniúchadh láithreach a dhéanamh ar an gcéanna.

(9) Ní cheanglófar leis an alt seo cóip de chonradh, nó meabhrán ina leagtar amach téarmaí conartha, ná cóip de chonradh, nó meabhrán ina leagtar amach téarmaí i dtaobh athrú conartha, a choimeád tráth ar lú ná trí bliana an chuid neamhchaite den téarma a bhfuil an conradh le bheith i bhfeidhm maidir leis nó tráth a bhféadfaidh an chuideachta, laistigh den chéad trí bliana ina dhiaidh sin, an conradh a fhoirceannadh gan cúiteamh a íoc.

Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe.

51. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 195—

“195.—(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár a stiúrthóirí agus a rúnaithe ina hoifig chláraithe.

(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir le gach stiúrthóir—

(a) a thúsainm agus a shloinne faoi láthair agus aon seantúsainm agus seansloinne: agus

(b) a dháta breithe; agus

(c) seoladh a ghnátháite cónaithe; agus

(d) a náisiúntacht; agus

(e) an tslí ghnó atá aige, má tá; agus

(f) sonraí aon stiúrthóireachtaí eile atá aige nó a bhí aige ar chomhlachtaí corpraithe cibé acu a corpraíodh sa Stát iad nó in áit eile.

(3) Ní gá go mbeadh sa chlár sin, ar aon lá, sonraí aon stiúrthóireachta—

(a) nach raibh ag stiúrthóir aon tráth le linn na ndeich mbliana roimh an lá sin;

(b) atá nó a bhí ag stiúrthóir i gcomhlachtaí corpraithe ar fochuideachta atá nó a bhí ar lánúinéireacht acu an chuideachta nó ar fochuideachtaí iad atá nó a bhí ar lánúinéireacht ag an gcuideachta nó ag comhlacht corpraithe eile ar fochuideachta atá nó a bhí ar lánúinéireacht aige an chuideachta;

agus chun críocha an fho-ailt seo measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta ar lánuinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin agus a ainmnithigh féin nó a n-ainmnithigh sin.

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh na sonraí seo a leanas sa chlár sin maidir leis an rúnaí nó, i gcás comhrúnaithe a bheith ann, maidir le gach duine acu—

(a) i gcás pearsan aonair, a thúsainm agus a shloinne faoi láthair, aon sean-túsainm agus seansloinne agus seoladh a ghnátháite cónaithe; agus

(b) i gcás comhlachta chorpraithe, an t-ainm corpraithe agus an oifig chláraithe.

(5) Más comhrúnaithe ar chuideachta na comhpháirtithe go léir i ngnólacht, féadfar ainm agus príomhoifig an ghnólachta a thabhairt in ionad na sonraí sin.

(6) Déanfaidh an chuideachta, laistigh den tréimhse 14 lá tar éis an dáta a tharlóidh—

(a) aon athrú i measc a stiúrthóirí nó ar a rúnaí, nó

(b) aon athrú ar aon cheann de na sonraí sa chlár,

fógra faoin athrú agus faoin dáta ar tharla sé a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí san fhoirm fhorordaithe.

(7) Beidh ag gabháil le fógra a chuirfear chuig cláraitheoir na gcuideachtaí de bhun fho-alt (6) maidir le duine a cheapadh mar stiúrthóir, rúnaí nó comhrúnaí ar chuideachta, toiliú arna shíniú ag an duine sin chun gníomhú mar stiúrthóir, rúnaí nó comhrúnaí, de réir mar a bheidh.

(8) Gan dochar d'fho-alt (6), féadfaidh duine a scoir de bheith ina stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta fógra san fhoirm fhorordaithe a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoin scor sin agus faoin dáta ar tharla sé.

(9) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) maidir le haon athrú sna sonraí i gclár stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta a rinneadh d'aontoisc de bhíthin alt 51 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , a theacht i bhfeidhm ach más rud é tar éis aon athrú den sórt sin a tharlú agus sula dtugann an chuideachta a céad tuairisceán bliantúil eile go dtarlaíonn aon athrú eile sna sonraí sin, cuirfidh an chuideachta chuig cláraitheoir na gcuideachtaí fógra san fhoirm fhorordaithe faoi aon athruithe den chineál sin is túisce ná sin agus an dáta ar tharla siad an tráth céanna a gcuireann sí fógra faoi na hathruithe iardain chuig an gcláraitheoir de réir an ailt seo.

(10) Beidh an clár a choimeádfar faoin alt seo ar fáil lena iniúchadh, le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta lena hairteagail nó i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchadh) ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce agus ag aon duine eile ar phunt amháin nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta a íoc as gach iniúchadh.

(11) Beidh sé de dhualgas ar gach stiúrthóir agus rúnaí ar chuideachta faisnéis a thabhairt i scríbhinn don chuideachta a luaithe is féidir faoi cibé nithe is gá chun go bhféadfaidh an chuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh.

(12) Má dhiúltaítear aon chead iniúchta a cheanglaítear faoin alt seo, nó má mhainnítear fo-alt (1), (2), (4), (6) nó (7) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50.

(13) I gcás aon diúltaithe den sórt sin, féadfaidh an chúirt, le hordú, a ordú go gcuirfear an clár faoi iniúchadh láithreach.

(14) Aon duine a mhainníonn fo-alt (11) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air.

(15) Chun críocha an ailt seo—

(a) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, ciallaíonn an focal ‘sloinne’ an teideal sin;

(b) ní fholaíonn tagairtí do ‘sean-túsainm’ nó do ‘sloinne’—

(i) i gcás duine a aithnítear de ghnáth faoi theideal nach ionann agus a shloinne, an t-ainm faoina raibh aithne air sular ghlac sé an teideal nó sular tháinig sé i gcomharbas an teidil; nó

(ii) i gcás aon duine, sean-túsainm nó seansloinne i gcás inar athraíodh nó inar ligeadh as úsáid an t-ainm nó an sloinne sin sular shlánaigh an duine ar a raibh an t-ainm 18 mbliana d'aois nó ina bhfuil sé athraithe nó ligthe as úsáid le tréimhse nach giorra ná 20 bliain; nó

(iii) i gcás bean phósta, an t-ainm nó an sloinne faoina raibh aithne uirthi roimh an bpósadh.”.

Stiúrthóirí do thabhairt aird ar leasanna fostaithe.

52. —(1) Ar na nithe a dtabharfaidh stiúrthóirí cuideachta aird orthu i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna áireofar leasanna fhostaithe na cuideachta i gcoitinne, chomh maith le leasanna a comhaltaí.

(2) Dá réir sin, an dualgas a fhorchuirtear leis an alt seo ar na stiúrthóirí beidh sé dlite díobh don chuideachta (agus don chuideachta amháin) agus beidh sé infheidhmithe sa tslí chéanna le haon dualgas muiníneach eile a bheidh dlite do chuideachta ag a stiúrthóirí.

CUID IV

Leasanna i Scaireanna a Nochtadh

Caibidil 1

Déileálacha i Scaireanna ag Stiúrthóirí, Rúnaithe agus a dTeaghlaigh

Oibleagáid ar stiúrthóir nó ar rúnaí leasanna i scaireanna nó i mbintiúir cuideachta a fhógairt.

53. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, maidir le duine ar stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta é ag tosach feidhme an ailt seo agus a mbeidh an tráth sin leas aige i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir dá cuid, nó i scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile nó i mbintiúir dá chuid, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, nó a thiocfaidh dá éis sin chun bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí ar chuideachta agus, an tráth a dtiocfaidh sé chun bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí ar chuideachta, go mbeidh leas aige amhlaidh, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chuideachta—

(a) go bhfuil a chuid leasanna ar marthain an tráth sin, agus

(b) an líon scaireanna de gach cineál sa chuideachta agus an méid bintiúr de gach cineál dá cuid, nó an líon scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile den sórt sin, nó an méid bintiúr de chuid an chomhlachta sin, a dúradh ina bhfuil gach leas dá chuid ar marthain an tráth sin.

(2) Déanfaidh stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta má tharlaíonn, fad a bheidh sé ina stiúrthóir nó ina rúnaí, aon teagmhas díobh seo a leanas, maille le fógra i scríbhinn i dtaobh an dáta ar tharla sé—

(a) aon teagmhas a dtiocfaidh sé dá dhroim chun leas a bheith aige, nó a scoirfidh sé dá dhroim de leas a bheith aige, i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir dá cuid, nó i scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile nó i mbintiúir dá chuid, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é;

(b) conradh a rinne sé chun aon scaireanna nó bintiúir den sórt sin a dhíol;

(c) sannadh cirt aige a dheonaigh an chuideachta dó chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta nó le haghaidh bintiúr de chuid na cuideachta; agus

(d) deonú cirt dó ag comhlacht corpraithe eile, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuide achta é, chun suibscríobh le haghaidh scaíreanna sa chomhlacht corpraithe eile sin nó le haghaidh bintiúr de chuid an chomhlachta chorpraithe eile sin, feidhmiú cirt den sórt sin a deonaíodh dó agus sannadh cirt den sórt sin aige a deonaíodh amhlaidh,

agus luafaidh sé líon nó méid, agus cineál, na scaireanna nó na mbintiúr i gceist.

(3) Beidh éifeacht le forálacha alt 54 d'fhonn fo-ailt (1) agus (2) a léiriú agus, thairis sin, i ndáil leo.

(4) Beidh éifeacht le halt 56 maidir leis na tréimhsí nach foláir do dhaoine oibleagáidí a fhorchuirtear orthu le fo-ailt (1) agus (2) a chomhall laistigh díobh.

(5) Beidh éifeacht le halt 57 maidir le himthosca áirithe ina ndéileálfar le hoibleagáidí a fhorchuirtear le fo-ailt (1) agus (2) mar oibleagáidí nár urscaoileadh.

(6) I gcás duine ar stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta é an tráth a thiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ní cheanglóidh fo-alt (2) air teagmhas a fhógairt a tharla roimh an tráth sin; agus ní cheanglóidh an fo-alt sin ar dhuine tarlú teagmhais a chur in iúl más tar éis dó scor de bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí a fuair sé eolas faoi.

(7) Duine a mhainneoidh, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall a bhfuil sé faoina réir de bhua fho-alt (1) nó (2) beidh sé ciontach i gcion.

(8) Déileálfar le hoibleagáid a fhorchuirtear leis an alt seo mar oibleagáid nár comhalladh mura mbeidh sé sainráite san fhógra trína n-airbheartaítear gur comhalladh í go bhfuil sé á thabhairt mar chomhall ar an oibleagáid sin.

(9) Baineann an t-alt seo le cúlstiúrthóirí chomh maith le stiúrthóirí, ach i gcás go dtugann duine fógra faoin alt seo ní cruthú é sin ann féin gur cúlstiúrthóir an duine a thugann an fógra.

(10) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun oibleagáid a fhorchur maidir le scaireanna i gcomhlacht corpraithe ar fochuideachta ar lán úinéireacht é ag comhlacht corpraithe eile; agus chun na críche seo measfar comhlacht corpraithe a bheith ina fhochuideachta ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile mura bhfuil de chomhaltaí aige ach an comhlacht corpraithe eile sin agus na fochuideachtaí ar lánúinéireacht aige agus ainmnithigh an chomhlachta chorpraithe eile sin nó na bhfochuideachtaí sin.

(11) Beidh éifeacht leis an alt seo agus le hailt 54, 56, 57 agus 59 in ionad alt 190 den Phríomh-Acht agus in ionad an méid d'alt 193 den Acht sin a bhaineann le halt 190, agus scoirfidh an t-alt sin agus an méid d'alt 193 a bhaineann leis, dá réir sin, d'éifeacht a bheith leo.

An cineál leasa de réir alt 53.

54. —(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo chun a chinneadh chun críocha alt 53 cibé atá nó nach bhfuil leas ag duine i scaireanna nó i mbintiúir.

(2) Aon tagairt do leas i scaireanna nó i mbintiúir léifear í mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon leas d'aon chineál ar bith i scaireanna nó i mbintiúir; agus dá réir sin tabharfar neamhaird ar aon srianta nó aon choisc a bhfuil, nó a bhféadfadh go mbeadh, feidhmiú aon chirt a ghabhann leis an leas faoina réir.

(3) I gcás go sealbhaítear aon mhaoin ar iontaobhas agus go gcuimsítear aon leas i scaireanna nó i mbintiúir sa mhaoin sin, glacfar leis maidir le haon tairbhí den iontaobhas sin nach bhfuil, ar leith ón bhfo-alt seo, leas aige sna scaireanna nó sna bintiúir mar thairbhí a bhfuil leas den sórt sin aige; ach is fo-alt é an fo-alt seo atá gan dochar do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(4) Glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna nó i mbintiúir—

(a) má dhéanann sé conradh chun iad a cheannach (cibé acu ar airgead tirim nó ar chomaoin eile); nó

(b) má bhíonn sé i dteideal, agus nach é an sealbhóir cláraithe é, aon cheart a fheidhmiú a thugtar de bhíthin na scairanna nó na bintiúir sin a shealbhú, nó má bhíonn sé i dteideal feidhmiú aon chirt den sórt sin a rialú.

(5) Glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna nó i mbintiúir má tá leas ag comhlacht corpraithe iontu agus—

(a) gur gnách leis an gcomhlacht corpraithe nó a stiúrthóirí gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha; nó

(b) go bhfuil sé i dteideal an tríú cuid nó níos mó den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta an chomhlachta chorpraithe sin a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú.

(6) I gcás go mbeidh duine i dteideal an tríú cuid nó níos mó den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta de chomhlacht corpraithe a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú agus go mbeidh an comhlacht corpraithe sin i dteideal aon chuid den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta de chomhlacht corpraithe eile (an “cumhacht vótála iomchuí”) a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú, ansin, chun críocha fho-alt (5) (b), glacfar leis go mbeidh an chumhacht vótála iomchuí infheidhmithe ag an duine sin.

(7) Glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna nó i mbintiúir más rud é, ar dhóigh seachas de bhua leas a bheith aige faoi iontaobhas—

(a) go bhfuil ceart aige chun glaoch a dhéanamh d'fhonn na scaireanna nó na bintiúir a sheachadadh air féin nó ar a ordú; nó

(b) go bhfuil ceart aige leas a fháil i scaireanna nó i mbintiúir nó go bhfuil sé faoi oibleagáid leas a ghlacadh i scaireanna nó i mbintiúir;

cibé acu atá nó nach bhfuil an ceart nó an oibleagáid coinníollach nó iomlán i gcás ar bith.

(8) Chun críocha fho-alt (4) (b) glacfar leis go mbeidh duine, maidir le haon cheart a thugtar de bhíthin scaireanna nó bintiúir a shealbhú, i dteideal an ceart sin a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú má tá ceart aige (cibé acu faoi réir coinníollacha nó gan a bheith) a ndéanfadh feidhmiú an chirt sin teideal a thabhairt dó amhlaidh nó má tá sé faoi oibleagáid (cibé acu atá sé faoi réir amhlaidh nó nach bhfuil) a ndéanfadh comhall na hoibleagáide sin teideal a thabhairt dó amhlaidh.

(9) Ní ghlacfar leis go bhfuil leas ag duine, de bhua fho-alt (4) (b), in aon scaireanna nó bintiúir de bhíthin amháin gur ceapadh é mar sheachvótálaí chun vótáil ag cruinniú sonraithe de chuid cuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí agus ag aon atráth den chruinniú sin, nó gur ceapadh é ag comhlacht corpraithe chun gníomhú mar a ionadaí ag aon chruinniú de chuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí.

(10) Gan dochar d'fho-alt (2), maidir le haon chearta nó oibleagáidí chun suibscríobh le haghaidh aon scaireanna nó bintiúr, ní ghlacfar leis , chun críocha fho-alt (7), gur cearta ná oibleagáidí iad chun aon leas a fháil nó a ghlacadh i scaireanna nó i mbintiúir.

(11) I gcás comhleas a bheith ag daoine measfar go bhfuil an leas sin ag gach duine acu.

(12) Ní bhaineann sé le hábhar scaireanna nó bintiúir a bhfuil leas ag duine iontu a bheith neamh-inaitheanta.

(13) Aon seachadadh scaireanna nó bintiúr a dhéanfar chun ordú duine mar chomhall ar chonradh iad do cheannach aige nó mar shásamh ar cheart dá chuid chun glaoch a dhéanamh d'fhonn iad a sheachadadh, nó mainneachtain scaireanna nó bintiúir a sheachadadh de réir théarmaí aon chonartha den sórt sin nó ar a mbeidh ceart den sórt sin le sásamh, measfar gurb ionann sin agus teagmhas a scoireann sé dá dhroim de leas a bheith aige iontu, agus measfar gurb amhlaidh cás má théann ceart duine i léig chun glaoch a dhéanamh d'fhonn scaireanna nó bintiúir a sheachadadh.

Neamhaird a thabhairt ar leasanna.

55. —(1) Tabharfar neamhaird ar na leasanna seo a leanas chun críocha alt 54 agus ailt 56 go 58—

(a) i gcás go sealbhaítear maoin ar iontaobhas agus go gcuimsítear leas i scaireanna nó i mbintiúir sa mhaoin sin, leas i bhfrithdhílse nó i bhfuíoll nó leas iontaobhaí ainmniúil agus aon leas lánroghnach;

(b) leas duine atá ar marthain de bhua—

(i) aonaid a bheith á sealbhú aige—

(I) i scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ;

(II) in iontaobhas aonad lena mbaineann alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , arna leasú le halt 34 den Acht Airgeadais, 1977 ;

(III) i ngnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989);

(ii) scéime a dhéantar faoi alt 46 den Acht Carthanas. 1961;

(c) leas atá ag duine le haghaidh a shaoil féin nó saoil duine eile faoi shocraíocht i gcás gurb éard atá sa mhaoin a chuimsítear sa tsocraíocht, nó i gcás go bhfolaíonn an mhaoin sin, scaireanna nó bintiúir agus go sásaítear na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3);

(d) leas i scaireanna nó i mbintiúir a shealbhaíonn comhalta de stocmhalartán aitheanta a sheolann gnó mar stocbhróicéir nach séalbhaítear ach amháin ar mhodh urrúis chun críocha idirbhirt a dhéanann an duine nó an comhlacht lena mbaineann i ngnáthchúrsa gnó an duine nó an chomhlachta sin;

(e) cibé leasanna, nó leasanna de cibé cineál, a bheidh forordaithe chun críocha na míre seo le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Ní ghlacfar leis go mbeidh leas ag duine, de bhua alt 54 (4) (b), i scaireanna nó i mbintiúir de bhíthin amháin gur ceapadh é mar sheachvótálaí chun vótáil ag cruinniú sonraithe de chuid cuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí agus ag aon atráth den chruinniú sin, nó gur cheap comhlacht corpraithe é chun gníomhú mar a ionadaí ag aon chruinniú de chuid cuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí.

(3) Na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (c) is coinníollacha iad, i ndáil le socraíocht—

(a) gur socraíocht neamh-inchúlghairthe í, agus

(b) nach bhfuil aon leas ag an socraitheoir (de réir bhrí alt 96 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) in aon ioncam a thagann faoin tsocraíocht ná in aon mhaoin a chuimsítear inti.

Tréimhsí nach foláir oibleagáidí faoi alt 53 a urscaoileadh laistigh díobh.

56. —(1) Aon oibleagáid a fhorchuirtear ar dhuine le halt 53 (1) chun leas a fhógairt, ní foláir, más eol dó an leas a bheith ann ar an lá iomchuí (is é sin le rá, i gcás é bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí ag tús an lae a thiocfaidh an t-alt sin i ngníomh, an lá is déanaí roimhe sin agus, i gcás go dtagann sé chun bheith ina stiúrthóir nó ina rúnaí ina dhiaidh sin, an lá a thagann sé chun bheith amhlaidh) an oibleagáid sin a chomhall roimh dheireadh na tréimhse cúig lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae iomchuí; thairis sin ní foláir í a chomhall roimh dheireadh na tréimhse cúig lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae a thiocfaidh sé ar an eolas faoin leas a bheith ann.

(2) Aon oibleagáid a fhorchuirtear ar dhuine lé halt 53 (2) chun teagmhas a tharla a fhógairt, ní foláir, más eol dó ag tráth tarlaithe an teagmhais gur tharla sé, an oibleagáid sin a chomhall roimh dheireadh na tréimhse cúig lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae a tharla sé; thairis sin ní foláir í a chomhall roimh dheireadh na tréimhse cúig lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae a thiocfaidh sé ar an eolas gur tharla an teagmhas.

Imthosca nach n-urscaoiltear oibleagáid faoi alt 53 maidir leo.

57. —(1) Más rud é, maidir le teagmhas a bhfuil stiúrthóir nó rúnaí, de bhua alt 53 (2) (a), faoi oibleagáid fógra a thabhairt do chuideachta gur tharla sé, gurb éard atá ann ná conradh a rinne sé go gceannódh sé scaireanna nó bintiúir, glacfar leis nach mbeidh an oibleagáid urscaoilte mura mbeidh ráiteas curtha isteach san fhógra i dtaobh an phraghais a bhí le híoc aige faoin gconradh, agus glacfar leis i gcás oibleagáide a fhorchuirtear ar stiúrthóir nó ar rúnaí de bhua alt 53 (2) (b) nach mbeidh sí urscaoilte mura mbeidh an praghas a bhí le fáil aige faoin gconradh curtha isteach san fhógra.

(2) Aon oibleagáid a fhorchuirtear ar stiúrthóir nó ar rúnaí, de bhua alt 53 (2) (c), fógra a thabhairt do chuideachta, glacfar leis nach mbeidh an oibleagáid urscaoilte mura mbeidh ráiteas curtha isteach san fhógra i dtaobh na comaoine le haghaidh an tsannta (nó, i gcás nach bhfuil aon chomaoin i gceist, an fíoras sin), agus más rud é, maidir le teagmhas a bhfuil stiúrthóir, de bhua alt 53 (2) (d), faoi oibleagáid fógra a thabhairt do chuideachta gur tharla sé, gurb éard atá ann ná sannadh cirt aige, glacfar leis nach mbeidh an oibleagáid urscaoilte mura mbeidh ráiteas dá shamhail curtha isteach san fhógra.

(3) Más rud é, maidir le teagmhas a bhfuil stiúrthóir nó rúnaí, de bhua alt 53 (2) (d), faoi oibleagáid fógra a thabhairt do chuideachta gur tharla sé, gurb éard atá ann ceart a dheonú dó chun suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr, glacfar leis nach mbeidh an oibleagáid urscaoilte mura mbeidh ráiteas curtha isteach san fhógra—

(a) i dtaobh an dáta ar deonaíodh an ceart,

(b) i dtaobh na tréimhse a bhfuil an ceart infheidhmithe lena linn nó i dtaobh an ama a bhfuil an ceart infheidhmithe,

(c) i dtaobh na comaoine le haghaidh an deonaithe (nó, i gcás nach bhfuil aon chomaoin i gceist, an fíoras sin), agus

(d) i dtaobh an phraghais a bhí le híoc ar na scaireanna nó ar na bintiúir.

(4) Más rud é, maidir le teagmhas a bhfuil stiúrthóir nó rúnaí, de bhua alt 53 (2) (d), faoi oibleagáid fógra a thabhairt do chuideachta gur tharla sé, gurb éard atá ann ná feidhmiú cirt a deonaíodh dó chun suibscríobh le haghaidh scaireanna nó bintiúr glacfar leis nach mbeidh an oibleagáid urscaoilte mura mbeidh ráiteas curtha isteach san fhógra—

(a) i dtaobh an líon scaireanna nó an méid bintiúr ar feidhmíodh an ceart ina leith, agus

(b) más é an cás é gur cláraíodh iad ina ainm, i dtaobh an fhíorais sin agus más é an cás é nár cláraíodh, i dtaobh ainm nó ainmneacha an duine nó na ndaoine ar cláraíodh iad ina ainm nó ina n-ainmneacha,

maille leis (má cláraíodh iad in ainmneacha beirte nó níos mó) an líon nó an méid díobh a cláraíodh in ainm gach duine acu.

(5) Chun críocha an ailt seo déanfar aon tagairt, cibé slí a mbeidh sí sainráite, d'aon phraghas a íocadh, a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas i scaireanna nó i mbintiúir a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomaoin seachas airgead a tugadh nó a fuarthas maidir le haon leas den sórt sin.

Forálacha eile a bhaineann le fógra a thabhairt.

58. —(1) I gcás go n-údaraíonn duine d'aon duine eile (“an gníomhaire”) leasanna i scaireanna i gcuideachta nó i mbintiúir dá cuid, a fháil nó a dhiúscairt thar a cheann, áiritheoidh sé go dtabharfaidh an gníomhaire fógra dó láithreach faoi leasanna sna scaireanna nó sna bintiúir sin a bheith faighte nó diúscartha ag an ngníomhaire a bheidh, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina chúis le haon oibleagáid , i dtaca leis féin de, fógra a thabhairt faoin gCaibidil seo maidir lena leas sna scaireanna nó sna bintiúir sin.

(2) Aon oibleagáid fógra a thabhairt a fhorchuirtear ar aon duine leis an gCaibidil seo déileálfar leis mar oibleagáid nár comhalladh mura ndéantar, leis an bhfógra ar dá bhíthin a airbheartaítear an oibleagáid sin a chomhall, an duine a aithint agus a sheoladh a thabhairt.

(3) I gcás go mainníonn duine, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall a bhfuil sé faoina réir de bhua alt 53, ní bheidh aon cheart ná leas d'aon chineál ar bith maidir leis na scaireanna nó na bintiúir lena mbaineann infheidhmithe aige, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, le caingean nó le himeacht dlí.

(4) I gcás go gcuirtear srianadh le haon cheart nó-leas faoi fho-alt (3), féadfaidh aon duine a rinne mainneachtain faoin bhfo-alt sin nó aon duine eile a ndearna an srianadh sin difear dó, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó mhíchumas a fhorchuirtear le fo-alt (3) nó a thig dá dhroim agus féadfaidh an chúirt ar a bheith deimhin di gur de thionóisc nó de thaisme nó gur mar gheall ar chúis leordhóthanach éigin eile a tharla an mhainneachtain nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a dheonú ar fhorais eile, an faoiseamh sin a dheonú go ginearálta nó maidir le haon cheart nó leas áirithe, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(5) I gcás gur duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) iarratasóir ar fhaoiseamh faoi fho-alt (4), ní dheonóidh an chúirt an faoiseamh sin más dealraitheach gur tharla an mhainneachtain mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil ag an iarratasóir.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le hoibleagáid a bhaineann le duine a scoireann dé leas a bheith aige i scaireanna i gcuideachta nó i mbintiúir dá cuid.

(7) Duine a mhainníonn fo-alt (1) a chomhlíonadh gan leithscéal réasúnach beidh sé ciontach i gcion.

Clár leasanna.

59. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta clár chun críocha alt 53.

(2) Aon uair a fhaigheann an chuideachta faisnéis ó stiúrthóir nó ó rúnaí de dhroim oibleagáid a chomhall a fhorchuirtear air leis an alt sin, taifeadfaidh an chuideachta an fhaisnéis sin, agus dáta an taifid, sa chlár os coinne ainm an duine sin.

(3) Déanfaidh gach cuideachta, aon uair a dheonaíonn sí ceart do stiúrthóir nó do rúnaí chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta nó bintiúr dá cuid, an méid seo a leanas a thaifeadadh sa chlár os coinne a ainm—

(a) an dáta a ndeonaítear an ceart,

(b) an tréimhse a bhfuil an ceart infheidhmithe lena linn nó an t-am a bhfuil sé infheidhmithe,

(c) an chomaoin le haghaidh an deonaithe (nó, más é an cás é nach bhfuil aon chomaoin i gceist, an fíoras sin), agus

(d) tuairisc ar na scaireanna nó ar na bintiúir í gceist agus an líon nó an méid díobh agus an praghas atá le híoc orthu.

(4) Aon uair a fheidhmíonn stiúrthóir nó rúnaí ceart den sórt a luaitear i bhfo-alt (3), taifeadfaidh an chuideachta sa chlár a dúradh os coinne a ainm an fíoras sin (ag sainaithint an chirt), an líon nó an méid scaireanna nó bintiúr ar feidhmíodh an ceart ina leith agus más é an cás é gur cláraíodh iad ina ainm, an fíoras sin, agus más é an cás é nár cláraíodh, ainm nó ainmneacha an duine nó na ndaoine ar cláraíodh iad ina ainm nó ina n-ainmneacha, maille leis (má cláraíodh iad in ainm beirte nó níos mó) an líon nó an méid díobh a cláraíodh in ainm gach duine díobh.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le cúlstiúrthóirí amhail mar atá feidhm aige maidir le stiúrthóirí.

Forálacha a bhaineann leis an gclár.

60. —(1) Ní foláir an clár a bheidh le coimeád faoi alt 59 a bheith curtha le chéile sa dóigh go dtaispeánfar na taifid ann, os coinne na n-ainmneacha ar leithligh a bheidh inscríofa ann, in ord cróineolaíoch.

(2) Déanfar oibleagáid a fhorchuirtear le halt 59 (2) go (4) a chomhall roimh dheireadh na tréimhse 3 lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

(3) Déanfar nádúr agus réim aon leasa a bheidh taifeadta sa chlár a dúradh, ar leas é de chuid stiúrthóra nó rúnaí in aon scaireanna nó bintiúir, a thaifeadadh sa chlár a dúradh má éilíonn an stiúrthóir nó an rúnaí amhlaidh.

(4) Ní bheidh an chuideachta, de bhua aon ní a dhéanfar chun críocha an ailt seo, faoi admhálacht maidir le fógra i dtaobh, ná inchurtha faoi fhiosrú i dtaobh, cearta aon duine maidir le haon scaireanna nó bintiúir.

(5) Déanfar an clár a dúradh—

(a) má choimeádtar clár chomhaltaí na cuideachta ina hoifig chláraithe, a choimeád san áit sin;

(b) mura gcoimeádtar clár chomhaltaí na cuideachta amhlaidh, a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta nó san áit a gcoimeádtar a clár comhaltaí;

agus beidh sé ar fáil lena iniúchadh le linn uaireanta gnó ag aon chomhalta den chuideachta saor in aisce agus ag aon duine eile ach 30p a íoc nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta le haghaidh gach iniúchta (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta ionas go lamhálfar dhá uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchadh).

(6) Cuirfidh an chuideachta fógra chuig cláraitheoir na gcuideachtaí faoin áit a gcoimeádtar an clár a dúradh agus faoi aon athrú san áit sin, ach amháin i gcás ar coimeádadh gach tráth é ina hoifig chláraithe.

(7) Mura mbeidh an clár a dúradh i gcruth de shórt gur treoirleabhar ann féin é coimeádfaidh an chuideachta treoirleabhar de na hainmneacha a thaifeadfar ann—

(a) ina mbeidh, maidir le gach ainm, léiriú leordhóthanach chun go bhféadfar an fhaisnéis a bheidh inscríofa sa treoirleabhar os a choinne a fháil go héasca; agus

(b) a choimeádfar san áit chéanna leis an gclár a dúradh;

agus déanfaidh an chuideachta, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a dtaifeadfar ainm sa chlár a dúradh, aon athrú is gá sa treoirleabhar.

(8) Féadfaidh aon chomhalta de chuid na cuideachta nó duine eile cóip den chlár sin, nó d'aon chuid de, a éileamh, ach 15p nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc ar gach céad focal nó codán de chéad focal is gá a chóipeáil.

Cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar aon chóip a éileoidh aon duine amhlaidh a chur chuig an duine sin laistigh den tréimhse 10 lá dar tosach an lá tar éis an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh.

(9) Beidh an clár sin ar oscailt freisin agus fágfar ar oscailt agus ar fáil é, ceathrú uaire an chloig ar a laghad roimh an am atá ceaptha do thosú chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, agus le linn an chruinnithe, d'aon duine a bheidh ag freastal ar an gcruinniú.

(10) Má mhainnítear fo-alt (9) a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur orthu; agus má mhainnítear fo-alt (6) a chomhlíonadh ar feadh 14 lá dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain; agus má mhainnítear alt 59 nó fo-alt (1), (2) nó (7) den alt seo a chomhlíonadh nó má dhiúltaítear aon chead iniúchta a éileofar faoin alt seo nó mura gcuirfear amach laistigh den tréimhse chuí aon chóip a éileofar faoin alt seo dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain.

(11) I gcás go ndiúltaítear cead iniúchadh, a éilítear faoin alt seo, a dhéanamh ar an gclár sin féadfaidh an chúirt, le hordú, iallach a chur iniúchadh a dhéanamh láithreach air; agus i gcás mainneachtain a dhéanamh cóip a éilíodh leis an alt seo a chur ar aghaidh laistigh den tréimhse chuí, féadfaidh an chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an chóip a éilíodh a chur chuig an duine a d'éiligh í.

Taifid a bhaint den chlár.

61. —(1) Féadfaidh cuideachta taifead os coinne ainm duine a bhaint den chlár leasanna i scaireanna agus i mbintiúir a choimeádtar faoi alt 59 má tá níos mó ná 6 bliana caite ón dáta a ndearnadh an taifead, agus—

(a) gur taifeadadh sa taifead sin gur scoir an duine i gceist de leas is infhógartha faoin gCaibidil seo a bheith aige i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir de chuid na cuideachta; nó

(b) gur cuireadh taifead níos déanaí ina ionad faoin alt sin 59 os coinne ainm an duine chéanna;

agus féadfaidh an chuideachta i gcás faoi mhír (a) ainm an duine sin a bhaint den chlár freisin.

(2) I gcás go mbainfear ainm, de bhun fho-alt (1), de chlár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna nó i mbintiúir déanfaidh an chuideachta laistigh de 14 lá ón dáta a ndearnadh an t-ainm sin a bhaint den chlár aon athruithe is gá in aon treoirleabhar comhbhainteach.

(3) Má mhainnítear fo-alt (2) a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach dá cuid a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

An tráth nach bhfuil taifid le baint den chlár.

62. —(1) Ní scriosfar taifid i gclár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna agus i mbintiúir faoin gCaibidil seo ach amháin de réir alt 61.

(2) Má scriostar taifead as clár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna de shárú ar fho-alt (1) cuirfidh an chuideáchta an taifead sin ar ais ar an gclár a luaithe is féidir é de réir réasúin.

(3) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

Leasanna a nochtadh i dtuarascáil na stiúrthóirí.

63. —(1) Faoi réir fho-alt (2), luafar i dtuarascáil na stiúrthóirí nó sna nótaí a ghabhann le cuntais na cuideachta i leith bliana airgeadais, maidir le gach duine a bhí, ag deireadh na bliana sin, ina stiúrthóir ar an gcuideachta—

(a) cibé acu a bhí nó nach raibh, ag deireadh na bliana sin, leas aige i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir dá cuid nó i scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile nó i mbintiúir dá chuid, arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é;

(b) má bhí leas aige amhlaidh—

(i) an líon agus an méid scaireanna i ngach comhlacht (agus an comhlacht sin a shonrú), agus an líon agus an méid bintiúr de chuid an chéanna, a raibh leas aige iontu an tráth sin,

(ii) cibé acu a bhí nó nach raibh leas aige ag tús na bliana sin (nó, murar stiúrthóir é an tráth sin, nuair a tháinig sé chun bheith ina stiúrthóir) i scaireanna sa chuideachta nó i mbintiúir dá cuid nó i scaireanna in aon chomhlacht corpraithe eile den sórt sin, nó i mbintiúir dá chuid, agus,

(iii) má bhí, an líon agus an méid scaireanna i ngach comhlacht (agus an comhlacht sin a shonrú), agus an líon agus an méid bintiúr dá chuid, ina raibh leas aige ag tús na bliana sin nó, de réir mar a bheidh, nuair a tháinig sé chun bheith ina stiúrthóir.

(2) An tagairt i bhfo-alt (1) do thuarascáil na stiúrthóirí agus do na nótaí a ghabhann le cuntais na cuideachta is tagairtí iad don tuarascáil agus do na nótaí faoi seach a éilítear de bhua Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 , a chur i gceangal leis an Tuairisceán Bliantúil agus i gcás nach gcuirfidh cuideachta tuarascáil na stiúrthóirí i gceangal, mar a cheadaítear le halt 10 (2) den Acht réamhluaite, beidh an fhaisnéis a éilítear i bhfo-alt (1) ar fáil sna nótaí a ghabhann le cuntais na cuideachta.

(3) Déanfar na tagairtí i bhfo-alt (1) don tráth a tháinig duine chun bheith ina stiúrthóir a fhorléiriú, i gcás duine a tháinig chun bheith ina stiúrthóir níos mó ná aon uair amháin, mar thagairtí don tráth a tháinig sé chun bheith ina stiúrthóir den chéad uair.

(4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “tuarascáil na stiúrthóirí” an tuarascáil ó stiúrthóirí cuideachta a cheanglaítear le halt 158 (1) den Phríomh-Acht a bheith ag gabháil le gach clár comhordaithe de chuid na cuideachta.

(5) An fhaisnéis a cheanglaítear a thabhairt le fo-alt (1) maidir le stiúrthóirí na cuideachta tabharfar í freisin maidir leis an duine a bhí ina rúnaí ar an gcuideachta ag deireadh na bliana airgeadais lena mbaineann.

Alt 53 a leathnú chuig céilí agus leanaí.

64. —(1) Chun críocha alt 53—

(a) áireofar leas céile stiúrthóra nó rúnaí ar chuideachta (nach stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta é féin nó í féin) i scaireanna nó i mbintiúir mar leas an stiúrthóra nó an rúnaí, agus

(b) baineann an céanna le leas linbh mhionaoisigh stiúrthóra nó rúnaí ar chuideachta (nach stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta é féin nó í féin) i scaireanna nó i mbintiúir.

(2) Chun na gcríoch sin—

(a) aon chonradh, sannadh nó ceart suibscríofa a rinne nó a d'fheidhmigh céile stiúrthóra nó rúnaí ar chuideachta nó aon deonú a rinneadh don chéile sin (nach stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta é féin nó í féin) áireofar é mar chonradh. mar shannadh nó mar cheart suibscríofa a rinne nó a d'fheidhmigh an stiúrthóir nó an rúnaí nó, de réir mar a bheidh, mar dheonú a rinneadh don stiúrthóir nó don rúnaí, agus

(b) baineann an céanna le conradh, sannadh nó ceart suibscríofa a rinne nó a d'fheidhmigh leanbh mionaoiseach stiúrthóra nó rúnaí ar chuideachta nó le haon deonú a rinneadh don leanbh sin (nach stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta é féin nó í féin).

(3) Beidh stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta faoi oibleagáid fógra i scríbhinn a thabhairt don chuideachta má tharlaíonn, fad a bheidh sé nó sí ina stiúrthóir nó ina rúnaí, ceachtar de na teagmhais seo a leanas—

(a) an chuideachta do dheonú cirt chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta nó le haghaidh bintiúr dá cuid dá chéile nó dá leanbh mionaoiseach; agus

(b) an céile nó an leanbh mionaoiseach d'fheidhmiú cirt den chineál a dúradh a dheonaigh an chuideachta don chéile nó don leanbh.

(4) Luafar i bhfógra a thabharfar don chuideachta faoi fho-alt (3)—

(a) i gcás deonú cirt, an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear le halt 53 ar an stiúrthóir nó ar an rúnaí a lua ar chomhlacht corpraithe eile do dheonú cirt dó chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chomhlacht corpraithe eile sin nó le haghaidh bintiúr dá chuid, agus

(b) i gcás feidhmiú cirt, an fhaisnéis chéanna a cheanglaítear leis an alt sin ar an stiúrthóir nó ar an rúnaí a lua ar fheidhmiú cirt a dheonaigh comhlacht corpraithe eile dó chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chomhlacht corpraithe eile sin nó le haghaidh bintiúr dá chuid.

(5) Ní foláir do stiúrthóir nó do rúnaí oibleagáid a fhorchuirtear air le fo-alt (3) a chomhall roimh dheireadh na tréimhse 5 lá dar tosach an lá díreach i ndiaidh an lae a thiocfaidh sé ar an eolas gur tharla an teagmhas ba bhun leis an oibleagáid.

(6) Duine a mhainníonn oibleagáid a bhfuil sé faoina réir faoi fho-alt (3) a chomhall laistigh den tréimhse chuí, beidh sé ciontach i gcion.

(7) Beidh éifeacht leis na forálacha atá leagtha amach in ailt 54 agus 55 d'fhonn fo-ailt (1) agus (2) a léiriú agus thairis sin i ndáil leis na fo-ailt sin, agus chun críocha an ailt seo beidh éifeacht le fo-ailt (8) agus (9) d'alt 53, fara aon mhodhnaithe is gá, amhail mar atá éifeacht leo chun críocha an ailt sin.

(8) Chun críocha alt 59 áireofar oibleagáid a fhorchuirtear ar stiúrthóir nó ar rúnaí leis an alt seo amhail is dá bhforchuirfí í le halt 53.

Dualgas cuideachta fógra a thabhairt don stocmhalartán.

65. —(1) Aon uair a dhéanfaidh stiúrthóir nó rúnaí, dé dhroim oibleagáid a chomhall a fhorchuirtear air le hailt 53 nó 64, fógra i dtaobh aon ní a thabhairt do chuideachta a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil dá cuid scaireanna nó bintiúr ag stocmhalartán aitheanta agus go mbaineann an ní sin le scaireanna nó le bintiúir a bhfuil na saoráidí sin curtha ar fáil dóibh, beidh an chuideachta faoi oibleagáid fógra i dtaobh an ní sin a thabhairt don stocmhalartán sin; agus féadfaidh an stocmhalartán aon fhaisnéis a gheobhaidh sé faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú i cibé slí a chinnfidh sé.

(2) Ní foláir oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) a chomhall roimh dheireadh an lae díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

(3) Má mhainnítear an t-alt seo a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Déileáil i scaireanna a imscrúdú.

66. —(1) Má fheictear don Aire go bhfuil imthosca ann a thugann le tuiscint go bhféadfadh go bhfuil sáruithe déanta, i ndáil le scaireanna i gcuideachta nó i mbintiúir dá cuid, ar alt 30, 53 nó 64 (3) go (5), féadfaidh sé cigire inniúil amháin nó níos mó a cheapadh chun cibé imscrúduithe a dhéanamh a bheidh riachtanach chun a shuíomh cibé acu a tharla nó nár tharla sáruithe mar a dúradh agus chun torthaí a n-imscrúduithe a thuairisciú don Aire.

(2) Féadfar le ceapachán cigire faoin alt seo an tréimhse a theorannú a mbeidh réim ag a imscrúdú maidir léi nó an t-imscrúdú a chur ag baint go heisiach le scaireanna nó le bintiúir de chineál áirithe nó iad araon.

(3) Chun críocha aon imscrúdaithe faoin alt seo beidh feidhm ag alt 10—

(a) trí thagairt d'aon chomhlacht corpraithe eile arb é, nó arbh é aon tráth iomchuí, fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta é a chur in ionad tagairtí d'aon chomhlacht corpraithe eile a mbeidh a chúrsaí á n-imscrúdú de bhua alt 9, agus

(b) leis an modhnú is gá ar an tagairt, in alt 10 (5), do chúrsaí na cuideachta nó an chomhlachta chorpraithe eile sa chaoi, áfach, go mbeidh feidhm aige maidir le comhaltaí de stocmhalartán aitheanta ar pearsana aonair iad agus le hoifigigh (iaroifigigh agus oifigigh láithreacha) do chomhaltaí de mhalartán den sórt sin ar comhlachtaí corpraithe iad amhail mar atá feidhm aige maidir le hoifigigh don chuideachta nó don chomhlacht corpraithe eile.

(4) Féadfaidh na cigirí, agus má ordaíonn an tAire dóibh amhlaidh ní foláir dóibh, tuarascálacha eatramhacha a thabhairt don Aire agus ar chríoch a chur leis an imscrúdú tabharfaidh siad tuarascáil chríochnaitheach don Aire.

(5) Scríobhfar nó clóifear aon tuarascáil den sórt sin, mar a ordóidh an tAire, agus cuirfidh an tAire faoi deara í a fhoilsiú.

(6) Beidh feidhm ag ailt 9, 16 go 18, 22, 23 (1) agus 23 (3), fara aon mhodhnuithe is gá, chun críocha an ailt seo.

(7) Íocfaidh an tAire costais imscrúdaithe faoin alt seo.

(8) I gcás go gciontófar duine i gcion ar ionchúiseamh a thionscnófar de bharr an imscrúdaithe féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón Aire, a ordú don duine sin na costais sin a íoc go feadh cibé méid a ordóidh an chúirt.

Caibidil 2

Fáltais Aonair agus Grúpfháltais

Oibleagáid nochtadh a dhéanamh agus na cásanna ina ndéanfar é.

67. —(1) I gcás—

(a) go bhfaighidh duine go bhfios dó leas i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta poiblí teoranta nó go scoireann sé de leas a bheith aige i scaireanna a chuimsítear amhlaidh (cibé acu a choimeádann sé leas i scaireanna eile a chuimsítear amhlaidh nó nach gcoimeádann), nó

(b) go bhfaigheann duine amach go bhfuil leas i scaireanna a chuimsítear amhlaidh faighte aige nó gur scoir sé de leas a bheith aige i scaireanna a chuimsítear amhlaidh a raibh leas aige iontu roimhe sin,

ansin, faoi réir fhorálacha ailt 68 go 79, beidh sé faoi oibleagáid (“an oibleagáid nochtadh a dhéanamh”) fógra a thabhairt don chuideachta maidir leis na leasanna atá nó a bhí aige ina cuid scaireanna.

(2) I ndáil le cuideachta phoiblí theoranta, ciallaíonn “scairchaipiteal iomchuí” scairchaipiteal eisithe na cuideachta de chineál a ngabhann cearta vótála leis sna himthosca go léir ag cruinnithe ginearálta na cuideachta agus dearbhaítear leis seo chun amhras a sheachaint—

(a) i gcás go roinntear scairchaipiteal iomchuí cuideachta i gcineálacha éagsúla scaireanna, aon tagairtí sa Chaibidil seo do chéatadán de luach ainmniúil a scairchaipitil iomchuí, is tagairtí iad do chéatadán de luach ainmniúil na scaireanna eisithe a chuimsítear i ngach ceann de na cineálacha arna dtógáil ar leithligh, agus

(b) nach ndéanann fionraíocht shealadach ar chearta vótála maidir le scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal eisithe cuideachta d'aon chineál den sórt sin difear d'fheidhmiú na Caibidle seo i ndáil le leasanna sna scaireanna sin nó in aon scaireanna eile a chuimsítear sa chineál sin.

(3) Más rud é, seachas in imthosca i bhfo-alt (1)—

(a) go bhfuil a fhios ag duine an tráth a tharlaíonn sé, go bhfuil athrú ar bith ar imthosca a dhéanann difear d'fhíorais is iomchuí don alt díreach ina dhiaidh seo a chur i bhfeidhm maidir le leas láithreach dá chuid i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal de thuairisc ar bith de chuid cuideachta, nó

(b) go dtagann duine, thairis sin, chun fios a bheith aige i dtaobh aon fhíoras den sórt sin (cibé acu de dhroim aon athrú den sórt sin ar aon imthosca nó nach ea),

ansin, faoi réir fhorálacha ailt 68 go 79, beidh sé faoin oibleagáid nochtadh a dhéanamh.

(4) Measfar, maidir le haon duine d'fháil leasa i scaireanna nó i mbintiúir cuideachta atá cláraithe sa Stát, gurb ionann an fháil sin agus an duine sin do thoiliú aon fhaisnéis do nochtadh aige féin, ag a ghníomhairí nó ag a idirghabhálaithe, is faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i ndáil le scaireanna nó bintiúir le hAchtanna na gCuideachtaí.

Leasanna atá le nochtadh.

68. —(1) Chun críocha na hoibleagáide nochtadh a dhéanamh, is iad na leasanna a chuirfear san áireamh ná leasanna i scairchaipiteal iomchuí de chuid na cuideachta lena mbaineann.

(2) Beidh leas infhógartha ag duine aon tráth a mbeidh leas aige i scaireanna a chuimsítear sa scairchaipiteal sin de luach ainmniúil comhiomlán atá comhionann leis an gcéatadán, nó níos mó ná an céatadán, de luach ainmniúil an scairchaipitil sin arb é an céatadán infhógartha é de thuras na huaire.

(3) Na fíorais uile is iomchuí chun a chinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil leas infhógartha ag duine aon tráth (nó leibhéal a leasa de réir céatadáin) glacfar leis gurb é atá iontu ná na fíorais de réir mar is eol dó iad an tráth sin.

(4) Beidh an oibleagáid ann nochtadh a dhéanamh faoi alt 67 (1) nó (3) i gcás go bhfuil leas infhógartha ag an duine díreach tar éis an trátha iomchuí ach nach raibh leas den sórt sin aige díreach roimh an tráth sin.

(5) Beidh an oibleagáid ann freisin faoi alt 67 (1)—

(a) i gcás leas infhógartha a bheith ag an duine roimh an tráth iomchuí, ach nach mbeidh leas den sórt sin aige go díreach ina dhiaidh, nó

(b) i gcás leas infhógartha a bheith aige díreach roimh an tráth sin, agus leas den sórt sin a bheith aige díreach ina dhiaidh sin, ach gan leibhéil a leasa de réir céatadáin díreach roimh an tráth sin agus go díreach ina dhiaidh a bheith comhionann.

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “an tráth iomchuí“—

(a) i gcás faoi alt 67 (1) (a) nó (3) (a), tráth an teagmhais nó an athraithe ar imthosca a luaitear ansin, agus

(b) i gcás faoi alt 67 (1) (b) nó (3) (b), an tráth ar tháinig an duine chun fios a bheith aige i dtaobh na bhfíoras i gceist.

“Leibhéal de réir céatadáin” i ndáil le leasanna infhógartha.

69. —(1) Faoi réir an agúis thíosluaite ciallaíonn “leibhéal de réir céatadáin”, in alt 68 (5) (b), an figiúr céatadáin a fhaightear trí luach ainmniúil comhiomlán na scaireanna go léir a chuimsítear sa scairchaipiteal lena mbaineann ina bhfuil leas ag an duine díreach roimh nó (de réir mar a bheidh) díreach i ndiaidh an trátha iomchuí a shloinneadh mar chéatadán de luach ainmniúil an scairchaipitil sin agus an figiúr sin a chothromú síos, mura slánuimhir í, go dtí an chéad slánuimhir eile.

(2) I gcás luach ainmniúil an scairchaipitil a bheith níos mó díreach i ndiaidh an trátha iomchuí ná mar a bhí sé díreach roimhe, cinnfear leibhéal de réir céatadáin leas an duine díreach roimh an tráth sin (chomh maith le díreach ina dhiaidh) faoi threoir an méid is mó.

An céatadán infhógartha.

70. —(1) An tagairt in alt 68 (2) don chéatadán infhógartha is tagairt í do 5 faoin gcéad nó cibé céatadán eile a bheidh forordaithe ag an Aire faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire an céatadán a fhorordú a bheidh le cur chun feidhme nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil leas duine i scaireanna cuideachta infhógartha faoi alt 67; agus féadfar céatadáin éagsúla a fhorordú i ndáil le cuideachtaí de chineálacha éagsúla nó de thuairiscí éagsúla.

(3) Más rud é de dhroim laghdaithe a fhorordaítear faoin alt seo sa chéatadán a leagtar síos leis an ordú sin go dtagann leas duine i scaireanna cuideachta chun bheith infhógartha, tiocfaidh sé ansin faoin oibleagáid nochtadh a dhéanamh maidir leis; agus ní foláir an oibleagáid a chomhlíonadh laistigh den tréimhse 10 lá díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

Na sonraí a bheidh san fhógra.

71. —(1) Faoi réir alt 70 (3) ní foláir oibleagáid atá ar dhuine fógra a thabhairt faoi alt 67 a chomhlíonadh laistigh den tréimhse 5 la díreach i ndiaidh an lae a dtagann an oibleagáid i gceist, agus ní foláir an fógra chuig an gcuideachta a bheith i scríbhinn.

(2) Ní foláir don fhógra an scairchaipiteal lena mbaineann sé a shonrú, agus ní foláir dó freisin—

(a) an líon scaireanna a lua a chuimsítear sa scairchaipiteal sin arb eol don duine a thugann an fógra leas a bheith aige iontu díreach i ndiaidh an trátha ar tháinig an oibleagáid i gceist, nó

(b) i gcás nach mbeidh, níos mó, leas infhógartha ag an duine i scaireanna a chuimsítear sa scairchaipiteal sin, a lua nach bhfuil an leas sin aige níos mó.

(3) In aon fhógra maidir le leas duine i scairchaipiteal iomchuí cuideachta (ar leith ó fhógra a luann nach bhfuil aige níos mó aon leas infhógartha i scaireanna a chuimsítear sa scairchaipiteal sin) áireofar sonraí—

(a) faoi chéannacht gach sealbhóra chláraithe scaireanna lena mbaineann an fógra, agus

(b) faoi líon na scaireanna sin a shealbhaíonn gach sealbhóir cláraithe den sórt sin,

a mhéid is eol don duine a thugann an fógra ar an dáta a thugtar an fógra.

(4) Duine a bhfuil leas aige i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta, agus a mbeidh an leas sin infhógartha, beidh sé faoi oibleagáid fógra a thabhairt don chuideachta i scríbhinn—

(a) i dtaobh aon sonraí i ndáil leis na scaireanna sin a shonraítear i bhfo-alt (3), agus

(b) i dtaobh aon athraithe ar na sonraí sin,

a dtagann sé. i gceachtar cás, chun fios a bheith aige ina dtaobh aon tráth tar éis aon dáta chun leas a fhógairt agus roimh an gcéad ócáid i ndiaidh an dáta sin a dtagann sé faoi aon oibleagáid eile chun nochtadh a dhéanamh maidir lena leas i scaireanna a chuimsítear sa scairchaipiteal sin.

Ní foláir oibleagáid faoin alt seo a chomhlíonadh laistigh den tréimhse 5 lá díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

(5) An tagairt i bhfo-alt (4) do dháta chun leas a fhógairt, i ndáil le leas duine i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta poiblí teoranta, is tagairt í do cheachtar díobh seo a leanas—

(a) dáta aon fhógra a thugann sé maidir lena leas faoin gCuid seo, agus

(b) i gcás gur mhainnigh sé fógra a thabhairt, an dáta ar tháinig deireadh leis an tréimhse a cheadaítear chun é a thabhairt.

(6) Duine a bhfuil leas i scaireanna aige tráth ar bith, ar leas infhógartha é, measfar faoi fho-alt (4) go bhfuil sé ag leanúint de leas infhógartha a bheith aige iontu mura dtagann sé agus go dtí go dtagann sé faoi oibleagáid fógra a thabhairt á lua nach bhfuil leas den sórt sin aige a thuilleadh sna scaireanna sin.

Fógra a thabhairt faoi leasanna teaghlaigh agus leasanna corpraithe.

72. —(1) Chun críocha ailt 67 go 71 glacfar leis go bhfuil leas ag duine in aon scaireanna a bhfuil leas ag a bhanchéile nó ag aon leanbh mionaoiseach leis iontu.

(2) Chun na gcríoch seo, glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna má tá leas ag comhlacht corpraithe iontu agus—

(a) gur gnách leis an gcomhlacht sin nó a chuid stiúrthóirí gníomhú de réir a orduithe nó a threoracha, nó

(b) go bhfuil sé i dteideal an tríú cuid nó níos mó den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta an chomhlachta chorpraithe sin a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú.

(3) I gcás go bhfuil duine i dteideal an tríú cuid nó níos mó den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta comhlachta chorpraithe a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú agus go bhfuil an comhlacht corpraithe sin i dteideal aon chuid den chumhacht vótála ag cruinnithe ginearálta comhlachta chorpraithe eile (“an chumhacht vótála éifeachtach”) a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú, ansin, chun críocha fho-alt (2) (b), glacfar leis go bhfuil an chumhacht vótála éifeachtach infheidhmithe ag an duine sin.

(4) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) beidh duine i dteideal cumhacht vótála a fheidhmiú nó an feidhmiú sin a rialú—

(a) má tá ceart aige (bíodh sé faoi réir coinníollacha nó ná bíodh) a dtabharfadh a fheidhmiú an teideal sin dó amhlaidh, nó

(b) má tá sé faoi oibleagáid (bíodh sé faoina réir amhlaidh nó ná bíodh) a dtabharfadh a comhall an teideal sin dó amhlaidh.

Comhaontú chun leasanna a fháil i gcuideachta phoiblí theoranta.

73. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, maidir le comhaontú idir beirt nó níos mó ina bhfolaítear foráil chun leasanna i scaireanna a fháil, ag aon pháirtí nó páirtithe sa chomhaontú, is leasanna i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta poiblí teoranta áirithe (“an sprioc-chuideachta”), is comhaontú é lena mbaineann an t-alt seo más rud é—

(a) go bhfolaítear ann freisin forálacha lena bhforchuirtear oibleagáidí nó srianta ar aon pháirtí nó ar aon pháirtithe sa chomhaontú maidir le húsáid, coimeád nó diúscairt leasanna i scaireanna na cuideachta sin a fuarthas de bhun an chomhaontaithe (cibé acu i dteannta aon leasanna eile dá gcuid i scaireanna na cuideachta sin lena mbaineann an comhaontú nó nach ea); agus

(b) go bhfaigheann, iarbhír, aon cheann de na páirtithe aon leas i scaireanna na cuideachta de bhun an chomhaontaithe;

agus, i ndáil le comhaontú den sórt sin, aon tagairtí san alt seo agus in ailt 74 agus 75 don sprioc-chuideachta is tagairtí iad don chuideachta arb í an sprioc-chuideachta í le haghaidh an chomhaontaithe sin de réir an ailt seo.

(2) An tagairt i bhfo-alt (1) (a) d'úsáid leasanna i scaireanna sa sprioc-chuideachta is tagairt í d'fheidhmiú aon cheart nó aon rialaithe nó tionchair a thig ó na leasanna sin (lena n-áirítear an ceart aon chomhaontú a dhéanamh chun aon cheann de na cearta sin a fheidhmiú, nó chun feidhmiú aon cheann de na cearta sin a rialú, ag duine eile).

(3) Aon uair a gheofar aon leas i scaireanna sa sprioc-chuideachta de bhun comhaontaithe den sórt sin mar atá thuasluaite, leanfaidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcomhaontú sin gan spleáchas—

(a) do cibé acu a fhaightear nó nach bhfaightear aon leasanna breise i scaireanna na cuideachta de bhun an chomhaontaithe, agus

(b) d'aon athrú ar na daoine ar páirtithe iad de thuras na huaire ann, agus

(c) d'aon athrú ar an gcomhaontú,

fad a fholófar i gcónaí sa chomhaontú forálacha d'aon tuairisc a luaitear i bhfo-alt (1) (a).

Aon tagairtí san fho-alt seo don chomhaontú folaíonn siad tagairtí d'aon chomhaontú a bhfuil éifeacht leis (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach) in ionad an chomhaontaithe bunaidh.

(4) San alt seo, agus i dtagairtí freisin in áiteanna eile sa Chuid seo do chomhaontú lena mbaineann an t-alt seo, folaíonn “comhaontú” aon chomhaontú nó comhshocraíocht; agus maidir le tagairtí san alt seo d'fhorálacha de chomhaontú—

(a) folaíonn siad, dá réir sin, gealltanais, ionchais nó tuiscintí a bhfuil feidhm acu faoi aon chomhshocraíocht, agus

(b) (gan dochar don mhéid thuasluaite) folaíonn siad freisin aon fhorálacha, bídís sainráite nó intuigthe agus bídís daingean nó ná bíodh.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le comhaontú nach ceangal dlíthiúil é mura mbeidh frithpháirteachas i ngealltanais, in ionchais nó i dtuiscintí na bpáirtithe ann i gceist leis; ná ní bheidh feidhm ag an alt maidir le comhaontú chun aon tairiscint scaireanna i gcuideachta a fhrithghealladh nó a fho-fhrithghealladh, ar choinníoll nach mbaineann an comhaontú ach leis an gcuspóir sin agus le haon ábhair a ghabhann leis.

Oibleagáid nochtadh a dhéanamh a thig faoi alt 73.

74. —(1) I gcás comhaontú lena mbaineann alt 73, glacfar leis go bhfuil leas (chun críocha na hoibleagáide nochtadh a dhéanamh) ag gach páirtí sa chomhaontú sna scaireanna go léir sa sprioc-chuideachta ina bhfuil leas ar leith ón gcomhaontú ag aon pháirtí eile ann (cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas leas an pháirtí eile i gceist, nó cibé acu a fholaíonn sé nó nach bhfolaíonn sé aon leas a fuarthas, de bhun an chomhaontaithe).

(2) Chun na gcríoch sin, agus chun críocha alt 75 freisin, is leas ar leith ón gcomhaontú leas páirtí i gcomhaontú den sórt sin i scaireanna sa sprioc-chuideachta más ar shlí seachas de bhua alt 73 agus an t-alt seo a fheidhmiú i ndáil leis an gcomhaontú, atá leas aige sna scaireanna sin.

(3) Dá réir sin, folaíonn aon leas den sórt sin de chuid an duine (ar leith ón gcomhaontú), chun na gcríoch sin, aon leas a ndéileáiltear leis mar leas dá chuid faoi alt 72 nó trí alt 73 agus an t-alt seo a fheidhmiú i ndáil le haon chomhaontú eile maidir le scaireanna sa sprioc-chuideachta ar páirtí ann é.

(4) Maidir le fógra i dtaobh a leasa i scaireanna sa sprioc-chuideachta a thabharfar don chuideachta sin faoin gCuid seo ag duine ar páirtí é de thuras na huaire i gcomhaontú lena mbaineann alt 73—

(a) dearbhóidh sé gur páirtí i gcomhaontú den sórt sin an duine a thug an fógra,

(b) folóidh sé ainmneacha agus (a mhéid is eol dó) seoltaí na bpáirtithe eile sa chomhaontú agus déanfaidh sé iad a aithint sa cháil sin, agus

(c) dearbhóidh sé cibé acu is scaireanna a bhfuil leas aige iontu de bhua alt 73 agus an ailt seo aon cheann de na scaireanna lena mbaineann an fógra nó nach ea agus más ea, líon na scaireanna sin.

(5) I gcás go dtugann duine fógra do chuideachta faoin gCuid seo de dhroim é do scor de leas a bheith aige in aon scaireanna de chuid na cuideachta sin de bhua gur scoir sé féin nó aon duine eile de bheith ina pháirtí i gcomhaontú lena mbaineann alt 73, folóidh an fógra ráiteas gur scoir sé féin nó an duine eile sin de bheith ina pháirtí sa chomhaontú (de réir mar a éileoidh an cás) agus freisin (sa chás deiridh sin) ainm agus (más eol dó é) seoladh an duine eile sin.

Oibleagáid ar dhaoine a ghníomhaíonn le chéile scéala a thabhairt dá chéile.

75. —(1) Beidh duine is páirtí i gcomhaontú lena mbaineann alt 73 faoi réir cheanglais an ailt seo tráth ar bith—

(a) nuair is cuideachta phoiblí theoranta an sprioc-chuideachta, agus gurb eol dó é sin a bheith amhlaidh, agus

(b) nuair is éard atá sna scaireanna sa chuideachta sin lena mbaineann an comhaontú, nó go bhfolaíonn siad, scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta, agus gurb eol dó gur mar sin atá an cás, agus

(c) nuair is eol dó na fíorais ar dá dtoradh is comhaontú lena mbaineann alt 73 an comhaontú.

(2) Beidh duine den sórt sin faoi oibleagáid fógra a thabhairt i scríbhinn do gach páirtí eile sa chomhaontú i dtaobh sonraí iomchuí a leasa (más ann), ar leith ón gcomhaontú, i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na sprioc-chuideachta—

(a) ar é do theacht chun bheith faoi réir cheanglais an ailt seo i gcéaduair, agus

(b) gach uair i ndiaidh an trátha sin, fad a bheidh sé fós faoi réir na gceanglas sin, a tharlaíonn aon teagmhas nó imthosca faoi réim alt 67 (1) (mar a bhaineann sé lena chás ar shlí eile seachas faoi threoir leasanna a ndéileáiltear leo mar leasanna dá chuid faoi alt 74 mar a bhaineann leis an gcomhaontú sin).

(3) Is iad na sonraí iomchuí a bhfuil fógra le tabhairt maidir leo faoi fho-alt (2)—

(a) an líon scaireanna (más ann) a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na sprioc-chuideachta ina gceanglófaí ar an duine a bheadh ag tabhairt an fhógra a leas a lua i gcás go mbeadh sé faoin oibleagáid nochtadh a dhéanamh maidir leis an leas sin (ar leith ón gcomhaontú) díreach i ndiaidh an trátha ar tháinig an oibleagáid chun fógra a thabhairt faoi fho-alt (2) i gceist, agus

(b) na sonraí iomchuí maidir le húinéireacht chláraithe na scaireanna sin, a mhéid ab eol dó iad ar dháta an fhógra.

(4) Beidh duine atá de thuras na huaire faoi réir cheanglais an ailt seo faoi oibleagáid fógra a thabhairt do gach páirtí eile sa chomhaontú, i scríbhinn—

(a) i dtaobh aon sonraí iomchuí maidir le húinéireacht chláraithe aon scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na sprioc-chuideachta ina bhfuil leas aige ar leith ón gcomhaontú, agus

(b) i dtaobh aon athraithe ar na sonraí sin,

a dtagann sé, i gceachtar cás, chun fios a bheith aige ina dtaobh aon tráth tar éis aon dáta chun leas a fhógairt agus roimh an gcéad ócáid i ndiaidh an dáta sin a dtagann sé faoi aon oibleagáid eile chun fógra a thabhairt faoi fho-alt (2) maidir lena leas i scaireanna a chuimsítear sa scairchaipiteal sin.

(5) An tagairt i bhfo-alt (4) do dháta chun leas a fhógairt, i ndáil le leas duine i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na sprioc-chuideachta, is tagairt í do cheachtar díobh seo a leanas—

(a) dáta aon fhógra a thugann sé maidir lena leas faoi fho-alt (2), agus

(b) i gcás gur mhainnigh sé an fógra sin a thabhairt, an dáta ar tháinig deireadh leis an tréimhse a cheadaítear leis an alt seo chun an fógra a thabhairt.

(6) Beidh duine ar páirtí é i gcomhaontú lena mbaineann alt 73 faoi oibleagáid fógra a thabhairt do gach páirtí eile sa chomhaontú, i scríbhinn, faoina sheoladh reatha—

(a) ar é do theacht chun bheith faoi réir cheanglais an ailt seo i gcéaduair, agus

(b) ar aon athrú a theacht ar a sheoladh i ndiaidh an trátha sin agus fad a bheidh sé fós faoi réir na gceanglas sin.

(7) Aon tagairt do na sonraí iomchuí maidir le húinéireacht chláraithe scaireanna is tagairt í do cibé sonraí i ndáil leis na scaireanna sin atá luaite in alt 71 (3) (a) nó (b).

(8) An oibleagáid atá ar dhuine aon fhógra a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt d'aon duine eile, ní foláir í a chomhall laistigh den tréimhse 5 lá díreach i ndiaidh an lae ar tháinig an oibleagáid i gceist.

Leasanna i scaireanna a chur i leith duine.

76. —(1) I gcás go dtagraíonn alt 67 nó 68 do dhuine a fhaigheann leas i scaireanna nó a scoireann de leas a bheith aige i scaireanna folaíonn an tagairt sin i gcásanna áirithe é do theacht chun leas a bheith aige sna scaireanna sin nó é do scor de leas a bheith aige sna scaireanna sin de bhua leasa duine eile.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go dtagann sé chun leas a bheith aige nó go scoireann sé de leas a bheith aige de bhua alt 72 nó (de réir mar a bheidh) alt 74 cibé acu—

(a) de bhua an fhíorais go dtagann an duine a bhfuil leas aige sna scaireanna chun bheith, nó go scoireann sé de bheith, ina dhuine a ndéileálfar lena chuid leasanna (más ann), de bhua ceachtar alt, mar leasanna dá chuid, nó

(b) de dhroim an fhíorais gur tháinig duine den sórt sin chun leas a bheith aige, nó gur scoir sé de leas a bheith aige, sna scaireanna, nó

(c) de dhroim an fhíorais go dtagann sé féin chun bheith, nó go scoireann sé de bheith, ina pháirtí i gcomhaontú lena mbaineann alt 73 ar páirtí ann de thuras na huaire an duine a bhfuil leas aige sna scaireanna, nó

(d) de dhroim an fhíorais go dtagann comhaontú ar páirtithe ann é féin agus an duine sin chun bheith, nó go scoireann sé de bheith, ina chomhaontú lena mbaineann an t-alt sin 73.

(3) Déileálfar leis an duine faoi alt 67 mar dhuine arb eol dó go bhfuair sé leas sna scaireanna nó (de réir mar a bheidh) gur scoir sé de leas a bheith aige iontu, más eol dó agus nuair is eol dó—

(a) na fíorais iomchuí maidir le leas an duine eile sna scaireanna, agus

(b) na fíorais iomchuí ar dá mbua a tháinig sé féin chun leas a bheith aige iontu nó ar scoir sé de leas a bheith aige iontu, de réir alt 72 nó 74.

(4) Measfar go mbeidh na fíorais iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a) ar eolas aige más eol dó (cibé acu go comhthráthach nó nach ea) leas an duine eile a bheith ar marthain aon tráth ábhartha nó an fíoras gur tháinig an duine eile chun leas a bheith aige sna scaireanna, nó gur scoir sé de leas a bheith aige iontu, aon tráth den sórt sin; agus is éard is “tráth ábhartha” ann aon tráth ar déileáladh nó a ndéileáiltear le leasanna (más ann) an duine eile mar leasanna dá chuid faoi alt 72 nó 74.

(5) Measfar go mbeidh eolas ag duine ar leas duine eile i scaireanna a bheith ar marthain nó (de réir mar a bheidh) gur tháinig duine eile chun leas a bheith aige, nó gur scoir sé de leas a bheith aige, i scaireanna má tugadh fógra dó faoi alt 75 i dtaobh fíoras maidir le leas an duine eile a léiríonn go bhfuil leas aige sna scaireanna (cibé acu ar a chuntas féin nó de bhua leasa tríú páirtí iontu) nó gur tháinig sé chun leas a bheith aige iontu nó gur scoir sé de leas a bheith aige iontu.

Leasanna i scaireanna atá le fógairt.

77. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo, faoi réir alt 78, agus cinneadh á dhéanamh chun críocha ailt 67 go 71 cibé acu atá nó nach bhfuil leas infhógartha, ag duine i scaireanna.

(2) Déanfar aon tagairt do leas i scaireanna a léamh mar thagairt a fholaíonn leas d'aon chineál ar bith sna scaireanna. Dá réir sin tabharfar neamhaird ar aon srianta nó aon choisc a bhfuil, nó a bhféadfadh go mbeadh, feidhmiú aon chirt a ghabhann leis an leas faoina réir.

(3) I gcás go sealbhaítear maoin ar iontaobhas agus go gcuimsítear leas i scaireanna sa mhaoin glacfar leis, maidir le tairbhí den iontaobhas nach bhfuil, ar leith ón bhfo-alt seo, leas aige sna scaireanna, go bhfuil an leas sin aige; ach is fo-alt é an fo-alt seo atá gan dochar do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(4) Glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna—

(a) má dhéanann sé conradh chun iad a cheannach (cibé acu ar airgead tirim nó ar chomaoin eile), nó

(b) má bhíonn sé i dteideal, agus nach é an sealbhóir cláraithe é, aon cheart a fheidhmiú a thugtar de bhíthin na scaireanna a shealbhú, nó má bhíonn sé i dteideal feidhmiú aon chirt den sórt sin a rialú.

(5) Chun críocha fho-alt (4) (b), beidh duine i dteideal aon cheart a fheidhmiú a thugtar de bhíthin scaireanna a shealbhú, nó an feidhmiú sin a rialú—

(a) má tá ceart aige (bíodh sé faoi réir coinníollacha nó ná bíodh) a dtabharfadh a fheidhmiú an teideal sin dó amhlaidh, nó

(b) má tá sé faoi oibleagáid (bíodh sé faoina réir amhlaidh nó ná bíodh) a dtabharfadh a comhall an teideal sin dó amhlaidh.

(6) Glacfar leis go bhfuil leas ag duine i scaireanna más rud é, ar dhóigh seachas de bhua leas a bheith aige faoi iontaobhas—

(a) go bhfuil ceart aige chun glaoch a dhéanamh d'fhonn na scaireanna a sheachadadh air féin nó ar a ordú, nó

(b) go bhfuil ceart aige leas a fháil i scaireanna nó go bhfuil sé faoi oibleagáid leas a ghlacadh i scaireanna,

cibé acu atá nó nach bhfuil an ceart nó an oibleagáid coinníollach nó iomlán i gcás ar bith.

(7) Gan dochar d'fho-alt (2), ní ghlacfar le cearta ná oibleagáidí chun suibscríobh le haghaidh scaireanna ar bith chun críocha fho-alt (6), mar chearta chun aon leas a fháil i scaireanna ná mar oibleagáidí chun aon leas a ghlacadh i scaireanna.

(8) I gcás comhleas a bheith ag daoine measfar go bhfuil an leas sin ag gach duine acu.

(9) Ní bhaineann sé le hábhar scaireanna a bhfuil leas ag duine iontu a bheith neamh-inaitheanta.

(10) Aon seachadadh scaireanna a dhéanfar chun ordú duine mar chomhall ar chonradh iad do cheannach aige nó mar shásamh ar cheart dá chuid chun glaoch a dhéanamh d'fhonn iad a sheachadadh, nó mainneachtain scaireanna a sheachadadh de réir théarmaí aon chonartha den sórt sin nó ar a mbeidh ceart den sórt sin le sásamh, measfar gurb ionann sin agus teagmhas a scoireann sé dá dhroim de leas a bheith aige iontu, agus measfar gurb amhlaidh cás má théann ceart duine i léig chun glaoch a dhéanamh d'fhonn scaireanna a sheachadadh.

Leasanna a dtabharfar neamhaird orthu.

78. —(1) Tabharfar neamhaird ar na leasanna seo a leanas i scaireanna chun críocha ailt 67 go 71—

(a) i gcás go sealbhaítear maoin ar iontaobhas agus go gcuimsítear leas i scaireanna sa mhaoin sin, leas i bhfrithdhílse nó i bhfuíoll nó leas iontaobhaí ainmniúil agus aon leas lánroghnach;

(b) leas duine atá ar marthain de bhua—

(i) aonaid a bheith á sealbhú aige—

(I) i scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir bhrí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972 ;

(II) in iontaobhas aonad lena mbaineann alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , arna leasú le halt 34 den Acht Airgeadais, 1977 ;

(III) i ngnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989);

(ii) scéime a dhéantar faoi alt 46 den Acht Carthanas, 1961 ;

(c) leas atá ag duine le haghaidh a shaoil féin nó saoil duine eile faoi shocraíocht i gcás gurb éard atá sa mhaoin a chuimsítear sa tsocraíocht, nó i gcás go bhfolaíonn an mhaoin sin, scaireanna agus go sásaítear na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (3);

(d) leas urrúis díolmhaithe;

(e) leas de chuid Uachtarán na hArd-Chúirte atá ar marthain de bhua alt 13 den Acht Comharbais, 1965 ;

(f) leas de chuid Chuntasóir na hArd-Chúirte i scaireanna a shealbhaíonn sé de réir rialacha cúirte;

(g) cibé leasanna, nó leasanna de cibé cineál, a bheidh forordaithe chun críocha na míre seo le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Ní ghlacfar leis go mbeidh leas i scaireanna ag duine, de bhua alt 77 (4) (b), de bhíthin amháin gur ceapadh é mar sheachvótálaí chun vótáil ag cruinniú sonraithe de chuid cuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí agus ag aon atráth den chruinniú sin. nó gur cheap comhlacht corpraithe é chun gníomhú mar a ionadaí ag aon chruinniú de chuid cuideachta nó ag cruinniú de chuid aon chineál dá cuid comhaltaí.

(3) Na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (c) is coinníollacha iad, i ndáil le socraíocht—

(a) gur socraíocht neamh-inchúlghairthe í, agus

(b) nach bhfuil aon leas ag an socraitheoir (de réir bhrí alt 96 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) in aon ioncam a thagann faoin tsocraíocht nó in aon mhaoin a chuimsítear inti.

(4) Is leas urrúis díolmhaithe chun críocha fho-alt (1) (d) leas i scaireanna—

(a) más leas é a shealbhaíonn—

(i) sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , nó cuideachta árachais de réir bhrí na nAchtanna Árachais, 1909 go 1990,

(ii) banc taisce iontaobhais (de réir bhrí na nAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979) nó Banc Taisce an Phoist de réir bhrí na nAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958,

(iii) Corparáid an Chairde Talmhaíochta cpt nó Corparáid an Chairde Tionscail cpt,

(iv) comhalta de stocmhalartán aitheanta a sheolann gnó mar stocbhróicéir, agus

(b) más ar mhodh urrúis amháin a shealbhaítear é chun críocha idirbhirt arna dhéanamh ag an duine nó ag an gcomhlacht áirithe i ngnáthchúrsa gnó an duine nó an chomhlachta sin.

Forálacha eile a bhaineann le fógra a thabhairt.

79. —(1) I gcás go n-údaraíonn duine d'aon duine eile (“an gníomhaire”) leasanna i scaireanna a fháil nó a dhiúscairt thar a cheann, ar scaireanna iad a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta poiblí teoranta, áiritheoidh sé go dtabharfaidh an gníomhaire fógra dó láithreach i dtaobh leasanna i scaireanna atá cuimsithe amhlaidh a bheith faighte nó diúscartha ag an ngníomhaire a bheidh, nó a fhéadfaidh a bheith, ina chúis le haon oibleagáid, i dtaca leis féin de, fógra a thabhairt faoin gCaibidil seo maidir lena leas sa scairchaipiteal sin.

(2) Aon oibleagáid aon fhógra a thabhairt a fhorchuirtear ar aon duine leis an gCaibidil seo déileálfar leis mar oibleagáid nár comhalladh mura ndéantar, leis an bhfógra ar dá bhíthin a airbheartaítear an oibleagáid sin a chomhall, an duine a aithint agus a sheoladh a thabhairt agus, i gcás gur stiúrthóir nó rúnaí ar an gcuideachta é, mura ndeirtear go sainráite ann go bhfuil sé á thabhairt mar chomhall ar an oibleagáid sin.

(3) Maidir le duine—

(a) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall aon fhógra a thabhairt a éilítear leis an gCaibidil seo; nó

(b) a thugann ráiteas do chuideachta, mar chomhall airbheartaithe ar aon oibleagáid den sórt sin, arb eol dó é a bheith bréagach, nó a thugann go meargánta ráiteas atá bréagach do chuideachta; nó

(c) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall aon fhógra a thabhairt d'aon duine eile a éilítear le halt 75,

ní bheidh aon cheart ná leas d'aon chineál ar bith maidir le haon scaireanna sa chuideachta áirithe atá á sealbhú aige, infheidhmithe aige, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, le caingean nó le himeacht dlí.

(4) I gcás go gcuirtear srianadh le haon cheart nó leas faoi fho-alt (3), féadfaidh aon duine a rinne mainneachtain faoin bhfo-alt sin nó aon duine eile a ndearna an srianadh sin difear dó, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó mhíchumas a fhorchuirtear le fo-alt (3) nó a thig dá dhroim agus féadfaidh an chúirt ar a bheith deimhin di gur de thionóisc nó de thaisme nó gur mar gheall ar chúis leordhóthanach éigin eile a tharla an mhainneachtain nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a dheonú ar fhorais eile, an faoiseamh sin a dheonú go ginearálta nó maidir le haon cheart nó leas áirithe, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(5) I gcás gur duine dá dtagraítear i bhfo-alt (3) iarratasóir ar fhaoiseamh faoi fho-alt (4), ní dheonóidh an chúirt an faoiseamh sin más dealraitheachdóigh gur tharla an mhainneachtain mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil ag an iarratasóir.

(6) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) maidir le hoibleagáid a bhaineann le duine a scoireann de leas a bheith aige i scaireanna in aon chuideachta.

(7) Beidh duine—

(a) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall nochtadh a dhéanamh a fhorchuirtear air leis an gCaibidil seo, nó

(b) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall fógra a éilítear le halt 75 a thabhairt d'aon duine eile, nó

(c) a mhainníonn fo-alt (1) a chomhlíonadh gan leithscéal réasúnach.

ciontach i gcion.

(8) Is cosaint é do dhuine a chúisítear i gcion faoi fho-alt (7) (b) a chruthú nárbh fhéidir leis, laistigh den tréimhse chuí, an fógra a éilítear le halt 75 a thabhairt don duine eile sin, agus—

(a) nárbh fhéidir leis ó shin an fógra a éilítear amhlaidh a thabhairt; nó

(b) gur thug sé an fógra sin a luaithe ab fhéidir leis sin a dhéanamh tar éis dheireadh na tréimhse sin.

Clár leasanna i scaireanna.

80. —(1) Coimeádfaidh gach cuideachta phoiblí theoranta clár chun críocha ailt 67 go 71 agus aon uair a gheobhaidh an chuideachta faisnéis ó dhuine de dhroim oibleagáid a chomhall a fhorchuirtear air le haon alt de na hailt sin, beidh sí faoi oibleagáid an fhaisnéis sin agus an dáta ar inscríobhadh í a inscríobh sa chlár os comhair ainm an duine sin.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1), i gcás go bhfaighidh cuideachta fógra faoin gCuid seo a mbeidh ráiteas ann gur scoir an duine a thugann an fógra, nó aon duine eile, de bheith ina pháirtí i gcomhaontú lena mbaineann alt 73, beidh an chuideachta faoi oibleagáid an fhaisnéis sin a thaifeadadh os comhair ainm an duine sin gach áit ina bhfuil a ainm ar fáil sa chlár mar pháirtí sa chomhaontú sin (lena n-áirítear aon taifead a bhaineann leis a rinneadh os comhair ainm duine eile).

(3) Ní foláir aon oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó (2) a chomhall laistigh den tréimhse 3 lá díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

(4) Déanfar nádúr agus réim leasa duine in aon scaireanna, ar leas é atá taifeadta sa chlár sin, a thaifeadadh sa chlár sin má éilíonn sé amhlaidh.

(5) Ní bheidh an chuideachta, de bhua aon ní a dhéanfar chun críocha an ailt seo, faoi admhálacht maidir le fógra i dtaobh, ná inchurtha faoi fhiosrú i dtaobh, cearta aon duine i ndáil le haon scaireanna.

(6) Ní foláir an clár a bheith curtha le chéile sa dóigh go dtaispeánfar na taifid ann, os coinne na n-ainmneacha ar leithligh a bheidh taifeadta ann, in ord cróineolaíoch.

(7) Mura mbeidh an clár i gcruth de shórt gur treoirleabhar ann féin é coimeádfaidh an chuideachta treoirleabhar de na hainmneacha a thaifeadfar sa chlár ina mbeidh, maidir le gach ainm, léiriú leordhóthanach chun go bhféadfar an fhaisnéis a bheidh taifeadta sa treoirleabhar os a choinne a fháil go héasca; agus déanfaidh an chuideachta, laistigh de 10 lá tar éis an dáta a dtaifeadfar ainm sa chlár, aon athrú is gá ar an treoirleabhar.

(8) Má scoireann an chuideachta de bheith ina cuideachta phoiblí theoranta leanfaidh sí de bheith ag coimeád an chláir agus aon treoirleabhair atá bainteach leis go dtí deireadh na tréimhse 6 bliana ag tosú leis an lá díreach i ndiaidh an lae sin a scoireann sí de bheith ina cuideachta den sórt sin.

(9) Déanfar an clár agus aon treoirleabhar comhbhainteach—

(a) a choimeád ag an áit a gcoiméadtar an clár a cheanglaítear ar an gcuideachta a choimeád le halt 59 (clár leasanna stiúrthóirí agus rúnaithe), agus

(b) a chur ar fáil lena iniúchadh de réir alt 88.

(10) Má mhainnítear aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar an gcuideachta agus ar gach oifigeach di a rinne mainneachtain agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50.

Imscrúduithe cuideachta.

81. —(1) Féadfaidh cuideachta phoiblí theoranta le fógra i scríbhinn a cheangal ar dhuine arb eol don chuideachta, nó a bhfuil cúis réasúnach aici lena chreidiúint, go bhfuil leas aige i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta nó, tráth ar bith le linn na 3 bliana díreach roimh an dáta a n-eiseofar an fógra (ach gan tráth ar bith roimh thosach feidhme an ailt seo a áireamh) go raibh leas aige sna scaireanna sin—

(a) an fíoras sin a dhearbhú nó (de réir mar a bheidh) a léiriú cibé acu atá an cás amhlaidh nó nach bhfuil, agus

(b) i gcás go sealbhaíonn nó gur shealbhaigh sé leas le linn an trátha sin i scaireanna a chuimsítear amhlaidh, cibé faisnéis bhreise a thabhairt a éileofar de réir an fho-ailt sin ina dhiaidh seo.

(2) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal ar an duine chuig a seolfar é—

(a) sonraí a thabhairt faoina iar-leas nó a leas láithreach féin i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta (a shealbhaigh sé aon tráth le linn na tréimhse 3 bliana a luaitear i bhfo-alt (1)),

(b) i gcás gur leas láithreach an leas agus go bhfuil aon leas eile i scaireanna ar marthain nó, in aon chás, i gcás go raibh leas eile sna scaireanna ar marthain le linn na tréimhse 3 bliana sin tráth ar bith nuair a bhí a leas féin ar marthain, cibé sonraí a thabhairt (chomh fada agus is eol dó) maidir leis an leas eile sin a cheanglófar leis an bhfógra,

(c) i gcás gur iar-leas a leas, sonraí a thabhairt (chomh fada agus is eol dó) i dtaobh chéannacht an duine a raibh an leas sin á shealbhú aige díreach agus é ag scor den leas sin a shealbhú.

(3) Folaíonn na sonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) agus (2) (b) sonraí i dtaobh chéannacht na ndaoine a bhfuil leas acu sna scaireanna i gceist agus i dtaobh cibé acu is páirtithe, nó ba pháirtithe, daoine a bhfuil leas acu sna scaireanna céanna in aon chomhaontú lena mbaineann alt 73 nó in aon chomhaontú nó comhshocraíocht a bhaineann le haon chearta a fheidhmiú a thugtar de bhíthin na scaireanna a shealbhú.

(4) Ceanglófar le fógra faoin alt seo gur i scríbhinn, agus laistigh de cibé tráth réasúnach a bheidh sonraithe san fhógra, a thabharfar aon fhaisnéis mar fhreagra ar an bhfógra.

(5) Beidh feidhm ag ailt 72 go 74 agus 77 chun tagairtí san alt seo do dhaoine a bhfuil leas acu i scaireanna agus do leasanna i scaireanna, faoi seach, a fhorléiriú amhail mar atá feidhm acu i ndáil le hailt 67 go 70 (ach gan aon tagairt d'alt 78 a chur san áireamh).

(6) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le duine a bhfuil ceart aige, nó a raibh ceart aige roimhe sin, nó atá nó a bhí i dteideal ceart a fháil, chun suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta phoiblí theoranta a chuimseofaí tráth eisiúna i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le duine a bhfuil, nó a raibh, leas aige i scaireanna a chuimsítear amhlaidh; agus déanfar tagairtí san alt seo do leas i scaireanna a chuimsítear amhlaidh agus do scaireanna a chuimsítear amhlaidh a léamh dá réir sin in aon chás den sórt sin mar thagairtí a fholaíonn faoi seach aon cheart agus aon scaireanna den sórt sin a chuimseofaí amhlaidh tráth eisiúna.

Leasanna a nochtadh faoi alt 81 a chlárú.

82. —(1) Más rud é, de bhun ceanglais a fhorchuirtear ar dhuine faoi alt 81, go bhfaigheann cuideachta faisnéis lena mbaineann an t-alt seo maidir le scaireanna a chuimsítear ina scairchaipiteal iomchuí, beidh sí faoi oibleagáid—

(a) an fíoras gur forchuireadh an ceanglas agus an dáta ar forchuireadh é, agus

(b) aon fhaisnéis lena mbaineann an t-alt seo a fhaightear de bhun an cheanglais,

a thaifeadadh os comhair ainm shealbhóir cláraithe na scaireanna sin i gcuid ar leithligh dá clár leasanna i scaireanna.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon fhaisnéis a fhaightear de bhun ceanglais a fhorchuirtear le halt 81 a bhaineann leis na leasanna láithreacha a shealbhaíonn aon daoine i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta i gceist.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (10) d'alt 80 i ndáil le haon chuid den chlár a choimeádtar de réir fho-alt (1) den alt seo, agus tagairtí d'fho-alt (1) den alt sin a léamh mar thagairtí a fholaíonn fo-alt (1) den alt seo.

Imscrúduithe cuideachta ar fhoréileamh o chomhaltaí.

83. —(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta a cuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 81 má fhaightear foréileamh ó chomhaltaí den chuideachta ag a mbeidh ar dháta an fhoréilimh a thaisceadh an deichiú cuid ar a laghad den chaipiteal íoctha sin de chuid na cuideachta lena ngabhann ar an dáta sin ceart vótála ag cruinnithe ginearálta na cuideachta.

(2) Ní foláir don fhoréileamh—

(a) a lua go bhfuil na foréilitheoirí ag éileamh ar an gcuideachta a cuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 81,

(b) an modh a shonrú ina n-éilíonn siad na cumhachtaí sin a fheidhmiú, agus

(c) forais réasúnacha a thabhairt chun éileamh ar an gcuideachta na cumhachtaí sin a fheidhmiú ar an modh a shonraítear.

agus ní foláir é a bheith sínithe ag na foréilitheoirí agus é a thaisceadh in oifig chláraithe na cuideachta.

(3) Féadfaidh doiciméid leithleacha san fhoirm chéanna a bheith san fhoréileamh agus gach ceann acu sínithe ag foréilitheoir amháin nó níos mó.

(4) Ar fhoréileamh a thaisceadh i gcomhlíonadh an ailt seo feidhmeoidh an chuideachta a cuid cumhachtaí faoi alt 81 ar an modh a bheidh sonraithe san fhoréileamh.

(5) Má mhainnítear fo-alt (4) a chomhlíonadh féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó na foréilitheoirí, nó ó aon duine acu, agus ar a bheith deimhin di go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, a cheangal ar an gcuideachta a cuid cumhachtaí a fheidhmiú faoi alt 81 ar mhodh a bheidh sonraithe san ordú.

Tuarascáil ón gcuideachta do chomhaltaí.

84. —(1) Ar imscrúdú a dhéanfaidh cuideachta de bhun foréilimh faoi alt 83 a bheith críochnaithe, beidh sé de dhualgas ar an gcuideachta a chur faoi deara tuarascáil faoin bhfaisnéis a fuarthas de bhun an imscrúdaithe sin a ullmhú agus cuirfear an tuarascáil ar fáil ag oifig chláraithe na cuideachta laistigh de thréimhse réasúnach tar éis an t-imscrúdú sin a chríochnú.

(2) Más rud é—

(a) go ngabhann cuideachta imscrúdú de láimh de bhun foréilimh faoi alt 83, agus

(b) nach mbeidh an t-imscrúdú críochnaithe roimh dheireadh 3 mhí dar tosach an dáta díreach tar éis dháta taiscthe an fhoréilimh,

cuirfidh an chuideachta faoi deara tuarascáil eatramhach a ullmhú i leith na tréimhse sin, agus gach tréimhse leanúnach 3 mhí a chríochnóidh roimh an imscrúdú bheith tugtha chun críche, maidir leis an bhfaisnéis a fuarthas le linn na tréimhse sin de bhun an imscrúdaithe. Cuirfear gach tuarascáil den sórt sin ar fáil ag oifig chláraithe na cuideachta laistigh de thréimhse réasúnach tar éis dheireadh na tréimhse lena mbaineann sí.

(3) An tréimhse chun aon tuarascáil a ullmhaítear faoin alt seo a chur ar fáil mar a cheanglaítear le fo-alt (1) nó (2), ní rachaidh sí thar 15 lá.

(4) Déanfaidh an chuideachta, laistigh de 3 lá ó aon tuarascáil a ullmhófar faoin alt seo a bheith curtha ar fáil ag a hoifig chláraithe, scéala a thabhairt do na foréilitheoirí go bhfuil an tuarascáil ar fáil amhlaidh.

(5) Measfar maidir le himscrúdú a dhéanfaidh cuideachta de bhun foréilimh faoi alt 83 go mbeidh sé, chun críocha an ailt seo, tugtha chun críche nuair a bheidh na fiosruithe sin go léir is gá nó is fóirsteanach chun críocha an fhoréilimh déanta ag an gcuideachta agus, i gcás gach fiosraithe den sórt sin, nuair a bheidh freagra faighte ag an gcuideachta nó nuair a bheidh an t-am a cheadaítear le freagra a thabhairt caite.

(6) Déanfar tuarascáil a ullmhófar faoin alt seo—

(a) a choimeád ag oifig chláraithe na cuideachta ón lá a mbeidh sí ar fáil inti ar dtús de réir fho-alt (1) nó (2) go dtí go mbeidh 6 bliana caite ag tosú leis an lá díreach i ndiaidh an lae sin, agus

(b) a chur ar fáil lena hiniúchadh de réir alt 88 fad a bheidh sí á coimeád amhlaidh.

(7) Má mhainnítear fo-alt (1), (2), (3), (4) nó (6) (a), a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

Pionós de dheasca mainneachtana faisnéis a chur ar fáil.

85. —(1) I gcás go seirbheálfaidh cuideachta fógra faoi alt 81 ar dhuine a bhfuil nó a raibh leas aige i scaireanna na cuideachta agus go mainníonn an duine sin aon fhaisnéis a éilítear leis an bhfógra a thabhairt don chuideachta laistigh den am a bheidh sonraithe ann, féadfaidh an chuideachta iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú á ordú go mbeidh na scaireanna i gceist faoi réir srianta faoi alt 16.

(2) Féadfaidh an chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh d'ainneoin aon chumhachta i meabhrán nó in airteagail na cuideachta is iarratasóir lena gcumasaítear don chuideachta féin srianta dá samhail a fhorchur ar na scaireanna i gceist.

(3) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas beidh duine a mhainníonn fógra faoi alt 81 a chomhlíonadh, ciontach i gcion.

(4) Ní bheidh duine ciontach i gcion de bhua gur mhainnigh sé fógra faoi alt 81 a chomhlíonadh má chruthaíonn sé go raibh an ceanglas i dtaobh na faisnéise a thabhairt cráiteach nó suaibhreosach.

(5) I gcás go ndéanfar ordú faoin alt seo ag ordú go mbeidh scaireanna faoi réir srianta faoi alt 16, féadfaidh an chuideachta nó aon duine a bheidh éagóirithe ag an ordú, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú á ordú go scoirfidh na scaireanna de bheith faoi réir na srianta amhlaidh.

(6) Beidh feidhm ag fo-ailt (6) go (16) d'alt 16 i ndáil le haon scaireanna atá faoi réir na srianta a fhorchuirtear leis an alt sin de bhua ordú faoin alt seo ach aon tagairt don Aire i bhfo-ailt (6) go (15) a bheith fágtha ar lár.

Taifid a bhaint den chlár.

86. —(1) Féadfaidh cuideachta taifead os comhair ainm duine a bhaint dá clár leasanna i scaireanna má tá breis agus 6 bliana caite ón dáta a ndearnadh an taifead, agus—

(a) gur taifeadadh sa taifead sin gur scoir an duine a bhí i gceist de leas is infhógartha faoin gCaibidil seo a bheith aige i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta, nó

(b) gur cuireadh taifead níos déanaí ina áit faoi alt 80 os comhair ainm an duine chéanna;

agus i gcás faoi mhír (a), féadfaidh an chuideachta freisin ainm an duine sin a bhaint den chlár.

(2) Má dhéanann duine, de bhun oibleagáide a fhorchuirtear air le haon fhoráil den Chaibidil seo, ainm agus seoladh duine eile a thabhairt do chuideachta mar dhuine a bhfuil leas aige i scaireanna sa chuideachta, tabharfaidh an chuideachta fógra don duine eile, laistigh de 15 lá ón dáta ar tugadh an fhaisnéis sin di, go bhfuil sé ainmnithe amhlaidh agus folóidh sí san fhógra sin—

(a) sonraí maidir le haon taifead a bhaineann leis a rinne an chuideachta de dhroim an fhaisnéis sin a bheith tugtha di, ina clár leasanna i scaireanna, agus

(b) ráiteas a chuirfidh a cheart in iúl dó iarratas a dhéanamh chun an taifead a bhaint den chlár de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(3) Duine ar thug cuideachta fógra dó de bhun fho-alt (2) go ndearnadh taifead a bhaineann leis i gclár na cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna féadfaidh sé iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gcuideachta chun an taifead sin a bhaint den chlár; agus bainfidh an chuideachta an taifead den chlár más deimhin léi go raibh an fhaisnéis ar dá bun a rinneadh an taifead míchruinn.

(4) Más rud é, maidir le duine a n-aithnítear é i gclár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna mar dhuine is páirtí i gcomhaontú lena mbaineann alt 73 (cibé acu le taifead os comhair a ainm féin nó le taifead a bhaineann leis a rinneadh os comhair ainm duine eile mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a)), go scoireann sé de bheith ina pháirtí sa chomhaontú sin, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh i scríbhinn chuig an gcuideachta chun an fhaisnéis sin a chur sa chlár; agus más deimhin leis an gcuideachta gur scoir sé de bheith ina pháirtí sa chomhaontú, taifeadfaidh sí an fhaisnéis sin (mura bhfuil sí taifeadta cheana féin) gach áit ina bhfuil a ainm mar pháirtí sa chomhaontú sin sa chlár.

(5) Má dhiúltaítear iarratas faoi fho-alt (3) nó (4) (i gcás de réir fho-alt (4), seachas ar an bhforas go bhfuil an fhaisnéis taifeadta cheana féin) féadfaidh an t-iarratasóir iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú á ordú don chuideachta an taifead atá i gceist a bhaint den chlár nó (de réir mar a bheidh) an fhaisnéis atá i gceist a áireamh sa chlár; agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi, ordú den sórt sin a dhéanamh.

(6) I gcás go mbaintear ainm de chlár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna de bhun fho-alt (1) nó (3) nó de bhun ordú faoi fho-alt (5), déanfaidh an chuideachta laistigh de 14 lá ón dáta ar baineadh an t-ainm sin den chlár aon athrú is gá in aon treoirleabhar comhbhainteach.

(7) Má mhainnítear fo-alt (2) nó (6) a chomhlíónadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

An tráth nach bhfuil taifid le baint den chlár.

87. —(1) Ní scriosfar taifid i gclár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna faoin gCaibidil seo ach amháin de réir alt 86.

(2) Má scriostar taifead as clár cuideachta i dtaobh leasanna i scaireanna de shárú ar fho-alt (1), cuirfidh an chuideachta an taifead sin ar ais ar an gclár a luaithe is indéanta sin le réasún.

(3) Má mhainnítear fo-alt (1) nó (2) a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

Clár agus tuarascálacha a iniúchadh.

88. —(1) Aon chlár i dtaobh leasanna i scaireanna agus aon tuarascáil a éilítear le halt 84 (6) a bheith ar fáil lena hiniúchadh de réir an ailt seo, beidh siad ar oscailt le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go lamhálfar 2 uair an chloig ar a laghad gach lá chun a n-iniúchta) chun a n-iniúchta ag aon chomhalta den chuideachta nó ag aon duine eile gan táille.

(2) Beidh an clár dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar oscailt freisin agus fágfar ar oscailt agus ar fáil é ceathrú uaire an chloig ar a laghad roimh an am atá ceaptha do thosú chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta, agus le linn an chruinnithe, d'aon duine a bheidh ag freastal ar an gcruinniú.

(3) Féadfaidh aon chomhalta den sórt sin nó duine eile cóip d'aon chlár nó tuarascáil den sórt sin nó d'aon chuid de a éileamh, ar 15 pingin, nó cibé suim faoina bhun sin a fhorordóidh an chuideachta, a íoc in aghaidh gach 100 focal nó codán de 100 focal a éilítear a chóipeáil; agus cuirfidh an chuideachta faoi deara go ndéanfar aon chóip a éileoidh duine amhlaidh a chur ar aghaidh chuige roimh an tréimhse 10 lá a bheith caite dar tosach an lá tar éis an lae a gheobhaidh an chuideachta an t-éileamh.

(4) Má dhiúltaítear cead chun iniúchadh a dhéanamh a éileofar faoin alt seo nó mura gcuirfear ar aghaidh laistigh den tréimhse chuí cóip a éileofar amhlaidh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur orthu.

(5) I gcás go ndiúltaítear cead iniúchadh, a éilítear faoin alt seo, a dhéanamh ar aon chlár nó tuarascáil, féadfaidh an chúirt, le hordú, iallach a chur iniúchadh a dhéanamh láithreach air nó uirthi; agus i gcás mainneachtain a dhéanamh cóip a chur ar aghaidh a éilíodh faoin alt seo, féadfaidh an chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an chóip a éilíodh a chur chuig an duine a d'éiligh í.

Treoir 1988.

89. —Tá ailt 90 go 96 ann chun éifeacht a thabhairt do Threoir 88/627/CEE ón gComhairle, an 12 Nollaig, 1988* (“Treoir 1988”) maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú nuair a fhaightear mórshealúchas i gcuideachta liostaithe nó nuair a dhiúscraítear é.

Forálacha maidir le léiriú.

90. —(1) In ailt 91 go 96—

ciallaíonn “an Malartán” Coiste Aonad na hÉireann den Stocmhalartán Idirnáisiúnta de chuid na Ríochta Aontaithe agus Phoblacht na hÉireann Teoranta;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí d'fheidhmiú feidhmeanna, maidir le cumhachtaí agus dualgais, tagairtí d'fheidhmiú cumhachtaí agus do chomhlíonadh dualgas.

(2) Chun críocha ailt 91 go 96, is “údarás iomchuí” maidir leis an Malartán gach ceann díobh seo a leanas—

(i) a choiste bainisteoireachta.

(ii) a bhainisteoir, cibé caoi a thuairiscítear é.

Oibleagáid leasanna áirithe a fhógairt don Mhalartán.

91. —(1) Baineann an t-alt seo le leasanna i scaireanna—

(a) a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta poiblí teoranta, agus

(b) atá liostaithe go hoifigiúil ar an Malartán.

(2) Nuair a thagann duine ar an eolas go bhfuil leas i scaireanna lena mbaineann an t-alt seo faighte aige, nó go bhfuil scortha aige de leas a bheith aige iontu agus, tar éis na fála nó na diúscartha sin, gur mó leibhéal de réir céatadáin (de réir bhrí alt 69) a chuid leasa sa scairchaipiteal sin ná na leibhéil de réir céatadáin dá dtagraítear i bhfo-alt (3), nó go dtiteann sé faoina mbun sin. beidh sé, i dteannta an oibleagáid a bheith air nochtadh a dhéanamh a bhfuil sé faoina réir faoi alt 67, faoi oibleagáid freisin fógra a thabhairt don Mhalartán i dtaobh a leasa sna scaireanna tar éis na fála nó an scoir, de réir mar a bheidh.

(3) Is iad na leibhéil de réir céatadáin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) ná 10 faoin gcéad, 25 faoin gcéad, 50 faoin gcéad agus 75 faoin gcéad.

(4) Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir leis na leasanna atá le fógairt don Mhalartán agus leis an tslí atá siad le fógairt amhlaidh, amhail mar atá feidhm acu maidir leis na leasanna atá le fógairt do chuideachta faoin gCaibidil seo.

(5) I gcás go bhfaighidh an Malartán dearbhú faoin alt seo, déanfaidh sé, faoi réir fho-alt (6), agus laistigh de thrí lá tar éis é a fháil, an fhaisnéis atá sa dearbhú sin a fhoilsiú i cibé slí a chinnfidh sé.

(6) Féadfaidh an Malartán a chinneadh gan an fhaisnéis atá sa dearbhú a fhoilsiú más rud é, agus más rud é amháin, gur deimhin leis—

(a) go mbeadh nochtadh na faisnéise sin in aghaidh leas an phobail, nó

(b) go ndéanfadh nochtadh den sórt sin dochar mór don chuideachta nó do na cuideachtaí lena mbaineann:

Ar choinníoll—

(i) nach gcinnfidh an Malartán gan an fhaisnéis a fhoilsiú faoi mhír (b) mura deimhin leis nach dóigh go ndéanfadh cinneadh déanamh amhlaidh an pobal a chur ar míthreoir maidir leis na fíorais agus na himthosca, a bhfuil eolas ina leith riachtanach chun na leasanna atá i gceist a mheasúnú, agus

(ii) d'ainneoin aon chinneadh a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, go bhféadfaidh an Malartán an fhaisnéis a fhoilsiú tráth is déanaí ná trí lá tar éis í a fháil más deimhin leis nach bhfuil feidhm níos mó ag na dálaí i mír (a) nó (b).

Dualgas ar údarás iomchuí tuarascáil a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

92. —(1) Más dealraitheach d'údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin gur sháraigh aon duine alt 91, tabharfaidh an t-údarás sin láithreach tuarascáil i dtaobh an ábhair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus soláthróidh sé don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé faisnéis, agus tabharfaidh dó cibé rochtain chuig aon doiciméid, agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a iniúchadh agus cóipeanna díobh a thógáil, a éileoidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar faisnéis í nó ar doiciméid iad a bheidh i seilbh nó faoi urláimh an údaráis sin agus a bhainfidh leis an ábhar i gceist.

(2) I gcás gur dealraitheach do chomhalta den Mhalartán gur sháraigh aon duine alt 91, tabharfaidh sé tuarascáil faoi sin láithreach d'údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin a thiocfaidh, air sin, faoin dualgas dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más dealraitheach do chúirt in aon imeachtaí go ndearna aon duine sárú mar a dúradh, agus nár tugadh aon tuarascáil faoi sin don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt sin, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas sna himeachtaí áirithe, nó as a treoir féin, a ordú d'údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin tuarascáil den sórt sin a thabhairt agus, ar thuarascáil a thabhairt dá réir sin, beidh éifeacht leis an alt seo ionann is dá mbeadh an tuarascáil tugtha de bhun fho-alt (1).

(4) Más rud é, nuair a thabharfar tuarascáil i dtaobh aon ábhair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó a chuirfear aon ábhar faoina bhráid faoin alt seo, go measfaidh sé gur cás é inar cheart ionchúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin, agus ar gach oifigeach don chuideachta a bhfuil a chuid urrús i gceist, agus ar aon duine eile ar dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil faisnéis iomchuí aige (seachas aon chosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a bheidh ar a chumas nó ar a gcumas le réasún a thabhairt i dtaca leis an ionchúiseamh.

(5) Beidh na cumhachtaí agus na dualgais chéanna ag údarás iomchuí chun críocha an ailt seo atá aige faoi alt 117.

(6) I gcás go measann an tAire é a bheith riachtanach nó fóirsteanach déanamh amhlaidh chun riar cuí agus éifeachtach a dhéanamh ar an alt seo, féadfaidh sé cibé rialacháin a dhéanamh is iomchuí leis—

(a) i ndáil le cumhachtaí daoine údaraithe, nó

(b) i ndáil leis na hábhair ar ina dtaobh, nó na daoine ar uathu, a fhéadfaidh daoine údaraithe faisnéis a éileamh faoi alt 117 arna chur chun feidhme le fo-alt (5).

Feidhm Rialacháin 1984 agus leasú orthu.

93. —(1) Folóidh an tuarascáil bhliantúil a éilítear le Rialachán 11 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Stocmhargadh), 1984 (I.R. Uimh. 282 de 1984) (“Rialacháin 1984”)—

(a) an líon gearán scríofa a fuarthas a thugann le tuiscint sáruithe a d'fhéadfadh a bheith ar alt 91,

(b) an líon tuarascálacha a tugadh faoi alt 92,

(c) an líon uaireanta nár tugadh tuarascálacha amhlaidh, de dhroim feidhmiú cumhachtaí ag daoine údaraithe faoi alt 117, arna chur chun feidhme le halt 92, agus

(d) cibé faisnéis eile a fhorordófar.

(2) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le Rialacháin 1984 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (c) de Sceideal C den Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 79/279/CEE ón gComhairle, an 5 Márta 1979* atá leagtha amach sa Sceideal sin:

“(c) Ní foláir don chuideachta aon athruithe i struchtúr (scairshealbhóirí agus miondealú sealúchas) na mórshealúchas ina caipiteal i gcomparáid le faisnéis a foilsíodh roimhe sin ar an ábhar sin a chur in iúl don phobal a luaithe a thugann sí na hathruithe sin faoi deara.

Go háirithe, ní foláir do chuideachta nach bhfuil faoi réir Threoir 88/627/CEE ón gComhairle maidir leis an bhfaisnéis atá le foilsiú an tráth a fhaightear, nó a chuirtear de láimh, mórshealúchas i gcuideachta liostaithe, an pobal a chur ar a iúl laistigh de naoi lá féilire aon uair a thagann sí ar an eolas go bhfuil duine nó eintiteas tar éis líon scaireanna a fháil nó a chur de láimh sa chaoi gur mó sealúchas an duine nó an eintitis sin, nó gur lú é, ná ceann de na tairseacha atá leagtha síos in Airteagal 4 den Treoir sin.”.

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.

94. —(1) Ní dhéanfar faisnéis a fuair aon duine de na daoine seo a leanas de bhua fheidhmiú a chuid feidhmeanna ag an Malartán faoin gCuid seo a nochtadh ach amháin de réir dlí, eadhon—

(a) údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin;

(b) duine údaraithe, nó

(c) aon duine atá fostaithe nó a bhí fostaithe cheana ag an Malartán.

(2) Ní choiscfidh fo-alt (1) údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin ó aon fhaisnéis a nochtadh don Aire faoin gCuid seo nó d'údarás dá shamhail i mBallstát eile de chuid na gComhphobal Eorpach de bhun alt 96.

(3) Beidh aon duine a sháraíonn fo-alt (1) ciontach i gcion.

Díolúine ó agra.

95. —Ní bheidh údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin faoi dhliteanas i leith damáistí maidir le haon ní a rinne an t-údarás nó a d'fhág an t-údarás gan déanamh i ndáil le feidhmiú a chuid feidhmeanna aige faoi ailt 91 go 96 mura rud é gur de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh a ndearnadh gearán faoi.

Comhoibriú idir údaráis i mBallstáit.

96. —I bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna dó faoi ailt 91 go 94, comhlíonfaidh údarás iomchuí de chuid an Mhalartáin Airteagal 12 (comhoibriú idir údaráis inniúla i mBallstáit) de Threoir 1988.

Caibidil 3

Orduithe um Nochtadh: Cuideachtaí seachas Cuideachtaí Poiblí Teoranta

Feidhm Chaibidil 3.

97. —(1) Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo maidir le gach comhlacht corpraithe atá corpraithe sa Stát seachas—

(a) cuideachta phoiblí theoranta:

(b) cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978;

(c) cumann atá cláraithe faoin Acht Cumann Foirgníochta, 1989 ; agus

(d) aon chomhlacht corpraithe a bhfuil toirmeasc air le reacht nó ar shlí eile aon dáileadh dá ioncam nó dá mhaoin a dhéanamh i measc a chuid comhaltaí fad a bheidh sé ina ghnóthas leantach nó nuair a bheidh sé á leachtú.

(2) Measfar, maidir le haon tagairt sa Chaibidil seo do chuideachta, gur tagairt í d'aon chomhlacht corpraithe lena mbaineann an Chaibidil seo, de bhua fho-alt (1).

(3) Measfar maidir le haon tagairt sa Chaibidil seo do scairchaipiteal nó do scairchaipiteal iomchuí, i ndáil le cuideachta, gur tagairt í do scairchaipiteal eisithe de chineál lena ngabhann cearta vótála sna himthosca uile ag cruinnithe ginearálta na cuideachta, agus forléireofar tagairtí do scaireanna dá réir sin.

Ordú um nochtadh.

98. —(1) Chun críocha na Caibidle seo ciallaíonn “ordú um nochtadh” ordú na cúirte faoina bhfuil sé d'oibleagáid—

(a) ar aon duine a gcreideann an chúirt go bhfuil faisnéis aige nó go bhfuil sé in ann aon faisnéis a fháil—

(i) maidir le daoine a bhfuil leas acu faoi látháir, nó tráth ar bith le linn tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta,

(ii) maidir le hainmneacha agus seoltaí aon duine de na daoine sin,

(iii) maidir le hainm agus seoladh aon duine a ghníomhaíonn nó a ghníomhaigh thar ceann aon duine de na daoine sin i ndáil leis na scaireanna nó leis na bintiúir.

an fhaisnéis sin a thabhairt don chúirt; nó

(b) ar aon duine a gcreideann an chúirt maidir leis go bhfuil leas aige i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta nó go raibh leas aige sa chéanna tráth ar bith le linn tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, an fíoras sin a dheimhniú nó (de réir mar a bheidh) a léiriú an amhlaidh atá nó nach amhlaidh, agus i gcás go sealbhaíonn, nó gur shealbhaigh, sé le linn na tréimhse sin aon leas i scaireanna nó i mbintiúir den sórt sin, cibé faisnéis eile a thabhairt a éileoidh an chúirt; nó

(c) ar aon duine a bhfuil leas aige i scaireanna nó i mbintiúir chuideachta a bheidh sonraithe san ordú, an fhaisnéis a éilítear faoi fhomhíreanna (i) agus (ii) agus (iii) de mhír (a), agus cibé faisnéis eile a éileoidh an chúirt, a nochtadh don chúirt.

(2) Aon duine a bhfuil leas airgeadais aige i gcuideachta féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordú um nochtadh i leith na scaireanna nó na mbintiúr go léir sa chuideachta nó i leith aon chuid díobh.

(3) Beidh cibé fianaise a éileoidh an chúirt mar thacaíocht le hiarratas faoi fho-alt (2).

(4) Féadfaidh an chúirt, sula n-éistfidh sí iarratas faoi fho-alt (2), a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt go n-íocfar na costais a bhaineann le héisteacht an iarratais nó le haon imeachtaí dá dhroim sin.

(5) Ní dhéanfaidh cúirt ordú um nochtadh ach amháin—

(a) má mheasann sí go bhfuil sé cóir cothromasach déanamh amhlaidh; agus

(b) más dóigh léi go ndéanann nó go ndéanfaidh neamhnochtadh aon leasa i scaireanna nó i mbintiúir na cuideachta dochar do leas airgeadais an iarratasóra.

(6) Chun críocha fho-alt (2) folaíonn “leas airgeadais” aon leas mar chomhalta, ranníocóir, creidiúnaí, fostaí, comhfhiontóir, scrúdaitheoir, léasóir, léasaí, ceadúnóir, ceadúnaí, leachtaitheoir nó glacadóir i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil ordú um nochtadh á lorg i leith a scaireanna nó a bintiúr nó i ndáil le cuideachta ghaolmhar.

(7) I gcás go n-údaraíonn duine d'aon duine eile (“an gníomhaire”) leasanna i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí cuideachta nó i mbintiúir dá cuid, a ndéantar ordú um nochtadh ina leith, a fháil nó a dhiúscairt thar a cheann, áiritheoidh sé, ar feadh ré saoil an ordaithe sin, go dtabharfaidh an gníomhaire fógra dó láithreach i dtaobh leasanna i scaireanna nó i mbintiúir atá cuimsithe amhlaidh a bheith faighte nó diúscartha ag an ngníomhaire a bheidh, nó a fhéadfaidh a bheith, ina chúis le haon oibleagáid, i dtaca leis féin de, faisnéis a chur ar fáil de réir théarmaí an ordaithe maidir lena leas sa scairchaipiteal nó sna bintiúir sin.

Nós imeachta maidir le hiarratas ar ordú um nochtadh.

99. —(1) Duine a bheartaíonn iarratas a dhéanamh ar ordú um nochtadh tabharfaidh sé fógra 10 lá ar a laghad faoina bhfuil beartaithe aige don chuideachta ar maidir lena scaireanna nó lena bintiúir atá an t-ordú á lorg agus don duine a mbeartaítear an t-ordú a dhíriú chuige.

(2) Déanfaidh an t-iarratasóir cibé fógra i dtaobh an iarratais a bheidh ordaithe ag an gcúirt a sheirbheáil freisin ar aon duine a shonróidh an chúirt.

(3) Ar an iarratas a eisteacht féadfaidh gach duine a mbeidh fógra tugtha dó faoi fho-alt (1) nó (2) láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird.

Réim an ordaithe um nochtadh.

100. —(1) Féadfaidh ordú um nochtadh a cheangal ar an duine chuig a seolfar é—

(a) sonraí a thabhairt faoina iar-leas nó a leas láithreach féin i scaireanna a chuimsítear i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta nó i mbintiúir de chuid na cuideachta a bhí ina sheilbh tráth ar bith le linn na tréimhse a bheidh luaite san ordú;

(b) i gcás gur leas láithreach an leas agus go bhfuil aon leas eile sna scaireanna nó sna bintiúir ar marthain nó, in aon chás, i gcás go raibh leas eile sna scaireanna nó sna bintiúir ar marthain le linn na tréimhse sin tráth ar bith nuair a bhí a leas féin ar marthain, cibé sonraí a thabhairt, chomh fada agus is eol dó, maidir leis an leas eile sin a cheanglófar leis an ordú;

(c) i gcás gur iar-leas a leas, sonraí a thabhairt, chomh fada agus is eol dó, i dtaobh chéannacht an duine a raibh an leas sin á shealbhú aige díreach agus é ag scor den leas sin a shealbhú.

(2) Sonrófar in ordú um nochtadh an fhaisnéis a bheidh le soláthar don chúirt faoin ordú maidir le haon duine, scaireanna nó bintiúir dá dtagraíonn sé agus tabharfar aon fhaisnéis den sórt sin i scríbhinn.

(3) Beidh feidhm ag ailt 68 go 79 mar is iomchuí chun tagairtí sa Chaibidil seo do dhaoine a bhfuil leas acu i scaireanna agus i mbintiúir, agus do leasanna i scaireanna agus i mbintiúir faoi seach, a fhorléiriú amhail mar atá feidhm acu i ndáil le halt 67 (agus neamhaird á tabhairt ar alt 78) agus tabharfar neamhaird ar aon tagairt sna hailt sin do “leibhéal de réir céatadáin”.

(4) Chun críocha an ailt seo measfar maidir le haon tagairt in ailt 67 go 79 do “scaireanna”, más iomchuí agus mura luaitear a mhalairt, gur tagairt í a fholaíonn tagairt do bhintiúir.

(5) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le duine a bhfuil ceart aige, nó a raibh ceart aige roimhe sin, nó atá nó a bhí i dteideal ceart a fháil, chun suibscríobh le haghaidh scaireanna i gcuideachta nó le haghaidh bintiúr dá cuid a chuimseofaí tráth eisiúna i scairchaipiteal iomchuí na cuideachta sin amhail mar atá feidhm aige i ndáil le duine a bhfuil, nó a raibh, leas aige i scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó i mbintiúir de chuid na cuideachta; agus déanfar tagairtí sna forálacha roimhe seo den alt seo do leas i scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó do leas i mbintiúir agus do scaireanna a chuimsítear amhlaidh nó do bhintiúir a léamh dá réir sin in aon chás den sórt sin mar thagairtí a fholaíonn faoi seach tagairtí d'aon cheart den sórt sin agus do scaireanna a chuimseofaí amhlaidh tráth eisiúna.

Cumhachtaí na cúirte.

101. —(1) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, ordú um nochtadh a chealú nó a athrú.

(2) Féadfar le hordú um nochtadh duine, grúpa nó aicme daoine lena mbaineann an t-ordú a shonrú.

(3) Féadfaidh an chúirt, má mheasann sí—

(a) go mbeadh sé cóir cothromasach déanamh amhlaidh, agus

(b) nach ndéanfaí dochar do leas airgeadais an iarratasóra dá dheasca sin,

iad seo a leanas a dhíolmhú go hiomlán nó go páirteach ó cheanglais ordaithe um nochtadh—

(i) aon duine nó aicme daoine,

(ii) aon leas nó cineál leasa i scaireanna nó i mbintiúir,

(iii) aon scair, grúpa nó cineál scaireanna,

(iv) aon bhintiúr, grúpa nó cineál bintiúr.

(4) Nuair a dhéanann an chúirt ordú um nochtadh féadfaidh sí, go ceann tréimhse sonraithe ama, cibé coinníollacha nó srianta is cuí léi a fhorchur ar na cearta nó ar na hoibleagáidí a ghabhann leis na scaireanna nó leis na bintiúir a bhfuil an t-ordú déanta ina leith.

(5) Féadfaidh aon duine a ndéanann aon choinníollacha nó srianta a fhorchuirtear ar scaireanna nó ar bhintiúir faoi fho-alt (4) difear dá leasanna, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó na coinníollacha sin go léir nó ó aon cheann díobh agus féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é a bheith cóir cothromasach déanamh amhlaidh, an faoiseamh sin a dheonú go hiomlán nó go páirteach agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

Fógra faoi ordú um nochtadh.

102. —(1) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara go ndéanfar fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh ordú um nochtadh a bheith déanta, mar aon le cóip den ordú, a chur leis an bpost cláraithe laistigh de 7 lá ó thráth déanta an ordaithe—

(a) chuig an gcuideachta (ag a hoifig chláraithe) ar i leith a cuid scaireanna nó bintiúr a rinneadh an t-ordú,

(b) chuig cláraitheoir na gcuideachtaí,

(c) chuig sealbhóir cláraithe aon scaireanna nó bintiúr ar ina leith a rinneadh an t-ordú um nochtadh i gcás gur dealraitheach don chúirt—

(i) nach bhfuil an sealbhóir sin ar dháta déanta an ordaithe ina chónaí sa Stát, agus

(ii) gur cheart fógra a thabhairt don sealbhóir sin,

(d) chuig cibé duine eile is cuí leis an gcúirt.

(2) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara fógra i dtaobh ordú um nochtadh a bheith déanta a fhoilsiú, laistigh de 7 lá ó dháta déanta an ordaithe, in 2 nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta ar i leith a cuid scaireanna nó bintiúr a rinneadh an t-ordú.

(3) Chun críocha fho-alt (1) (a)—

(a) measfar gurb é seoladh oifig chláraithe na cuideachta ar dháta déanta an ordaithe um nochtadh seoladh na hoifige sin is déanaí a seachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí nó a foilsíodh ar shlí eile, de réir mar a bheidh sa chás sin (de réir an dlí, agus ar an modh a cheanglaítear leis an dlí, a bhaineann leis an gcuideachta) roimh dháta déanta an ordaithe; agus

(b) murar seachadadh riamh aon seoladh don oifig chláraithe ar chláraitheoir na gcuideachtaí mar is cuí, nó má milleadh suíomh an tseolta is déanaí a seachadadh, measfar ceanglais fho-alt (1) (a) a bheith comhlíonta ach an fógra is gá faoin ordú, mar aon le cóip den chéanna, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) Chun críocha fho-alt (1) (c)—

(a) measfar, maidir leis an seoladh atá ag sealbhóir cláraithe neamhchónaitheach scaireanna nó bintiúr, gurb é seoladh an tsealbhóra sin é is déanaí a seachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí nó a foilsíodh ar shlí eile, de réir mar a bheidh (de réir an dlí, agus ar an modh a cheanglaítear leis an dlí, a bhaineann leis an gcuideachta) roimh dháta déanta an ordaithe; agus

(b) murar seachadadh riamh aon seoladh don sealbhóir cláraithe neamhchónaitheach ar chláraitheoir na gcuideachtaí mar is cuí, measfar ceanglais fho-alt (1) (c) a bheith comhlíonta ach an fógra is gá faoin ordú, mar aon le cóip den chéanna, a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(5) Déanfar aon tagairt san alt seo d'oifig chláraithe cuideachta, i gcás cuideachta nach bhfuil cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí, a fhorléiriú mar thagairt do phríomhoifig na cuideachta.

Faisnéis a nochtadh faoi ordú.

103. —(1) Maidir le hoibleagáid aon fhaisnéis a chur ar fáil a fhorchuirtear ar aon duine le hordú um nochtadh déileálfar léi mar oibleagáid nach mbeidh comhallta mura ndéantar, san fhógra trína n-airbheartaítear í a chomhall, é a aithint agus mura dtugtar ann a sheoladh reatha.

(2) I gcás go dtabharfar faisnéis don chúirt i gcomhlíonadh téarmaí ordaithe um nochtadh cuirfidh oifigeach forordaithe don chúirt faoi deara, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, an fhaisnéis sin a thabhairt (go hiomlán nó go páirteach de réir mar a ordóidh an chúirt) don iarratasóir agus don chuideachta ar i leith a scaireanna nó a bintiúr a rinneadh an t-ordú.

(3) Déanfaidh an chúirt agus í ag déanamh cinnidh faoi fho-alt (2) a haird a dhíriú ar cibé acu a comhlíonadh nó nár comhlíonadh ceanglais alt 102.

(4) I gcás go dtabharfar aon fhaisnéis don iarratasóir no don chuideachta de bhun fho-alt (2), féadfaidh an chúirt cibé srianta a fhorchur is cuí leí maidir le foilsiú na faisnéise ag an duine dár tugadh í.

Iarmhairtí sibhialta maidir leis an ordú um nochtadh a shárú.

104. —(1) Maidir le duine—

(a) a mhainníonn, laistigh den tréimhse chuí, oibleagáid a chomhall faisnéis a chur ar fáil a éilítear le hordú um nochtadh, nó

(b) a thugann ráiteas don chúirt, mar chomhall airbheartaithe ar aon oibleagáid den sórt sin, arb eol dó é a bheith bréagach, nó a thugann go meargánta ráiteas atá bréagach don chúirt,

ní bheidh aon cheart ná leas d'aon chineál ar bith maidir le haon scaireanna sa chuideachta áirithe nó i mbintiúir dá cuid atá á sealbhú aige, infheidhmithe aige, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, le caingean nó le himeacht dlí.

(2) I gcás go srianfar aon cheart nó leas faoi fho-alt (1), féadfaidh aon duine a rinne mainneachtain faoin bhfo-alt sin nó aon duine eile a ndearna an srianadh sin difear dó iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh ó mhíchumas a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó a thig dá dhroim agus féadfaidh an chúirt ar a bheith deimhin di gur de thionóisc nó de thaisme, nó gur mar gheall ar chúis leordhóthanach éigin eile, a tharla an mhainneachtain, nó go bhfuil sé cóir cothromasach faoiseamh a dheonú ar fhorais eile, an faoiseamh sin a dheonú go ginearálta, nó maidir le haon cheart nó leas áirithe ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(3) I gcás gur duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) iarratasóir ar fhaoiseamh faoi fho-alt (2), ní dheonóidh an chúirt an faoiseamh sin más dealraitheach gur tharla an mhainneachtain mar gheall ar aon ghníomh nó neamhghníomh toiliúil ag an iarratasóir.

(4) Measfar, maidir le haon duine d'fháil leasa i scaireanna nó i mbintiúir de chuid cuideachta atá cláraithe sa Stát, gurb ionann an fháil sin agus an duine sin do thoiliú aon fhaisnéis do nochtadh aige féin, ag a ghníomhairí nó ag a idirghabhálaithe, is faisnéis a cheanglaítear a nochtadh i ndáil le scaireanna nó bintiúir le hAchtanna na gCuideachtaí.

Caibidil 4

Forálacha ginearálta faoi scairchláir etc.

Cumhacht chun táillí iniúchta uasta etc. a athrú.

105. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon cheann de na táillí a ndéantar tagairt dóibh sna hailt seo a leanas a athrú—

(a) alt 60 (5) den Acht seo nó alt 92 (1), 119 (1) nó 195 (10) (a cuireadh isteach le halt 51 den Acht seo) den Phríomh-Acht, nó

(b) alt 60 (8) nó 88 (3) den Acht seo, nó alt 92 (2), 92 (3), 119 (2) nó 146 (2) den Phríomh-Acht.

(2) Féadfaidh an tAire freisin, le hordú, an bonn atá le haon cheann de na táillí dá dtagraítear sna forálacha a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) a athrú ón mbonn dá dtagraítear sna forálacha sin go bonn éigin eile.

(3) Nuair a bheidh aon ordú á dhéanamh aige faoin alt seo cuirfidh an tAire san áireamh na costais ghinearálta a thabhaigh cuideachta chun iniúchadh na gclár nó na ndoiciméad eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó chun soláthar cóipeanna den chéanna, a éascú.

(4) Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Forálacha idirthréimhseacha.

106. —(1) Más rud é ar thosach feidhme an ailt seo go bhfuil leas ag duine agus go mbeadh an leas sin, dá mba gur tar éis an tosach feidhme sin a gheofaí é, faoi réir ceanglais fógra a thabhairt faoi Chaibidil 1 nó 2, beidh an duine faoi oibleagáid an fógra a éilítear leis an gCaibidil lena mbaineann a thabhairt don chuideachta maidir lena leas.

(2) Chun críocha fho-alt (1), beidh feidhm ag ailt 56 agus 71 (1) amhail is dá gcuirfí tréimhse 14 lá in ionad na tréimhse 5 lá a luaitear i ngach ceann de na forálacha sin.

(3) Beidh feidhm ag alt 73 i ndáil le comhaontú d'ainneoin gur roimh thosach feidhme an ailt seo a rinneadh é nó gur roimh an tosach feidhme sin a tharla aon fháil scaireanna den sórt sin a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin.

CUID V

Déileáil Chos Istigh

Léiriú.

107. —Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “déileáil”, i ndáil le hurrúis, (cibé acu mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), na hurrúis a fháil nó a dhiúscairt, nó suibscríobh lena n-aghaidh nó iad a fhrithghealladh nó comhaontú a dhéanamh nó tairiscint comhaontú a dhéánamh nó duine a aslú nó féachaint lena aslú chun comhaontú a dhéanamh nó tairiscint comhaontú a dhéanamh—

(a) chun na hurrúis a fháil nó a dhiúscairt, nó chun suibscríobh lena n-aghaidh nó iad a fhrithghealladh, nó a bhaineann leis an gcéanna; nó

(b) arb í an aidhm nó an aidhm airbheartaithe atá leis brabús nó gnóchan a urrú do dhuine a fhaigheann nó a dhiúscraíonn na hurrúis, a shuibscríobhann lena n-aghaidh nó a fhrithgheallann iad nó d'aon cheann de na páirtithe sa chomhaontú i ndáil leis na hurrúis;

folaíonn “stiúrthóir” cúlstiúrthóir de réir bhrí alt 27;

folaíonn “oifigeach” maidir le cuideachta—

(a) stiúrthóir, rúnaí nó fostaí;

(b) leachtaitheoir;

(c) aon duine a riarann comhréiteach nó comhshocraíocht a dhéantar idir an chuideachta agus a creidiúnaithe;

(d) scrúdaitheoir;

(e) iniúchóir; agus

(f) glacadóir;

ciallaíonn “oifig phoiblí” oifig nó fostaíocht a dtugtar luach saothair di as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas nó airgead a chruinnítear le cánachas áitiúil nó muirir áitiúla, nó ceapachán ar, nó fostaíocht faoi, aon choimisiún, coiste, binse, bord nó comhlacht a bheidh arna bhunú ag an Rialtas nó ag aon Aire den Rialtas nó ag aon údarás reachtúil nó faoi;

folaíonn “stocmhalartán aitheanta”, go háirithe, aon mhalartán a bheidh forordaithe ag an Aire agus a sholáthraíonn saoráidí le haghaidh ceannach agus díol ceart nó oibleagáidí chun stoc a fháil;

ciallaíonn “cuideachta ghaolmhar”, i ndáil le cuideachta, aon chomhlacht corpraithe arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é;

ciallaíonn “údarás iomchuí”, i ndáil le stocmhalartán aitheanta—

(i) a bhord stiúrthóirí, a choiste bainistíochta nó comhlacht bainistíochta eile, nó

(ii) a bhainisteoir, cibé slí a dtuairiscítear é;

ciallaíonn “urrúis”—

(a) scaireanna, bintiúir nó fiach-urrúis eile a eisítear nó a bheartaítear a eisiúint cibé acu sa Stát nó in áit eile, agus a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil, nó le cur ar fáil, dóibh ag stocmhalartán aitheanta;

(b) aon cheart, rogha nó oibleagáid maidir le haon scaireanna, bintiúir nó fiach-urrúis eile den sórt sin dá dtagraítear i mír (a);

(c) aon cheart, rogha nó oibleagáid maidir le haon treoirleabhar a bhaineann le haon scaireanna, bintiúir nó fiach-urrúis eile den sórt sin dá dtagraítear i mír (a); nó

(d) cibé leasanna a fhorordófar;

folaíonn “frithghealladh” fo-fhrithghealladh.

Déileálacha neamhdhleathacha in urrúis ag lucht cos istigh.

108. —(1) Ní dleathach do dhuine atá, nó a bhí tráth ar bith sna 6 mhí roimhe sin, bainteach le cuideachta, déileáil in aon urrúis de chuid na cuideachta sin más rud é, de bhíthin go bhfuil nó go raibh sé bainteach amhlaidh leis an gcuideachta sin, go bhfuil faisnéis ina sheilbh aige nach bhfuil ar fáil i gcoitinne ach dá mbeadh, gur dóigh go ndéanfadh sí difear ábhartha do phraghas na n-urrús sin.

(2) Ní dleathach do dhuine atá, nó a bhí tráth ar bith sna 6 mhí roimhe sin, bainteach le cuideachta, déileáil in aon urrúis de chuid aon chuideachta eile más rud é, de bhíthin go bhfuil nó go raibh sé bainteach amhlaidh leis an gcuideachta chéadluaite, go bhfuil faisnéis ina sheilbh—

(a) nach bhfuil ar fáil i gcoitinne ach dá mbeadh, gur dóigh go ndéanfadh sí difear ábhartha do phraghas na n-urrús sin, agus

(b) a bhaineann le haon idirbheart (iarbhír nó beartaithe) a bhfuil an dá chuideachta sin i gceist ann, nó a bhfuil ceann acu agus urrúis an chinn eile i gceist ann, nó a bhaineann leis an bhfíoras nach bhfuil aon idirbheart den sórt sin beartaithe a thuilleadh.

(3) I gcás aon fhaisnéis den sórt atá luaite i bhfo-alt (1) nó (2) a bheith ina sheilbh ag duine agus gur dóigh go ndéanfadh an fhaisnéis sin, dá mbeadh sí ar fáil i gcoitinne, difear go hábhartha do phraghas na n-urrús, ach nach gcuirtear bac air le ceachtar de na fo-ailt sin déileáil sna hurrúis sin, ní dleathach dó déileáil sna hurrúis sin má fuair sé an fhaisnéis, go díreach nó go neamhdhíreach, ó dhuine eile agus más eol dó, nó más cóir gurbh eol dó, le réasún, na fíorais nó na himthosca a gcuirtear bac dá mbua ansin ar an duine eile sin é féin le fo-alt (1) nó (2), déileáil sna hurrúis sin.

(4) Ní dleathach do dhuine tráth ar bith a mbeidh bac curtha air le fo-alt (1), (2) nó (3) déileáil in aon urrúis, a chur faoi deara d'aon duine eile déileáil sna hurrúis sin nó a thabhairt ar aon duine eile déileáil iontu.

(5) Ní dleathach do dhuine tráth ar bith a mbeidh bac curtha air le fo-alt (1), (2) nó (3) déileáil in aon urrúis de bhíthin é a bheith i seilbh aon fhaisnéise, an fhaisnéis sin a thabhairt d'aon duine eile más eol dó nó más cóir gurb eol dó, le réasún, go mbainfidh an duine eile úsáid as an bhfaisnéis chun déileáil, nó a chur faoi deara do dhuine eile déileáil, sna hurrúis sin nó a thabhairt ar dhuine eile déileáil iontu.

(6) Gan dochar d'fho-alt (3), ach faoi réir fho-ailt (7) agus (8), ní dleathach do chuideachta déileáil in aon urrúis aon tráth a mbeidh bac curtha ar aon oifigeach don chuideachta sin le fo-alt (1), (2) nó (3) déileáil sna hurrúis sin.

(7) Ní chuireann fo-alt (6) bac ar chuideachta idirbheart a dhéanamh tráth ar bith de bhíthin amháin go bhfuil faisnéis i seilbh oifigigh don chuideachta sin—

(a) más duine seachas an t-oifigeach a chinn, thar a ceann, an t-idirbheart a dhéanamh;

(b) má bhí comhshocraíochtaí scríofa i ngníomh an tráth sin aici chun a chinntiú nach dtabharfaí an fhaisnéis don duine sin agus nár thug aon duine a bhí i seilbh na faisnéise aon chomhairle dó a bhain leis an idirbheart; agus

(c) murar tugadh an fhaisnéis agus an chomhairle sin amhlaidh.

(8) Ní chuireann fo-alt (6) bac ar chuideachta déileáil in urrúis de chuid cuideachta eile tráth ar bith de bhíthin amháin go bhfuil faisnéis i seilbh oifigigh don chuideachta chéadluaite, is é sin faisnéis a fuair an t-oifigeach le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh mar oifigeach don chuideachta chéadluaite agus arb é amháin atá ann ná go mbeartaíonn an chuideachta chéadluaite déileáil in urrúis de chuid na cuideachta eile sin.

(9) Ní chuireann an t-alt seo bac ar dhuine déileáil in urrúis, nó i gcearta nó i leasanna in urrúis, de chuid cuideachta—

(a) má dhéanann sé an t-idirbheart áirithe mar ghníomhaire do dhuine eile de bhun treorach sonraithe ón duine eile sin an t-idirbheart sin a dhéanamh; agus

(b) mura mbeidh aon chomhairle tugtha aige don duine eile, i ndáil le déileáil in urrúis, nó i gcearta nó i leasanna in urrúis, de chuid na cuideachta sin atá ar áireamh sa chineál céanna leis na hurrúis chéadluaite.

(10) Ní chuireann an t-alt seo bac ar dhuine déileáil in urrúis más rud é, fad is nach buntáiste dó ar shlí eile faisnéis a bheith ina sheilbh dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) go dtugann sé fógra 21 lá ar a laghad d'údarás iomchuí an stocmhalartáin iomchuí go bhfuil sé ar intinn aige déileáil, laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír (b), in urrúis de chuid na cuideachta áirithe, agus

(b) go ndéantar an déileáil laistigh de thréimhse dar tosach 7 lá tar éis torthaí eatramhacha nó críochnaitheacha na cuideachta a fhoilsiú, de réir mar a bheidh, agus dar críoch 14 lá tar éis an fhoilsithe sin, agus

(c) go bhfoilseoidh an malartán áirithe an fógra dá dtagraítear i mír (a) díreach ar é a fháil.

(11) Chun críocha an ailt seo, tá duine bainteach le cuideachta más rud é, agus é bheith ina dhuine nádúrtha—

(a) gur oifigeach é don chuideachta sin nó do chuideachta ghaolmhar; nó

(b) gur scairshealbhóir é sa chuideachta sin nó i gcuideachta ghaolmhar; nó

(c) go bhfuil post aige (lena n-áirítear oifig phoiblí) a bhféadfaí dá chionn a bheith ag súil leis le réasún go mbeadh teacht aige ar fhaisnéis de chineál lena mbaineann fo-ailt (1) agus (2)—

(i) mar gheall ar aon ghaolmhaireacht ghairmiúil, ghnó nó aon ghaolmhaireacht eile atá ann idir é féin (nó a fhostóir nó cuideachta ar oifigeach di é) agus an chuideachta sin nó cuideachta ghaolmhar; nó

(ii) mar gheall air gur oifigeach é do mhórscairshealbhóir sa chuideachta sin nó i gcuideachta ghaolmhar.

(12) Chun críocha fho-alt (11) ciallaíonn “mórscairshealbhóir” duine a shealbhaíonn scaireanna i gcuideachta a bhfuil a líon os cionn an chéatadáin infhógartha atá i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 70.

(13) Beidh réim ag na toirmisc i bhfo-ailt (1), (3), (4) agus (5) maidir le déileálacha in urrúis a eiseoidh an Stát amhail is dá mba thagairtí don Stát na tagairtí i bhfo-ailt (1), (9) agus (11) (seachas míreanna (a) agus (b) den fho-alt is déanaí a luadh) do chuideachta.

Dliteanas sibhialta mar gheall ar dhéileáil neamhdhleathach.

109. —(1) I gcás go ndéileálann duine in urrúis nó go gcuireann sé faoi deara do dhuine eile déileáil in urrúis, nó go dtugann sé ar dhuine eile déileáil iontu, ar mhodh a dhearbhaítear a bheith neamhdhleathach le halt 108 nó go dtugann sé faisnéis ar aon slí den sórt sin beidh an duine sin faoi dhliteanas, gan dochar d'aon chúis chaingne eile a bheadh ann ina choinne—

(a) aon pháirtí eile san idirbheart nach raibh i seilbh na faisnéise iomchuí a chúiteamh i leith aon chaillteanais a bhain don pháirtí sin mar gheall ar aon difríocht idir an praghas ar déileáladh sna hurrúis san idirbheart sin agus an praghas ar dóigh a ndéileálfaí iontu in idirbheart den sórt sin an tráth a ndearnadh an t-idirbheart céadluaite dá mbeadh an fhaisnéis sin ar fáil i gcoitinne; agus

(b) cuntas a thabhairt don chuideachta a d'eisigh nó a chuir ar fáil na hurrúis sin maidir le haon bhrabús a d'fhabhraigh chun an duine chéadluaite ó dhéileáil sna hurrúis sin.

(2) Is é an méid cúitimh a bhfuil duine faoi dhliteanas maidir leis faoi fho-alt (1) nó méid an bhrabúis a bhfuil duine faoi dhliteanas cuntas a thabhairt maidir leis faoin bhfo-alt sin—

(a) faoi réir mhír (b), méid an chaillteanais a bhain don duine a éilíonn an cúiteamh nó méid an bhrabúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b), de réir mar a bheidh; nó

(b) má chinneann cúirt maidir leis an duine atá faoi dhliteanas amhlaidh é a bheith faoi dhliteanas méid nó méideanna a íoc le haon duine nó daoine eile de dheasca an ghnímh nó an idirbhirt chéanna, méid an chaillteanais nó an bhrabúis sin lúide an méid nó suim na méideanna ar cinneadh an duine sin a bheith faoi dhliteanas ina leith.

(3) Chun críocha fho-alt (2), maidir leis an dualgas a chruthú gur as an ngníomh nó as an idirbheart céanna ónar tháinig dliteanas eile a tháinig dliteanas duine méid a íoc le duine eile, is ar an duine atá faoi dhliteanas an méid a íoc a bheidh sé é sin a chruthú.

(4) Ní thosófar ar chaingean faoin alt seo chun caillteanas nó brabús a ghnóthú tar éis 2 bhliain a bheith caite tar éis an dáta a gcríochnófar an t-idirbheart inar tharla an caillteanas nó an brabús.

Idirbhearta díolmhaithe.

110. —(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 108 ar dhuine—

(a) urrúis a fháil faoi uacht nó ar díthiomnacht duine eile; nó

(b) urrúis a fháil i gcuideachta de bhun scéime páirtithe i mbrabús d'fhostaithe—

(i) a bheidh formheasta ag na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na nAchtanna Airgeadais, agus

(ii) a mbeidh a téarmaí formheasta ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta, agus

(iii) faoina dtairgtear an deis do gach buanfhostaí de chuid na cuideachta a bheith rannpháirteach, ar théarmaí comhionanna maidir le critéir oibiachtúla shonraithe;

(c) idirbheart lena mbaineann fo-alt (2) a dhéanamh de mheon macánta.

(2) Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis na cineálacha idirbheart seo a leanas—

(a) stiúrthóir d'fháil scair-cháilíochta faoi alt 180 den Phríomh-Acht:

(b) idirbheart a dhéanfaidh duine de réir a oibleagáidí faoi chomhaontú frithgheallta;

(c) idirbheart a dhéanfaidh ionadaí pearsanta éagaigh, iontaobhaí nó leachtaitheoir, glacadóir nó scrúdaitheoir i gcomhlíonadh fheidhmeanna a oifige; nó

(d) idirbheart ar mhodh, nó de dhroim, morgáiste ar urrúis nó muirir ar urrúis, nó ar mhodh nó de dhroim morgáiste, muirir, gealltáin nó liain ar dhoiciméid teidil chun urrús.

(3) Ní bheidh feidhm ag an gCuid seo maidir le hidirbhearta a dhéanfar ag saothrú beartas airgeadaíochta, beartas ráta malairte, beartas um riar fiachais náisiúnta nó beartas um chúltaca iomlaoide eachtraí, ag aon Aire den Rialtas nó ag an mBanc Ceannais nó ag aon duine thar a gceann.

Dliteanas coiriúil mar gheall ar dhéileáil neamhdhleathach.

111. —Duine a dhéileálann in urrúis ar mhodh a dhearbhaítear le halt 108 a bheith neamhdhleathach, beidh sé ciontach i gcion.

Srian ar dhéileáil.

112. —(1) Faoi réir fho-alt (2), duine a chiontófar i gcion faoi alt 111 nó faoin alt seo ní dhéanfaidh sé aon déileáil laistigh den tréimhse 12 mhí ó dháta an chiontaithe.

(2) I gcás gur thionscain duine a ciontaíodh i gcion faoi fho-alt (1), roimh dháta a chiontaithe, idirbheart faoina bhfuil gné éigin dá chomhlíonadh fágtha gan déanamh, ní thoirmiscfear air le fo-alt (1) an t-idirbheart a chur i gcrích i gcás go gcuirfidh údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta in iúl i scríbhinn do na páirtithe san idirbheart go bhfuil sé deimhin de—

(a) gur tionscnaíodh an t-idirbheart ach nach raibh sé curtha i gcrích roimh dháta an chiontaithe, agus

(b) mura gcuirfí an t-idirbheart i gcrích, go ndéanfaí dochar do chearta tríú páirtí atá neamhchiontach, agus

(c) nach mbeadh an t-idirbheart neamhdhleathach faoi aon fhoráil eile den Chuid seo.

(3) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Dualgas gníomhairí i ndáil le déileáil neamhdhleathach.

113. —(1) Ní dhéanfaidh duine déileáil thar ceann duine eile má bhíonn cúis réasúnach aige lena chreidiúint, nó más cóir go gcinnfeadh sé, go mbeadh an déileáil neamhdhleathach de réir bhrí alt 108.

(2) Beidh duine a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion.

Pionóis mar gheall ar chionta faoin gCuid seo.

114. —Duine a dhéanann cion faoin gCuid seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana nó fíneáil nach mó ná £200,000, nó iad araon, a chur air.

Dualgas stocmhalartáin aitheanta i ndáil le déileáil neamhdhleathach.

115. —(1) Más dealraitheach d'údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta go ndearna aon duine cion faoin gCuid seo, tabharfaidh an t-údarás sin láithreach tuarascáil i dtaobh an ábhair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus soláthróidh sé don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé faisnéis, agus tabharfaidh sé dó cibé rochtain chuig aon doiciméid, agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a iniúchadh agus cóipeanna díobh a thógáil, a éileoidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar faisnéis í nó ar doiciméid iad a bheidh i seilbh nó faoi urlámhas an údaráis sin agus a bhainfidh leis an ábhar atá i gceist.

(2) I gcás gur dealraitheach do chomhalta de stocmhalartán aitheanta go ndearna aon duine cion faoin gCuid seo, tuairisceoidh sé an ní sin láithreach d'údarás iomchuí de chuid an stocmhalartáin aitheanta áirithe a mbeidh, air sin, an dualgas air dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más dealraitheach do chúirt in aon imeachtaí go ndearna aon duine cion mar a dúradh agus nach mbeidh aon tuarascáil a bhaineann leis an ní tugtha don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt sin, ar iarratas ó aon duine a bhfuil leas aige sna himeachtaí áirithe, nó as a treoir féin, a ordú d'údarás iomchuí an stocmhalartáin aitheanta áirithe tuarascáil den sórt sin a thabhairt agus ar thuarascáil a thabhairt dá réir sin beidh éifeacht leis an alt seo amhail is dá mbeadh an tuarascáil tugtha de bhun fho-alt (1).

(4) Más rud é, i gcás aon ní a thuairisciú don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó a chur faoina bhráid faoin alt seo, go measfaidh sé gur cás é ar chóir ionchúiseamh a thionscnamh maidir leis agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar údarás iomchuí an stocmhalartáin aitheanta áirithe agus ar gach oifigeach don chuideachta a bhfuil a cuid urrús i gceist agus ar aon duine eile ar dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faisnéis iomchuí a bheith aige (seachas aon chosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a thabhairt i ndáil leis an ionchúiseamh atá sé nó siad in ann a thabhairt le réasún.

(5) Más dealraitheach don Aire, mar gheall ar ghearán chuig údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta áirithe i dtaobh ciona líomhnaithe faoin gCuid seo, go bhfuil imthosca ann a thugann le tuiscint—

(a) gur chóir don údarás iomchuí a chuid cumhachtaí a úsáid faoin gCuid seo ach nach ndearna sé amhlaidh, nó

(b) gur chóir tuarascáil a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi fho-alt (1) ach nár thug an t-údarás iomchuí lena mbaineann tuarascáil amhlaidh,

féadfaidh sé a ordú don údarás iomchuí na cumhachtaí sin a úsáid nó an tuarascáil sin a thabhairt, agus ar thuarascáil a bheith tugtha dá réir sin, beidh éifeacht leis an alt seo amhail is dá dtabharfaí an tuarascáil de bhun fho-alt (1).

(6) I gcás go dtugann an tAire ordú faoi fho-alt (5), déanfaidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann torthaí a chuid imscrúduithe nó cóip dá thuarascáil faoi fho-alt (1), de réir mar a bheidh, a thabhairt don Aire.

(7) Ní bheidh údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta faoi dhliteanas maidir le damáistí i leith aon ní a rinne an t-údarás nó a d'fhág sé gan déanamh i dtaca le feidhmiú a chuid feidhmeanna aige faoin gCuid seo mura de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó an neamhghníomh faoina ndéantar gearán, nó mura de mheon mímhacánta a fágadh gan déanamh é.

Comhoibriú le húdaráis eile lasmuigh den Stát.

116. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go bhfaighidh údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta iarratas ar fhaisnéis ó údarás dá shamhail i mBallstát eile de chuid na gComhphobal Eorpach i ndáil le feidhmiú a chuid feidhmeanna ag an dara húdarás atá luaite faoi aon achtachán de chuid na gComhphobal Eorpach a bhaineann le déileáil neamhdhleathach de réir bhrí na Coda seo, cibé acu sa Stát nó in áit eile.

(2) Déanfaidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann, a mhéid atá sé in ann déanamh amhlaidh le réasún, agus trí úsáid a bhaint as a chumhachtaí faoin gCuid seo, más cuí, an fhaisnéis a iarradh a fháil agus cuirfidh sé an fhaisnéis sin ar fáil dá réir sin faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

(3) I gcás go bhfaighidh údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta iarratas faoi fho-alt (1), cuirfidh sé é sin in iúl don Aire agus tabharfaidh an tAire, ar é bheith deimhin maidir le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (4), ordú don údarás diúltú an fhaisnéis go léir a iarrtar, nó cuid de, a chur ar fáil.

(4) Is iad na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ná—

(a) go bhféadfadh aon chur in iúl faisnéise a iarrtar dul chun dochair do fhlaitheas, do shlándáil nó do bheartas poiblí an Stáit;

(b) go bhfuil imeachtaí sibhialta nó coiriúla sa Stát tosaithe cheana féin in aghaidh duine i leith aon ghníomhartha a bhfuil iarratas ar fhaisnéis faighte ina leith faoi fho-alt (1);

(c) go bhfuil duine ar leith ciontaithe sa Stát mar gheall ar chion coiriúil maidir le haon ghníomhartha den sórt sin.

Daoine údaraithe.

117. —(1) San alt seo agus in ailt 118 agus 121, ciallaíonn “duine údaraithe” duine atá ceadaithe ag an Aire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha na Coda seo, is é sin—

(a) an bainisteoir, cibé caoi a thuairiscítear é, ar stocmhalartán aitheanta, nó

(b) duine a bheidh ainmnithe ag údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta.

(2) I gcás go n-imscrúdóidh duine údaraithe cion líomhnaithe faoin gCuid seo, beidh údaráis iomchuí an stocmhalartáin aitheanta lena mbaineann faoi dhualgas ginearálta a chinntiú go seachnófar, a mhéid is féidir, easaontachtaí leasa a d'fhéadfadh tarlú ar thaobh aon duine údaraithe den sórt sin.

(3) Chun aon fhaisnéis a fháil is gá le go bhfeidhmeoidh údarás iomchuí an stocmhalartáin sin an fheidhm dá dtagraítear in alt 115, féadfaidh duine údaraithe, ar a údarú a thabhairt ar aird má éilítear amhlaidh é, a cheangal ar aon duine a bhfuil cúis réasúnach ag an duine údaraithe nó ag an údarás iomchuí sin lena chreidiúint gur dhéileáil sé in urrúis, nó go bhfuil aon fhaisnéis aige i dtaobh déileálacha den sórt sin, aon fhaisnéis a thabhairt don duine údaraithe a éileoidh sé le réasún—

(a) maidir leis na hurrúis lena mbaineann,

(b) maidir leis an gcuideachta a d'eisigh na hurrúis,

(c) maidir lena chuid déileálacha sna hurrúis sin, nó

(d) maidir le haon fhaisnéis eile a éilíonn an duine údaraithe le réasún i ndáil leis na hurrúis nó leis na déileálacha sin,

agus cibé rochtain a thabhairt dó chuig aon doiciméid, agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a iniúchadh agus cóipeanna díobh a thógáil, agus a bhaineann leis an ábhar a éileoidh sé le réasún.

(4) Glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh a bheith ina bharántas nó ina údarú agus a bheith sínithe nó fíordheimhnithe ag údarás iomchuí nó thar a cheann agus measfar gur barántas nó údarú den sórt sin é gan a thuilleadh cruthúnais go dtí go suífear a mhalairt.

(5) Féadfaidh duine údaraithe, nó aon duine ar chuir sé ceanglas air faoin alt seo, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar dhearbhú faoin alt seo.

(6) Féadfaidh an chúirt, ar éisteacht a bheith tugtha aici do cibé fianaise a bheidh tugtha ar aird, agus d'aon uiríll a bheidh déanta ag an duine údaraithe agus ag duine dá dtagraítear i bhfo-alt (5), a dhearbhú dá rogha féin —

(a) nach ndlíonn riachtanais leas an phobail feidhmiú na gcumhachtaí ag an duine údaraithe a thugtar dó leis an alt seo, nó

(b) go ndlíonn riachtanais leas an phobail an feidhmiú sin amhlaidh.

(7) I gcás go ndéanann an chúirt dearbhú faoi fho-alt (6) (a), tarraingeoidh an duine údaraithe siar, a luaithe is féidir, an ceanglas iomchuí faoin alt seo.

(8) I gcás go ndéanann an chúirt dearbhú faoi fho-alt (6) (b), déanfaidh an duine ar ar forchuireadh an ceanglas an fhaisnéis a éilítear a sholáthar don duine údaraithe a luaithe is féidir.

(9) Más rud é, de shárú ar fho-alt (8), go ndiúltaíonn duine nó go mainníonn sé, laistigh de thráth réasúnach, ceanglas de chuid duine údaraithe a chomhlíonadh, féadfaidh an duine údaraithe an diúltú a dheimhniú faoina láimh don chúirt agus féadfaidh an chúirt, tar éis aon ráiteas a thairgfear mar chosaint a éisteacht, an ciontóir a phionósú amhail mar a dhéanfaí sin i gcás é bheith ciontach i ndíspeagadh cúirte.

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil.

118. —(1) Ní nochtfar, ach amháin de réir dlí, faisnéis a fhaigheann aon duine de na daoine seo a leanas de bhua stocmhalartán aitheanta d'fheidhmiú a chuid feidhmeanna faoin gCuid seo, eadhon—

(a) údarás iomchuí an mhalartáin,

(b) duine údaraithe, nó

(c) aon duine atá fostaithe nó a bhí fostaithe tráth ag an malartán.

(2) Ní choiscfidh fo-alt (1) ar údarás iomchuí stocmhalartáin aitheanta aon fhaisnéis a nochtadh don Aire, cibé acu de bhun iarratais faoi alt 115 (5) nó ar shlí eile, nó d'údarás dá shamhail i mBallstát eile de chuid na gComhphobal Eorpach.

(3) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

Leathnú ar Threoir 79/279/CEE ón gComhairle.

119. —Na forálacha de Sceideal C.5 (a) de Threoir 79/279/CEE ón gComhairle, an 5 Márta, 1979* ag comhordú na gcoinníollacha chun urrúis a ghlacadh ar liostú oifigiúil stocmhalartáin, mar a tugadh éifeacht dóibh le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Stocmhargadh), 1984 (I.R. Uimh. 282 de 1984), beidh feidhm acu freisin maidir le hurrúis de réir bhrí alt 107.

Tuarascáil bhliantúil stocmhalartáin aitheanta.

120. —(1) Tíolacfar tuarascáil bhliantúil don Aire thar ceann gach stocmhalartáin aitheanta maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna ag údaráis iomchuí an stocmhalartáin lena mbaineann faoin gCuid seo, agus go háirithe folóidh an tuarascáil—

(a) líon na ngearán scríofa a fuarthas maidir leis na sáruithe a d'fhéadfadh a bheith déanta ar an gCuid seo,

(b) líon na dtuarascálacha a tugadh don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoin gCuid seo,

(c) líon na gcásanna nár tugadh tuarascálacha don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí tar éis do dhaoine údaraithe cumhachtaí a fheidhmiú faoin gCuid seo, agus

(d) cibé faisnéis eile a fhorordófar.

(2) Déanfar, faoi réir fho-alt (3), cóip den tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Más é tuairim an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle le húdarás iomchuí de chuid an stocmhalartáin aitheanta lena mbaineann, go ndéanfadh nochtadh aon fhaisnéise sa tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) díobháil ábhartha nó dochar míchuí do leasanna dlisteanacha aon duine, nó thairis sin go bhfuil cúis mhaith ann gan aon chuid den tuarascáil sin a sceitheadh, féadfaidh sé an tuarascáil a chur faoina mbráid faoi fho-alt (2) leis an bhfaisnéis sin nó leis an an gcuid sin fágtha ar lár.

Cumhacht an Aire rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

121. —(1) Más rud é, ar shlí ar bith, go dtarlóidh aon deacrachtaí ag cur forála ar bith den Chuid seo i ngníomh, nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh a cheapann sé a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a shárú, chun an fhoráil a chur i ngníomh, nó chun a oibriú a áirithiú nó a urasú, agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Chuid seo a mhodhnú a mhéid a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun an fhoráil sin a chur in éifeacht chun na gcríoch réamhráite.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh an tAire, i gcás go measann sé é a bheith riachtanach nó fóirsteanach déanamh amhlaidh chun riar cuí éifeachtach a dhéanamh ar ailt 115 agus 117, cibé rialacháin a dhéanamh is cuí leis—

(a) i ndáil le cumhachtaí daoine údaraithe, nó

(b) i ndáil leis na nithe a bhféadfaidh daoine údaraithe faisnéis a éileamh ina leith, nó i ndáil leis na daoine a bhféadfaidh daoine údaraithe faisnéis a éileamh uathu, faoin gCuid seo.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

CUID VI

Foirceannadh agus Nithe Gaolmhara

Clárú Muirear

Leasú ar alt 99 den Phríomh-Acht.

122. —Leasaítear leis seo alt 99 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (h)—

“(h) muirear ar long nó ar aerárthach nó ar aon scair i long nó in aerárthach;”, agus

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach—

“(2A) Féadfaidh an tAire le rialacháin fo-alt (2) a leasú chun aon tuairisc ar mhuirear a chur leis na muirir, nó a bhaint de na muirir, a cheanglaítear a chlárú faoin alt seo.

(2B) Folóidh cumhacht an Aire faoi fho-alt (2A) cumhacht chun an tuairisc ar aon mhuirear dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a leasú le rialacháin.

(2C) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.”.

Foirceannadh ag an gCúirt

Leasú ar ailt 214 agus 345 den Phríomh-Acht.

123. —Leasaítear leis seo alt 214 (a) (a bhaineann leis na himthosca nach bhfuil cuideachta in ann a fiacha a íoc) agus alt 345 (5) (a) (a bhaineann le cuideachtaí neamhchláraithe) den Phríomh-Acht trí “£1,000” a chur in ionad “£50” i ngach cás.

Leasú ar alt 231 den Phríomh-Acht.

124. —Leasaítear leis seo alt 231 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) (a) Ní dhéanfaidh leachtaitheoir cuideachta, trí chonradh príobháideach, sócmhainn nach sócmhainn airgid den luach riachtanach a dhíol le duine atá, nó a bhí sna trí bliana roimh dháta thosach an fhoirceanta, ina oifigeach don chuideachta, mura mbeidh fógra 14 lá ar a laghad go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh tugtha ag an leachtaitheoir do chreidiúnaithe uiie na cuideachta is eol dó nó a bheidh curtha in iúl dó.

(b) San fho-alt seo—

(i) tá le ‘sócmhainn nach sócmhainn airgid’ agus ‘luach riachtanach’, na bríonna a shanntar dóibh le halt 29 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , agus

(ii) folaíonn ‘oifigeach’ duine atá bainteach, de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , le stiúrthóir, agus cúlstiúrthóir.”.

Leabhair, taifid, etc. cuideachta a bheith gan aon lian.

125. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 244—

“244A.—I gcás leachtaitheoir sealadach a bheith ceaptha ag an gcúirt nó i gcás go mbeidh cuideachta á foirceannadh ag an gcúirt, nó trí fhoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, ní bheidh aon duine i dteideal amhail in aghaidh an leachtaitheora nó an leachtaitheora shealadaigh seilbh ar aon ghníomhas, ionstraim nó doiciméad eile de chuid na cuideachta, nó na leabhair chuntais, na hadmhálacha, na billí, na sonraisc nó na páipéir eile dá samhail a bhaineann leis na cuntais nó leis an trádáil, leis na déileálacha nó le gnó na cuideachta, a choinneáil siar, nó aon lian a éileamh orthu ar choinníoll—

(a) i gcás morgáiste, muirear nó gealltán a bheith cruthaithe trí aon doiciméad nó páipéar den sórt sin a thaisceadh le duine, nach mbeidh tabhairt ar aird an doiciméid nó an pháipéir don leachtaitheoir nó don leachtaitheoir sealadach ag an duine, ina dhochar do chearta an duine faoin morgáiste, faoin muirear nó faoin ngealltán (seachas aon cheart seilbhe ar an doiciméad nó ar an bpáipéar),

(b) i gcás go mbeidh seilbh ag leachtaitheoir nó ag leachtaitheoir sealadach de bhua an ailt seo ar aon doiciméad nó páipéir de chuid glacadóra nó a mbeidh glacadóir i dteideal é nó iad a scrúdú, go gcuirfidh an leachtaitheoir nó an leachtaitheoir sealadach, mura n-ordaíonn an chúirt a mhalairt, an doiciméad nó na páipéir ar fáil lena iniúchadh nó lena n-iniúchadh ag an nglacadóir gach tráth réasúnach.”.

Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú.

126. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 245—

“245.—(1) Féadfaidh an chúirt, tráth ar bith tar éis leachtaitheoir sealadach a cheapadh nó ordú foirceanta a dhéanamh, aon oifigeach don chuideachta nó aon duine arb eol, nó a bhfuil amhras ann, go bhfuil aon mhaoin leis an gcuideachta ina sheilbh aige nó a shíltear a bheith i bhfiacha ag an gcuideachta, nó aon duine a mheasfaidh an chúirt a d'fhéadfadh faisnéis a thabhairt maidir le tionscnamh, foirmiú, trádáil, déileálacha, cúrsaí nó maoin na cuideachta, a ghairm os a comhair.

(2) Féadfaidh an chúirt an duine sin a cheistiú faoi mhionn i dtaobh na nithe a dúradh, de bhriathar béil nó ar agarcheisteanna i scríbhinn, agus féadfaidh sí a fhreagraí a chur síos i scríbhinn agus a cheangal air iad a shíniú.

(3) Féadfaidh an chúirt a cheangal ar an duine sin aon taifid chuntasaíochta, gníomhas, ionstraim nó doiciméad nó páipéar eile a bhaineann leis an gcuideachta agus a bheidh faoina choimeád nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird.

(4) Féadfaidh an chúirt, sula ndéanfar an ceistiú, a cheangal ar an duine sin ráiteas a chur faoina bráid, i cibé foirm a ordóidh an chúirt, maidir le haon idirbhearta idir é agus an chuideachta de chineál nó d'aicme a shonróidh an chúirt.

(5) Más dóigh leis an gcúirt go bhfuil sé ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh féadfaidh sí a ordú go ndéanfaidh an duine a cheisteofar costais an cheistiúcháin a íoc.

(6) Ní bheidh duine a cheisteofar faoin alt seo i dteideal diúltú freagra a thabhairt ar aon cheist a chuirfear air ar an bhforas go mb'fhéidir go n-ionchoireodh a fhreagra é, ach ní bheidh aon fhreagra dá dtabharfaidh an duine sin inghlactha i bhfianaise ina choinne in aon imeachtaí eile, sibhialta ná coiriúil, seachas i gcás aon imeachtaí coiriúla mar ghéall ar mhionnú éithigh i leith aon fhreagra den sórt sin.

(7) Má mhainníonn duine gan leithscéal réasúnach tráth ar bith freastal chun é a cheistiú faoin alt seo, beidh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte agus dlífear é a phionósú dá réir sin.

(8) I gcás go mainníonn duine, gan leithscéal réasúnach, tráth ar bith freastal chun é a cheistiú faoin alt seo nó go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint gur éalaigh duine nó go bhfuil sé ar tí éalú d'fhonn a cheistiúchán faoin alt seo a sheachaint nó a mhoilliú, féadfaidh an chúirt a chur faoi deara an duine sin a ghabháil agus a chuid leabhar agus doiciméad agus a mhaoin phearsanta shochorraithe a urghabháil agus é féin agus iadsan a choinneáil go ceann cibé tréimhse a ordóidh an chúirt.”.

Ordú iocaíochta nó seachadta maoine in aghaidh duine a cheistítear faoi alt 245 den Phríomh-Acht.

127. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach roimh alt 246—

“245A.—Más rud é le linn ceistiú faoi alt 245 gur dealraitheach don chúirt maidir le haon duine atá á cheistiú—

(a) go bhfuil sé i bhfiacha ag an gcuideachta, nó

(b) go bhfuil aon airgead, maoin nó leabhair agus páipéir de chuid na cuideachta ina sheilbh nó faoina urláimh,

féadfaidh an chúirt a ordú don duine sin—

(i) méid an fhéich nó aon chuid de a íoc leis an leachtaitheoir, nó

(ii) an t-airgead, an mhaoin nó na leabhair agus na páipéir sin nó aon chuid díobh a íoc leis an leachtaitheoir, a sheachadadh nó a thíolacadh air, a ghéilleadh dó nó a aistriú chuige.

de réir mar a bheidh, cibé tráth agus i cibé slí agus ar cibé téarmaí a ordóidh an chúirt.”.

Dearbhú Sócmhainneachta

Dearbhú reachtúil sócmhainneachta i gcás tairisceana le haghaidh foirceannadh toilteanach.

128. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 256—

“256.—(1) Nuair a bheartófar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach, féadfaidh stiúrthóirí na cuideachta nó, i gcás cuideachta a bhfuil níos mó ná dhá stiúrthóir uirthi, tromlach na stiúrthóirí, ag cruinniú de na stiúrthóirí, dearbhú reachtúil a dhéanamh á rá go ndearna siad fiosrúchán iomlán faoi chúrsaí na cuideachta, agus tar éis a dhéanta, gur tháinig siad ar an tuairim go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh de cibé tréimhse, nach faide ná 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, a bheidh sonraithe sa dearbhú.

(2) Ní bheidh aon éifeacht chun críocha an Achta seo le dearbhú a dhéanfar mar a dúradh mura rud é—

(a) go ndéanfar é laistigh de na 28 lá díreach roimh an dáta a rithfear an rún chun an chuideachta a fhoirceannadh agus go seachadfar é ar chláraitheoir na gcuideachtaí tráth nach déanaí ná an dáta a sheachadfar ar an gcláraitheoir, de réir fhorálacha alt 143, cóip den rún chun an chuideachta a fhoirceannadh;

(b) go mbeidh ráiteas ann ar shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail mar a bhí ar an dáta is praiticiúil ba dhéanaí roimh an dearbhú a dhéanamh agus in aon chás ar dháta nach mó ná trí mhí roimh an dearbhú a dhéanamh;

(c) go mbeidh tuarascáil ag gabháil leis a rinne duine neamhspleách de réir fhorálacha an ailt seo;

(d) go mbeidh ráiteas ann ón duine neamhspleách dá dtagraítear i mír (c) á rá gur thug sé a thoiliú i scríbhinn, agus nár tharraing sé siar é, maidir le heisiúint an dearbhaithe agus an tuarascáil ag gabháil leis; agus

(e) go mbeidh cóip den dearbhú ag gabháil leis an bhfógra a d'eisigh an chuideachta i dtaobh an chruinnithe ghinearálta ag a bhfuiltear chun rún a thairiscint le haghaidh foirceannadh toilteanach faoi mhír (a) nó (b) d'alt 251(1).

(3) An tuarascáil dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (2), is duine neamhspleách a dhéanfaidh é, is é sin le rá, duine a bheidh cáilithe tráth na tuarascála lena cheapadh ina iniúchóir, nó le leanúint de bheith ina iniúchóir, ar an gcuideachta.

(4) Luafar sa tuarascáil cibé acu atá nó nach bhfuil, ina thuairim, agus a mhéid is fearr is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó—

(a) tuairim na stiúrthóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus

(b) an ráiteas ar shócmhainní agus ar dhliteanais na cuideachta atá sa dearbhú sin,

réasúnach.

(5) Más rud é, laistigh de 28 lá tar éis an rún le haghaidh foirceannadh toilteanach a fhógairt faoi fho-alt (1) d'alt 252, go ndéanfaidh creidiúnaí iarratas chun na cúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus gur deimhin leis an gcúirt go n-ionannaíonn an creidiúnaí sin, mar aon le haon chreidiúnaithe a bheidh ag tacú leis ina iarratas, an cúigiú cuid ar a laghad, de réir líon nó luacha, de chreidiúnaithe na cuideachta, agus gurb é tuairim na cúirte nach cosúil go mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe sa dearbhú, féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

(6) Má ordaíonn an chúirt go mbeidh feidhm maidir leis an bhfoirceannadh ag na forálacha uile den Acht seo a bhaineann le foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, déanfaidh an duine a bhí i seilbh oifige mar leachtaitheoir díreach roimh an t-ordú a dhéanamh nó, mura bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú, déanfaidh an chuideachta, laistigh de 21 lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, cóip oifige den ordú sin a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(7) Má mhainnítear fo-alt (6) a chomhlíonadh, dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar aon duine a rinne mainneachtain.

(8) I gcás go ndéanfar dearbhú reachtúil faoin alt seo agus go gcruthaítear ina dhiaidh sin chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi déanamh amhlaidh, a dhearbhú, maidir le haon stiúrthóir a bhí ina pháirtí sa dearbhú agus gan forais réasúnacha aige leis an tuairim go mbeadh an chuideachta in ann a fiacha a íoc ina n-iomláine laistigh den tréimhse a shonraítear sa dearbhú, go mbeidh sé freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, as fiacha nó dliteanais eile go léir na cuideachta nó aon cheann díobh de réir mar a ordóidh an chúirt.

(9) I gcás nach mbeidh fiacha cuideachta íoctha ná soláthar déanta dóibh go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú sócmhainneachta, toimhdeofar chun críocha fho-alt (8), go dtí go suífear a mhalairt, nach raibh forais réasúnacha ag an stiúrthóir lena thuairim.

(10) I gcás go ndéanfaidh an chúirt dearbhú faoi fho-alt (8), féadfaidh sí cibé treoracha breise a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don dearbhú sin.

(11) San Acht seo tugtar ‘foirceannadh toilteanach ag comhaltaí’ ar fhoirceannadh i gcás ina ndearnadh agus inar seachadadh dearbhú de réir an ailt seo, agus tugtar ‘foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe’ san Acht seo ar fhoirceannadh toilteanach i gcás nach ndearnadh agus nár seachadadh dearbhú mar a dúradh nó i gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (5) nó i gcás lena mbaineann alt 261 (3).”.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Comhaltaí

Dualgas leachtaitheora cruinniú creidiúnaithe a ghairm más é a thuairim nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

129. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 261—

“261.—(1) Más rud é go mbeidh an leachtaitheoir ar an tuairim aon uair nach mbeidh an chuideachta in ann a fiacha a íoc go hiomlán laistigh den tréimhse a bheidh luaite sa dearbhú faoi alt 256—

(a) déanfaidh sé cruinniú de na creidiúnaithe a ghairm le haghaidh lá nach déanaí ná an ceathrú lá dhéag tar éis an lae ar tháinig sé ar an tuairim sin:

(b) cuirfidh sé fógraí faoi chruinniú na gcreidiúnaithe chuig na creidiúnaithe leis an bpost seacht lá ar a laghad roimh an lá a bhfuil an cruinniú sin le tionól;

(c) cuirfidh sé faoi deara fógra faoi chruinniú na gcreidiúnaithe a fhógairt, deich lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe, uair amháin san Iris Oifigiúil agus uair amháin ar a laghad in dhá nuachtán laethúla a léitear sa cheantar ina raibh príomh-áit ghnó na cuideachta sa Stát suite le linn na tréimhse iomchuí; agus

(d) tabharfaidh sé, sa tréimhse roimh an lá a thionólfar cruinniú na gcreidiúnaithe, cibé faisnéis do chreidiúnaithe, saor in aisce, a bhaineann le cúrsaí na cuideachta a theastóidh uathu le réasún;

agus luafar san fhógra i dtaobh chruinniú na gcreidiúnaithe an dualgas a fhorchuirtear le mír (d).

(2) Déanfaidh an leachtaitheoir freisin—

(a) ráiteas a dhéanamh amach san fhoirm fhorordaithe maidir le cúrsaí na cuideachta, lena n-áirítear ráiteas i dtaobh sócmhainní agus dliteanais na cuideachta, liosta de na creidiúnaithe neamhíochta agus méid measta a gcuid éileamh;

(b) an ráiteas sin a leagan faoi bhráid chruinniú na gcreidiúnaithe; agus

(c) freastal agus dul i gceannas ar an gcruinniú sin.

(3) Amhail ón lá a thionólfar cruinniú na gcreidiúnaithe faoin alt seo, beidh éifeacht le hAchtanna na gCuideachtaí—

(a) amhail is, gan dochar do chumhachtaí na cúirte faoi alt 256, nach ndearnadh dearbhú na stiúrthóirí faoin alt sin; agus

(b) amhail is dá mba iad na cruinnithe a luaitear in alt 266 cruinniú na gcreidiúnaithe agus cruinnithe na cuideachta ag ar cinneadh an chuideachta a fhoirceannadh go toilteanach;

agus, dá réir sin, tiocfaidh an foirceannadh chun bheith ina fhoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe agus measfar, maidir le haon cheapachán a rinneadh nó aon choiste a bunaíodh ag cruinniú na gcreidiúnaithe, go ndearnadh é nó gur bunaíodh é ag cruinniú na gcreidiúnaithe a luaitear amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh ceapachán leachtaitheora ag cruinniú a ghairtear faoin alt seo difear, faoi réir fho-alt (5), do bhailíocht aon ghnímh roimhe sin a rinne an leachtaitheoir a bhí ceaptha ag comhaltaí na cuideachta.

(5) I gcás go gceapann na creidiúnaithe leachtaitheoir ag cruinniú a ghairtear faoin alt seo agus go mbíonn díospóid ann maidir le haon cheann, nó le gach ceann, de na costais, muirir nó caiteachais a thabhaigh an leachtaitheoir, lena n-áirítear luach saothair an leachtaitheora, a bhí ceaptha ag comhaltaí na cuideachta, féadfaidh an leachtaitheoir a cheapfaidh na creidiúnaithe, nó aon chreidiúnaí, iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun an díospóid a réiteach agus féadfaidh an chúirt, ar iarratas den sórt sin, cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.

(6) Ní mheasfar maidir le haon ní san alt seo go múchann sé aon cheart san Acht seo atá ag aon duine achainí a thíolacadh don chúirt chun cuideachta a fhoirceannadh.

(7) Má mhainníonn an leachtaitheoir fo-alt (1) a chomhlíonadh dlífear fíneáil a chur air.”.

Forálacha is infheidhme maidir le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe

Leasú ar alt 266 den Phríomh-Acht.

130. —Leasaítear leis seo alt 266 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “a fhógairt”.

“, ar a laghad deich lá roimh dháta an chruinnithe,”.

Foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

131. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo más rud é, i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe, go mbeidh leachtaitheoir ainmnithe ag an gcuideachta.

(2) Ní fheidhmeofar na cumhachtaí a thugtar don leachtaitheoir le halt 276 den Phríomh-Acht, ach amháin le cead na cúirte, le linn na tréimhse roimh thionól chruinniú na gcreidiúnaithe faoi alt 266 den Acht sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le cumhacht an leachtaitheora—

(a) chun an mhaoin go léir a bhfuil, nó a ndealraíonn sé go bhfuil, teideal ag an gcuideachta chuici a ghlacadh faoina choimeád nó faoina urlámhas;

(b) chun carraí meatacha agus earraí eile a chur de láimh ar dócha go laghdófaí a luach mura gcuirfí de láimh iad láithreach;

(c) chun na nithe eile sin go léir a dhéanamh a bheidh riachtanach chun sócmhainní na cuideachta a chosaint.

(4) Beidh an leachtaitheoir i láthair ag cruinniú na gcreidiúnaithe a thionólfar faoi alt 266 den Phríomh-Acht agus tabharfaidh sé tuairisc don chruinniú maidir le haon fheidhmiú dá chuid cumhachtaí aige (cibé acu faoin alt seo nó faoi alt 276 nó 280 den Acht sin).

(5) Más rud é—

(a) go mainníonn an chuideachta fo-alt (1) nó (2) d'alt 266 den Phríomh-Acht a chomhlíonadh, nó

(b) go mainníonn na stiúrthóirí fo-alt (3) den alt sin a chomhlíonadh,

déanfaidh an leachtaitheoir, laistigh de 7 lá ón lá iomchuí, iarratas chun na cúirte le haghaidh ordachán maidir leis an tslí ina leigheasfar an mhainneachtain sin.

(6) Ciallaíonn “an lá iomchuí” an lá ar ainmnigh an chuideachta an leachtaitheoir nó an lá ar tháinig sé chun fios a bheith aige i gcéaduair i dtaobh na mainneachtana, cibé acu is déanaí.

(7) Beidh leachtaitheoir ciontach i gcion má mhainníonn sé, gan leithscéal réasúnach, an t-alt seo a chomhlíonadh.

Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh Toilteanach

Leasú ar alt 275 den Phríomh-Acht.

132. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 275—

“275.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo maidir le híocaíochtaí tosaíochta, déanfar maoin chuideachta, ar an gcuideachta a fhoirceannadh—

(a) a chur chun feidhme, faoi réir fho-alt (2), chun a dliteanais a shásamh pari passu, agus

(b) mura bhforálann na hairteagail a mhalairt, a dháileadh, faoi réir na feidhme sin, ar na comhaltaí de réir a gceart agus a leasanna sa chuideachta.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i mír (a) d'fho-alt (1) difear in aon slí d'aon chearta nó oibleagáidí de chuid na cuideachta nó aon duine eile a thig de dhroim aon chomhaontaithe a rinne aon duine (cibé acu roimh nó tar éis thosach feidhme alt 132 d'Acht na gCuid-eachtaí, 1990) faoina ndéantar aon dliteanas áirithe de chuid na cuideachta i leith aon chreidiúnaí ghinearálta a chur siar i bhfabhar ceart nó éileamh, nó a chur faoi réir ceart nó éileamh, aon duine eile a mbeidh an chuideachta faoi dhliteanas ina leith in aon slí.

(3) I bhfo-alt (2)—

folaíonn ‘dliteanas’ dliteanas teagmhasach; agus

folaíonn ‘duine’ aicme daoine.”.

Toiliú le ceapachán mar leachtaitheoir agus fógra i dtaobh an cheapacháin.

133. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 276—

“276A.—(1) Ní bheidh aon éifeacht le ceapachán leachtaitheora mura gcuirfidh an duine a ainmnítear in iúl i scríbhinn sula gceaptar é go bhfuil sé ag toiliú leis an gceapachán.

(2) Tabharfaidh cathaoirleach aon chruinnithe ag a gceaptar leachtaitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an cheapacháin don leachtaitheoir, laistigh de 7 lá ón gcruinniú, mura mbeidh an leachtaitheoir nó a ionadaí cuí-údaraithe i láthair ag an gcruinniú ag a ndéanfar an ceapachán.

(3) Duine a mhainneoidh fo-alt (2) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”.

Forálacha is infheidhme maidir le gach Foirceannadh

Íocaíochtaí tosaíochta i bhfoirceannadh.

134. —Leasaítear leis seo alt 285 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach—

“(14) An tosaíocht a thugtar le fo-alt (2) ní bheidh feidhm aici ach amháin maidir leis na fiacha sin—

(a) a bheidh curtha in iúl dó; nó

(b) a mbeidh eolas curtha aige orthu

laistigh den tréimhse sé mhí tar éis fógrán faoi choinne éileamh a bheith curtha ag an leachtaitheoir in dhá nuachtán laethúla ar a laghad a léitear sa cheantar ina bhfuil oifig chláraithe na cuideachta suite.”.

Tosaíocht chalaoiseach.

135. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 286—

“286.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo aon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile maidir le maoin a rinne cuideachta nó a rinneadh in aghaidh cuideachta nach bhfuil in ann a cuid fiach a íoc, de réir mar a thagann siad chun bheith dlite, i bhfabhar aon chreidiúnaí, nó aon duine ar iontaobhas d'aon chreidiúnaí, d'fhonn tosaíocht ar na creidiúnaithe eile a thabhairt don chreidiúnaí sin nó d'aon urra nó ráthóir ar an bhfiach atá dlite don chreidiúnaí sin, measfar, i gcás go dtosaíonn foirceannadh na cuideachta laistigh de 6 mhí ó dhéanamh an chéanna agus nach mbeidh an chuideachta, an tráth a dtosaíonn an foirceannadh, in ann a fiacha a íoc (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas), gur tosaíocht chalaoiseach é ar a creidiúnaithe agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin.

(2) Aon tíolacas nó sannadh ar iomlán a maoine a dhéanfaidh cuideachta chuig iontaobhaithe ar mhaithe lena creidiúnaithe go léir, beidh sé ar neamhní chun gach críche.

(3) Maidir le hidirbheart lena mbaineann fo-alt (1) i bhfabhar duine bhaintigh a rinneadh laistigh de dhá bhliain roimh thosach fhoirceannadh na cuideachta measfar, mura suífear a mhalairt, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh—

(a) go ndearnadh é d'fhonn tosaíocht a thabhairt don duine sin ar na creidiúnaithe eile, agus

(b) gur tosaíocht chalaoiseach é,

agus beidh sé neamhbhailí dá réir sin.

(4) Ní dhéanfaidh fo-ailt (1) agus (3) difear do chearta aon duine a dhéanann teideal amach de mheon macánta agus ar chomaoin luachmhar trí chreidiúnaí de chuid na cuideachta, nó faoi.

(5) San alt seo ciallaíonn duine bainteach duine a bhí, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart—

(a) ina stiúrthóir ar an gcuideachta;

(b) ina chúlstiúrthóir ar an gcuideachta;

(c) ina dhuine a bhí bainteach le stiúrthóir de réir bhrí alt 26 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 :

(d) ina chuideachta ghaolmhar de réir bhrí alt 140 den Acht sin, nó

(e) ina iontaobhaí ar bith d'aon duine a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) nó ina urra nó ina ráthóir ar an bhfiach atá dlite don duine sin.”.

Imthosca ina mbeidh muirear foluaineach neamhbhailí.

136. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 288—

“288.—(1) I gcás cuideachta a bheith á foirceannadh, má bhíonn gnóthas nó maoin na cuideachta faoi mhuirear foluaineach a bunaíodh laistigh de 12 mhí roimh thosach an fhoirceanta, ansin, mura gcruthaítear go raibh an chuideachta sócmhainneach díreach tar éis an muirear a bhunú, beidh an muirear sin neamhbhailí, ach amháin maidir le hairgead a airleacadh nó a íocadh, go hiarbhír, nó maidir le praghas nó luach iarbhír earraí nó seirbhísí a díoladh nó a soláthraíodh, leis an gcuideachta an tráth, nó i ndiaidh an trátha, ar bunaíodh an muirear, agus i gcomaoin an mhuirir, mar aon le hús ar an méid sin de réir 5 faoin gcéad sa bhliain.

(2) Chun críocha fho-alt (1) is é luach aon earraí nó seirbhísí a díoladh nó a soláthraíodh ar mhodh comaoine ar mhuirear foluaineach an méid in airgead a bheifí ag súil a fháil le réasún, an tráth ar díoladh nó ar soláthraíodh iad, ar na hearraí nó na seirbhísí i ngnáthchúrsa gnó agus ar na téarmaí céanna (ar leith ón gcomaoin) leis na téarmaí sin ar díoladh leis an gcuideachta nó ar soláthraíodh di iad.

(3) Má bhunaítear muirear foluaineach ar ghnóthas nó ar mhaoin cuideachta i bhfabhar duine bhaintigh, beidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le muirear den sórt sin amhail is dá mba thréimhse 2 bhliain an tréimhse 12 mhí a luaitear san fho-alt sin.

(4) San alt seo ciallaíonn ‘duine bainteach’ duine a bhí, an tráth a ndearnadh an t-idirbheart—

(a) ina stiúrthóir ar an gcuideachta;

(b) ina chúlstiúrthóir ar an gcuideachta;

(c) ina dhuine a bhí bainteach le stiúrthóir de réir bhrí alt 26 (1) (a) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ;

(d) ina chuideachta ghaolmhar de réir bhrí alt 140 den Acht sin, nó

(e) ina iontaobhaí ar bith d'aon duine a thuairiscítear i mír (a), (b), (c) nó (d) nó ina urra nó ráthóir ar an bhfiach atá dlite don duine sin.”.

Dliteanas coiriúil na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach ag cuideachta.

137. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 297—

“297.—(1) Más rud é go mbeidh aon duine go feasach ina pháirtí i seoladh gnó de chuid cuideachta le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe de chuid na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí, beidh an duine sin ciontach i gcion.

(2) Aon duine a chiontófar i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana nó fíneáil nach mó ná £50,000, nó iad araon, a chur air.”.

Dliteanas sibhialta na ndaoine lena mbaineann maidir le trádáil chalaoiseach nó mheargánta ag cuideachta.

138. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 297—

“297A.—(1) Más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh nó i gcúrsa imeachtaí faoi Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 , gur dealraitheach—

(a) go raibh aon duine, fad a bhí sé ina oifigeach don chuideachta, go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta; nó

(b) go raibh aon duine go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta le hintinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile nó chun aon chríche calaoisí;

féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón nglacadóir, ón scrúdaitheoir, ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, más cuí léi é sin a dhéanamh, a dhearbhú go mbeidh an duine sin freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, as fiacha nó as dliteanais eile go léir na cuideachta, nó as aon chuid díobh sin, de réir mar a ordóidh an chúirt.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) (a), measfar maidir le hoifigeach do chuideachta go raibh sé go feasach ina pháirtí i seoladh aon ghnó de chuid na cuideachta ar mhodh meargánta—

(a) má bhí sé ina pháirtí i seoladh an ghnó sin agus, ag féachaint don eolas ginearálta, don scil agus don taithí a bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún ó dhuine ina phost, gur cheart go mbeadh a fhios aige go mbeadh a chuid gníomhartha nó gníomhartha na cuideachta ina gcúis le caillteanas do chreidiúnaithe na cuideachta nó d'aon duine acu, nó

(b) má bhí sé ina pháirtí i dtabhú féich ag an gcuideachta agus nár chreid sé go macánta ar fhorais réasúnacha go mbeadh an chuideachta in ann an fiach a íoc nuair a bheadh sé dlite lena íoc maille lena cuid fiach eile go léir (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas).

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) féadfaidh an chúirt dearbhú a dheonú ar na forais atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt sin ar an gcoinníoll amháin—

(a) go mbaineann mír (a), (b) nó (c) d'alt 214 leis an gcuideachta lena mbaineann, agus

(b) gur tharla, de dhroim aon iompair a luaitear i bhfo-alt (1), gur bhain caillteanas nó damáiste d'iarratasóir ar dhearbhú den sórt sin, ar creidiúnaí nó rann íocóir den chuideachta é, nó d'aon duine a ndearnadh iarratas den sórt sin thar a cheann.

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu is cuí ordú a dhéanamh ar an bhforas atá leagtha amach i bhfo-alt (2) (b), díreoidh an chúirt a haird ar cibé acu ab eol don chreidiúnaí i gceist, an tráth a tabhaíodh an fiach, staid chúrsaí airgeadais na cuideachta agus, d'ainneoin an eolais sin, gur aontaigh sé, ar a shon sin, le tabhú an fhéich.

(5) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an t-iarratasóir féin fianaise a thabhairt nó glaoch ar fhinnéithe.

(6) I gcás gur dealraitheach don chúirt, maidir le haon duine a mbeidh dearbhú maidir leis iarrtha faoi fho-alt (1) (a), gur ghníomhaigh sé go macánta agus go freagrach i ndáil le cúrsaí na cuideachta a sheoladh nó le haon ábhar nó ábhair a n-iarrtar an dearbhú sin a dhéanamh ar a bhforas, féadfaidh an chúirt, ag féachaint d'imthosca uile an cháis, é a shaoradh go hiomlán nó go páirteach ó dhliteanas pearsanta ar cibé téarmaí is cuí léi.

(7) I gcás go ndéanfaidh an chúirt aon dearbhú den sórt sin, féadfaidh sí—

(a) cibé orduithe breise is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú sin, agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta, nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh aige féin nó dílsithe dó nó ag aon chuideachta nó duine, nó dílsithe d'aon chuideachta nó duine, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ón duine nó tríd an duine a bheidh faoi dhliteanas, nó ó aon chuideachta nó duine, nó trí aon chuideachta nó duine, a bheidh ag gníomhú thar a cheann, agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm:

(b) a shocrú go n-íocfar suimeanna a ghnóthófar faoin alt seo le cibé duine nó aicmí daoine, le haghaidh cibé críoch, i cibé méideanna nó comhréireanna ag cibé tráth nó tráthanna agus i cibé tosaíochtaí faoi seach onróidh an dearbhú sin.

(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) i ndáil le gnó cuideachta a sheoladh le linn tréimhse nuair a bheidh an chuideachta faoi chosaint na cúirte.

(9) Beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) d'ainneoin an duine a bhfuil an dearbhú iarrtha maidir leis faoi fho-alt (1) a bheith faoi dhliteanas coiriúil maidir leis na hábhair ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú sin le déanamh; nó

(b) d'ainneoin gur lasmuigh den Stát a tharla aon ábhar nó ábhair ar ar a fhoras nó ar ar a bhforas a bheidh an dearbhú faoi fho-alt (1) le déanamh.

(10) Chun críocha an ailt seo—

folaíonn ‘sannaí’ aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe an duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú, nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair a ndéantar an dearbhú ar a bhforas:

folaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí; agus

folaíonn ‘oifigeach’ aon iniúchóir, leachtaitheoir, glacadóir nó cúlstiúrthóir.”.

Cumhacht na cúirte ordú a thabhairt sócmhainní a aistríodh go míchuí a aischur.

139. —(1) Más rud é, ar iarratas ó leachtaitheoir, ó chreidiúnaí nó ó ranníocóir de chuid cuideachta atá á foirceannadh, gur féidir a thaispeáint chun sástacht na cúirte—

(a) gur diúscraíodh aon mhaoin de chuid na cuideachta d'aon chineál ar bith trí thíolacas, aistriú, morgáiste, urrús, iasacht, nó in aon tslí ar bith cibé acu le gníomh nó neamhghníomh go díreach nó go neamhdhíreach, agus

(b) gurbh é éifeacht na diúscartha sin calaois a dhéanamh ar an gcuideachta, ar a creidiúnaithe nó ar a comhaltaí.

féadfaidh an chúirt má mheasann sí é a bheith ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh a ordú d'aon duine ar dealraitheach go bhfuil úsáid, urlámhas nó seilbh na maoine sin, nó na fáltais ó dhíol nó forbairt na maoine sin, aige í a sheachadadh ar an leachtaitheoir, nó suim a íoc leis ina leith, ar cibé téarmaí nó coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon tíolacas, morgáiste, seachadadh earraí, íocaíocht, forghníomhú nó gníomh eile a bhaineann le maoin a rinne cuideachta lena mbaineann alt 286 (1) den Phríomh-Acht nó a rinneadh ina coinne.

(3) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoin alt seo, tabharfaidh an chúirt aird ar chearta na ndaoine a fuair leas, bona fide agus ar luach-chomaoin, sa mhaoin is ábhar don iarratas.

Féadfar a cheangal ar an gcuideachta ranníoc a dhéanamh i leith fiach cuideachtaí gaolmhara.

140. —(1) Ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir d'aon chuideachta atá á foirceannadh, féadfaidh an chúirt, más deimhin léi go bhfuil sé ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh, a ordú go n-íocfaidh aon chuideachta atá nó a bhí gaolmhar leis an gcuideachta atá á foirceannadh le leachtaitheoir na cuideachta sin méid a bheidh comhionann le hiomlán na bhfiach go léir, nó le cuid de na fiacha go léir, nó le haon fhiach de na fiacha, is inchruthaithe san fhoirceannadh sin. Féadfar aon ordú faoin alt a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(2) Nuair a bheifear ag cinneadh cibé acu atá nó nach bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1), tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas—

(a) a mhéid a ghlac an chuideachta ghaolmhar páirt i mbainistíocht na cuideachta atá á foirceannadh;

(b) iompar na cuideachta gaolmhaire i leith creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh;

(c) an éifeacht is dóigh a bheadh ag an ordú sin ar chreidiúnaithe na cuideachta gaolmhaire lena mbaineann.

(3) Ní dhéanfar aon ordú faoi fho-alt (1) mura deimhin leis an gcúirt go bhfuil na himthosca a bhí ina gcúis le foirceannadh na cuideachta inchurtha i leith ghníomhartha nó neamhghníomhartha na cuideachta gaolmhaire.

(4) D'ainneoin aon fhorála eile, ní bheidh sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más é an t-aon fhoras atá leis an ordú a dhéanamh—

(a) go bhfuil cuideachta gaolmhar le cuideachta eile, nó

(b) go raibh creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh ag brath air go bhfuil nó go raibh cuideachta eile gaolmhar leis an gcuideachta chéadluaite.

(5) Chun críocha an Achta seo, tá cuideachta gaolmhar le cuideachta eile—

(a) más í an chuideachta eile sin a cuideachta shealbhaíochta nó a fochuideachta; nó

(b) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil dá scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) i seilbh na cuideachta eile agus cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó

(c) má tá níos mó ná leath i luach ainmniúil de scairchaipiteal cothromais (mar a mhínítear in alt 155 (5) den Phríomh-Acht) gach cuideachta díobh i seilbh chomhaltaí an chinn eile (cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach ach seachas i gcáil mhuiníneach); nó

(d) má tá an chuideachta eile sin nó cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar leis an gcuideachta eile sin nó an chuideachta eile sin mar aon le cuideachta nó cuideachtaí atá gaolmhar léi i dteideal breis is leath den chumhacht vótála a fheidhmiú nó feidhmiú na coda sin a rialú ag aon chruinniú ginearálta de chuid na cuideachta; nó

(e) má bhí gnóthaí na gcuideachtaí á seoladh ar shlí nach bhfuil gnó ar leith gach cuideachta, nó cuid mhór den chéanna, inaitheanta go héasca; nó

(f) má tá cuideachta eile ann a bhfuil an dá chuideachta gaolmhar léi;

agus tá brí chomhréire le “cuideachta ghaolmhar”.

(6) Chun críocha an ailt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht a ndlífear é a fhoirceannadh faoi Achtanna na gCuideachtaí agus ciallaíonn “creidiúnaí” creidiúnaí amháin nó níos mó a bhfuil an chuideachta atá á foirceannadh breis is £10,000 san iomlán i bhfiacha aige nó acu.

(7) Má fhéachtar, le hiarratas ar ordú faoi fho-alt (1), a cheangal ar bhanc ceadúnaithe, de réir bhrí alt 25, ranníoc a dhéanamh i leith fiach cuideachta gaolmhaire, cuirfidh an t-iarratasóir cóip de gach iarratas den sórt sin chuig an mBanc Ceannais a bheidh i dteideal éisteacht a fháil ón gcúirt sula ndéanfar ordú.

Sócmhainní cuideachtaí gaolmhara a chomhthiomsú.

141. —(1) I gcás go bhfuil dhá chuideachta ghaolmhara nó níos mó á bhfoirceannadh agus gur deimhin leis an gcúirt ar iarratas ó leachtaitheoir aon cheann de na cuideachtaí go bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoin alt seo, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorchuirfidh an chúirt agus a mhéid a ordóidh sí, na cuideachtaí a fhoirceannadh le chéile amhail is dá mba chuideachta amháin iad, agus, faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh éifeacht leis an ordú agus beidh feidhm ag forálacha uile na Coda seo agus Chuid VI den Phríomh-Acht dá réir sin.

(2) Nuair a bheifear ag cinneadh téarmaí agus coinníollacha ordaithe faoin alt seo tabharfaidh an chúirt aird shonrach ar leasanna na ndaoine sin ar comhaltaí iad de roinnt de na cuideachtaí ach nach comhaltaí iad díobh go léir.

(3) I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú faoi fho-alt (1)—

(a) féadfaidh an chúirt aon leachtaitheoir ar aon chuideachta de na cuideachtaí a chur as oifig agus aon duine a cheapadh chun gníomhú mar leachtaitheoir d'aon chuideachta amháin nó níos mó de na cuideachtaí;

(b) féadfaidh an chúirt cibé ordacháin a thabhairt is cuí léi chun éifeacht a thabhairt don ordú;

(c) ní dhéanfaidh aon ní san alt seo ná san ordú difear do chearta aon chreidiúnaí urraithe d'aon cheann de na cuideachtaí;

(d) fiacha cuideachta a bheidh le híoc i dtosaíocht ar gach fiach eile de chuid na cuideachta de bhun alt 285 den Phríomh-Acht, beidh siad, sa mhéid nach n-íocfar iad as sócmhainní na cuideachta sin, faoi réir na n-éileamh ó bhintiúraigh faoi aon mhuirear foluaineach (mar a mhínítear san alt sin) a bhunaigh aon cheann de na cuideachtaí eile;

(e) mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt, beidh éilimh chreidiúnaithe neamhurraithe uile na gcuideachtaí ar chomhchéim lena chéile.

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) tabharfaidh an chúirt aird ar na nithe seo a leanas—

(a) a mhéid a ghlac aon cheann de na cuideachtaí páirt i mbainistíocht aon cheann de na cuideachtaí eile;

(b) iompar aon cheann de na cuideachtaí i leith creidiúnaithe aon cheann de na cuideachtaí eile;

(c) a mhéid atá na himthosca ba chúis le foirceannadh aon cheann de na cuideachtaí inchurtha i leith gníomhartha nó neamhghníomhartha aon cheann de na cuideachtaí eile;

(d) a mhéid atá gnóthaí na gcuideachtaí measctha lena chéile.

(5) D'ainneoin aon fhorála eile, ní bheidh sé ceart agus cothromasach ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) más é an t-aon fhoras atá leis an ordú a dhéanamh—

(a) go bhfuil cuideachta gaolmhar le cuideachta eile, nó

(b) go raibh creidiúnaithe na cuideachta atá á foirceannadh ag brath air go bhfuil nó go raibh cuideachta eile gaolmhar leis an gcuideachta chéadluaite.

(6) Seirbheálfar fógra i dtaobh iarratais chun na cúirte chun críocha an ailt seo ar gach cuideachta a bheidh sonraithe san iarratas, agus ar cibé daoine eile a ordóidh an chúirt, tráth nach déanaí ná an t-ochtú lá roimh an lá a n-éistfear an t-iarratas.

Leasú ar alt 298 den Phríomh-Acht.

142. —Leasaítear an Príomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 298—

“298.—(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh, gur dealraitheach go ndearna aon duine a ghlac páirt i bhfoirmiú nó i dtionscnamh na cuideachta, nó aon iaroifigeach, iarleachtaitheoir, iarghlacadóir nó iarscrúdaitheoir, nó aon oifigeach, leachtaitheoir, glacadóir nó scrúdaitheoir láithreach don chuideachta, aon airgead nó maoin de chuid na cuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó chun bheith cuntasach ina leith nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú eile dualgais nó iontaoibhe i ndáil leis an gcuideachta.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir, iompar an tionscnóra, an oifigigh, an leachtaitheora, an ghlacadóra nó an scrúdaitheora a scrúdú agus iallach a chur air—

(a) an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó

(b) cibé suim is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na cuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú eile dualgais nó iontaoibhe.

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin an cion a bheith ina chion a bhféadfadh an ciontóir a bheith faoi dhliteanas coiriúil ina leith.”.

Leasú ar alt 299 den Phríomh-Acht.

143. —Leasaítear alt 299 den Phríomh-Acht leis seo tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) Más dealraitheach don chúirt, i gcúrsa foirceannadh ag an gcúirt, go raibh aon iaroifigeach nó aon oifigeach láithreach, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach i gcion i ndáil leis an gcuideachta a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas san fhoirceannadh nó as a treoir féin, a ordú don leachtaitheoir an t-ábhar a chur faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí agus i gcás den sórt sin tabharfaidh an leachtaitheoir don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé faisnéis, cibé rochtain ar aon doiciméid agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a imscrúdú agus aon chóipeanna a dhéanamh díobh, a theastóidh ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, is é sin faisnéis nó doiciméid a bheidh i seilbh nó faoi urlámhas an leachtaitheora agus a bhaineann leis an ábhar i gceist.”

Dualgas leachtaitheoirí agus glacadóirí faisnéis áirithe a chur isteach i dtuairisceáin etc.

144. —(1) I gcás go mbeidh sé d'oibleagáid ar ghlacadóir nó leachtaitheoir cuideachta, le hAchtanna na gCuideachtaí, cuntas, achomaireacht, ráiteas nó tuairisceán tréimhsiúil a thabhairt i ndáil lena ghníomhaíochtaí mar ghlacadóir nó leachtaitheoir, cuirfidh sé tuairisc isteach sa chuntas, san achomaireacht, sa ráiteas nó sa tuairisceán sin á rá, maidir le haon iarstiúrthóir nó stiúrthóir láithreach nó le hoifigeach eile don chuideachta, nó le haon chomhalta di, cibé acu, ar dháta an chuntais, na hachomaireachta, an ráitis, nó an tuairisceáin sin, ar duine é—

(a) a bhfuil dearbhú déanta ina leith faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí gur chóir é bheith faoi dhliteanas pearsanta i leith fiach uile cuideachta, nó aon chuid dá fiacha,

(b) atá, nó a mheastar a bheith, faoi réir ordaithe dícháilíochta faoi Chuid VII.

(2) Beidh glacadóir nó leachtaitheoir a sháraíonn fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air.

Pionós mar gheall ar mhainneachtain glacadóra nó leachtaitheora cuntais agus tuairisceáin áirithe a thabhairt.

145. —(1) I gcás go ndéanfaidh glacadóir nó leachtaitheoir mainneachtain i ndáil le cuntas, achomaireacht, ráiteas nó tuairisceán tréimhsiúil a thabhairt nó a chomhdú de bhun aon fhorála d'Achtanna na gCuideachtaí beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air;

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £10,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air.

(2) Duine a chiontófar i gcion faoi aon fhoráil de na forálacha seo a leanas, eadhon, alt 262, 272, 306, 319 (2) nó 321 den Phríomh-Acht, dlífear, in ionad an phionóis a fhoráiltear in aon alt acu sin (arna mhéadú le halt 15 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ), na pionóis a shonraítear i bhfo-alt (1) a chur air.

Forálacha Forlíontacha

Dícháilíocht le haghaidh ceapacháin mar leachtaitheoir.

146. —Leasaítear an Príomh-Acht leis seo tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 300—

“300A.—(1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar chuideachta—

(a) duine atá, nó a bhí laistigh de 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta;

(b) ach amháin le cead na cúirte, tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chuideachta;

(c) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó ag seirbhíseach don chuideachta;

(d) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo chun a cheaptha ina leachtaitheoir ar aon chomhlacht corpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin, é nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe.

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach don chuideachta tagairtí d'iniúchóir.

(2) Beidh cibé fianaise a éileoidh an chúirt ina thacaíocht le hiarratas ar chead faoi fho-alt (1) (b).

(3) Má thagann leachtaitheoir chun bheith dícháilithe de bhua an ailt seo fágfaidh sé a oifig air sin agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn laistigh de 14 lá—

(a) don chúirt i bhfoirceannadh cúirte,

(b) don chuideachta i bhfoirceannadh toilteanach ag comhaltaí,

(c) don chuideachta agus do na creidiúnaithe i bhfoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

á rá go bhfuil a oifig fágtha aige de bharr na dícháilíochta sin.

(4) Aon duine a ghníomhaíonn mar leachtaitheoir agus é dhícháilithe leis an alt seo ó ghníomhú amhlaidh nó a mhainneoidh fo-alt (3) a chomhlíonadh, i gcás an fo-alt sin a bheith infheidhme maidir leis, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air:

(b) ar é a chiontú ar díotáil fíneáil £10,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le foirceannadh a thosaigh roimh thosach feidhme alt 146 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 .”

Leas a nochtadh ag creidiúnaithe etc. ag cruinnithe creidiúnaithe.

147. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 301—

“301A.—(1) Más rud é, ag cruinniú creidiúnaithe, go ndéanfar rún a mholadh chun leachtaitheoir a cheapadh, déanfaidh aon chreidiúnaí a bhfuil baint aige leis an leachtaitheoir molta, sula gcuirfear an rún, an bhaint sin a chur in iúl do chathaoirleach an chruinnithe agus nochtfaidh seisean an fíoras sin don chruinniú, mar aon le sonraí faoi.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) freisin maidir le haon duine ag an gcruinniú is ionadaí do chreidiúnaí agus a bheidh i dteideal vótáil ar an rún thar a cheann.

(3) I gcás aon bhaint den sórt atá luaite i bhfo-alt (1) a bheith ag cathaoirleach ar chruinniú creidiúnaithe, nochtfaidh sé an fíoras sin don chruinniú mar aon le sonraí faoi.

(4) Chun críocha an ailt seo, tá baint ag duine le leachtaitheoir molta—

(a) más tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh den leachtaitheoir molta é, nó

(b) má tá sé fostaithe ag an leachtaitheoir molta nó más comhpháirtí de é.

(5) Dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur ar dhuine a mhainníonn an t-alt seo a chomhlíonadh.

(6) I bhfeidhmiú a dlínse di faoi alt 267 (2) nó 272 (2) (a bhaineann le leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig) féadfaidh an chúirt aird a thabhairt ar aon mhainneachtain an t-alt seo a chomhlíonadh.”

Cumhacht na cúirte a leathnú chun damáistí in aghaidh stiúrthóirí a mheasúnú.

148. —(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) más rud é, i gcúrsa cuideachta a fhoirceannadh ar fochuideachta do chuideachta eile í, gur dealraitheach go ndearna aon stiúrthóir ar chuideachta shealbhaíochta na fochuideachta aon airgead nó maoin de chuid na fochuideachta a chur chun mífheidhme nó a choinneáil, nó gur tháinig sé faoi dhliteanas nó chun bheith cuntasach ina leith, nó go raibh sé ciontach in aon mhíghníomh nó sárú eile dualgais nó iontaoibhe maidir leis an bhfochuideachta.

(2) Féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na fochuideachta, iompar an stiúrthóra áirithe a scrúdú agus iallach a chur air—

(a) an t-airgead nó an mhaoin nó aon chuid den airgead nó den mhaoin faoi seach a aisíoc nó a thabhairt ar ais le hús ar cibé ráta is cóir leis an gcúirt, nó

(b) cibé suim is cóir leis an gcúirt a ranníoc le sócmhainní na fochuideachta mar chúiteamh sa chur chun mífheidhme, sa choinneáil, sa mhíghníomh nó sa sárú eile dualgais nó iontaoibhe.

CUID VII

Dícháilíochtaí agus Srianta: Stiúrthóirí agus Oifigigh Eile

Caibidil I

Srian ar Stiúrthóirí Cuideachtaí Dócmhainneacha

Feidhm Chaibidil I.

149. —(1) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon chuideachta más rud é—

(a) go gcruthaítear don chúirt ar dháta thosach a foirceanta, nó

(b) go ndearbhaíonn leachtaitheoir na cuideachta nó go gcruthaítear ar shlí eile don chúirt, tráth ar bith le linn a foirceanta,

nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc (de réir bhrí alt 214 den Phríomh-Acht).

(2) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le haon duine is stiúrthóir cuideachta lena mbaineann an t-alt seo ar dháta thosach a foirceanta nó laistigh de 12 mhí roimh an tosach sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cuideachta a dtosaítear ar í a fhoirceannadh roimh thosach feidhme an ailt seo.

(4) Sa Chaibidil seo folaíonn “cuideachta” cuideachta lena mbaineann alt 351 den Phríomh-Acht.

(5) Beidh feidhm ag an gCaibidil seo maidir le cúlstiúrthóirí mar atá feidhm aici maidir le stiúrthóirí.

Srian.

150. —(1) Dearbhóidh an chúirt, mura mbeidh sí deimhin de i dtaca le haon ní de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2), nach ndéanfar, ar feadh tréimhse cúig bliana, duine lena mbaineann an Chaibidil seo a cheapadh ná nach ngníomhóidh sé ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, mar stiúrthóir nó mar rúnaí ar aon chuideachta, ná nach mbeidh baint ná páirt aige i dtionscnamh ná i bhfoirmiú aon chuideachta, mura gcomhlíonann an chuideachta na ceanglais atá leagtha amach i bhfo-alt (3); agus sna forálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo forléireofar an abairt “duine lena mbaineann alt 150” mar thagairt do dhuine a ndearnadh dearbhú den sórt sin maidir leis.

(2) Is iad na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) gur ghníomhaigh an duine lena mbaineann go macánta agus go freagrach i ndáil le stiúradh chúrsaí na cuideachta agus nach bhfuil aon chúis eile ann go mbeadh sé ceart agus cothromasach é bheith faoi réir na srianta a fhorchuirtear leis an alt seo, nó

(b) faoi réir mhír (a), go raibh an duine lena mbaineann ina stiúrthóir ar an gcuideachta de bhíthin amháin gur ainmníodh é mar stiúrthóir ag foras airgeadais i dtaca leis an bhforas sin do thabhairt saoráidí creidmheasa don chuideachta, ar choinníoll nach bhfuair an foras i gceist ó aon stiúrthóir de chuid na cuideachta aon ráthaíocht phearsanta nó aonair go n-aisíocfaí leis na hiasachtaí nó na cineálacha eile creidmheasa a airleacadh don chuideachta, nó

(c) faoi réir mhír (a), go raibh an duine lena mbaineann ina stiúrthóir ar an gcuideachta de bhíthin amháin gur ainmníodh é mar stiúrthóir ag cuideachta chaipitil fiontair i dtaca le ceannach scaireanna nó suibscríobh le haghaidh scaireanna aici sa chuideachta chéadluaite.

(3) Is iad na ceanglais a shonraítear i bhfo-alt (1)—

(a) gurb é a bheidh i luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta—

(i) i gcás cuideachta poiblí teoranta, £100,000 ar a laghad,

(ii) i gcás aon chuideachta eile, £20,000 ar a laghad,

(b) go mbeidh gach scair leithroinnte suas go dtí méid comhiomlán nach lú ná an méid dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (a), de réir mar a bheidh, láníoctha, lena n-áirítear iomlán aon phréimhe uirthi, agus

(c) go n-íocfar as gach scair leithroinnte den sórt sin agus iomlán aon phréimhe uirthi in airgead tirim.

(4) I gcás go ndéanfaidh cúirt dearbhú faoi fho-alt (1), cuirfidh oifigeach forordaithe de chuid na cúirte faoi deara go soláthrófar sonraí forordaithe den dearbhú do chláraitheoir na gcuideachtaí i cibé foirm agus modh a bheidh forordaithe.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “foras airgeadais”—

(a) banc ceadúnaithe de réir bhrí alt 25, nó

(b) cuideachta a bhfolaíonn a gnáthghnó iasachtaí a thabhairt nó ráthaíochtaí a thabhairt i dtaca le hiasachtaí, agus

ciallaíonn “cuideachta chaipitil fiontair” cuideachta atá forordaithe ag an Aire arb é a gnáthghnó go príomha infheistíochtaí scaire a dhéanamh.

Dualgas an leachtaitheora faoin gCaibidil seo.

151. —(1) I gcás gur dealraitheach do leachtaitheoir cuideachta lena mbaineann an Chaibidil seo go bhféadfaí leasanna aon chuideachta eile nó a creidiúnaithe a chur i gcontúirt de dheasca na nithe iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (2) cuirfidh an leachtaitheoir a thuairim in iúl láithreach don chúirt agus féadfaidh an chúirt, ar an tuarascáil sin a fháil, cibé ordú is cuí léi a dhéanamh.

(2) Is iad na nithe iomchuí ná go bhfuil duine lena mbaineann alt 150 ceaptha nó ag gníomhú ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, mar stiúrthóir nó go bhfuil baint nó páirt aige i dtionscnamh nó i bhfoirmiú cibé cuideachta eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(3) Beidh aon leachtaitheoir a sháraíonn fo-alt (1) ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air.

Faoiseamh.

152. —(1) Féadfaidh duine lena mbaineann alt 150, laistigh de bhliain amháin ar a mhéid tar éis dearbhú a bheith déanta maidir leis faoin alt sin, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh, go hiomlán nó go páirteach, ó na srianta dá dtagraítear san alt sin nó ó aon ordú a rinneadh i ndáil leis faoi alt 151 agus féadfaidh an chúirt má mheasann sí é a bheith ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh an faoiseamh sin a dheonú ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(2) I gcás go mbeartaítear iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh faoi fho-alt (1) tabharfaidh an t-iarratasóir fógra 14 lá ar a laghad faoina bhfuil ar intinn aige do leachtaitheoir (más ann) na cuideachta arbh í a dócmhainneacht faoi deara dó a bheith faoi réir na Caibidle seo.

(3) Ar fhógra a fháil faoi fho-alt (2), cuirfidh an leachtaitheoir in iúl láithreach do na creidiúnaithe agus do na ranníocóirí sin de chuid na cuideachta a bheidh curtha in iúl dó, nó a mbeidh sé faighte amach aige cé hiad, go bhfuair sé fógra den sórt sin.

(4) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo féadfaidh an leachtaitheoir nó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, arbh í a dócmhainneacht faoi deara don iarratasóir a bheith faoi réir na Caibidle seo, láithriú agus fianaise a thabhairt.

(5) Beidh aon leachtaitheoir a sháraíonn fo-alt (3) ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air.

Clár de dhaoine srianta.

153. —(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir, faoi réir fhorálacha an ailt seo, clár de na sonraí a bheidh curtha in iúl dó faoi alt 150, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo maidir le coimeád cláir den chineál sin.

(2) I gcás go ndeonóidh an chúirt páirtfhaoiseamh do dhuine faoi alt 152 cuirfidh oifigeach forordaithe de chuid na cúirte faoi deara go soláthrófar sonraí forordaithe i dtaobh an fhaoisimh don chláraitheoir agus taifeadfaidh an cláraitheoir na sonraí, a luaithe is féidir, ar an gclár dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) I gcás go ndeonóidh an chúirt lánfhaoiseamh do dhuine faoi alt 152 cuirfidh oifigeach forordaithe de chuid na cúirte faoi deara é sin a chur in iúl don chláraitheoir agus déanfaidh an cláraitheoir, a luaithe is féidir, sonraí i dtaobh aon duine den sórt sin a bhaint den chlár dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(4) Bainfidh an cláraitheoir aon sonraí i ndáil le duine den chlár freisin ar chúig bliana a bheith caite ó dháta an dearbhaithe lena mbaineann an fógra bunaidh faoi alt 150.

(5) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gcláraitheoir an clár a éilítear leis an alt seo a choimeád mar chuid d'aon chóras eile aicmiúcháin, cibé acu de bhun alt 247 nó ar shlí eile.

Feidhm na Caibidle seo maidir le glacadóirí.

154. —Má cheaptar glacadóir ar mhaoin chuideachta beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo, fara na modhnuithe is gá, amhail is dá bhforléireofaí na tagairtí inti don leachtaitheoir agus d'fhoirceannadh mar thagairtí don ghlacadóir agus do ghlacadóireacht.

Srianta ar chuideachta lena mbaineann alt 150 (3).

155. —(1) Baineann an t-alt seo le haon chuideachta a gceaptar duine is ábhar do dhearbhú faoi alt 150 i ndáil léi nó a ngníomhaíonn sé ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, mar stiúrthóir nó mar rúnaí i ndáil léi, nó a bhfuil baint nó páirt aige i dtionscnamh nó i bhfoirmiú na cuideachta sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) go (11) d'alt 60 den Phríomh-Acht maidir le haon chuideachta lena mbaineann an t-alt seo.

(3) Beidh feidhm ag ailt 32 go 36 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , fara na modhnuithe is gá, maidir le haon chuideachta lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba chuideachta phoiblí theoranta an chuideachta ionas, áfach, go mbeidh, chun críocha an fho-ailt seo, feidhm ag na hailt sin amhail is—

(a) dá scriosfaí na focail “le linn na tréimhse tosaigh” i bhfo-alt (1) d'alt 32;

(b) dá scriosfaí aon tagairt eile in aon cheann de na hailt sin do “tréimhse tosaigh”; agus

(c) dá ndéanfaí na focail “duine iomchuí” i bhfo-alt (2) d'alt 32 a mhíniú le go gciallóidís “aon sínitheoir leis an meabhrán, aon stiúrthóir nó aon duine a bhfuil baint aige le tionscnamh nó foirmiú na cuideachta”.

(4) Gan dochar d'alt 39, ní bheidh feidhm ag ailt 32 agus 37 maidir le haon chuideachta lena mbaineann fo-alt (1).

(5) Ó dháta dearbhaithe faoi alt 150 ní ghlacfaidh duine, a ndearnadh an dearbhú maidir leis, le ceapachán chun poist ná ní ghníomhóidh sé ar aon mhodh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo i ndáil le cuideachta mura rud é, laistigh den 14 lá díreach roimh cheapachán den sórt sin, nó roimh ghníomhú amhlaidh, go mbeidh fógra curtha aige chuig oifig chláraithe na cuideachta á rá gur duine é lena mbaineann alt 150.

Ceanglais maidir le scaireanna a leithroinnfidh cuideachta lena mbaineann alt 155.

156. —(1) I gcás go leithroinnfidh cuideachta lena mbaineann alt 155 scair nach bhfuil láníoctha mar a cheanglaítear le halt 150 (3) (b), déileálfar leis an scair amhail is dá mbeifí tar éis a luach ainmniúil, mar aon le hiomlán aon phréimhe, a fháil ach dlífear ar an leithroinní an méid iomlán ba cheart a bheith faighte maidir leis an scair faoin bhfo-alt sin a íoc in airgead tirim leis an gcuideachta lúide luach aon chomaoine a cuireadh i bhfeidhm go hiarbhír in íoc (go feadh aon mhéid) na scaire agus aon phréimhe uirthi, agus ús de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(2) I gcás go leithroinnfidh cuideachta lena mbaineann alt 155 scair nach bhfuil íoctha aisti go hiomlán in airgead tirim mar a cheanglaítear le halt 150 (3) (c), dlífear ar leithroinní na scaire méid is comhionann lena luach ainmniúil a íoc in airgead tirim leis an gcuideachta, mar aon le hiomlán aon phréimhe, agus dlífear air ús a íoc de réir an ráta iomchuí ar an méid is iníoctha faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le scair bhónais a leithroinnt nach mbeidh láníoctha mar a cheanglaítear le halt 150 (3) (b) murarbh eol don leithroinní nó murar cheart gurbh eol dó go raibh an scair leithroinnte amhlaidh.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le scaireanna a leithroinnfear de bhun scair-scéime fostaithe de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .

(5) San alt seo tá le “an ráta iomchuí” an bhrí a-shanntar dó le halt 2 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .

(6) Beidh feidhm ag alt 26 (4) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , chun críocha an ailt seo mar atá feidhm aige chun críocha an ailt sin.

Faoiseamh do chuideachta maidir le hidirbhearta toirmiscthe.

157. —(1) Féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é bheith ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh, faoiseamh a thabhairt do chuideachta lena mbaineann alt 155 maidir le haon ghníomh nó neamhghníomh a sháraigh, de bhua an ailt sin, foráil d'Achtanna na gCuideachtaí, nó d'aon duine a ndearnadh dochar dó dá bharr, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt lena n-áirítear díolúine ó aon fhoráil den sórt sin.

(2) Ní thabharfar faoiseamh don chuideachta i gcás gur chomhlíon an duine dá dtagraítear in alt 155 (1) fo-alt (5) den alt sin.

Cumhacht chun na méideanna a luaitear in alt 150 (3) a athrú.

158. —Féadfaidh an tAire, le hordú, na méideanna a luaitear in alt 150 (3) (a) a athrú agus féadfaidh an t-ordú—

(a) a cheangal ar aon chuideachta lena mbaineann an t-alt sin a bhfuil scairchaipiteal leithroinnte aici ar lú a luach ainmniúil ná an méid a bheidh sonraithe san ordú, an luach a mhéadú go dtí méid nach lú ná an méid sin;

(b) foráil a dhéanamh, i ndáil le haon cheanglas den sórt sin, i dtaobh aon cheann de na nithe dá ndéantar foráil in Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le clárú, athchlárú, athrú ainm, foirceannadh nó díscaoileadh cuideachta, íocaíocht as aon scair a chuimsítear i gcaipiteal cuideachta agus tairiscintí scaireanna i gcuideachta nó bintiúr de chuid cuideachta don phobal, lena n-áirítear foráil maidir leis na hiarmhairtí (cibé acu sa dlí coiriúil nó ar shlí eile) i gcás go mainnítear aon cheanglas den ordú a chomhlíonadh. agus

(c) cibé forálacha forlíontacha agus idirthréimhseacha a bheith ann is iomchuí leis an Aire, méideanna éagsúla a shonrú i ndáil le cuideachtaí d'aicmí nó de thuairiscí éagsúla agus, go háirithe, féadfaidh sé foráil a dhéanamh go dtiocfaidh aon fhoráil de chuid an ordaithe i ngníomh ar laethanta éagsúla chun críocha éagsúla.

Caibidil 2

Dícháilíocht i gCoitinne

Léiriú ar Chaibidlí 2 agus 3.

159. —Sa Chaibidil seo agus i gCaibidil 3 ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

folaíonn “cuideachta” gach cuideachta agus gach comhlacht cibé acu corpraithe nó neamhchorpraithe a fhéadfar a fhoirceannadh faoi Chuid X den Phríomh-Acht agus, gan dochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, folaíonn sí cara-chumann de réir bhrí Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977;

ciallaíonn “an chúirt” an Ard-Chúirt ach amháin i ndáil le hordú dícháilíochta arna dhéanamh ag cúirt as a treoir féin faoi alt 160 (2), mír (a), (b), (c) (d) nó (f), agus sa chás sin folaíonn sé cúirt ar bith;

ciallaíonn “ordú mainneachtana” ordú arna dhéanamh in aghaidh aon duine faoi alt 371 den Phríomh-Acht de bhua aon cheanglas iomchuí a shárú nó aon mhainneachtain é a chomhlíonadh (cibé acu aige féin nó ag aon chuideachta);

ciallaíonn “ordú dícháilíochta”—

(a) ordú faoin gCuid seo nach gceapfar an duine a ndéanfar an t-ordú ina aghaidh ná nach ngníomhóidh sé mar iniúchóir, stiúrthóir ná oifigeach eile, ná mar ghlacadóir, leachtaitheoir ná scrúdaitheoir eile nó nach mbeidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, i dtionscnamh, i bhfoirmiú nó i mbainistíocht aon chuideachta, nó aon chumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, nó

(b) ordú faoi alt 184 den Phríomh-Acht;

folaíonn “oifigeach” i ndáil le haon chuideachta, aon stiúrthóir, cúlstiúrthóir nó rúnaí de chuid na cuideachta;

ciallaíonn “ceanglas iomchuí” aon fhoráil de chuid Achtanna na gCuideachtaí (lena n-áirítear foráil a aisghairtear leis an Acht seo) lena gceanglaítear nó lenar ceanglaíodh aon tuairisceán, cuntas nó doiciméad eile a chomhdú le cláraitheoir na gcuideachtaí, a sheachadadh air nó a chur chuige nó fógra faoi aon ní a thabhairt dó.

Daoine áirithe a dhícháiliú chun gníomhú mar stiúrthóirí nó iniúchóirí ar chuideachtaí nó chun iad a bhainistiú.

160. —(1) I gcás duine a chiontú ar díotáil in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó lena mbaineann calaois nó mímhacántacht, ansin ar feadh na tréimhse cúig bliana ó dháta an chiontaithe nó ar feadh cibé tréimhse eile a ordóidh an chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis—

(a) ní cheapfar é ná ní ghníomhóidh sé mar iniúchóir, stiúrthóir ná oifigeach eile, ná mar ghlacadóir, leachtaitheoir ná scrúdaitheoir ná ní bheidh baint ná páirt aige ar bhealach ar bith cibé acu go díreach ná go neamhdhíreach le tionscnamh, foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta nó aon chumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978;

(b) measfar é a bheith, chun críocha an Achta seo, faoi réir ordaithe dícháilíochta ar feadh na tréimhse sin.

(2) I gcás gur deimhin leis an gcúirt in aon imeachtaí nó de bharr iarratais faoin alt seo—

(a) go raibh duine ciontach, le linn dó a bheith ina thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir de chuid cuideachta, in aon chalaois i ndáil leis an gcuideachta, a comhaltaí nó a creidiúnaithe; nó

(b) go raibh duine ciontach, le linn dó a bheith ina thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir de chuid cuideachta, in aon sárú ar a dhualgas mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir den sórt sin; nó

(c) gur deonaíodh dearbhú faoi alt 297A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 138 den Acht seo) maidir le duine; nó

(d) go bhfágann iompar aon duine mar thionscnóir, oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir cuideachta, mí-oiriúnach é le baint a bheith aige le bainistíocht cuideachta; nó

(e) de dhroim tuairisceáin ó chigirí a cheap an chúirt nó an tAire faoi Achtanna na gCuideachtaí, go bhfágann iompar aon duine mí-oiriúnach é le baint a bheith aige le bainistíocht cuideachta; nó

(f) go ndearna duine mainneachtain go rialta i ndáil leis na ceanglais iomchuí;

féadfaidh an chúirt, as a treoir féin, nó de bharr an iarratais, ordú dícháilíochta a dhéanamh in aghaidh duine den sórt sin ar feadh cibé tréimhse is cuí léi.

(3) (a) Chun críocha fho-alt (2) (f) féadfar a chruthú go dochloíte go ndearna duine mainneachtain go rialta i ndáil leis na ceanglais iomchuí (gan dochar dá chruthúnas sin in aon slí eile) trína shuíomh gur breithníodh ciontach é (cibé acu ar an ócáid chéanna nó nach ea) i dtrí mhainneachtain nó níos mó i ndáil leis na ceanglais sin sna cúig bliana dar chríoch dáta an iarratais.

(b) Déileálfar le duine mar dhuine a breithníodh ciontach i mainneachtain i ndáil le ceanglas iomchuí chun críocha an fho-ailt seo má chiontaítear in aon chion é arb é atá ann sárú ar cheanglas iomchuí nó má dhéantar ordú mainneachtana ina aghaidh.

(4) Féadfaidh siad seo a leanas iarratas a dhéanamh faoi mhír (a), (b), (c) nó (d) d'fho-alt (2)—

(a) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí; nó

(b) aon chomhalta, ranníocóir, oifigeach, fostaí, glacadóir, leachtaitheoir, scrúdaitheoir nó creidiúnaí d'aon chuideachta a raibh nó a bhfuil an duine is ábhar don iarratas—

(i) ag gníomhú, nó ag beartú gníomhú, i ndáil léi nó á mholadh chun gníomhú i ndáil léi, mar oifigeach, iniúchóir, glacadóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir, nó

(ii) bainteach nó pairteach, nó ag beartú bheith bainteach nó páirteach, i ndáil léi, le tionscnamh, foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta,

agus i gcás gur comhalta, ranníocóir, fostaí nó creidiúnaí de chuid na cuideachta a dhéanfaidh an t-iarratas, féadfaidh an chúirt urrús a éileamh le haghaidh costais uile an iarratais nó le haghaidh cuid díobh.

(5) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí iarratas a dhéanamh faoi mhír (e) d'fho-alt (2).

(6) Féadfaidh siad seo a leanas iarratas a dhéanamh faoi mhír (f) d'fho-alt (2)—

(a) an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí; nó

(b) cláraitheoir na gcuideachtaí.

(7) I gcás go mbeartaítear iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (2) maidir le haon duine, tabharfaidh an t-iarratasóir don duine sin fógra deich lá ar a laghad faoina bhfuil á bheartú aige.

(8) Aon duine atá, nó a mheastar a bheith, faoi réir ordaithe dícháilíochta de bhua na Coda seo, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar fhaoiseamh, go hiomlán nó go páirteach, ón dícháilíocht sin agus féadfaidh an chúirt, má mheasann sí é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, an faoiseamh sin a thabhairt ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(9) Féadfar ordú dícháilíochta a dhéanamh ar fhorais ar nithe iad, nó a fholaíonn nithe, seachas ciontuithe coiriúla d'ainneoin go bhféadfadh an duine a bhfuil an t-ordú le déanamh ina leith a bheith faoi dhliteanas go coiriúil maidir leis na nithe sin.

(10) Forléireofar tagairt in aon achtachán eile d'alt 184 den Phríomh-Acht mar thagairt a fholaíonn tagairt don alt seo.

Caibidil 3

Cur i bhfeidhm

Pionós mar gheall ar ghníomhú contrártha d'fhorálacha Chaibidil 1 nó 2.

161. —(1) Aon duine a ghníomhaíonn, i ndáil le haon chuideachta, ar mhodh nó i gcáil a bheidh toirmiscthe air de bhua gur duine é lena mbaineann alt 150 nó gur duine é, nó go meastar gur duine é, atá faoi réir ordaithe dícháilíochta, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) measfar é bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta ó dháta an chiontaithe sin mura raibh sé, nó murar measadh go raibh sé, faoi réir ordaithe den sórt sin ar an dáta sin.

(3) I gcás duine a ciontaíodh i gcion faoi fho-alt (1) a bheith, nó gur measadh é a bheith, faoi réir ordaithe dícháilíochta go díreach roimh dháta an chiontaithe sin, fadófar an tréimhse a, raibh sé dícháilithe ina leith go ceann tréimhse breise deich mbliana ón dáta sin nó go ceann cibé tréimhse breise eile a ordóidh an chúirt ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(4) Ní bhainfidh alt 160 (8) le duine a chiontófar i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) Más rud é—

(a) maidir le duine lena mbaineann alt 150, gur stiúrthóir ar chuideachta é, nó go dtagann sé chun bheith ina stiúrthóir ar chuideachta, a dtosaítear á foirceannadh laistigh den tréimhse 5 bliana tar éis dháta thosach fhoirceannadh na cuideachta a raibh a dócmhainneacht ina cúis le feidhmiú an ailt sin maidir leis; agus

(b) gur dealraitheach do leachtaitheoir na cuideachta céadluaite nach bhfuil an chuideachta sin, ar dháta thosach a fhoirceanta nó ag aon tráth le linn a foirceanta, in ann a fiacha a íoc;

tabharfaidh an leachtaitheoir tuarascáil ar na nithe sin don chúirt agus féadfaidh an chúirt, ar an tuarascáil a fháil agus más cuí léi déanamh amhlaidh, ordú dícháilíochta a dhéanamh in aghaidh an duine sin ar feadh cibé tréimhse is cuí léi.

(6) Má mhainníonn an leachtaitheoir fo-alt (5) a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Tréimhse an ordaithe dícháilíochta a measfar duine a bheith faoina réir.

162. —I gcás go measfar duine, de bharr é a chiontú i gcion faoin gCaibidil seo, a bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta, measfar é a bheith faoina réir amhlaidh go ceann tréimhse cúig bliana ó dháta an chiontaithe sin nó cibé tréimhse eile a ordóidh an chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

larmhairtí sibhialta mar gheall ar ghníomhú contrártha d'fhorálacha Chaibidil l nó 2.

163. —(1) Bainfidh fo-ailt (2) agus (3) le haon duine a ghníomhaíonn, i ndáil le cuideachta, ar mhodh nó i gcáil a bheidh toirmiscthe air de bhua gur duine é lena mbaineann alt 150 nó gur duine é. nó go meastar gur duine é, atá faoi réir ordaithe dícháilíochta.

(2) I gcás go dtabharfaidh cuideachta, nó go dtabharfar thar a ceann, aon chomaoin as gníomh a rinne, nó as seirbhís a thug, duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) fad a bhí sé ag gníomhú ar mhodh nó i gcáil a thuairiscítear san fho-alt sin, beidh an chuideachta i dteideal an chomaoin nó méid is ionann agus a luach a ghnóthú uaidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Más rud é—

(a) go ngníomhoidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i ndáil le cuideachta, ar mhodh nó i gcáil a thuairiscítear san fho-alt sin, agus

(b) go dtosaítear ar an gcuideachta lena mbaineann a fhoirceannadh—

(i) fad atá sé ag gníomhú ar mhodh nó i gcáil den sórt sin, nó

(ii) laistigh de 12 mhí den ghníomhú sin aige, agus

(c) nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, de réir bhrí alt 214 den Phríomh-Acht,

féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta, a dhearbhú go mbeidh an duine sin faoi dhliteanas pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, i leith na bhfiach nó na ndliteanas eile go léir de chuid na cuideachta, nó i leith aon chuid díobh, a tabhaíodh sa tréimhse a raibh sé lena linn ag gníomhú ar mhodh nó i gcáil den sórt sin.

(4) Más rud é, maidir le cuideachta a mbeidh fógra faighte aici faoi alt 155 (5) agus a sheolfaidh gnó tar éis an fógra sin a fháil gan ceanglais alt 150 (3) a bheith comhlíonta laistigh de thréimhse réasúnach—

(a) go bhfoirceannfar í ina dhiaidh sin, agus

(b) nach mbeidh sí, tráth thosach an fhoirceanta, in ann a fiacha (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas) a íoc,

féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, a dhearbhú, maidir le haon duine a bhí ina oifigeach don chuideachta fad a bhí an chuideachta ag seoladh gnó amhlaidh agus arbh eol dó nó ar chóir gurbh eol dó gur tugadh an fógra sin amhlaidh don chuideachta, go mbeidh sé freagrach go pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, i leith na bhfiach nó na ndliteanas eile go léir de chuid na cuideachta, nó i leith aon chuid díobh, de réir mar a ordóidh an chúirt.

(5) In aon imeachtaí a thionscnófar in aghaidh duine de bhua an ailt seo féadfaidh an chúirt, má mheasann sí, ag féachaint d'imthosca an cháis, é a bheith cóir agus cothromasach déanamh amhlaidh, faoiseamh a thabhairt go, hiomlán nó go páirteach ón dliteanas a mbeadh sé murach sin faoina réir faoin gcéanna agus féadfaidh an chúirt cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena hordú.

Pionós mar gheall ar ghníomhú faoi orduithe ó dhuine dícháilithe.

164. —(1) Má ghníomhaíonn aon duine, fad is stiúrthóir nó oifigeach eile nó comhalta de choiste bainistíochta nó iontaobhaí d'aon chuideachta é, de réir orduithe nó theagaisc duine eile agus a fhios aige go bhfuil an duine eile sin dícháilithe nó, agus é ag tabhairt na n-orduithe nó an teagaisc, go bhfuil sé ag gníomhú de shárú ar aon fhoráil den Chuid seo, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (1) measfar é bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta ó dháta an chiontaithe sin mura raibh sé, nó murar measadh go raibh sé, faoi réir ordaithe den sórt sin ar an dáta sin.

larmhairtí sibhialta mar gheall ar ghníomhú faoi orduithe ó dhuine dícháilithe.

165. —(1) Duine a chiontófar i gcion faoi alt 164 mar gheall ar ghníomhú de réir orduithe nó teagaisc ó dhuine dícháilithe, beidh sé, faoi réir fho-alt (2), faoi dhliteanas pearsanta i leith fhiacha na cuideachta lena mbaineann a tabhaíodh sa tréimhse a raibh sé ag gníomhú lena linn.

(2) In aon imeachtaí a thionscnófar in aghaidh duine chun aon fhiach den sórt sin a ghnóthú féadfaidh an chúirt, má mheasann sí, ag féachaint d'imthosca an cháis, é a bheith ceart agus cothromasach déanamh amhlaidh, faoiseamh a thabhairt go hiomlán nó go páirteach ón dliteanas a mbeadh sé murach sin faoina réir faoi fho-alt (1) agus féadfaidh an chúirt cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena hordú.

Faisnéis a bheidh le tabhairt don chúirt ag stiúrthóirí.

166. —(1) Más rud é—

(a) go gcúiseofar stiúrthóir ar chuideachta i gcion nó go dtionscnófar imeachtaí sibhialta in aghaidh stiúrthóra den sórt sin, agus

(b) go mbaineann an cúiseamh nó na himeachtaí leis an gcuideachta nó go bhfuil calaois líomhnaithe nó mímhacántacht líomhnaithe i gceist leo.

déanfaidh an stiúrthóir, trí fhógra i scríbhinn chun na cúirte a thaiscfear roimh éisteacht an cháis—

(i) ainmneacha na gcuideachtaí go léir a thabhairt ar stiúrthóir orthu é ar dháta an fhógra,

(ii) ainmneacha na gcuideachtaí go léir a thabhairt ar stiúrthóir orthu é laistigh de thréimhse a thosaíonn tráth nach luaithe ná 12 mhí roimh thosach na n-imeachtaí agus a chríochnaíonn ar dháta an fhógra.

(iii) a lua cibé acu atá sé, ar dháta an fhógra, nó cibé acu a bhí sé riamh, faoi réir ordaithe dícháilíochta nó cibé acu a meastar nó a measadh amhlaidh é, agus

(iv) na dátaí agus fad gach tréimhse a bhfuil nó a raibh sé dícháilithe ina leith a thabhairt.

(2) Baineann an t-alt seo le cúlstiúrthóirí mar a bhaineann sé le stiúrthóirí.

(3) Beidh aon duine a sháraíonn fo-alt (1) ciontach i gcion.

Faisnéis a bheidh le soláthar do chláraitheoir na gcuideachtaí.

167. —Más rud é—

(a) go ndéanann cúirt ordú dícháilíochta;

(b) go dtugann, nó go n-athraíonn, cúirt faoiseamh faoi alt 160 (8); nó

(c) go gciontaíonn cúirt duine i gcion—

(i) arb é is éifeacht dó go measfar é a bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta, nó

(ii) faoi alt 161 (1) nó 164,

cuirfidh oifigeach forordaithe de chuid na cúirte faoi deara sonraí forordaithe den ordú, den fhaoiseamh nó den chiontú a sholáthar do chláraitheoir na gcuideachtaí cibé tráth agus i cibé foirm agus modh a bheidh forordaithe.

Clár de dhaoine atá faoi réir orduithe dícháilíochta.

168. —(1) Coimeádfaidh an cláraitheoir, faoi réir fhorálacha an ailt seo, clár de na sonraí a bheidh curtha in iúl dó faoi alt 167, agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo maidir le clár den sórt sin a choimeád.

(2) I gcás go gcuimseoidh na sonraí dá dtagraítear in alt 167 (b) lánfhaoiseamh a thabhairt faoi alt 160 (8), ní thaifeadfaidh an cláraitheoir na sonraí sin ar an gclár dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ach déanfaidh sé, a luaithe is féidir, aon sonraí atá ann cheana maidir leis an duine lena mbaineann a bhaint den chlár.

(3) Déanfaidh an cláraitheoir freisin aon sonraí i ndáil le duine a bhaint den chlár ar chúig bliana a bheith caite ó dháta an fhógra bhunaidh faoi alt 167, nó cibé tréimhse eile a meastar an duine lena mbaineann a bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta ina leith, mura mbeidh fógra breise maidir leis an duine sin, faoin alt seo, faighte ag an gcláraitheoir.

(4) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar an gcláraitheoir an clár a éilítear leis an alt seo a choimeád mar chuid d'aon chóras eile aicmiúcháin, cibé acu de bhun alt 247 nó ar shlí eile.

Toirmeasc ar fhéimhigh neamhurscaoilte gníomhú mar stiúrthóirí ar chuideachtaí nó mar oifigigh eile dóibh.

169. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 183—

“183.—(1) Faoi réir fho-alt (2), má ghníomhaíonn aon duine ar féimheach neamhurscaoilte é mar oifigeach, iniúchóir, leachtaitheoir nó scrúdaitheoir ar aon chuideachta, nó má bhíonn baint nó páirt aige go díreach nó go neamhdhíreach le tionscnamh, foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta, ach amháin le cead na cúirte, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (1) measfar é bheith faoi réir ordaithe dícháilíochta ó dháta an chiontaithe sin mura raibh sé, nó murar measadh go raibh sé, faoi réir ordaithe den sórt sin ar an dáta sin.

(3) San alt seo folaíonn ‘cuideachta’ cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó bhunaithe aici sa Stát.”.

CUID VIII

Glacadóirí

Dícháiliú duine chun a cheaptha mar ghlacadóir.

170. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 315—

“315.—(1) Ní bheidh aon duine de na daoine seo a leanas cáilithe chun a cheaptha ina ghlacadóir ar mhaoin chuideachta—

(a) féimheach neamhurscaoilte;

(b) duine atá, nó a bhí laistigh de 12 mhí ó thosach na glacadóireachta, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta;

(c) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr, nó leanbh oifigigh den chuideachta;

(d) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta;

(e) duine nach bhfuil cáilithe de bhua an fho-ailt seo chun a cheaptha mar ghlacadóir ar mhaoin aon chomhlachta chorpraithe eile arb é fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta sin é, nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe.

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach don chuideachta tagairtí d'iniúchóir.

(2) Má thagann glacadóir ar mhaoin chuideachta chun bheith dícháilithe de bhua an ailt seo, scarfaidh sé air sin lena oifig agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn laistigh de 14 lá—

(a) don chuideachta;

(b) do chláraitheoir na gcuideachtaí;

(c)  (i) don bhintiúrach, más bintiúrach a cheap an glacadóir, nó

(ii) don chúirt, más í an chúirt a cheap an glacadóir.

gur scair sé lena oifig de bharr na dícháilíochta sin.

(3) Ní dhéanann fo-alt (2) dochar d'ailt 107, 319 (2) agus 321.

(4) Ní cheanglóidh aon ní san alt seo ar ghlacadóir a ceapadh roimh thosach feidhme alt 170 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , scaradh leis an oifig ar ceapadh chuici amhlaidh é.

(5) Aon duine a ghníomhaíonn mar ghlacadóir agus é dícháilithe leis an alt seo chun gníomhú amhlaidh nó a mhainníonn fo-alt (2) a chomhlíonadh, i gcás go mbaineann an fo-alt sin leis, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air;

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £250, a chur air.”.

Leasú ar alt 316 den Phríomh-Acht.

171. —Leasaítear leis seo alt 316 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1)—

“(1) I gcás ina gceaptar glacadóir ar mhaoin chuideachta faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, féadfaidh aon duine de na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar ordacháin i ndáil le haon ní i dtaca le comhlíonadh a fheidhmeanna nó a mhalairt ag an nglacadóir, is é sin le rá—

(a) (i) an glacadóir;

(ii) oifigeach don chuideachta;

(iii) comhalta den chuideachta;

(iv) fostaithe de chuid na cuideachta ina gcuimsítear leath ar a laghad de líon na ndaoine a bheidh fostaithe i gcáil lánaimseartha ag an gcuideachta;

(v) creidiúnaí de chuid na cuideachta; agus

(b)  (i) leachtaitheoir;

(ii) ranníocóir;

agus ar aon iarratas den sórt sin, féadfaidh an chúirt cibé ordacháin a thabhairt nó cibé ordú a dhéanamh ag dearbhú cearta daoine os comhair na cúirte nó a mhalairt, is cóir leis an gcúirt.

(1A) Beidh cibé fianaise go bhfuil dochar míchuí á dhéanamh don iarratasóir le haon ghníomh nó neamhghníomh iarbhír nó beartaithe de chuid an ghlacadóra, agus a éileoidh an chúirt, mar thaca le hiarratás chun na cúirte faoi fho-alt (1), ach amháin iarratas faoi mhír (a) (i) den fho-alt sin.

(1B) Chun críocha fho-alt (1), ciallaíonn ‘creidiúnaí’ creidiúnaí amháin nó níos mó a bhfuil breis is £10,000 san iomlán d'fhiacha aige ar an gcuideachta.”.

Dualgas glacadóra atá ag díol maoine an praghas is fearr is infhaighte le réasún a fháil.

172. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 316—

“316A.—(1) Déanfaidh glacadóir, agus é ag díol maoine cuideachta, gach cúram réasúnach a ghlacadh chun an praghas is fearr is infhaighte le réasún a fháil ar an maoin amhail ar dháta an díola.

(2) D'ainneoin fhorálacha aon ionstraime—

(a) ní cosaint ar aon chaingean nó imeacht a thionscnófar in aghaidh glacadóra mar gheall ar shárú ar a dhualgas faoi fho-alt (1) go raibh an glacadóir ag gníomhú mar ghníomhaire don chuideachta nó faoi chumhacht aturnae arna tabhairt ag an gcuideachta; agus

(b) d'ainneoin aon ní in alt 316 (2), ní bheidh glacadóir i dteideal cúiteamh nó slánaíocht a fháil ón gcuideachta mar gheall ar aon dliteanas a thabhóidh sé de thoradh sárú ar a dhualgas faoin alt seo.

(3) (a) Ní dhíolfaidh glacadóir trí chonradh príobháideach sócmhainn nach sócmhainn airgid den luach riachtanach le duine ar oifigeach don chuideachta é nó arbh oifigeach don chuideachta é sna trí bliana roimh dháta ceaptha an ghlacadóra, mura mbeidh fógra 14 lá ar a laghad go bhfuil sé ar intinn aige déanamh amhlaidh tugtha aige do chreidiúnaithe uile na cuideachta is eol dó nó a bheidh curtha in iúl dó.

(b) San fho-alt seo—

(i) tá le ‘sócmhainn nach sócmhainn airgid’ agus le ‘luach riachtanach’ na bríonna a shanntar dóibh le halt 29 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , agus

(ii) folaíonn ‘oifigeach’ duine atá, de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , bainteach le stiúrthóir, agus cúlstiúrthóir.”.

Leasú ar alt 320 den Phríomh-Acht.

173. —Leasaítear leis seo alt 320 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) Má mhainníonn aon duine lena mbaineann fo-alt (2) ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, dlífear, mura gcruthaíonn sé chun sástacht na cúirte nárbh fhéidir leis ceanglais an ailt a chomhlíonadh—

(a) ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó fíneáil nach mó ná £1,000, nó iad araon, a chur air; nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí bliana nó fíneáil nach mó ná £5,000, nó iad araon, a chur air.”.

larmhairtí mar gheall ar alt 319 nó 320 den Phríomh-Acht a shárú.

174. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 320—

“320A.—Más rud é, de shárú ar alt 319 (1) (b) agus alt 320, nach gcuirtear ráiteas maidir le cúrsaí faoi bhráid an ghlacadóra mar a cheanglaítear leis na forálacha sin, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón nglacadóir nó ó aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta agus d'ainneoin fhorálacha alt 320 (5) (a cuireadh isteach le halt 173 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ), cibé ordú a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordú á ordú alt 319 agus alt 320 a chomhlíonadh.”.

Glacadóir a chur as oifig.

175. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322—

“322A.—(1) Féadfaidh an chúirt, ar chúis a shuíomh, glacadóir a chur as oifig agus glacadóir eile a cheapadh.

(2) Seirbheálfar fógra maidir leis na himeáchtaí sin ar an nglacadóir agus ar an duine a cheap é 7 lá ar a laghad sula n-éistfear na himeachtaí sin agus in aon imeachtaí den sórt sin féadfaidh an glacadóir agus an duine a cheap é láithriú agus éisteacht a fháil.”.

Féadfaidh an chúirt glacadóireacht a fhoirceannadh nó a theorannú ar iarratas ón leachtaitheoir.

176. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322—

“322B.—(1) Ar iarratas ó leachtaitheoir cuideachta a bheidh á foirceannadh (seachas trí fhoirceannadh toilteanach ag comhaltaí) agus a mbeidh glacadóir ceaptha ina leith (bíodh sé sin roimh thosach an fhoirceanta nó ina dhiaidh), féadfaidh an chúirt—

(a) a ordú go scoirfidh an glacadóir de ghníomhú sa cháil sin ó dháta a bheidh sonraithe ag an gcúirt, agus ceapachán aon ghlacadóra eile a thoirmeasc; nó

(b) a ordú nach ngníomhóidh an glacadóir sa cháil sin, ó dháta a bheidh sonraithe ag an gcúirt, ach amháin maidir le sócmhainní áirithe a bheidh sonraithe ag an gcúirt.

Féadfar ordú faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gcúirt.

(2) Féadfaidh an chúirt ó am go ham, ar iarratas a dhéanfaidh an leachtaitheoir nó an glacadóir, ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) a chealú nó a leasú.

(3) Seirbheálfar cóip d'iarratas a dhéanfar faoin alt seo ar an nglacadóir agus ar an duine a cheap é 7 lá ar a laghad sula n-éistfear an t-iarratas agus féadfaidh an glacadóir agus aon pháirtí den sórt sin láithriú os comhair na cúirte agus éisteacht a fháil ón gcúirt maidir leis an iarratas.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), ní dhéanfaidh aon ordú a dhéanfar faoin alt seo difear d'aon urrús nó muirear ar ghnóthas nó ar mhaoin na cuideachta.”.

An glacadóir d'éirí as oifig.

177. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 322—

“322C.—(1) Féadfaidh glacadóir ar mhaoin chuideachta, a cheapfar faoi na cumhachtaí in aon ionstraim, éirí as oifig ar choinníoll go mbeidh fógra míosa ina thaobhsan fugtha aige—

(a) do na sealbhóirí ar mhuirir fholuaineacha ar mhaoin uile na cuideachta nó ar aon chuid di;

(b) don chuideachta nó dá leachtaitheoir; agus

(c) do na sealbhóirí ar aon mhuirear seasta ar mhaoin uile na cuideachta nó ar aon chuid di.

(2) Ní fhéadfaidh glacadóir a bheidh ceaptha ag an gcúirt éirí as oifig ach amháin le húdarás na cúirte agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha, más ann, a bheidh leagtha síos ag an gcúirt.

(3) Má mhainníonn aon duine ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.”.

Feidhm alt 139 maidir le glacadóirí.

178. —Beidh feidhm ag forálacha alt 139, fara na modhnuithe is gá, maidir le cuideachta faoi ghlacadóireacht amhail is dá bhforléireofaí na tagairtí ann don leachtaitheoir agus d'fhoirceannadh mar thagairtí don ghlacadóir agus do ghlacadóireacht.

Feidhm alt 299 (2), (4) agus (5) den Phríomh-Acht maidir le glacadóirí.

179. —Beidh feidhm ag alt 299 (2), (4) agus (5) den Phríomh-Acht, fara na modhnuithe is gá, maidir le glacadóirí amhail mar atá feidhm aige maidir le leachtaitheoirí.

CUID IX

Cuideachtaí Faoi Chosaint Cúirte

Leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 .

180. —(1) Leasaítear leis seo Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 , mar a leanas:

(a) trí “3 lá” a chur in ionad “14 lá” in alt 3 (6),

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5 (2) (f):

“(g) ní dhéanfar aon ordú ar fhaoiseamh faoi alt 205 den Phríomh-Acht in aghaidh na cuideachta maidir le gearáin i dtaobh seoladh chúrsaí na cuideachta nó i dtaobh fheidhmiú chumhachtaí na stiúrthóirí roimh thíolacadh na hachainí.”.

(c) trí “nó iarstiúrthóir” a scriosadh in alt 8 (3).

(d) trí “agus folaíonn ‘stiúrthóir’ aon stiúrthóir láithreach nó aon iarstiúrthóir nó aon duine atá, de réir bhrí alt 26 d'Acht na gCúideachtaí, 1990 , bainteach le stiúrthóir den sórt sin agus aon chúlstiúrthóir láithreach nó iarchúlstiúrthóir” a chur isteach in alt 8 (3) i ndiaidh “Acht sin”,

(e) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach in alt 8:

“(5A) Gan dochar dá cumhacht faoi fho-alt (5), féadfaidh an chúirt, tar éis éisteachta faoin bhfo-alt sin, aon ordú nó ordachán a dhéanamh is cuí léi, lena n-áirítear ordachán don duine lena mbaineann freastal nó athfhreastal os comhair an scrúdaitheora nó leabhair nó doiciméid áirithe a thabhairt ar aird nó ceisteanna ar leith a fhreagairt a chuirfidh an scrúdaitheoir air, nó ordachán nach gá don duine lena mbaineann leabhar nó doiciméad ar leith a thabhairt ar aird ná freagra a thabhairt ar cheist ar leith a chuirfidh an scrúdaitheoir air.

(5B) Beidh feidhm ag alt 23 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , chun críocha an ailt seo.”,

(f) trí “Aon” a chur in ionad “I gcás go ndéanfar ordú faoin Acht seo chun an chuideachta a fhoirceannadh nó go gceapfar glacadóir, aon” in alt 10 (1),

(g) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 16 (i):

“(i) a thuairim cibé acu ba ghá, ó na fíorais a nochtar, tuilleadh fiosruithe a dhéanamh d'fhonn imeachtaí a thionscnamh faoi alt 297 nó 297A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí, 1990 ), nó fúthu araon,”,

(h) trí “, údarás áitiúil” a chur isteach i ndiaidh “Rialtas” in alt 23 (5) (b),

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 24:

“(12) D'ainneoin fho-alt (4) nó aon fhorála eile den Acht seo, i gcás gurb é tuairim an scrúdaitheora go mbeidh an chuideachta in ann maireachtáil mar ghnóthas leantach, ní choiscfidh aon ní san Acht seo ar an scrúdaitheoir moltaí a chur i dtuarascáil faoi alt 15 nó 18 nach ndéanfaidh dochar do leasanna comhaltaí nó creidiúnaithe de chuid na cuideachta, ná ar an gcúirt aon mholtaí den sórt sin a dhaingniú.”.

(2) Beidh feidhm ag alt 244A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 125 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ) agus ag alt 139 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , maidir le cuideachta atá faoi chosaint na cúirte amhail mar atá feidhm acu maidir le cuideachta atá á foirceannadh, agus forléireofar, chun críocha an fho-ailt seo, aon tagairtí sna hailt sin do leachtaitheoir nó do leachtaitheoir sealadach mar thagairt do scrúdaitheoir.

(3) Aisghairtear leis seo ailt 32, 33, 34 agus 35 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 .

Tuilleadh leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú). 1990.

181. —(1) Déantar leis seo Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 , a leasú tuilleadh mar a leanas:

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 2 (1) (b):

“(b) nach bhfuil aon rún ar marthain chun an chuideachta a fhoirceannadh, agus”,

(b) trí “comhlacht corpraithe” a chur in ionad “cuideachta” agus “leis” a chur in ionad “léi” in alt 4 (5) (f),

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5 (2) (f):

“(h) ní dhéanfar aon fhritháireamh idir cuntais bainc ar leithligh de chuid na cuideachta, ach amháin le toiliú an scrúdaitheora, agus folaíonn ‘cuntas bainc’ sa mhír seo cuntas le haon duine a bheidh díolmhaithe de bhua alt 7 (4) d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , ón gceanglas ceadúnas a shealbhú faoi alt 9 den Acht sin,”,

(d) trí “a urscaoileadh” a chur isteach in alt 11 (5) i ndiaidh “a dtosaíochtaí”, agus

(e) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 36:

“Imeachtaí ag cláraitheoir.

36A.—Féadfaidh cláráitheoir na gcuideachtaí imeachtaí i ndáil le cion faoi alt 11 (6), 12 nó 30 a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.”.

(2) Aisghairtear leis seo alt 30 (3) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1990 .

CUID X

Cuntais agus Iniúchadh

Léiriú ar Chuid X.

182. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Treoir ón gComhairle” Treoir Uimh. 84/253/CEE ón gComhairle, an 10 Aibreán, 1984* maidir le daoine a cheadú a bheidh freagrach as na hiniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta;

ciallaíonn “cara-chumann” cumann a chláraítear faoi Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977;

ciallaíonn “deimhniú cleachta” deimhniú arna dhámhachtain do dhuine ag comhlacht cuntasóirí ag tabhairt teideal don duine sin cleachtadh mar iniúchóir cuideachta nó mar iniúchóir poiblí;

ciallaíonn “iniúchóir poiblí” iniúchóir poiblí chun críocha na nAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978, agus Achtanna na gCara-Chumann, 1896 go 1977.

Ceapadh iniúchóirí agus a gcur as oifig.

183. —Leasaítear leis seo alt 160 den Phríomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

“(5) Gan dochar d'aon chearta de chuid an iniúchóra i ndáil lena chur as oifig faoin bhfo-alt seo, féadfaidh cuideachta, le gnáthrún ag cruinniú ginearálta, iniúchóir a chur as oifig seachas iniúchóir arb é céad-iniúchóir, nó duine de chéad-iniúchóirí, na cuideachta é agus aon duine eile a cheapadh ina ionad a bheidh ainmnithe lena cheapadh ag aon chomhalta den chuideachta, is duine atá cáilithe faoi Achtanna na gCuideachtaí le bheith ina iniúchóir ar chuideachta agus a bhfuil fógra faoina ainmniú tugtha dá comhaltaí.

(5A) (a) Déanfaidh cuideachta—

(i) laistigh de sheachtain tar éis cumhacht an Aire faoi fho-alt (4) a theacht chun bheith infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Aire, agus

(ii) i gcás go rithfear rún ag cur iniúchóra as oifig, fógra ina thaobh sin a thabhairt san fhoirm fhorordaithe do chláraitheoir na gcuideachtaí laistigh de 14 lá ó dháta an chruinnithe ag ar ritheadh an rún ag cur an iniúchóra as oifig.

(b) Má mhainníonn cuideachta fógra a thabhairt de réir mar a éilítear le mír (a) den fho-alt seo, beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear ar iad a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 a chur orthu.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7)—

“(7) Féadfaidh stiúrthóirí cuideachta nó an chuideachta i gcruinniú ginearálta aon chorrfholúntas in oifig iniúchóra a líonadh, ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí a bheidh ar marthain nó a bheidh leanúnach, más ann, gníomhú.”.

Rúin a bhaineann le hiniúchóirí a cheapadh agus a chur as oifig agus cearta iniúchóirí a cuireadh as oifig.

184. —(1) Leasaítear leis seo alt 161 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2)—

“(1) Beidh fógra fadtréimhse, de réir bhrí alt 142. riachtanach—

(a) le haghaidh rúin ag cruinniú ginearálta bliantúil de chuideachta lena gceapfar mar iniúchóir duine seachas iniúchóir atá ag scor nó lena bhforálfar go sainráite nach ndéanfar iniúchóir atá ag scor a athcheapadh.

(b) le haghaidh rúin ag cruinniú ginearálta de chuideachta ag cur iniúchóra as oifig sula mbíonn a théarma oifige caite, agus

(c) le haghaidh rúin ag cruinniú ginearálta de chuideachta ag líonadh corrfholúntais in oifig an iniúchóra.

(2) Ar fhógra a fháil go bhfuil aon rún mar a luaitear i bhfo-alt (1) á bheartú, déanfaidh an chuideachta láithreach—

(a) i gcás gur rún atá luaite i mír (a) den fho-alt sin (1) an rún, cóip den rún sin a chur chuig an iniúchóir atá ag scor (más ann),

(b) i gcás gur rún atá luaite i mír (b) den fho-alt sin (1) an rún, cóip den rún sin a chur chuig an iniúchóir a bheartaítear a chur as oifig, agus

(c) i gcás gur rún atá luaite i mír (c) den fho-alt sin (1) an rún, cóip den rún sin a chur chuig an duine (más ann) arbh é a scor de shealbhú na hoifige mar iniúchóir ar an gcuideachta ba chúis leis an gcorrfholúntas.

(2A) Beidh iniúchóir cuideachta a cuireadh as oifig i dteideal freastal—

(a) ar chruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta ag a rachadh a théarma oifige mar iniúchóir ar an gcuideachta in éag mura mbeadh gur cuireadh as oifig é, agus

(b) ar chruinniú ginearálta na cuideachta ag a bhfuil sé beartaithe an corrfholúntas a líonadh atá ann de dhroim é a chur as oifig, agus

gach fógra faoi aon chruinniú den sórt sin agus gach cumarsáid eile a bhaineann leis an gcruinniú sin a fháil a bhfuil comhalta den chuideachta i dteideal é a fháil agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú ginearálta ar a bhfreastalaíonn comhalta den sórt sin maidir le haon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iar-iniúchóir ar an gcuideachta.”.

(2) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (5) den alt sin 161 do rún chun na chéad-iniúchóirí a chur as oifig de bhua fho-alt (6) d'alt 160 den Phríomh-Acht a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do rún chun iniúchóir seachas na chéad-iniúchóirí a chur as oifig roimh a théarma oifige a bheith imithe in éag.

Iniúchóirí d'éirí as oifig.

185. —(1) Féadfaidh iniúchóir ar chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a chomhlíonann fo-alt (2) a sheirbheáil ar an gcuideachta á lua go bhfuil sé chun déanamh amhlaidh, éirí as oifig mar iniúchóir ar an gcuideachta; agus beidh éifeacht leis an éirí-as ar an dáta a sheirbheálfar an fógra amhlaidh nó ar cibé dáta níos déanaí ná sin a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) I bhfógra faoi fho-alt (1) beidh—

(a) ráiteas á rá nach bhfuil aon imthosca ag baint leis an éirí as oifig lena mbaineann sé a measann an t-iniúchóir i gceist gur cheart iad a thabhairt ar aird do chomhaltaí nó do chreidiúnaithe na cuideachta, nó

(b) ráiteas maidir le haon imthosca den sórt a dúradh.

(3) I gcás go seirbheálfar fógra ar chuideachta faoi fho-alt (1)—

(a) cuirfidh an t-iniúchóir lena mbaineann, laistigh de 14 lá tar éis dháta na seirbheála sin, cóip den fhógra chuig cláraitheoir na gcuideachtaí, agus

(b) faoi réir fho-alt (4), déanfaidh an chuideachta, má bhíonn ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) san fhógra, cóip den fhógra a chur, tráth nach déanaí ná 14 lá tar éis dháta na seirbheála sin, chuig gach duine atá i dteideal, faoi alt 159 (1) den Phríomh-Acht, cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear san alt 159 (1) sin a bheith curtha chucu.

(4) Ní gá cóipeanna d'fhógra a sheirbheálfar ar chuideachta faoi fho-alt (1) a chur chuig na daoine a shonraítear i bhfo-alt (3) (b) más deimhin leis an gcúirt, ar iarratas ón gcuideachta lena mbaineann nó ó aon duine eile a éileoidh gur duine éagóirithe é, go bhfuil ábhar san fhógra atá curtha isteach ann chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an iniúchóir lena mbaineann d'ainneoin nach páirtí san iarratas é.

(5) Bainfidh an t-alt seo freisin le fógra a thabharfaidh iniúchóir faoi alt 160 (2) (c) den Phríomh-Acht, ag taispeáint nach toil leis go n-athcheapfaí é.

(6) Beidh duine a mhainneoidh fo-alt (2) nó (3) (a) a chomhlíonadh ciontach i gcion.

(7) Má mhainnítear fo-alt (3) (b) a chomhlíonadh beidh an chuideachta lena mbaineann, agus gach oifigeach don chuideachta sin a rinne mainneachtain, ciontach i gcion.

Foréileamh ar chruinniú ginearálta den chuideachta ag iniúchóir atá ag éirí as oifig.

186. —(1) Féadfaidh fógra a sheirbheálfar ar chuideachta faoi alt 185 ina bhfuil ráiteas de réir fho-alt (2) (b) den alt sin a fhoréileamh freisin go ndéanfaidh stiúrthóirí na cuideachta cruinniú ginearálta den chuideachta a chomóradh chun cibé cuntas agus míniú ar na himthosca a bhaineann lena éirí as oifig mar iniúchóir ar an gcuideachta, is toil leis a thabhairt don chruinniú, a fháil agus a mheas.

(2) I gcás go ndéanfaidh iniúchóir foréileamh faoi fho-alt (1), rachaidh stiúrthóirí na cuideachta, laistigh de 14 lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil ar an gcuideachta, ar aghaidh go cuí chun cruinniú ginearálta den chuideachta a chomóradh le haghaidh lá nach déanaí ná 28 lá tar éis na seirbheála sin.

(3) Faoi réir fho-alt (4), i gcás—

(a) go mbeidh ráiteas de réir fho-alt (2) (b) den alt sin i bhfógra a sheirbheálfar ar chuideachta faoi alt 185, agus

(b) go n-iarrfaidh an t-iniúchóir lena mbaineann ar an gcuideachta ráiteas breise a scaipeadh ar a comhaltaí—

(i) roimh an gcruinniú ginearálta ag a mbeadh, ar leith ón bhfógra, a théarma oifige imithe in éag, nó

(ii) roimh aon chruinniú ginearálta a bhfuil sé beartaithe an folúntas arbh é a éirí as oifig ba chúis leis a líonadh aige nó a comóradh de bhun foréilimh faoi fho-alt (1),

ar ráiteas i scríbhinn é a bheidh ullmhaithe ag an iniúchóir i dtaobh na n-imthosca a bhaineann leis an éirí as oifig a measann an t-iniúchóir gur cheart iad a thabhairt ar aird do na comhaltaí,

déanfaidh an chuideachta—

(I) in aon fhógra faoin gcruinniú a thabharfar do chomhaltaí na cuideachta, a lua go ndearnadh an ráiteas, agus

(II) cóip den ráiteas a chur chuig cláraitheoir na gcuideachtaí agus chuig gach duine atá i dteideal faoi alt 159 (1) den Phríomh-Acht cóipeanna de na doiciméid dá dtagraítear san alt 159 (1) sin a bheith curtha chucu.

(4) Ní gá don chuideachta i gceist fo-alt (3) a chomhlíonadh más rud é gur deimhin leis an gcúirt, ar iarratas ón gcuideachta nó ó aon duine eile a éileoidh gur duine éagóirithe é, go bhfuil na cearta a thugtar leis an alt seo á mí-úsáid chun poiblíocht gan ghá a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an chúirt a ordú go mbeidh costais na cuideachta maidir le hiarratas faoin alt seo le híoc, go hiomlán nó go páirteach, ag an iniúchóir lena mbaineann d'ainneoin nach páirtí san iarratas é.

(5) Ceadóidh an chuideachta d'iniúchóir cuideachta a d'éirigh as oifig mar iniúchóir freastal—

(a) ar an gcruinniú ginearálta bliantúil ag a mbeadh a théarma oifige imithe in éag murach a éirí as oifig, agus

(b) ar aon chruinniú ginearálta ag a bhfuil sé beartaithe an folúntas arbh é a éirí as oifig ba chúis leis a líonadh nó a chomórfar de bhun foréilimh dá chuid faoi fho-alt (1),

agus cuirfidh an chuideachta chuige gach fógra chuige maidir le haon chruinniú den sórt sin agus gach cumarsáid eile a bhaineann le haon chruinniú den sórt sin a bhfuil comhalta den chuideachta i dteideal iad a fháil agus ceadóidh an chuideachta dó éisteacht a fháil ag aon chruinniú den sórt sin a bhfreastalaíonn sé air maidir le haon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iar-iniúchóir ar an gcuideachta.

(6) Má mhainnítear fo-alt (2), (3) nó (5) a chomhlíonadh beidh an chuideachta lena mbaineann, agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain, ciontach i gcion.

Cáilíocht chun duine a cheapadh mar iniúchóir.

187. —(1) Faoi réir alt 190, ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta ná mar iniúchóir poiblí mura rud é—

(a)  (i) gur comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire ag an Aire chun críocha an ailt seo agus go sealbhaíonn sé deimhniú cleachta bailí ó chomhlacht den sórt sin, nó

(ii) go sealbhaíonn sé cáilíocht sa chuntasaíocht atá, i dtuairim an Aire, de chaighdeán nach lú ná an caighdeán a cheanglaítear don chomhaltas sin mar a dúradh agus a thabharfadh teideal dó deimhniú cleachta a dheonú air ag an gcomhlacht sin dá mba chomhalta de é agus go bhfuil sé de thuras na huaire údaraithe ag an Aire le bheith ceaptha amhlaidh, nó

(iii) go raibh sé, an 31ú lá de Nollaig, 1990, ina chomhalta de chomhlacht cuntasóirí a bhí aitheanta de thuras na huaire faoi alt 162 (1) (a) den Phríomh-Acht, nó

(iv) go raibh sé údaraithe ag an Aire roimh an 3ú lá d'Fheabhra, 1983, agus go bhfuil sé údaraithe de thuras na huaire ag an Aire le bheith ceaptha amhlaidh, nó

(v) gur duine é lena mbaineann alt 188, nó

(vi) gur duine é lena mbaineann alt 189, agus go bhfuil sé údaraithe ag an Aire de thuras na huaire le bheith ceaptha amhlaidh, agus

(b) go bhfuil na sonraí a éilítear le hailt 199 agus 200 maidir le duine den sórt sin curtha ar aghaidh chuig cláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don chuideachta,

(b) duine a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chuideachta laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais in a leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é mar iniúchóir ar an gcuideachta,

(c) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chuideachta,

(d) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach don chuideachta,

(e) duine atá dícháilithe faoin bhfo-alt seo lena cheapadh mar iniúchóir ar aon chomhlacht corpraithe eile ar fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é, nó a bheadh dícháilithe amhlaidh dá mba chuideachta an comhlacht corpraithe,

(f) duine atá dícháilithe faoi fho-alt (3) lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar chumann ar fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chuideachta nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta na cuideachta é,

(g) comhlacht corpraithe.

(3) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar chumann—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don chumann,

(b) duine a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don chumann laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é mar iniúchóir ar an gcumann,

(c) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chumann,

(d) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach don chumann,

(e) duine atá dícháilithe faoin bhfo-alt seo lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar aon chumann eile ar fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chumann nó fochuideachta do chuideachta shealbhaíochta an chumainn é,

(f) duine atá dícháilithe faoi fho-alt (2) lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta ar fochuideachta nó cuideachta shealbhaíochta don chumann é,

(g) comhlacht corpraithe.

(4) Ní bheidh aon duine acu seo a leanas cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir poiblí ar chara-chumann—

(a) oifigeach nó seirbhíseach don chara-chumann,

(b) duine a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don charachumann laistigh de thréimhse a mbeadh cuntais ina leith le hiniúchadh aige dá gceapfaí é mar iniúchóir ar an gcara-chumann,

(c) tuismitheoir, céile, deartháir, deirfiúr nó leanbh oifigigh don chara-chumann,

(d) duine atá ina chomhpháirtí, nó atá ar fostú, ag oifigeach don chara-chumann,

(e) comhlacht corpraithe.

(5) Ní dhícháileofar duine, de bhua fho-alt (3) nó (4), chun é a cheapadh mar iniúchóir poiblí ar chumann nó ar chara-chumann ag aon tráth le linn na tréimhse 2 bhliain ó thosach feidhme an ailt seo más rud é ar an tosach feidhme sin go mbeidh sé arna cheapadh go cuí mar iniúchóir poiblí ar an gcumann nó ar an gcara-chumann, de réir mar a bheidh.

(6) Faoi réir fho-alt (5), ní ghníomhóidh duine mar iniúchóir ar chuideachta ná mar iniúchóir poiblí tráth a mbeidh sé dícháilithe faoin alt seo chun é a cheapadh chun na hoifige sin.

(7) Más rud é, le linn a théarma oifige mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí, go dtagann duine chun bheith dícháilithe faoi Achtanna na gCuideachtaí lena cheapadh chun na hoifige sin, scarfaidh sé lena oifig air sin agus tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chuideachta, don chumann nó don chara-chumann gur scar sé lena oifig de dheasca na dícháilíochta sin.

(8) Ní bhainfidh an t-alt seo leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(9) Duine a sháraíonn fo-alt (6) nó (7) beidh sé ciontach i gcion agus dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £50, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 agus, as sárú leanúnach, fíneáil mhainneachtana laethúil nach mó ná £100, a chur air.

(10) (a) San alt seo ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978.

(b) Ní fholaíonn tagairtí san alt seo d'oifigeach nó do sheirbhíseach tagairtí d'iniúchóir nó d'iniúchóir poiblí.

(11) Leanfaidh aitheantas nó údarú ón Aire faoi alt 162 den Phríomh-Acht, d'ainneoin aisghairm an ailt sin ag an Acht seo, i bhfeidhm amhail is dá dtabharfaí é faoin alt seo—

(a) i gcás aitheantais, go dtí go rachaidh an teorainn ama a chuirtear ar fáil i léig, nó go dtí go mbeidh cinneadh an Aire curtha in iúl don chomhlacht lena mbaineann, faoi alt 191, cibé acu is túisce, agus

(b) i gcás údarú, go dtí go mbeidh an teorainn ama imithe i léig atá ag an duine chun an fógra a thabhairt a cheanglaítear le halt 199 (3).

Daoine a bhí ag dul faoi oiliúint an l Eanáir. 1990.

188. —(1) Gan dochar d'alt 187, beidh duine lena mbaineann an t-alt seo cáilithe freisin lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí.

(2) Baineann an t-alt seo le duine—

(a) ar dhuine é, an lú lá d'Eanáir 1990, lenar bhain Airteagal 18 den Treoir ón gComhairle, agus

(b) a fuair, tar éis é a ligean isteach roimh an lú lá d'Eanáir, 1996, mar chomhalta de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta faoi alt 191, deimhniú cleachta ón gcomhlacht sin dá éis sin, agus

(c) a bhfanann an deimhniú sin bailí maidir leis.

Cáilíochtaí a fuarthas lasmuigh den Stát a cheadú.

189. —(1) Gan dochar d'alt 187, féadfaidh an tAire a dhearbhú, faoi réir fho-alt (2), maidir le daoine a shealbhaíonn—

(a) cáilíocht a thugann teideal dóibh cuntais a iniúchadh faoi dhlí tíre sonraithe lasmuigh den Stát, nó

(b) cáilíocht shonraithe sa chuntasaíocht atá aitheanta faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát,

go measfar go bhfuil siad cáilithe lena gceapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí.

(2) Sula ndéanfaidh an tAire dearbhú faoi fho-alt (1)—

(a) ní foláir dó deimhin a dhéanamh de go bhfuil an cháilíocht lena mbaineann de chaighdeán nach lú ná an caighdeán a cheanglaítear le hAchtanna na gCuideachtaí chun go mbeadh duine cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí, agus

(b) féadfaidh sé a ordú nach ndéileálfar le duine den sórt sin mar dhuine atá cáilithe chun críocha fho-alt (1) mura mbeidh aige cibé cáilíochtaí oideachais breise a bheidh sonraithe ag an Aire chun a chinntiú go bhfuil eolas dóthanach ag na daoine sin ar an dlí agus ar chleachtas sa Stát is iomchuí d'iniúchadh cuntas, agus

(c) féadfaidh sé, maidir le daoine atá cáilithe faoi Achtanna na gCuideachtaí lena gceapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí, aird a bheith aige ar a mhéid a thugtar aitheantas dóibh ag dlí na tíre i gceist, mar iniúchóirí atá cáilithe chun cuntais a iniúchadh sa tír sin.

(3) Féadfar orduithe éagsúla a thabhairt faoi fho-alt (2) (b) i ndáil le cáilíochtaí éagsúla.

(4) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, aon dearbhú a bheidh déanta roimh ré faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a fhionraí ar feadh tréimhse sonraithe, i cibé slí agus ar cibé coinníollacha is iomchuí leis.

Comhchomhairle ag an Aire maidir le caighdeáin agus cáilíochtaí.

190. —(1) Sula ndéanann an tAire aitheantas a dheonú, a athnuachan, a aistarraingt, a chúlghairm, a fhionraí nó a dhiúltú do chomhlacht cuntasóirí faoi Achtanna na gCuideachtaí, féadfaidh sé dul i gcomhairle le haon duine nó comhlacht daoine maidir leis na coinníollacha a fhorchuireann, nó na caighdeáin a éilíonn, an comhlacht cuntasóirí lena mbaineann i dtaca le comhaltas den chomhlacht sin nó le deimhnithe cleachta a dhámhachtain do dhaoine.

(2) Féadfaidh an tAire dul i gcomhairle freisin le haon duine nó comhlacht daoine sula dtiocfaidh sé ar aon tuairim nó sula ndéanfaidh sé aon dearbhú i ndáil leis na cáilíochtaí atá ag aon duine nó ag aon aicme daoine maidir le cáilíocht le haghaidh ceaptha mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí.

Comhlachtaí cuntasóirí a aithint.

191. —(1) I gcás go ndéanfaidh comhlacht cuntasóirí, atá aitheanta faoi alt 162 den Phríomh-Acht, an tAire a shásamh laistigh de thrí mhí tar éis thosach feidhme an ailt seo—

(a) nach lú na caighdeáin a bhaineann le hoiliúint, cáilíochtaí agus clú a éilíonn an comhlacht sin chun deimhniú cleachta a dhámhachtain do dhuine ná na caighdeáin a shonraítear in Airteagail 3 go 6, 8 agus 19 den Treoir ón gComhairle, agus

(b) maidir leis na caighdeáin a chuireann sé i bhfeidhm ar a chuid comhaltaí sna réimsí a bhaineann le heitic, cóid iompair agus cleachtais, neamhspleáchas, ionracas gairmiúil, caighdeáin theicniúla, nósanna imeachta araíonachta,

déanfaidh an tAire an t-aitheantas sin a athnuachan.

(2) I gcás nach sásóidh comhlacht cuntasóirí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) an tAire maidir leis na hábhair a shonraítear sa mhír sin, aistarraingeoidh sé an t-aitheantas ón gcomhlacht sin go dtí go mbeidh sé sásta amhlaidh.

(3) I gcás go ndéanann comhlacht cuntasóirí nach raibh aitheanta roimhe sin ag an Aire faoi alt 162 den Phríomh-Acht, iarratas ar aitheantas den sórt sin tar éis thosach feidhme an ailt seo, féadfaidh an tAire an t-aitheantas sin a dheonú má shásaítear é maidir leis na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i ndáil leis an gcomhlacht sin nó féadfaidh sé an t-aitheantas sin a dhiúltú mura sásaítear é amhlaidh.

Forálacha i ndáil le haitheantais agus údaruithe ag an Aire faoi alt 187.

192. —(1) Féadfaidh an tAire an tráth a ndeonófar é nó ag aon tráth le linn ré aitheantais nó údaraithe faoi alt 187, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhlacht cuntasóirí nó don duine lena mbaineann, cibé téarmaí agus coinníollacha a chur ag gabháil leis an aitheantas nó leis an údarú, de réir mar a bheidh, is dóigh leis a bheidh riachtanach nó fóirsteanach agus a bheidh sonraithe san fhógra.

(2) Féadfaidh an tAire ag aon tráth le linn ré aitheantais nó údaraithe faoi alt 187, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhlacht cuntasóirí nó don duine lena mbaineann, a théarmaí nó a choinníollacha a leasú nó téarmaí nó coinníollacha eile a chur isteach ann nó a scriosadh as.

(3) Féadfaidh an tAire, ag aon tráth le linn a ré, le fógra i scríbhinn arna thabhairt don chomhlacht cuntasóirí nó don duine lena mbaineann, aitheantas nó údarú faoin alt sin 187 a chúlghairm, nó a fhionraí ar feadh tréimhse sonraithe.

(4) (a) Féadfaidh an tAire a cheangal ar chomhlacht cuntasóirí a bheidh aitheanta chun críocha an ailt sin 187 cód a ullmhú agus, laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe sa cheanglas, é a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú, ar cód é ina bhforordófar caighdeáin iompair ghairmiúil dá chomhaltaí agus lena bhforálfar smachtbhannaí do sháruithe ar an gcód, agus comhlíonfaidh an comhlacht cuntasóirí an ceanglas.

(b) Féadfaidh comhlacht cuntasóirí, tráth ar bith, cód a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag leasú nó ag cúlghairm cóid a d'ullmhaigh sé faoin bhfo-alt seo.

(c) Féadfaidh an tAire ceadú a thabhairt maidir le cód a cuireadh faoina bhráid faoin bhfo-alt seo.

(d) Déanfaidh an comhlacht cuntasóirí lena mbaineann cód a bheidh ceadaithe ag an Aire faoin alt seo a thabhairt i ngníomh agus a chur i bhfeidhm de réir théarmaí an chóid.

(e) I gcás go gceadóidh an tAire cód faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé a ordú go mbeidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá a bheidh ceadaithe ag an Aire, maidir le pearsana aonair a bheidh údaraithe ar leithligh aige, ag cibé forálacha den chód a bhaineann le hionracas gairmiúil iniúchóirí.

(f) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, foráil a dhéanamh le haghaidh feidhmiú faireachais ar chomhlíonadh an chóid ag pearsana aonair de réir mhír (e). Féadfaidh na rialacháin sin foráil a dhéanamh go háirithe do chomhlíonadh na feidhme sin thar ceann an Aire ag aon chomhlacht nó duine a bheidh sonraithe sna rialacháin. Féadfaidh cibé foráil theagmhasach, iarmhartach, idirthréimhseach nó fhorlíontach a dhealróidh a bheith riachtanach nó cuí chun a chinntiú go ndéanfaidh na pearsana aonair lena mbaineann forálacha sonraithe an chóid a chomhlíonadh, a bheith freisin sna rialacháin.

(g) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Folaíonn tagairtí san alt seo d'aitheantais faoi alt 187 tagairtí d'aitheantais faoi alt 162 (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ) den Phríomh-Acht agus folaíonn tagairtí san alt seo d'údarú faoi alt 187 tagairtí d'údaraithe faoin alt sin 162.

Tuarascáil na n-iniúchóirí agus a gceart chun fáil a bheith acu ar leabhair agus chun bheith i láthair agus éisteacht a fháil ag cruinnithe ginearálta.

193. —(1) Tabharfaidh iniúchóirí cuideachta tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh siad, agus ar gach clár comhardaithe, gach cuntas sochair agus dochair agus gach grúpchuntas a leagfar faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta le linn iad a bheith i seilbh oifige.

(2) Léifear tuarascáil na n-iniúchóirí ag cruinniú ginearálta bliantúil na cuideachta agus beidh sí ar fáil lena hiniúchadh ag aon chomhalta.

(3) Beidh ceart ag gach iniúchóir cuideachta fáil a bheith aige gach tráth réasúnach ar leabhair, cuntais agus dearbháin na cuideachta agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh (de réir bhrí alt 197 (5)) don chuideachta cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt is eol dóibh nó is féidir leo a fháil is dóigh leis is gá chun dualgais na n-iniúchóirí a chomhlíonadh.

(4) Luafaidh tuarascáil na n-iniúchóirí—

(a) cibé acu a fuair nó nach bhfuair siad an fhaisnéis agus na mínithe go léir is gá, de réir mar is fearr is eol dóibh agus a chreideann siad, chun críocha a n-iniúchta,

(b) cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil leabhair chuntais chuí á gcoimeád ag an gcuideachta,

(c) cibé acu, ina dtuairim, a fuarthas nó nach bhfuarthas tuairisceáin chuí atá leordhóthanach dá n-iniúchadh ó bhrainsí de chuid na cuideachta nár thug siad cuairt orthu,

(d) cibé acu atá nó nach bhfuil clár comhardaithe na cuideachta agus (mura bhfuil sé cumtha mar chuntas comhdhlúite sochair agus dochair) a cuntas sochair agus dochair ar aon dul leis na leabhair chuntais agus leis na tuairisceáin,

(e) ach amháin i gcás cuideachta a bhain leas as aon cheann d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil clár comhardaithe agus cuntas sochair agus dochair na cuideachta agus (más cuideachta shealbhaíochta í atá ag cur grúpchuntais isteach) na grúpchuntais, ullmhaithe go cuí de réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí agus cibé acu a thugann nó nach dtugann siad léargas fíorcheart—

(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid chúrsaí na cuideachta amhail ag deireadh a bliana airgeadais,

(ii) i gcás an chuntais sochair agus dochair (mura bhfuil sé cumtha mar chuntas comhdhlúite sochair agus dochair), ar shochar agus dochar na cuideachta dá bliain airgeadais,

(iii) i gcás grúpchuntas atá á gcur isteach ag cuideachta shealbhaíochta, ar staid chúrsaí agus ar shochar nó dochar na cuideachta agus a fochuideachtaí a ndéileáiltear leo sa tslí sin, a mhéid a bhaineann sé le comhaltaí na cuideachta,

(f) i gcás cuideachta a bhain leas as aon cheann d'fhorálacha Chuid III den Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, cibé acu, ina dtuairim, atá nó nach bhfuil a clár comhardaithe agus a cuntas sochair agus dochair agus (más cuideachta shealbhaíochta í atá ag cur grúpchuntais isteach) na grúpchuntais, ullmhaithe go cuí de réir fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí agus cibé acu a thugann nó nach dtugann siad léargas fíorcheart ar na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) agus, más iomchuí, i bhfomhír (iii) de mhír (e) faoi réir neamhnochtadh aon nithe (a luafar sa tuarascáil) nach gá a nochtadh de bhua na Coda sin III, agus

(g) cibé acu, ina dtuairim, a bhí nó nach raibh staid airgeadais ann ag dáta an chláir chomhardaithe a d'éileodh faoi alt 40 (1) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , cruinniú ginearálta urghnách den chuideachta a chomóradh.

(5) Beidh iniúchóirí cuideachta i dteideal bheith i láthair ag aon chruinniú ginearálta den chuideachta agus gach fógra agus gach cumarsáid eile maidir le haon chruinniú ginearálta a fháil a bhfuil aon chomhalta den chuideachta i dteideal é a fháil, agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú ginearálta a mbeidh siad i láthair aige i dtaobh aon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leo mar iniúchóirí.

(6) Beidh duine a cheapfar mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí faoi dhualgas ginearálta an t-iniúchadh sin a dhéanamh le hionracas gairmiúil.

(7) Déanfar aon tagairt sa Phríomh-Acht d'alt 163 den Acht sin, nó don Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a fhorléiriú mar thagairtí don alt seo.

Dualgas iniúchóirí mura bhfuil leabhair chuntais chuí á gcoimeád.

194. —(1) Más rud é, tráth ar bith, gurb é tuairim iniúchóirí cuideachta go bhfuil an chuideachta ag sárú, nó gur sháraigh sí, alt 202 trí fhaillí a dhéanamh a chur faoi deara leabhair chuntais chuí (de réir bhrí an ailt sin) a choimeád i ndáil leis na nithe a shonraítear i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin, déanfaidh na hiniúchóirí—

(a) fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta a luaithe is féidir ag sonrú a dtuairime, agus

(b) tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis an fógra sin a sheirbheáil ar an gcuideachta, scéala a chur faoin bhfógra chuig cláraitheoir na gcuideachtaí san fhoirm fhorordaithe.

(2) I gcás gurb é tuairim na n-iniúchóirí gur sháraigh an chuideachta alt 202 ach, tar éis an tsáraithe sin, go ndearna stiúrthóirí na cuideachta na bearta is gá chun a chinntiú go gcoimeádtar leabhair chuntais chuí mar a éilítear leis an alt sin, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (b).

(3) Ní cheanglóidh an t-alt seo ar na hiniúchóirí na fógraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt más dóigh leo gur mionsáruithe na sáruithe lena mbaineann nó thairis sin nach bhfuil baint acu le hábhar.

(4) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion.

Toirmeasc ar ghníomhú i ndáil le hiniúchadh fad a bheidh ordú dícháilíochta i bhfeidhm.

195. —(1) Más rud é, maidir le duine atá faoi réir, nó a mheastar a bheith faoi réir, ordaithe dícháilíochta—

(a) go dtagann sé chun bheith ina chomhpháirtí i ngnólacht iniúchóirí, nó go bhfanfaidh sé ina chomhpháirtí ann tar éis 28 lá ó dháta déanta an ordaithe,

(b) go dtugann sé treoracha nó teagasc i ndáil le haon chuid d'iniúchadh ar chuntais chuideachta a sheoladh, nó

(c) go n-oibríonn sé in aon cháil le linn iniúchadh ar chuntais chuideachta a bheith á sheoladh,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás go gciontófar duine i gcion faoi fho-alt (1), déanfar an tréimhse a raibh sé dícháilithe ina leith a fhadú go ceann tréimhse breise deich mbliana ón dáta sin, nó go ceann cibé tréimhse breise eile a ordóidh an chúirt ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis.

(3) San alt seo—

(a) tá le “cuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 159, agus folaíonn sé freisin aon chumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1978,

(b) tá le “ordú dícháilíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 159.

Cumhachtaí iniúchóirí i ndáil le fochuideachtaí.

196. —(1) I gcás fochuideachta a bheith ag cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta shealbhaíochta” san alt seo), ansin—

(a) i gcás gur comhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát an fhochuideachta, beidh sé de dhualgas ar an bhfochuideachta agus ar a cuid iniúchóirí cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt d'iniúchóirí na cuideachta sealbhaíochta a cheanglóidh na hiniúchóirí sin le réasún chun críocha a ndualgas mar iniúchóirí ar an gcuideachta shealbhaíochta,

(b) in aon chás eile, beidh sé de dhualgas ar an gcuideachta shealbhaíochta, má cheanglaíonn a cuid iniúchóirí uirthi déanamh amhlaidh, gach beart a dhéanamh atá ar fáil di le réasún chun cibé faisnéis agus mínithe mar a dúradh a fháil ón bhfochuideachta.

(2) Má mhainníonn cuideachta nó iniúchóir fo-alt (1) a chomhlíonadh laistigh de chúig lá ón gceanglas iomchuí a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain, nó an t-iniúchóir, de réir mar a bheidh, ciontach i gcion.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don chosantóir a thaispeáint nárbh fhéidir leis le réasún an ceanglas faoi fho-alt (1) lena mbaineann an cion a chomhlíonadh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (2) ach gur chomhlíon sé é a luaithe ab fhéidir le réasún tar éis dheireadh an ama sin.

(4) Dlífear fíneáil a chur ar dhuine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha a dhéanamh le hiniúchóirí.

197. —(1) Aon oifigeach do chuideachta a dhéanfaidh, go feasach nó go meargánta, ráiteas lena mbaineann an t-alt seo, is ráiteas a bheidh míthreorach, bréagach nó mealltach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Baineann an t-alt seo le haon ráiteas a dhéanfar le hiniúchóirí cuideachta (cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn) a thugann aon fhaisnéis nó míniú nó a airbheartaíonn aon fhaisnéis nó míniú a thabhairt a éilíonn siad faoi Achtanna na gCuideachtaí, nó a bhfuil siad i dteideal a éileamh amhlaidh, mar iniúchóirí ar an gcuideachta.

(3) Aon oifigeach do chuideachta a mhainníonn aon fhaisnéis nó mínithe a chur ar fáil d'iniúchóirí na cuideachta nó chuideachta shealbhaíochta na cuideachta, laistigh de dhá lá ón éileamh iomchuí a dhéanamh, a éilíonn na hiniúchóirí mar iniúchóirí ar an gcuideachta nó ar chuideachta shealbhaíochta na cuideachta agus is eol don oifigeach nó a fhéadfaidh sé a fháil, beidh sé ciontach i gcion.

(4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, is cosaint don chosantóir a thaispeáint nárbh fhéidir leis le réasún an ceanglas faoi fho-alt (3) lena mbaineann an cion a chomhlíonadh laistigh den am a shonraítear san fho-alt sin ach gur chomhlíon sé é a luaithe ab fhéidir le réasún tar éis dheireadh an ama sin.

(5) San alt seo folaíonn “oifigeach” i ndáil le cuideachta, aon fhostaí den chuideachta.

Clár iniúchóirí.

198. —(1) Coimeádfaidh cláraitheoir na gcuidéachtaí clár ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí daoine a mbeidh sé curtha in iúl dó gur daoine iad atá cáilithe lena gceapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí.

(2) San alt seo agus in alt 199, ciallaíonn “seoladh”, i ndáil le duine, a ghnáthsheoladh cónaithe nó gnó.

Forálacha idirthréimhseacha a bhaineann leis an gclár.

199. —(1) Faoi réir fho-alt (2), déanfaidh comhlacht cuntasóirí a bhfuil a aitheantas athnuaite ag an Aire faoi alt 191 (1) nó a bhfuil aitheantas tugtha dó faoi alt 191 (3), laistigh de mhí amháin tar éis athnuachana nó aitheantais den sórt sin, ainm agus seoladh gach comhalta dá chuid atá cáilithe lena cheapadh faoi Achtanna na gCuideachtaí mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh comhlacht cuntasóirí atá bunaithe lasmuigh den Stát agus a bhfuil a aitheantas athnuaite nó deonaithe mar a dúradh, sonraí a chur in iúl i dtaobh na gcomhaltaí dá chuid ar mian leo cleachtadh sa Stát.

(3) Gach duine a shealbhaíonn, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, údarú ón Aire faoi Achtanna na gCuideachtaí chun gníomhú mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí (seachas de bhua comhaltais i gcomhlacht aitheanta cuntasóirí) seachadfaidh sé, laistigh de mhí amháin tar éis an tosach feidhme sin, a ainm agus a sheoladh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) Má mhainnítear fo-alt (1) a chomhlíonadh, beidh an comhlacht cuntasóirí lena mbaineann ciontach i gcion.

Dualgas chun cláraitheoir a choimeád ar an eolas.

200. —(1) Más rud é, faoi réir fho-alt (2), go dtagann duine (seachas duine dá dtagraítear in alt 199 (1)), de bhua é a theacht chun bheith ina chomhalta de chomhlacht cuntasóirí, chun bheith cáilithe lena cheapadh mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí, seachadfaidh an comhlacht lena mbaineann, laistigh de mhí amháin óna theacht chun bheith cáilithe amhlaidh, a ainm agus a sheoladh ar chláraitheoir na gcuideachtaí lena chur isteach sa chlár dá dtagraítear in alt 198.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh comhlacht aitheanta cuntasóirí atá bunaithe lasmuigh den Stát, sonraí a chur in iúl i dtaobh na gcomhaltaí dá chuid ar mian leo cleachtadh sa Stát.

(3) Gach duine dá ndeonófar údarú ón Aire, tar éis thosach feidhme an ailt seo, faoi Achtanna na gCuideachtaí chun gníomhú mar iniúchóir ar chuideachta nó mar iniúchóir poiblí (seachas de bhua comhaltais i gcomhlacht aitheanta cuntasóirí) seachadfaidh sé, laistigh de mhí amháin tar éis an deonaithe sin, a ainm agus a sheoladh ar chláraitheoir na gcuideachtaí.

(4) Má mhainnítear fo-alt (1) a chomhlíonadh, beidh an comhlacht cuntasóirí lena mbaineann ciontach i gcion.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

201. —(1) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh a mheasann sé is gá d'fheidhmiú cuí éifeachtach na Treorach ón gComhairle.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), más rud é go dtarlaíonn aon deacracht in aon chás maidir le feidhmiú na Treorach, féadfaidh an tAire le rialacháin aon ní a dhéanamh is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an deacracht sin a shárú, agus féadfaidh aon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Chuid seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an Treoir a fheidhmiú ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon fhoráil den Chuid seo tar éis 3 bliana a bheith caite ag tosú leis an lá ar tháinig an fhoráil iomchuí den Chuid seo i ngníomh.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leabhair chuntais a choimeád.

202. —(1) Cuirfidh gach cuideachta faoi deara go gcoimeádfar leabhair chuntais chuí, cibé acu i bhfoirm doiciméad nó ar shlí eile—

(a) a thaifeadfaidh agus a mhíneoidh go cruinn idirbhearta na cuideachta,

(b) a chumasóidh tráth ar bith staid airgeadais na cuideachta a chinneadh go réasúnta cruinn.

(c) a chumasóidh do na stiúrthóirí a chinntiú go ndéanann aon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncaim agus caiteachais de chuid na cuideachta ceanglais Achtanna na gCuideachtaí a chomhlíonadh, agus

(d) a chumasóidh cuntais na cuideachta a iniúchadh go réidh agus go cuí.

(2) Coimeádfar leabhair chuntais cuideachta ar bhonn leanúnach comhréireach, is é sin le rá, déanfar na taifid iontu ar mhodh tráthúil agus beidh siad i gcomhréir lena chéile ó bhliain go chéile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1) agus (2), beidh i leabhair chuntais a choimeádtar de bhun na bhfo-alt sin—

(a) iontrálacha ó lá go lá de na suimeanna airgid go léir a gheobhaidh agus a chaithfidh an chuideachta agus na nithe a bhfuarthas agus ar caitheadh na suimeanna ina leith,

(b) taifead de shócmhainní agus de dhliteanais na cuideachta,

(c) má bhaineann gnó na cuideachta le déileáil in earraí—

(i) taifead de na hearraí go léir a ceannaíodh, agus de na hearraí go léir a díoladh (seachas iadsin a díoladh ar airgead tirim ar mhodh gnáth-thrádála miondíola), a thaispeánfaidh na hearraí agus na díoltóirí agus na ceannaitheoirí sách mionsonraithe le go bhféadfar na hearraí agus na díoltóirí agus na ceannaitheoirí a aithint agus taifead de na sonraisc go léir a bhaineann leis na ceannacháin agus na díolacháin sin,

(ii) ráitis i dtaobh stoic a shealbhóidh an chuideachta ag deireadh gach bliana airgeadais agus gach taifead de stocáirimh ar ullmhaíodh nó a n-ullmhófar aon ráiteas stoic den sórt sin as, agus

(d) má bhaineann gnó na cuideachta le soláthar seirbhísí, taifead de na seirbhísí a sholáthraítear agus de na sonraisc go léir a bhaineann leis sin.

(4) Chun críocha fho-ailt (1), (2) agus (3), measfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád má chomhlíonann siad na fo-ailt sin agus má thugann siad léargas fíorcheart ar staid chúrsaí na cuideachta agus má mhíníonn siad a hidirbhearta.

(5) Faoi réir fho-alt (6), coimeádfar na leabhair chuntais in oifig chláraithe na cuideachta nó i cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí.

(6) Má choimeádtar leabhair chuntais in áit lasmuigh den Stát, cuirfear go dtí áit sa Stát, agus coimeádfar ann, agus beidh ar fáil gach tráth réasúnach chun a iniúchta ag na stiúrthóirí, cibé cuntais agus tuairisceáin ar an ngnó lena ndéileáiltear sna leabhair chuntais a choimeádtar amhlaidh a chuirfidh i bhfios go réasúnta cruinn cad é an staid airgeadais atá ar an ngnó sin i gceann tréimhsí nach faide ó chéile ná 6 mhí agus a bhéarfaidh go bhféadfar a ullmhú de réir Achtanna na gCuideachtaí clár comhardaithe na cuideachta, a cuntas sochair agus dochair nó a cuntas ioncaim agus caiteachais agus aon doiciméad a bheidh i gceangal le haon cheann de na doiciméid sin ag tabhairt faisnéise is gá de réir na nAchtanna sin agus a cheadaítear dá réir a thabhairt amhlaidh.

(7) Déanfar leabhair chuntais is gá a choimeád leis an alt seo agus cuntais agus tuairisceáin dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a choimeád i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit nó ar shlí go bhféadfar teacht ar na leabhair chuntais agus ar na cuntais agus ar na tuairisceáin go héasca agus go mbeidh siad inchomhshóite go héasca i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit.

(8) Déanfaidh cuideachta a leabhair chuntais agus aon chuntais agus tuairisceáin dá dtagraítear i bhfo-alt (6) a chur ar fáil i bhfoirm scríofa i dteanga oifigiúil de chuid an Stáit gach tráth réasúnach lena n-iniúchadh gan táille ag oifigigh na cuideachta agus ag daoine eile a bheidh i dteideal de bhun Achtanna na gCuideachtaí leabhair chuntais na cuideachta a iniúchadh.

(9) Déanfaidh an chuideachta lena mbaineann aon taifead, ar leabhar cuntais é is gá a choimeád leis an alt seo nó is cuntas nó tuairisceán dá dtagraítear i bhfo-alt (6), a choimeád go ceann tréimhse 6 bliana ar a laghad tar éis an dáta is déanaí lena mbaineann an taifead.

(10) Beidh cuideachta a sháróidh an t-alt seo ciontach i gcion agus aon duine, is stiúrthóir ar chuideachta, a mhainníonn gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an ailt seo, nó a bhíonn trína ghníomh toiliúil féin ina chúis le haon mhainneachtain ag an gcuideachta faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion freisin:

Ar choinníoll, áfach,—

(a) in aon imeachtaí i gcoinne duine i leith ciona faoin alt seo arb é a bheidh ann mainneachtain bearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfadh cuideachta ceanglais an ailt seo, gur cosaint é a chruthú go raibh forais réasúnacha aige lena chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa a chinntiú go gcomhlíonfaí na ceanglais sin agus go raibh an duine sin sa riocht go gcomhlíonfadh sé an dualgas sin, agús

(b) nach gcuirfear pianbhreith príosúnachta ar dhuine mar gheall ar chion den sórt sin mura rud é, i dtuairim na cúirte, go ndearnadh an cion go toiliúil.

Dliteanas pionós a chur ar oifigigh chuideachta i gcás nach gcoimeádfar leabhair chuntais chuí.

203. —(1) Más rud é—

(a) go ndearna cuideachta a bheidh á foirceannadh agus nach mbeidh ábalta a cuid fiach go léir a íoc, alt 202 a shárú, agus

(b) go measann an chúirt go raibh an sárú sin ina chionchúis le neamhábaltacht na cuideachta a cuid fiach go léir a íoc nó gurbh é a thoradh neamhchinnteacht mhór a bheith ann i dtaobh sócmhainní agus dliteanais na cuideachta nó gur chuir sé mórbhac ar fhoirceannadh ordúil an chéanna,

beidh gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion agus dlífear—

(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo is cosaint don duine a chúiseofar sa chion a thaispeáint—

(a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an chuideachta alt 202, nó

(b) go raibh forais réasúnacha aige lena chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó faoi urláimh stiúrthóra na cuideachta ar cuireadh an fhreagracht sin air go foirmiúil, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh an duine sin sa riocht go gcomhlíonfadh sé an dualgas sin.

Dliteanas pearsanta oifigeach cuideachta i gcás nach gcoimeádfar leabhair chuntais chuí.

204. —(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é—

(a) gur ndearna cuideachta a bheidh á foirceannadh agus nach mbeidh ábalta a cuid fiach go léir a íoc, alt 202 a shárú, agus

(b) go measann an chúirt go raibh an sárú sin ina chionchúis le neamhábaltacht na cuideachta a cuid fiach go léir a íoc nó gurbh é a thoradh neamhchinnteacht mhór a bheith ann i dtaobh sócmhainní agus dliteanais na cuideachta nó gur chuir sé mórbhac ar fhoirceannadh ordúil an chéanna,

féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón leachtaitheoir nó ó aon chreidiúnaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, má cheapann sí gur cuí di déanamh amhlaidh, a dhearbhú go mbeidh aon oifigeach nó aon oifigigh agus aon iaroifigeach nó aon iaroifigigh don chuideachta a rinne mainneachtain faoi dhliteanas pearsanta, gan aon teorainn ó thaobh dliteanais, i leith na bhfiach agus na ndliteanas eile go léir de chuid na cuideachta nó i leith cibé cuid díobh a bheidh sonraithe ag an gcúirt.

(2) Nuair a bheidh iarratas faoin bhfo-alt seo á éisteacht, féadfaidh an duine a bheidh ag déanamh an iarratais fianaise a thabhairt é féin nó finnéithe a ghairm.

(3) (a) I gcás go ndéanfaidh an chúirt dearbhú faoi fho-alt (1), féadfaidh sí cibé orduithe is cuí léi a thabhairt d'fhonn éifeacht a thabhairt don dearbhú agus go sonrach féadfaidh sí socrú a dhéanamh chun dliteanas aon duine den sórt sin faoin dearbhú a chur de mhuirear ar aon fhiach nó oibleagáid a bheidh dlite dó ón gcuideachta nó ar aon mhorgáiste nó muirear nó aon leas in aon mhorgáiste nó muirear ar aon sócmhainní de chuid na cuideachta a bheidh á dteachtadh aige nó dílsithe dó nó á dteachtadh ag aon chuideachta nó duine eile, nó dílsithe d'aon chuiddeachta nó duine eile, thar a cheann, nó ag aon duine, nó dílsithe d'aon duine, a dhéanfaidh éileamh mar shannaí ar an duine, nó tríd an duine, a bheidh faoi dhliteanas faoin dearbhú nó ar aon chuideachta nó duine nó trí aon chuideachta nó duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann. agus féadfaidh sí ó am go ham cibé ordú breise a dhéanamh a bheidh riachtanach chun aon mhuirear a fhorchuirtear faoin bhfo-alt seo a chur i bhfeidhm.

(b) I mír (a), folaíonn “sannaí” aon duine chun a ndearnadh nó ar ina fhabhar a rinneadh, le horduithe ón duine faoi dhliteanas, an fiach, an oibleagáid, an morgáiste nó an muirear a bhunú, a eisiúint nó a aistriú, nó an leas a bhunú, ach ní fholaíonn sé sannaí ar chomaoin luachmhar (gan comaoin i ngeall ar phósadh a áireamh) a tugadh de mheon macánta agus gan fógra i dtaobh aon cheann de na hábhair a ndéanfar an dearbhú ar a bhforas.

(4) Ní dhéanfaidh an chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) maidir le duine má mheasann sí—

(a) go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go gcomhlíonfadh an chuideachta alt 202, nó

(b) go raibh forais réasúnacha aige lena chreidiúint, agus gur chreid sé, gur cuireadh de dhualgas ar dhuine inniúil iontaofa, ag gníomhú faoi mhaoirseacht nó faoi urláimh stiúrthóra na cuideachta ar cuireadh an fhreagracht sin air go foirmiúil, a chinntiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh an duine sin sa riocht go gcomhlíonfadh sé an dualgas sin.

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo d'ainneoin go bhféadfadh an duine a bheidh i gceist a bheith faoi dhliteanas coiriúil maidir leis na hábhair a mbeidh an dearbhú le déanamh ar a bhforas.

(6) San alt seo folaíonn “oifigeach”, maidir le cuideachta, duine a ciontaíodh i gcion faoi alt 194, 197 nó 242 i ndáil le ráiteas a bhaineann le leabhair chuntais chuí a choimeád ag an gcuideachta.

Tosach feidhme Chuid X.

205. —Beidh feidhm ag gach ceann de na forálacha seo a leanas, is é sin le rá ailt 202 go 204 maidir le cuntais chuideachta le haghaidh gach bliana airgeadais de chuid na cuideachta dar tosach nó dar críoch dáta i ndiaidh cibé dáta tar éis thosach feidhme na forála a bheidh sonraithe ag an Aire le hordú.

CUID XI

Cuideachta d'fháil a Scaireanna Féin agus Scaireanna i gCuideachta Shealbhaíochta

Léiriú.

206. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1983” Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 ;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta lena mbaineann alt 207;

tá le “dáileadh” an bhrí a shanntar dó le halt 51 (2) d'Acht 1983 (arna leasú le halt 232 (d) agus (e) den Acht seo);

folaíonn “scaireanna infhuascailte” scaireanna a ndlífear iad a fhuascailt de rogha na cuideachta nó an scairshealbhóra.

Cumhacht chun scaireanna infhuascailte a eisiúint.

207. —(1) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, féadfaidh cuideachta faoi theorainn scaireanna nó faoi theorainn ráthaíochta agus ag a bhfuil scairchaipiteal, má údaraíonn a cuid airteagal di amhlaidh, scaireanna infhuascailte a eisiúint agus iad a fhuascailt dá réir sin.

(2) Beidh eisiúint agus fuascailt scaireanna ag cuideachta de bhun fho-alt (1) faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas—

(a) Ní eiseofar ná ní fhuasclófar aon scaireanna infhuascailte tráth ar bith nuair atá luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe neamhinfhuascailte níos lú ná aon deichiú de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe iomlán na cuideachta.

(b) Ní fhuasclófar aon scaireanna den sórt sin mura mbeidh siad láníoctha.

(c) Ní mór do théarmaí na fuascailte socrú a dhéanamh le haghaidh íocaíochta tráth fuascailte.

(d)   (i) Faoi réir fhomhír (ii), ní fhuasclófar aon scaireanna den sórt sin ach amháin as brabúis a bheidh ar fáil lena ndáileadh.

(ii) I gcás go mbeartaíonn an chuideachta scaireanna a chealú tráth fuascailte de bhun alt 208, féadfar na scaireanna sin a fhuascailt freisin as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a dhéanfar chun críocha fuascailte.

(e) An phréimh, más ann, is iníoctha tráth fuascailte, ní foláir, faoi réir mhír (f), foráil a bheith déanta chun í a íoc as brabúis sin na cuideachta.

(f) I gcás gur eisíodh na scaireanna ar biseach, féadfar aon phréimh is iníoctha tráth a bhfuascailte (ar fuascailt í lena mbaineann mír (d) (ii)) a íoc as na fáltais ó eisiúint úr scaireanna a dhéanfar chun críocha na fúascailte, suas go dtí méid is ionann agus—

(i) comhiomlán na bpréimheanna a fuair an chuideachta tráth eisiúna na scaireanna a fhuasclaítear, nó

(ii) méid reatha chuntas scairphréimhe na cuideachta (lena n-áirítear aon suim a aistríodh chuig an gcuntas sin i leith préimheanna ar na scaireanna nua),

cibé acu is lú, agus in aon chás den sórt sin déanfar méid chuntas scairphréimhe na cuideachta, d'ainneoin aon ní in alt 62 (1) den Phríomh-Acht, a laghdú de shuim a bheidh ar comhréir (nó de shuimeanna a bheidh ar comhréir san iomlán) le méid aon íocaíochta a dhéanfar de bhua na míre seo as na fáltais ó eisiúint na scaireanna nua.

(3) Faoi réir fhorálacha na Coda seo, féadfar scaireanna a fhuascailt ar cibé téarmaí agus i cibé slí a fhorálfar le hairteagail na cuideachta.

Scaireanna a chealú tráth fuascailte.

208. —Féadfar scaireanna a fhuasclaítear de bhun na Coda seo a chealú tráth fuascailte, agus sa chás sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis na scaireanna sin:

(a) Laghdófar méid scairchaipiteal eisithe na cuideachta de luach ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear ach ní ghlacfar le haon chealú den sórt sin mar chealú a laghdaíonn méid scairchaipiteal údaraithe na cuideachta.

(b) I gcás go bhfuasclófar na scaireanna—

(i) go hiomlán as na brabúis atá ar fáil lena ndáileadh, nó

(ii) go hiomlán nó go páirteach as na fáltais ó eisiúint úr agus gur lú méid comhiomlán na bhfáltas sin (gan aird a thabhairt ar aon chuid de na fáltais sin a úsáidtear chun aon phréimh a íoc tráth fuascailte) ná luach ainmniúil comhiomlán na scaireanna a fhuasclaítear (“an difríocht inchomhiomlánaithe”),

ansin déanfar suim is ionann, i gcás fhomhír (i), agus méid ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear agus, i gcás fhomhír (ii), an difríocht inchomhiomlánaithe, a aistriú chun cúlchiste (“an cúlchiste fuascailte caipitil”) agus, ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo beidh feidhm ag na forálacha den Phríomh-Acht a bhaineann le laghdú scairchaipitil chuideachta ionann is dá mba scairchaipiteal íoctha de chuid na cuideachta an cúlchiste fuascailte caipitil.

(c) Más rud é—

(i) gur fhuascail agus gur chealaigh cuideachta scaireanna, nó

(ii) go bhfuil cuideachta ar tí scaireanna a fhuascailt agus iad a chealú tráth fuascailte,

beidh an chumhacht aici scaireanna a eisiúint go feadh luach ainmniúil na scaireanna a fhuasclaítear nó atá le fuascailt ionann is dá mba nár eisíodh na scaireanna sin riamh, agus chun críocha alt 68 den Acht Airgeadais, 1973 , is idirbheart inmhuirearaithe aon scaireanna a eisíonn cuideachta in ionad scaireanna a fhuasclaítear faoin gCuid seo más rud é, agus más rud é amháin, go mbeidh luach iarbhír na scaireanna a eiseofar amhlaidh níos mó ná luach iarbhír na scaireanna a fhuasclaítear ar dháta a bhfuascailte agus, i gcás gur idirbheart inmhuirearaithe chun na gcríoch sin an eisiúint scaireanna, is é an méid ar a mbeidh dleacht stampa ar an ráiteas iomchuí a bhaineann leis an idirbheart sin inmhuirearaithe faoi alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , ná an difríocht idir—

(I) an méid a mbeadh an dleacht inmhuirearaithe air amhlaidh dá mba nár eisíodh na scaireanna in ionad scaireanna a fhuasclaítear faoin alt seo, agus

(II) luach na scaireanna a fhuasclaítear ar dháta a bhfuascailte.

(d) Má eisítear scaireanna nua roimh fhuascailt na seanscaireanna, ní mheasfar, chomh fada is a bhaineann le dleacht stampa, na scaireanna nua a bheith eisithe de bhun mhír (c) mura bhfuasclaítear na seanscaireanna laistigh de mhí tar éis eisiúint na scaireanna nua.

(e) Féadfaidh an chuideachta, d'ainneoin aon ní san alt seo, an cúlchiste fuascailte caipitil a chur chun feidhme chun íoctha scaireanna neamheisithe de chuid na cuideachta (seachas scaireanna infhuascailte) a bheidh le leithroinnt ar chomhaltaí den chuideachta mar scaireanna bónais láníoctha.

Scaireanna cisteáin.

209. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo féadfaidh cuideachta, in ionad scaireanna a chealú tráth a bhfuascailte, na scaireanna sin a shealbhú (mar “scaireanna cisteáin”) agus féadfaidh an chuideachta déileáil le scaireanna a bheidh á sealbhú amhlaidh ar an modh dá bhforáiltear i bhfo-alt (4) ach ní ar mhodh eile.

(2) (a) Ní ceadmhach luach ainmniúil scaireanna cisteáin a bheidh á sealbhú ag cuideachta aon tráth amháin a bheith níos mó ná deich faoin gcéad de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe na cuideachta.

(b) Chun críocha mhír (a), measfar gur scaireanna atá á sealbhú ag an gcuideachta na scaireanna seo a leanas freisin—

(i) scaireanna sa chuideachta atá á sealbhú ag aon fhochuideachta de bhun alt 224, agus

(ii) scaireanna sa chuideachta atá á sealbhú ag aon fhochuideachta de bhun alt 9 den Acht Árachais, 1990 , agus

(iii) scaireanna sa chuideachta atá á sealbhú ag aon duine ag gníomhú dó ina ainm féin ach thar ceann na cuideachta.

(3) Fad a shealbhaíonn an chuideachta scaireanna mar scaireanna cisteáin—

(a) ní fheidhmeoidh an chuideachta aon chearta vótála maidir leis na scaireanna sin agus beidh aon fheidhmiú airbheartaithe ar na cearta sin ar neamhní; agus

(b) ní bheidh aon díbhinn ná íocaíocht eile (lena n-áirítear aon íocaíocht i gcás fhoirceannadh na cuideachta) iníoctha leis an gcuideachta maidir leis na scaireanna sin.

(4) Féadfar—

(a) scaireanna cisteáin a chealú ag an gcuideachta agus sa chás sin beidh feidhm ag forálacha alt 208 amhail is dá mbeadh na scaireanna cealaithe tráth fuascailte, nó

(b) scaireanna cisteáin a atheisiúint, faoi réir fho-ailt (5) agus (6), mar scaireanna d'aon aicme nó aicmí.

(5) Measfar, chun críocha uile Achtanna na gCuideachtaí, gur eisiúint scaireanna aon atheisiúint scaireanna faoin alt seo ach ní fhéachfar ar scairchaipiteal eisithe na cuideachta chun aon chríche (lena n-áirítear críocha aon achtachán a bhaineann le dleacht stampa) mar scairchaipiteal eisithe a bheidh méadaithe trí atheisiúint na scaireanna.

(6) (a) Déanfaidh an chuideachta na huasphraghsanna agus na híosphraghsanna ar a bhféadfar scaireanna cisteáin a atheisiúint ar an eismhargadh (“an raon praghsanna atheisiúna”) a chinneadh roimh ré i gcruinniú ginearálta de réir mhíreanna (b), (c) agus (d) agus socróidh an cinneadh sin uasphraghsanna agus íosphraghsanna éagsúla le haghaidh scaireanna éagsúla.

(b) I gcás na scaireanna cisteáin a bheidh le hatheisiúint a bheith díorthaithe, go hiomlán nó go páirteach, ó scaireanna a cheannaigh an chuideachta de réir fhorálacha na Coda seo déanfar raon praghsanna atheisiúna na scaireanna sin go léir nó na coda sin (de réir mar a bheidh) a chinneadh le rún speisialta de chuid na cuideachta a ritear ag an gcruinniú ag a ritheadh an rún lena n-údaraítear an ceannach sin agus fanfaidh an cinneadh sin, chun críocha an fho-ailt seo, in éifeacht maidir leis na scaireanna sin don tréimhse riachtanach.

(c) I gcás na scaireanna cisteáin a bheidh le hatheisiúint a bheith díorthaithe, go hiomlán nó go páirteach, ó scaireanna a d'fhuascail an chuideachta de réir fhorálacha na Coda seo déanfar raon praghsanna atheisiúna na scaireanna sin go léir nó na coda sin (de réir mar a bheidh) a chinneadh le rún speisialta de chuid na cuideachta a rithfear sula ndéanfar aon chonradh chun na scaireanna sin a atheisiúint agus fanfaidh an cinneadh sin, chun críocha an fho-ailt seo, in éifeacht maidir leis na scaireanna sin don tréimhse riachtanach.

(d) Féadfaidh an chuideachta ó am go ham le rún speisialta cinneadh ar raon praghsanna atheisiúna faoi mhír (b) nó (c) a athrú nó a athnuachan maidir le scaireanna cisteáin áirithe sula ndéanfar aon chonradh chun na scaireanna sin a atheisiúint agus fanfaidh aon athrú nó athnuachan den sórt sin, chun críocha an fho-ailt seo, in éifeacht mar chinneadh ar raon praghsanna atheisiúna na scaireanna sin don tréimhse riachtanach.

(e)   (i) Chun a chinneadh san fho-alt seo cibé atá scaireanna cisteáin á n-atheisiúint ar an eismhargadh, beidh éifeacht le forálacha alt 212 (ceannach ar an eismhar adh agus ar an margadh) trí na focail “hatheisiúint”, “atheisiúint ar an eismhargadh” agus “atheisítear” faoi seach a chur in ionad na bhfocal “ceannach”, “ceannach ar an eismhargadh” agus “cheannaítear” i bhfo-alt (1) (a) den alt sin.

(ii) San fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse riachtanach” an tréimhse ocht mí dhéag ó dháta rite an rúin lena gcinnfear an raon praghsanna atheisiúna nó lena n-athrófar nó lena n-athnuafar (de réir mar a bheidh) an cinneadh sin nó cibé tréimhse ama is giorra ná sin a bheidh sonraithe sa rún.

(7) Aon atheisiúint scaireanna cisteáin ag cuideachta ar sárú é ar aon cheann d'fhorálacha fho-alt (6), beidh sé neamhdhleathach.

Cumhacht chun scaireanna a chomhshó ina scaireanna infhuascailte.

210. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (3), (4) agus (5) agus fhorálacha Achtanna na gCuideachtaí a rialaíonn athrú ar chearta a ghabhann le cineálacha scaireanna agus ar mheabhrán nó airteagail chuideachta, féadfaidh cuideachta aon scaireanna dá cuid a chomhshó ina scaireanna infhuascailte.

(2) Ní bheidh éifeacht le comhshó scaireanna faoi fho-alt (1) maidir le haon scaireanna a gcuirfidh a sealbhóir in iúl don chuideachta, roimh dháta an chomhshó, go bhfuil mífhonn air comhshó a dhéanamh ar a chuid scaireanna ach, faoi réir an méid sin agus fhorálacha eile an ailt seo, beidh éifeacht leis an gcomhshó de réir a théarmaí.

(3) Má dhéanann scairshealbhóir agóid i gcoinne comhshó, ní dhéanfaidh fo-alt (2) dochar d'aon cheart a d'fhéadfadh a bheith aige faoi Achtanna na gCuideachtaí nó thairis sin dlínse na cúirte a agairt chun an comhshó a chur ar ceal nó thairis sin faoiseamh a chur ar fáil maidir leis an gcéanna.

(4) Ní dhéanfar aon scaireanna a chomhshó ina scaireanna infhuascailte más rud é, de bharr an chomhshó, go mbeadh luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe neamhinfhuascailte níos lú ná aon deichiú de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe iomlán na cuideachta.

(5) Beidh feidhm ag forálacha ailt 207, 208 agus 209 maidir le scaireanna a ndearnadh iad a chomhshó ina scaireanna infhuascailte faoin alt seo.

Cumhacht cuideachta a cuid scaireanna féin a cheannach.

211. —(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, féadfaidh cuideachta, má údaraíonn a cuid airteagal di é amhlaidh, a cuid scaireanna féin (lena n-áirítear aon scaireanna infhuascailte) a cheannach.

(2) Beidh feidhm ag ailt 207 (2), 208 agus 209 i ndáil le ceannach aon cheann dá cuid scaireanna féin ag cuideachta faoin alt seo amhail mar atá feidhm ag na hailt sin i ndáil le fuascailt scaireanna ag cuideachta faoi alt 207.

(3) Ní cheannóidh cuideachta aon cheann dá cuid scaireanna faoin alt seo más rud é, de bharr an cheannaigh sin, go mbeadh luach ainmniúil an scairchaipitil eisithe neamhinfhuascailte níos lú ná aon deichiú de luach ainmniúil scairchaipiteal eisithe iomlán na cuideachta.

Ceannach ar an eismhargadh agus ar an margadh.

212. —(1) Chun críocha ailt 213 agus 215, maidir le ceannach scaireanna dá cuid féin ag cuideachta—

(a) is “ceannach ar an eismhargadh” é má cheannaítear na scaireanna—

(i) ar dhóigh seachas ar stocmhalartán aitheanta, nó

(ii) ar stocmhalartán aitheanta ach nach mbeidh siad faoi réir comhshocraíochta margaíochta ar an stocmhalartán sin,

(b) is “ceannach ar an margadh” é má cheannaítear na scaireanna ar stocmhalartán aitheanta agus go mbeidh siad faoi réir comhshocraíochta margaíochta.

(2) Chun críocha fho-alt (1), beidh scaireanna cuideachta faoi réir comhshocraíochta margaíochta ar stocmhalartán aitheanta—

(a) má tá siad liostaithe ar an stocmhalartán sin, nó

(b) má tugadh saoráidí don chuideachta le go ndéanfaí déileálacha sna scaireanna sin ar an stocmhalartán sin gan cead roimh ré le haghaidh idirbhearta aonaracha ón údarás a bheidh ag rialú an stocmhalartáin sin agus gan teorainn a chur leis an am a mbeidh na saoráidí sin ar fáil lena linn.

Údarás maidir le ceannach ar an eismhargadh.

213. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta ceannach ar a scaireanna féin ar an eismhargadh ar dhóigh seachas de bhun conartha arna údarú roimh ré de réir an ailt seo.

(2) Déanfar téarmaí an chonartha ceannaigh atá beartaithe a údarú le rún speisialta sula ndéanfar an conradh agus féadfar aon údarás den sórt sin a athrú, a chúlghairm nó a athnuachan ó am go ham le rún speisialta.

(3) Ní bheidh rún speisialta faoi fho-alt (2) éifeachtach chun críocha an ailt seo má fheidhmíonn aon chomhalta den chuideachta a shealbhaíonn scaireanna lena mbaineann an rún na cearta vótála a ghabhann le haon cheann de na scaireanna sin agus é ag vótáil ar an rún agus más rud é nach rithfí an rún mura ndéanfadh sé amhlaidh.

(4) D'ainneoin aon ní in alt 137 den Phríomh-Acht nó in airteagail chuideachta féadfaidh aon chomhalta den chuideachta vótaíocht a éileamh ar rún speisialta faoi fho-alt (2).

(5) Ní bheidh rún speisialta faoi fho-alt (2) éifeachtach mura mbeidh cóip den chonradh ceannaigh atá beartaithe nó, i gcás nach mbeidh an conradh i scríbhinn, meabhrán scríofa dá chuid téarmaí, ar fáil lena iniúchadh ag comhaltaí den chuideachta—

(a) ag oifig chláraithe na cuideachta ar feadh na tréimhse 21 lá ar a laghad dar críoch dáta an chruinnithe ag a ritear an rún, agus

(b) ag an gcruinniú féin.

(6) Ní mór ainmneacha aon chomhaltaí a shealbhaíonn scaireanna lena mbaineann an conradh a bheith ar áireamh in aon mheabhrán de théarmaí an chonartha ceannaigh a chuirfear ar fáil chun críocha an ailt seo, agus ní mór meabhrán scríofa ina sonrófar aon ainmneacha den sórt sin nach mbeidh le fáil sa chonradh féin a bheith curtha i gceangal le haon chóip den chonradh a chuirfear ar fáil chun na gcríoch sin.

(7) Ní fhéadfaidh cuideachta comhaontú le conradh ceannaigh láithreach a bheidh ceadaithe faoin alt seo a athrú ach amháin sa chás go mbeidh an t-athrú údaraithe le rún speisialta de chuid na cuideachta roimh chomhaontú leis, agus beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) i ndáil leis an údarás sin ach ní foláir cóip nó meabhrán (de réir mar a éilítear sa chás) den chonradh láithreach a bheith ar fáil freisin le haghaidh iniúchta de réir fho-alt (5).

Conradh ceannaigh teagmhasach.

214. —(1) San alt seo ciallaíonn “conradh ceannaigh teagmhasach” conradh arna dhéanamh ag cuideachta agus a bhaineann le haon scaireanna dá cuid, nach ionann agus conradh chun na scaireanna sin a cheannach ach faoina bhféadfaidh an chuideachta teacht chun bheith i dteideal nó faoi oibleagáid na scaireanna sin a cheannach.

(2) Ní dhéanfaidh cuideachta a cuid scaireanna féin a cheannach de bhun conartha ceannaigh theagmhasaigh ach amháin sa chás go mbeidh téarmaí an chonartha údaraithe le rún speisialta de chuid na cuideachta sula ndéantar an conradh agus beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (7) d'alt 213 maidir leis an gconradh agus leis an rún sin.

Údarás maidir le ceannach ar an margadh.

215. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta ceannach ar a scaireanna féin ar an margadh mura mbeidh an ceannach údaraithe roimh ré ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus féadfaidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta aon údarás den sórt sin a athrú, a chúlghairm nó a athnuachan ó am go ham. Ní fhorléireofar an fo-alt seo mar fho-alt a cheanglaíonn go mbeadh aon chonradh áirithe chun scaireanna a cheannach ar an margadh údaraithe ag an gcuideachta i gcruinniú ginearálta agus chun críocha na Coda seo i gcás go mbeidh ceannach scaireanna ar an margadh údaraithe de réir an ailt seo measfar go mbeidh aon chonradh a dhéanfar de bhun an údaraithe sin, maidir le ceannach den sórt sin, údaraithe amhlaidh freisin.

(2) Beidh feidhm ag alt 143 den Phríomh-Acht maidir le rún faoi fho-alt (1).

(3) I gcás cuideachta poiblí teoranta, maidir le haon údarás a dheonófar faoi fho-alt (1)—

(a) sonróidh sé an líon uasta scaireanna a údaraítear a fháil; agus

(b) cinnfidh sé na huasphraghsanna agus na híosphraghsanna a fhéadfar a íoc ar na scaireanna.

(4) Féadfaidh rún lena mbaineann fo-alt (3) ceachtar de na praghsanna a luaitear i mír (b) den fho-alt sin, nó iad araon, a chinneadh—

(a) trí shuim áirithe a shonrú; nó

(b) trí bhonn nó foirmle a chur ar fáil chun méid an phraghais i gceist a ríomh gan tagairt do rogha nó do thuairim aon duine.

Ré saoil an údaráis a dheonóidh cuideachtaí poiblí teoranta chun scaireanna dá gcuid féin a cheannach.

216. —(1) Gan dochar do ghinearáltacht ailt 213, 214 agus 215, i gcás cuideachta poiblí teoranta, sonróidh aon údarás a dheonófar faoi na hailt seo an dáta a rachaidh an t-údarás i léig, ar dáta é nach déanaí ná 18 mí tar éis an dáta a rithfear an rún speisialta nó an gnáthrún, de réir mar a bheidh, ag deonú an údaráis.

(2) Féadfaidh cuideachta phoiblí theoranta ceannach a dhéanamh tar éis aon teorainn ama a fhorchuirtear de bhua fho-alt (1) a bheith imithe i léig in aon chás inar tugadh an conradh ceannaigh chun críche sula ndeachaigh an t-údarás i léig agus go gceadaíonn téarmaí an údaráis don chuideachta conradh ceannaigh a dhéanamh a d'fhorghníomhófaí nó a d'fhéadfaí a fhorghníomhú go hiomlán nó go páirteach tar éis don údarás dul i léig.

Sannadh nó scaoileadh ar cheart cuideachta scaireanna dá cuid féin a cheannach.

217. —(1) Aon sannadh airbheartaithe a dhéanfar ar chearta cuideachta faoi aon chonradh a údaraítear faoi alt 213, 214 nó 215, beidh sé ar neamhní.

(2) Ní bhacfaidh aon ní i bhfo-alt (1) ar chuideachta a ceart a scaoileadh faoi aon chonradh a údaraítear faoi alt 213, 214 nó 215 ar choinníoll, i gcás conartha a údaraítear faoi alt 213 nó 214, go mbeidh an scaoileadh údaraithe le rún speisialta de chuid na cuideachta sula ndéantar an scaoileadh agus aon scaoileadh airbheartaithe den sórt sin ag cuideachta nach bhfuil údaraithe mar a dúradh beidh sé ar neamhní.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) go (7) d'alt 213 maidir le rún faoi fho-alt (2).

Íocaíochtaí foghabhálacha maidir le scaireanna dá cuid féin a cheannach.

218. —(1) Maidir le haon íocaíocht a dhéanfaidh cuideachta i gcomaoin ar an méid seo a leanas—

(a) aon cheart a fháil maidir le scaireanna dá cuid féin a cheannach de bhun conartha a údaraítear faoi alt 214, nó

(b) athrú ar chonradh a údaraítear faoi alt 213 nó 214, nó

(c) aon cheann d'oibleagáidí na cuideachta a scaoileadh maidir le haon scaireanna dá cuid féin a cheannach faoi chonradh a údaraítear faoi alt 213, 214 nó 215

beidh an íocaíocht sin neamhdhleathach má dhéantar aon íocaíocht den sórt sin ar dhóigh seachas as brabúis indáilte na cuideachta.

(2) Mura sásaítear ceanglais fho-alt (1) i ndáil le conradh—

(a) i gcás lena mbaineann mír (a) den fho-alt sin, ní bheidh aon cheannach scaireanna dá cuid féin ag an gcuideachta de bhun an chonartha sin dleathach faoin gCuid seo;

(b) i gcás lena mbaineann mír (b) den fho-alt sin, ní bheidh aon cheannach den sórt sin, tar éis an athraithe, dleathach faoin gCuid seo; agus

(c) i gcás lena mbaineann mír (c) den fho-alt sin, beidh an scaoileadh airbheartaithe ar neamhní.

Éifeacht mainneachtana ag cuideachta scaireanna a fhuascailt nó a cheannach.

219. —(1) Baineann an t-alt seo—

(a) le scaireanna infhuascailte a eiseofar tar éis theacht i ngníomh na Coda seo;

(b) le scaireanna a ndearnadh iad a chomhshó ina scaireanna infhuascailte de bhun alt 210: agus

(c) le scaireanna a gcomhaontóidh an chuideachta iad a cheannach de bhun alt 213, 214 nó 215.

(2) Gan dochar d'aon cheart eile atá ag sealbhóir aon scaireanna lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh cuideachta faoi dhliteanas i leith damáistí maidir le haon mhainneachtain dá cuid aon scaireanna den sórt sin a fhuascailt nó a cheannach.

(3) Ní dheonóidh an chúirt ordú maidir le sainchomhlíonadh téarmaí fuascailte nó ceannaigh na scaireanna lena mbaineann an t-alt seo má thaispeánann an chuideachta nach féidir léi costas fuascailte nó ceannaigh na scaireanna a ghlanadh as brabúis atá ar fáil lena ndáileadh.

(4) Más rud é ag tús foirceanta cuideachta go mbeidh aon scaireanna lena mbaineann an t-alt seo nach mbeidh fuascailte ná ceannaithe, ansin, faoi réir fho-ailt (5), (6) agus (7), féadfar na téarmaí fuascailte nó ceannaigh a chur i bhfeidhm in aghaidh na cuideachta agus nuair a bheidh na scaireanna fuascailte nó ceannaithe amhlaidh faoin bhfo-alt seo déileálfar leo mar scaireanna cealaithe.

(5) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (4)—

(a) má bhí foráil sna téarmaí fuascailte nó ceannaigh go ndéanfaí an fhuascailt nó an ceannach ar dháta níos déanaí ná dáta thosach an fhoirceanta, nó

(b) más rud é, le linn na tréimhse dar tús an dáta a raibh an fhuascailt nó an ceannach le déanamh agus dar críoch tosach an fhoirceanta, nach bhféadfadh an chuideachta tráth ar bith dáileadh a dhéanamh go dleathach a bheadh comhionann de réir luacha leis an bpraghas ar a raibh na scaireanna le fuascailt nó le ceannach.

(6) Íocfar i dtosaíocht ar aon mhéid a bhfuil an chuideachta faoi dhliteanas ina leith de bhua fho-alt (4) íoc a dhéanamh maidir le haon scaireanna—

(a) gach fiach agus dliteanas eile de chuid na cuideachta seachas aon fhiach agus dliteanas a bheidh dlite do chomhaltaí ina gcáil mar chomhaltaí den sórt sin, agus

(b) má ghabhann cearta le scaireanna eile, cibé acu maidir le caipiteal nó ioncam, a dtugtar tosaíocht dóibh ar chearta maidir le caipiteal a ghabhann leis na scaireanna céadluaite, aon mhéid a bheidh dlite faoi chomhair na cearta tosaíochta sin a shásamh,

ach faoi réir mar a dúradh, íocfar aon mhéid den sórt sin i dtosaíocht ar aon mhéideanna a bheidh dlite do chomhaltaí faoi chomhair a gcearta (cibé acu maidir le caipiteal nó ioncam) mar chomhaltaí a shásamh.

(7) Más rud é, de bhua rialacha féimheachta a chur i bhfeidhm le halt 284 den Phríomh-Acht an tráth a mbeidh cuideachtaí dócmhainneacha á bhfoirceannadh, nach mbeidh creidiúnaí cuideachta i dteideal aon ús a íoc leis ach amháin tar éis fiacha eile go léir na cuideachta a bheith íoctha, folóidh fiacha agus dliteanais na cuideachta, chun críocha fho-alt (6), an dliteanas an t-ús sin a íoc.

Scaireanna tosaíochta infhuascailte láithreacha a fhuascailt.

220. —Aisghairtear leis seo alt 64 den Phríomh-Acht ach aon scairreanna tosaíochta infhuascailte a eiseoidh cuideachta faoi theorainn scaireanna sula dtiocfaidh an Chuid seo i ngníomh a d'fhéadfadh a bheith fuascailte faoin alt sin murach an aisghairm ar alt 64. beidh siad faoi réir a bhfuascailte de réir fhorálacha na Coda seo ach amháin go bhféadfar aon phréimh is iníoctha ar fhuascailt a íoc, d'ainneoin alt 207 (2) (e) agus (f), as an gcuntas scairphréimhe in ionad í a íoc as brabúis nó go bhféadfar í a íoc go páirteach as an gcuntas sin agus go páirteach as brabúis atá ar fáil lena ndáileadh.

Tagairtí do scaireanna tosaíochta infhuascailte a fhorléiriú.

221. —Déanfar tagairt do scaireanna tosaíochta infhuascailte—

(a) in alt 69 (1) (e) den Phríomh-Acht agus sa Dara, sa Tríú, sa Cheathrú agus sa Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

(b) in alt 55 (1) (h) d'Acht 1983,

a fhorléiriú mar thagairt do scaireanna infhuascailte.

Doiciméid a choinneáil agus a iniúchadh.

222. —(1) Déanfaidh gach cuideachta a dhéanann conradh faoi alt 213, 214 nó 215 cóip den chonradh sin, nó i gcás nach mbeidh sé i scríbhinn, meabhrán dá chuid téarmaí, a choimeád ag a hoifig chláraithe go dtí go mbeidh deich mbliana caite tar éis an conradh a bheith comhlíonta go hiomlán.

(2) Gach doiciméad a cheanglaítear a choimeád faoi fho-alt (1), beidh sé le linn uaireanta gnó (faoi réir cibé srianta réasúnacha a fhorchuirfidh an chuideachta i gcruinniú ginearálta, ionas go gceadófar 2 uair an chloig ar a laghad gach lá le haghaidh iniúchta) ar fáil chun a iniúchta ag aon chomhalta, agus más cuideachta phoiblí theoranta an chuideachta, ag aon duine eile.

(3) Má mhainníonn cuideachta an t-alt seo a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

(4) I gcás go ndiúltófar iniúchadh ar dhoiciméad a cheanglaítear faoi fho-alt (2), féadfaidh an chúirt, le hordú, ar iarratas ó dhuine a d'iarr iniúchadh agus ar diúltaíodh dó, a cheangal ar an gcuideachta an t-iniúchadh ar an doiciméad sin a lamháil.

Feidhm alt 108 (6) maidir le déileálacha ag cuideachta ina cuid urrús féin.

223. —Ní chuirfidh fo-alt (6) d'alt 108, tráth a mbeifear á chur i bhfeidhm maidir le déileálacha ag cuideachta ina cuid urrús féin, aon bhac ar chuideachta déileáil ina cuid urrús féin tráth ar bith de bhíthin amháin go bhfuil faisnéis ina sheilbh ag oifigeach don chuidcachta sin—

(a) más duine seachas an t-oifigeach a ghlac an cinneadh an t-idirbheart a dhéanamh thar a ceann, agus

(b) murar cuireadh an fhaisnéis in iúl don duine sin agus murar thug duine a raibh an fhaisnéis ina sheilbh aige aon chomhairle a bhaineann leis an idirbheart dó.

Fochuideachta do shealbhú scaireanna ina cuideachta shealbhaíochta.

224. —(1) D'ainneoin ailt 32 agus 60 den Phríomh-Acht. féadfaidh cuideachta, faoi réir fhorálacha an ailt seo, scaireanna a fháil agus a shealbhú i gcuideachta arb í a cuideachta shealbhaíochta í.

(2) Beidh fáil agus sealbhú scaireanna ag fochuideachta ina cuideachta shealbhaíochta faoi fho-alt (1) faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) Soláthrófar an chomaoin chun na scaireanna sin a fháil as na brabúis de chuid na fochuideachta a bheidh ar fáil lena ndáileadh.

(b) Ar na scaireanna sin a fháil agus fad a shealbhaíonn an fhochuideachta na scaireanna—

(i) déanfar chun gach críoch brabúis na fochuideachta a bheidh ar fáil lena ndáileadh a shrianadh de shuim a bheidh comhionann le costas iomlán na scaireanna a fuarthas;

(ii) chun críocha na gcuntas comhdhlúite a bheidh ullmhaithe ag an gcuideachta shealbhaíochta de réir ailt 150 go 152 den Phríomh-Acht, déileálfar leis na scaireanna ar an modh céanna a éilítear maidir le scaireanna a shealbhaítear mar scaireanna cisteáin faoi alt 43A d'Acht 1983 (a cuireadh isteach le halt 232 (c) den Acht seo); agus

(iii) ní fheidhmeoidh an fhochuideachta aon chearta vótála maidir leis na scaireanna agus beidh aon fheidhmiú airbheartaithe ar na cearta sin ar neamhní.

(3) Aon chonradh chun scaireanna a fháil (cibé acu le leithroinnt nó le haistriú) ag fochuideachta ina cuideachta shealbhaíochta ní dhéanfar é gan é a bheith údaraithe roimh ré ag an bhfochuideachta agus ag a cuideachta shealbhaíochta agus beidh feidhm ag forálacha ailt 212 go 217, fara na modhnuithe is gá, maidir leis an údarás sin a dheonú, a athrú, a chúlghairm agus a scaoileadh.

(4) Chun críocha an ailt seo, ní fholóidh brabúis fochuideachta a bheidh ar fáil lena ndáileadh na brabúis is inchurtha i leith aon scaireanna san fhochuideachta a bheidh á sealbhú de thuras na huaire ag cuideachta shealbhaíochta na fochuideachta sa mhéid gur brabúis iad don tréimhse roimh an dáta a bhfuair nó óna bhfuair an chuideachta shealbhaíochta na scaireanna.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le scaireanna a shealbhaíonn fochuideachta ina cuideachta shealbhaíochta sna himthosca a cheadaítear le halt 32 den Phríomh-Acht.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo, seachas fo-alt (2) (b) iii, maidir le scaireanna a ndéanfaidh fochuideachta suibscríobh lena n-aghaidh, nó a cheannóidh nó a shealbhóidh sí, ina cuideachta shealbhaíochta de bhun alt 9 (1) den Acht Árachais, 1990 .

Dliteanas sibhialta mar gheall ar cheannach míchuí i gcuideachta shealbhaíochta.

225. —(1) Más rud é, maidir le cuideachta a fuair scaireanna ina cuideachta shealbhaíochta de réir alt 224, go dtosaítear á foirceannadh laistigh de shé mhí tar éis na scaireanna sin a fháil agus nach féidir leis an gcuideachta, an tráth a dtosaíonn an foirceannadh, a cuid liacha (ag cur na ndliteanas teagmhasach agus ionchasach sa chuntas) a íoc, féadfaidh an chúirt faoi réir fho-alt (2), ar iarratas ó leachtaitheoir, creidiúnaí, fostaí nó ranníocóir de chuid na cuideachta, a dhearbhú go ndlífidh stiúrthóirí na cuideachta i gcomhpháirt agus go leithleach an méid iomlán a d'íoc an chuideachta ar na scaireanna a aisíoc leis an gcuideachta.

(2) I gcás gur dealraitheach don chúirt, maidir le haon duine a n-iarrtar dearbhú ina leith faoi fho-alt (1), gur chreid an duine sin ar fhorais réasúnacha go raibh an ceannach sin ar an gceannach ab fhearr a rachadh chun tairbhe don chuideachta, féadfaidh an chúirt é a shaoradh go huile nó go páirteach ó dhliteanas pearsanta ar cibé téarmaí is cuí léi.

Tuairisceán le tabhairt don chláraitheoir.

226. —(1) Gach cuideachta a cheannóidh scaireanna de bhun na Coda seo, déanfaidh sí, laistigh de 28 lá tar éis na scaireanna sin a sheachadadh ar an gcuideachta, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh ar an gcláraitheoir lena chlárú ag sonrú, maidir le scaireanna de gach cineál a ceannaíodh, líon agus luach ainmniúil na scaireanna sin agus an dáta ar seachadadh iad ar an gcuideachta.

(2) I gcás cuideachta poiblí teoranta sonrófar sa tuairisceán freisin—

(a) an méid comhiomlán a d'íoc an chuideachta ar na scaireanna, agus

(b) na huasphraghsanna agus na híosphraghsanna a íocadh maidir le gach cineál a ceannaíodh.

(3) Féadfar sonraí i dtaobh scaireanna a seachadadh ar an gcuideachta ar dhátaí éagsúla agus faoi chonarthaí éagsúla a áireamh i dtuairisceán aonair chuig an gcláraitheoir agus i gcás den sórt sin is é an méid is gá a shonrú faoi fho-alt (2) (a) ná an méid comhiomlán a d'íoc an chuideachta ar na scaireanna go léir lena mbaineann an tuairisceán.

(4) Má mhainníonn cuideachta ceanglais an ailt seo a chomhlíonadh, beidh an chuideachta agus gach oifigeach a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

(5) Féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

Leasú ar alt 89 den Phríomh-Acht.

227. —Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 89 den Phríomh-Acht:

“Eisiúint, fuascailt nó ceannach scaireanna atá neamhbhailí a dhéanamh bailí.

89.—(1) Má bhíonn cuideachta tar éis scaircanna ina caipiteal a bhunú nó a eisiúint, nó aon scaireanna dá cuid a fháil trí fhuascailt nó trí cheannach i gcomhlíonadh airbheartaithe ar Chuid XI d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , agus go bhfuil cúis ann chun go gceapfaí gur bunaíodh, gur eisíodh nó go bhfuarthas na scaireanna sin mar a dúradh go neamhbhailí, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ón gcuideachta, ó aon sealbhóir nó iarshealbhóir scaireanna den sórt sin nó ó aon chomhalta nó iarchomhalta nó creidiúnaí, de chuid na cuideachta, nó óna leachtaitheoir, a dhearbhú go mbeidh an bunú, an eisiúint nó an fháil sin bailí chun gach críche más deimhin leis an gcúirt go mbeadh sé cóir agus cothromasach é sin a dhéanamh, agus air sin measfar na scaireanna sin a bheith, ón uair a bunaíodh, a eisíodh nó a bhfuarthas iad, de réir mar a bheidh, arna mbunú, arna n-eisiúint nó arna bhfáil go bailí.

(2) I gcás gur fuasclaíodh nó gur ceannaíodh scaireanna de shárú ar mhír (d), (e) nó (f) d'alt 207 (2) nó alt 207 (3) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , ansin ní dhéanfaidh an chúirt dearbhú faoi fho-alt (1) thuas maidir leis na scaireanna sin.

(3) Ní bheidh d'éifeacht le saoradh a dheonú ag an gcúirt faoin alt seo, i gcás go n-ordaíonn an chúirt amhlaidh, go saorfar an chuideachta nó a cuid oifigeach ó aon dliteanas a bheidh tabhaithe faoi alt 41 (3) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 .”.

Rialacháin maidir le scaireanna a cheannach.

228. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a rialóidh ceannach a gcuid scaireanna féin, nó scaireanna ina gcuideachta shealbhaíochta, ag cuideachtaí agus díol a gcuid scaireanna féin ag cuideachtaí ar scaireanna iad atá á sealbhú mar scaireanna cisteáin agus féadfaidh rialacháin den sórt sin baint a bheith acu le cuideachtaí i gcoitinne nó le haicme nó cineál áirithe cuideachta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) féadfaidh rialacháin faoin alt seo foráil a dhéanamh don mhéid seo a leanas go háirithe—

(a) cineál nó tuairisc na scaireanna a fhéadfar (nó nach bhféadfar) a cheannach nó a dhíol,

(b) an praghas ar a bhféadfar iad a cheannach nó a dhíol,

(c) uainiú na gceannach nó na ndíol sin.

(d) an modh ina bhféadfar na scaireanna a cheannach nó a dhíol, agus

(e) an méid trádála sna scaireanna a fhéadfaidh cuideachtaí a dhéanamh.

(3) Má mhainníonn cuideachta forálacha na rialachán a rinneadh faoin alt seo a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Dualgas cuideachta fógra a thabhairt don stocmhalartán.

229. —(1) Aon uair a cheannófar scaireanna, a mbeidh saoráidí déileála curtha ar fáil dóibh ar stocmhalartán aitheanta, ag an gcuideachta a d'eisigh na scaireanna nó ag cuideachta arb í fochuideachta na cuideachta sin í, beidh an chuideachta ar ceannaíodh a cuid scaireanna faoi oibleagáid an méid sin a fhógairt don stocmhalartán sin: agus féadfaidh an stocmhalartán aon fhaisnéis a bheidh faighte aige faoin bhfo-alt seo a fhoilsiú i cibé slí a chinnfidh sé.

(2) Déanfar oibleagáid a fhorchuirtear le fo-alt (1) a chomhall roimh dheireadh an lae díreach i ndiaidh an lae a dtagann sí i gceist.

(3) Má dhéantar mainneachtain an t-alt seo a chomhlíonadh beidh an chuideachta agus gach oifigeach don chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Dualgas an stocmhalartáin i ndáil le ceannaigh neamhdhleathacha.

230. —(1) Más dealraitheach d'údarás iomchuí de chuid stocmhalartáin aitheanta, maidir le cuideachta a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil ar an stocmhalartán sin i gcás a cuid scaireanna, go ndearna an chuideachta cion faoi alt 228 nó 229, tabharfaidh an t-údarás sin láithreach tuairisc i dtaobh an ábhair don Stiúrthóir lonchúiseamh Poiblí agus soláthróidh sé don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cibé faisnéis, agus tabharfaidh dó cibé rochtain chuig aon doiciméid, agus cibé saoráidí chun aon doiciméid a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh, a theastóidh ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, ar faisnéis í nó ar doiciméid iad a bheidh i seilbh nó faoi urláimh an údaráis sin agus a bhainfidh leis an ábhar i gceist.

(2) I gcás gur dealraitheach do chomhalta de stocmhalartán aitheanta go ndearna aon duine cion faoi alt 228 nó 229, tabharfaidh sé tuairisc láithreach d'údarás iomchuí de chuid an stocmhalartáin aitheanta áirithe, a thiocfaidh, air sin, faoin dualgas dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Más dealraitheach do chúirt in aon imeachtaí go ndearna aon duine cion mar a dúradh, agus nár tugadh aon tuairisc i dtaobh an ábhair don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi fho-alt (1), féadfaidh an chúirt sin, ar iarratas ó aon duine ag a bhfuil leas sna himeachtaí lena mbaineann nó as a treoir féin, a ordú d'údarás iomchuí de chuid an stocmhalartáin aitheanta lena mbaineann, tuairisc den sórt sin a thabhairt agus ar thuairisc a thabhairt dá réir sin, beidh éifeacht leis an alt seo ionann is dá mbeadh an tuairisc tugtha de bhun fho-alt (1).

(4) Má tharlaíonn, tráth a dhéanfar tuairisc i dtaobh aon ábhair a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó aon ábhar a tharchur chuige faoin alt seo, go measfaidh sé gur cás é inar cheart ionchúiseamh a thionscnamh agus go dtionscnóidh sé imeachtaí dá réir sin, beidh sé de dhualgas ar údarás iomchuí de chuid an stocmhalartáin aitheanta lena mbaineann agus ar gach oifigeach don chuideachta a bhfuil a cuid scaireanna i gceist, agus ar aon duine eile ar dealraitheach don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí go bhfuil faisnéis iomchuí aige (seachas aon chosantóir sna himeachtaí) gach cúnamh a thabhairt a bheidh, le réasún, ar a chumas nó ar a gcumas a thabhairt i dtaca leis an ionchúiseamh.

(5) Más dealraitheach don Aire de dhroim gearáin chuig údarás iomchuí de chuid stocmhalartáin aitheanta, maidir le cion líomhnaithe faoi alt 228 nó 229, go bhfuil imthosca ann a thugann le fios—

(a) gur cheart don údarás iomchuí a chuid cumhachtaí a úsáid faoin alt seo ach nach ndearna sé amhlaidh, nó

(b) gur cheart tuairisc a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí faoi fho-alt (1) ach nár thug an t-údarás iomchuí lena mbaineann tuairisc amhlaidh,

féadfaidh sé a iarraidh ar an údarás iomchuí na cumhachtaí sin a úsáid nó tuairisc den sórt sin a thabhairt agus ar thuairisc a bheith tugtha dá réir sin beidh éifeacht leis an alt seo amhail is dá mbeadh an tuairisc tugtha de bhun fho-alt (1).

(6) I gcás go ndéanfaidh an tAire iarratas faoi fho-alt (5), cuirfidh an t-údarás iomchuí lena mbaineann torthaí a chuid imscrúduithe nó cóip dá thuairisc faoi fho-alt (1), de réir mar a bheidh, in iúl don Aire.

(7) Ní bheidh údarás iomchuí de chuid stocmhalartáin aitheanta faoi dhliteanas i ndamáistí maidir le haon ní a rinne an t-údarás nó a d'fhág sé gan déanamh i dtaca le feidhmiú a chuid feidhmeanna aige faoin alt seo murar de mheon mímhacánta a rinneadh an gníomh nó nach ndearnadh an neamhghníomh a ndearnadh gearán faoi.

(8) Chun críocha an ailt seo is “údarás iomchuí” gach ceann díobh seo a leanas i ndáil le stocmhalartán aitheanta—

(i) a bhord stiúrthóirí, a choiste bainistíochta nó a chomhlacht bainistíochta eile,

(ii) a bhainisteoir, cibé cuma a dtuairiscítear é.

(9) Beidh na cumhachtaí agus na dualgais chéanna ag údarás iomchuí chun críocha an ailt seo atá aige faoi ailt 117 agus 120.

(10) I gcás go measfaidh an tAire gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh chun riar cuí éifeachtach a dhéanamh ar an alt seo, féadfaidh sé cibé rialacháin a dhéanamh is cuí leis—

(a) i ndáil le cumhachtaí daoine údaraithe, nó

(b) i ndáil leis na nithe ar ina leith, nó na daoine ar uathu, a fhéadfaidh daoine údaraithe faisnéis a éileamh faoi alt 117, arna chur chun feidhme le fo-alt (9).

Leasuithe ar an bPríomh-Acht maidir le scairchaipiteal.

231. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí “agus in alt 207 (2) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ,” a chur isteach i ndiaidh “ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo” in alt 62 (1);

(b) trí “tosaíochta” a scriosadh mar a bhfuil sé ar dtús agus trí ” a fhuascailt de bhun alt 220 d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ”, a chur isteach i ndiaidh “ar aon scaireanna tosaíochta infhuascailte” in alt 62 (2); agus

(c) trí “aon chuid dá scaireanna a cheannach ná” a scriosadh in alt 72 (1).

(2) Leasaítear leis seo an Séú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 12:

“(d) na méideanna faoi seach a soláthraíodh chun scairchaipiteal na cuideachta a cheannach, chun scairchaipiteal a fhuascailt agus chun iasachtaí a fhuascailt;”.

Leasuithe ar Acht 1983.

232. —Leasaítear leis seo Acht 1983—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) in alt 41 (4):

“(a) fuascailt ar scaireanna tosaíochta de bhun alt 65 den Phríomh-Acht nó fuascailt nó ceannach scaireanna de bhun Chuid XI d'Acht na gCuideachtaí, 1990 ;”;

(b) trí alt 43 (13) a scriosadh;

(c) tríd an alt nua seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 43:

“Cuntas ar a scaireanna féin.

43A.—Má shealbhaíonn cuideachta nó ainmnitheach de chuid cuideachta scaireanna sa chuideachta nó leas sna scaireanna sin, ní thaispeánfar na scaircanna sin i gclár comhardaithe na cuidcachta mar shócmhainn, ach déanfar—

(a) asbhaint choslas na scaireanna faighte as na brabúis a bheidh ar fáil lena ndáileadh, agus

(b) luach ainmniúil na scaireanna sin,

a nochtadh sna nótaí a ghabhann leis na cuntais agus dá réir sin déanfar na brabúis a bheidh ar fáil lena ndáileadh a shrianadh de mhéid na hasbhainte sin.”;

(d) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) in alt 51 (2):

“(b) scaireanna tosaíochta a fhuascailt de bhun alt 65 den Phríomh-Acht amach as na fáltais ó eisiúint nua scaireanna a dhéanfar chun críocha fuascailte;”; agus

(e) tríd an mír seo a leanas a chur isteach tar éis na míre a chuirtear isteach le mír (d):

“(bb) scaireanna a fhuascailt nó a cheannach de bhun Chuid XI d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , amach as na fáltais ó eisiúint nua scaireanna a dhéanfar chun críocha na fuascailte nó an cheannaigh agus aon phréimh a íoc amach as cuntas scairphréimhe na cuideachta tráth fuascailte de bhun alt 220 sa Chuid sin;”.

Leasuithe ar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 .

233. —(1) Leasaítear leis seo alt 14 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986

(a) i mír (vi) trí “fála nó diúscartha” a chur in ionad “diúscartha”; agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vi):

“(vii) na fáthanna leis an bhfáil, lian nó muirear de réir mar a bheidh.”.

(2) Leasaítear leis seo Cuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986

(a) trí na hítimí A.III.7, B.III.2 agus H.IV. 2 a scriosadh i bhFoirmle I de na foirmlí do chlár comhardaithe;

(b) i bhFoirmle 2 de na foirmlí do chlár comhardaithe, trí—

(i) faoi “Sócmhainní”, ítimí A.III.7 agus B.III.2 (Sócmhainní), agus

(ii) faoi “Dliteanais”, ítim A.IV.2;

a scriosadh, agus

(c) trí nóta (3) sna nótaí ar na foirmlí do chlár comhardaithe tar éis na bhfoirmlí réamhráite a scriosadh.

(3) Leasaítear leis seo Cuid IV den Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986

(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach tar éis mhír 32:

“32A. Ní foláir sonraí faoi aon srian ar bhrabúis a bhí ar fáil lena ndáileadh de bhua alt 224 (2) (b) (i) d'Acht na gCuideachtaí, 1990 , a lua freisin.”: agus

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) de mhír 39:

“(3) Na méideanna faoi seach a cuireadh ar fáil chun scairchaipiteal na cuideachta a cheannach, chun scairchaipiteal a fhuascailt agus chun iasachtaí a fhuascailt.”.

Cionta faoin gCuid seo.

234. —(1) Beidh cuideachta a sháraíonn aon fhoráil de na forálacha seo a leanas ciontach i gcion, eadhon ailt 207 go 211, 218 agus 222 go 224.

(2) Beidh feidhm ag alt 241 maidir le cion faoin gCuid seo.

CUID XII

Ginearálta

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

235. —(1) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “an chúirt” nuair a úsáidtear é in aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí i ndáil le cuideachta—

(a) an Ard-Chúirt, nó

(b) i gcás go bhforordaítear cúirt eile chun críocha na forála sin, an chúirt sin.

(2) Is in ionad an mhínithe in alt 2 (1) den Phríomh-Acht an míniú ar “an chúirt” i bhfo-alt (1).

Cáilíochtaí rúnaí cuideachta poiblí teoranta.

236. —Beidh sé de dhualgas ar stiúrthóirí cuideachta poiblí teoranta gach beart réasúnach a dhéanamh chun a áirithiú, maidir le rúnaí (nó gach comhrúnaí) de chuid na cuideachta, gur duine é ar deal-raitheach dóibh an t-eolas agus an taithí atá ag teastáil a bheith aige chun feidhmeanna rúnaí na cuideachta a urscaoileadh agus—

(a) ar thosach feidhme an ailt seo, a shealbhaigh oifig rúnaí na cuideachta; nó

(b) a shealbhaigh oifig rúnaí cuideachta ar feadh trí bliana ar a laghad de na cúig bliana díreach roimh a cheapachán mar rúnaí; nó

(c) ar comhalta de chomhlacht é atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire; nó

(d) ar duine é ar dealraitheach do na stiúrthóirí, de bhua go sealbhaíonn, nó gur shealbhaigh, sé aon phost eile nó gur comhalta é d'aon chomhlacht eile, go bhfuil ar a chumas na feidhmeanna sin a urscaoileadh.

Cáilíochtaí leachtaitheoirí agus glacadóirí.

237. —(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, má mheasann sé é a bheith riachtanach nó fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialú ordúil cuí ar fhoirceannadh cuideachtaí i gcoitinne, cur leis an liosta daoine in alt 300A den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 146) nach mbeidh cáilithe lena gceapadh mar leachtaitheoir ar chuideachta.

(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, má mheasann sé é a bheith riachtanach nó fóirsteanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialú ordúil cuí ar ghlacadóireachtaí i gcoitinne, cur leis an liosta daoine in alt 315 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach le halt 170) nach mbeidh cáilithe lena gceapadh mar ghlacadóir ar mhaoin chuideachta.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Leasú ar alt 61 den Phríomh-Acht.

238. —Leasaítear leis seo alt 61 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir le bintiúir nach foláir a aisíoc, faoi théarmaí na heisiúna, laistigh de chúig bliana ó dháta na heisiúna, ní mheasfar gur tairiscint don phobal chun críocha na Coda seo tairiscint le haghaidh suibscríofa nó díola do dhuine arb é a ghnáthghnó scaireanna nó bintiúir a cheannach nó a dhíol (cibé acu mar phríomhaí nó mar ghníomhaire).”

Cumhacht chun rialacháin a dhéanamh chun urrúis a aistriú.

239. —(1) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin chun go bhféadfar teideal chun urrús a fhianú agus a aistriú gan ionstraim scríofa.

(2) San alt seo—

(a) ciallaíonn “urrúis” scaireanna, stoc, bintiúir, stoc bintiúr, stoc iasachta, bannaí, aonaid i ngnóthais le haghaidh comhinfheistíochtaí in urrúis inaistrithe de réir bhrí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe), 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989) agus urrúis eile d'aon tuairisc;

(b) folaíonn tagairtí do theideal chun urrús aon leas dlí nó leas cothromais in urrúis; agus

(c) folaíonn tagairtí d'aistriú teidil aistriú ar mhodh urrúis.

(3) Féadfaidh na rialacháin foráil a dhéanamh—

(a) le haghaidh nósanna imeachta chun teideal chun urrús a thaifeadadh agus a aistriú, agus

(b) le haghaidh na nósanna imeachta sin, agus na daoine atá freagrach as iad a chur i ngníomh, nó a bhfuil baint acu lena gcur i ngníomh, a rialáil, agus

(c) chun oibleagáidí cuideachta faoi alt 86 den Phríomh-Acht maidir le heisiúint deimhnithe, a ligean thar ceal agus chun nósanna imeachta ionadúla a chur ar fáil.

(4) Beidh cibé cosaintí sna rialacháin is dealraitheach don Aire a bheith iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus chun a áirithiú nach ndéanfar iomaíocht a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc.

(5) (a) Féadfaidh na rialacháin, le go bhféadfar na nósanna imeachta nua a chur i bhfeidhm nó le go n-éascófar a bhfeidhmiú, foráil a dhéanamh maidir le cearta agus oibleagáidí daoine i ndáil le hurrúis a ndéileáiltear leo faoi na nósanna imeachta.

(b) Cumfar na rialacháin chun a áirithiú go mbeidh na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le hurrúis a ndéileáiltear leo faoi na nósanna imeachta nua i gcomhréir, a mhéid is féidir, leosan a thiocfadh i gceist ar leith ó aon rialacháin faoin alt seo.

(6) (a) Féadfar a áireamh sna rialacháin cibé forálacha forlíontacha, teagmhasacha agus idirthréimhseacha is dealraitheach don Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach.

(b) Go háirithe féadfar foráil a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt—

(i) do tharchur teidil urrús trí fheidhmiú dlí:

(ii) d'aon srianadh ar aistriú teidil chun urrús a thig de bhua forálacha aon achtacháin nó ionstraime, ordaithe cúirte nó comhaontaithe:

(iii) d'aon chumhacht a thugtar le haon fhoráil den sórt sin do dhuine chun déileáil le hurrúis thar ceann an duine atá ina dteideal.

(7) Féadfaidh na rialacháin, chun na gcríoch a luáitear san alt seo, foráil a dhéanamh maidir leis na daoine a bheidh freagrach as na nósanna imeachta nua a chur i ngníomh agus chun na gcríoch sin féadfaidh siad cumhacht a thabhairt don Aire aon fheidhmeanna dá chuid faoi na rialacháin a tharmligean chuig aon duine atá toilteanach agus in ann iad a urscaoileadh.

(8) Féadfaidh na rialacháin foráil éagsúil a dhéanamh le haghaidh cásanna éagsúla.

(9) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Cionta.

240. —(1) Duine a bheidh ciontach faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí i gcion nach bhfuil aon phionós curtha ar fáil dó go sonrach dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air.

(2) Duine a bheidh ciontach faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí i gcion is inphionóis le fíneáil de mhéid neamhshonraithe, dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 a chur air.

(3) Féadfar ionchúiseamh a dhéanamh go hachomair i leith gach ciona faoi Achtanna na gCuideachtaí atá inphionóis le fíneáil nach mó ná £1,000 nó le príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó is inphionóis leo araon.

(4) Féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó an tAire imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoi Achtanna na gCuideachtaí a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(5) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi Achtanna na gCuideachtaí a thionscnamh laistigh de 3 bliana ó dháta an chiona.

(6) Más rud é, i ndáil le sárú ar aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí, go bhforáiltear maidir le sárú leanúnach go ndlífear fíneáil mhainneachtana laethúil a chur ar dhuine, beidh sé ciontach i sárú na forála gach lá a leanfaidh an sárú tar éis a chiontaithe sa sárú bunaidh agus, i leith gach ciona den sórt sin, dlífear fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear san fhoráil a chur air in ionad an phionóis a sonraíodh don sárú bunaidh.

Cionta ag comhlachtaí áirithe.

241. —(1) Más rud é, maidir le cion faoi alt 19, 21, 79 nó 242 a bheidh déanta ag comhlacht lena mbaineann aon alt den sórt sin, go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó go bhfuil sé inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine arb é stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlacht é, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin freisin ciontach i gcion faoin alt sin.

(2) Más iad a chomhaltaí a dhéanann bainistíocht ar chúrsaí comhlachta, beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca lena chuid feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir ar an gcomhlacht é.

Faisnéis bhréagach a thabhairt.

242. —(1) Aon duine a dhéanfaidh, i gcomhlíonadh airbheartaithe ar aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí, ceist a fhreagairt, míniú a sholáthar, ráiteas a thabhairt nó a thugann ar aird, a thaisceann nó a sheachadann aon tuairisceán, tuarascáil, deimhniú, clár comhardaithe nó doiciméad eile a bheidh bréagach i bponc ábhartha, agus a fhios aige é a bheith bréagach, nó a dhéanann go meargánta ceist a fhreagairt, míniú a sholáthar, ráiteas a dhéanamh nó aon doiciméad den sórt sin a bheidh bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird. a thaisceadh nó a sheachadadh, beidh sé ciontach i gcion.

(2) I gcás go mbeidh duine ciontach i gcion faoi fho-alt (1) agus gurb é tuairim na cúirte maidir le haon ghníomh, neamhghníomh nó iompar arbh é an cion sin é—

(a) gur mhórchúis é le neamhábaltacht na cuideachta a fiacha a íoc:

(b) gur choisc sé nó gur chuir sé bac mór ar fhoirceannadh ordúil na cuideachta; nó

(c) gur éascaigh sé go mór calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe na cuideachta nó ar chreidiúnaithe aon duine eile,

dlífear, ar é a chiontú ar díotáil, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 7 mbliana nó fíneáil nach mó ná £10,000, nó iad araon, a chur ar an duine sin.

Pionósú mar gheall ar dhíothú, lot nó falsú doiciméad.

243. —(1) Aon duine is oifigeach d'aon chomhlacht den sórt a luaitear i míreanna (a) go (e) d'alt 19 (1) a dhíothóidh, a loitfidh nó a fhalsóidh, nó a bheidh ionpháirteach i ndíothú, i lot nó i bhfalsú aon leabhair nó doiciméid a fhearann ar mhaoin nó cúrsaí, nó a bhaineann le maoin nó cúrsaí, an chomhlachta nó a dhéanfaidh taifead bréagach sa leabhar nó sa doiciméad nó a bheidh ionpháirteach ina dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion mura gcruthaíonn sé nach raibh aon intinn aige an dlí a shárú.

(2) Aon duine den sórt sin a dhéanfaidh go calaoiseach aon leabhar nó doiciméad den sórt sin a ligean uaidh nó a athrú nó a fhágfaidh go calaoiseach aon ní ar lár as nó a bheidh ionpháirteach in aon leabhar nó doiciméad den sórt sin a ligean uaidh go calaoiseach, a athrú go calaoiseach nó in aon ní a fhágáil ar lár as go calaoiseach, beidh sé ciontach i gcion.

Pionóis a mhéadú.

244. —Beidh éifeacht le hailt 125 (2), 126 (4), 127 (2) agus 128 (3) den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirfí “£1,000” i ngach cás in ionad na suimeanna a luaitear iontu.

Leasú ar alt 12 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú). 1982.

245. —Leasaítear leis seo alt 12 (1) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 (a bhaineann le mainneachtain tuairisceáin bhliantúla a dhéanamh) trí “dhá bhliain as a chéile” a chur in ionad “trí bliana as a chéile”.

Cuideachta atá bainte den chlár a chur ar ais ar an gclár.

246. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 311—

“311A.—(1) Gan dochar d'fhorálacha alt 311 (8) den Acht seo agus d'alt 12 (6) d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 . más éagóir le cuideachta an chuideachta a bheith bainte den chlár, féadfaidh cláraitheoir na gcuideachtaí ainm na cuideachta a chur ar ais ar an gclár ach iarratas a bheith déanta san fhoirm fhorordaithe ag an gcuideachta sula mbeidh dhá mhí dhéag imithe i léig tar éis dháta foilsithe an fhógra san Iris Oifigiúil ag baint ainm na cuideachta den chlár agus ar choinníoll go mbeidh na tuairisceáin bhliantúla go léir nár tugadh, más ann, faighte aige ón gcuideachta.

(2) Ar iarratas a chlárú faoi fho-alt (1), agus ar cibé táillí a íoc a bheidh forordaithe, measfar gur lean an chuideachta ar marthain amhail is nach mbainh a hainm den chlár.

(3) Faoi réir aon ordú a dhéanfaidh an chúirt maidir leis an ábhar, ní dhéanfaidh ainm cuideachta a chur ar ais ar an gclár faoin alt seo difear do chearta ná do dhliteanais na cuideachta maidir le haon fhiach nó oibleagáid a tabhaíodh, nó le haon chonradh a rinneadh, ag an gcuideachta nó don chuideachta nó léi, nó thar a ceann, idir dáta a díscaoilte agus an dáta ar cuireadh ar ais ar an gclár í.”.

Córas chun faisnéis a aicmiú.

247. —(1) Más rud é, faoi Achtanna na gCuideachtaí, go gceanglaítear aon fhaisnéis a bhaineann le haon duine a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí agus go bhfaigheann sé í amhlaidh, féadfaidh an cláraitheoir cibé córas aicmiúcháin is iomchuí leis a chur chun feidhme maidir leis an bhfaisnéis sin agus féadfaidh sé siombailí sainaitheanta a shannadh do dhaoine nó d'aicmí daoine lena mbaineann aon fhaisnéis den sórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go ndéanfar an tsiombail a sannadh faoi fho-alt (1) d'aon duine nó daoine d'aon aicme a thaifeadadh ar gach doiciméad a gceanglaítear ainm an duine sin a bheith ann faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí.

(3) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (2), go háirithe, daoine áirithe a shonrú arb é a ndualgas na rialacháin a chomhlíonadh nó a chinntiú go gcomhlíonfar iad.

(4) Duine a mhainníonn rialacháin faoi fho-alt (2) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear fíneáil a chur air.

Doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir i bhfoirm inléite.

248. —(1) Baineann an t-alt seo le doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir i bhfoirm inléite faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí.

(2) Ní mór don doiciméad—

(a) uimhir chláraithe na cuideachta lena mbaineann sé a bheith luaite ann in áit fheiceálach.

(b) aon cheanglais a chomhlíonadh a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo maidir le foirm agus ábhar an doiciméid, agus

(c) a bheith de réir cibé ceanglas a bheidh forordaithe chun a chumasú don chláraitheoir an doiciméad a chóipeáil.

(3) Má sheachadtar doiciméad nach gcomhlíonann ceanglais an ailt seo ar an gcláraitheoir, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine a sheachaid an doiciméad (nó, i gcás beirt nó níos mó de na daoine sin a bheith i gceist, ar aon duine acu) á rá cén bealach nach gcomhlíonann an doiciméad na ceanglais sin.

(4) I gcás go seirbheálann an cláraitheoir fógra den sórt sin, ansin—

(a) mura seachadtar doiciméad ionadúil air laistigh de 14 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, agus

(b) mura gcomhlíonann an doiciméad ionadúil ceanglas an ailt seo nó mura rud é nach ndiúltaíonn sé dó de dheasca neamhchomhlíonadh na gceanglas sin,

measfar nár seachadadh an doiciméad bunaidh air.

(5) Chun críocha aon fhorála lena bhforchuirtear pionós de dheasca mainneachtain doiciméad a sheachadadh, a mhéid a fhorchuireann sí pionós mar gheall ar shárú leanúnach, ní chuirfear san áireamh an tréimhse idir seachadadh an doiciméid bhunaidh agus críoch na tréimhse 14 lá tar éis fógra an chláraitheora a sheirbheáil faoi fho-alt (3).

(6) Féadfaidh rialacháin a dhéanfar chun críocha an ailt seo foráil éagsúil a dhéanamh i dtaca le foirm agus ábhar an doiciméid maidir le tuairiscí éagsúla doiciméid.

(7) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(8) San alt seo folaíonn “doiciméad” aon chuntas tréimhsiúil, achomaireacht. ráiteas nó tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh ar an gcláraitheoir.

Doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir ar shlí seachas i bhfoirm inléite.

249. —(1) Baineann an t-alt seo le doiciméid a sheachadadh ar an gcláraitheoir faoi aon fhoráil d'Achtanna na gCuideachtaí ar shlí seachas i bhfoirm inléite (cibé acu le modhanna leictreonacha nó ar shlí eile).

(2) Déanfar aon cheanglas chun doiciméad a sheachadadh ar an gcláraitheoir. nó chun doiciméad a sheachadadh san fhoirm fhorordaithe, a chomhlíonadh tríd an bhfaisnéis riachtanach a thabhairt don chláraitheoir in aon fhoirm neamh-inléite a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.

(3) I gcás go gceanglaítear aon doiciméad a shíniú nó a shéalú déanfar, ina ionad sin, é a fhíordheimhniú i cibé slí a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo.

(4) Ní mór don doiciméad—

(a) uimhir chláraithe na cuideachta lena mbaineann sé a bheith air in áit fheiceálach,

(b) aon cheanglais a bheidh forordaithe chun críocha an ailt seo a chomhlíonadh, agus

(c) a bheith curtha ar fáil i cibé slí agus a bheith de réir cibé ceanglas a bheidh forordaithe chun a chumasú don chláraitheoir an doiciméad a léamh agus a chóipeáil.

(5) Má sheachadtar doiciméad nach gcomhlíonann ceanglais an ailt seo ar an gcláraitheoir, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine a sheachaid an doicíméad (nó, i gcás beirt nó níos mó de na daoine sin a bheith i gceist, ar aon duine acu) á rá cén bealach nach gcomhlíonann an doiciméad na ceanglais sin.

(6) I gcás go seirbheálann an cláraitheoir fógra den sórt sin, ansin—

(a) mura seachadtar doiciméad ionadúil air laistigh de 14 lá tar éis an fógra a sheirbheáil, agus

(b) mura gcomhlíonann an doiciméad ionadúil ceanglas an ailt seo nó mura rud é nach ndiúltaíonn sé dó de dheasca neamhchomhlíonadh na gceanglas sin

measfar nár seachadadh an doiciméad bunaidh air.

(7) Chun críocha aon fhorála lena bhforchuirtear pionós de dheasca mainneachtain doiciméad a sheachadadh, a mhéid a fhorchuireann sí pionós mar gheall ar shárú leanúnach, ní chuirfear san áireamh an tréimhse idir seachadadh an doiciméid bhunaidh agus críoch na tréimhse 14 lá tar éis fógra an chláraitheora a sheirbheáil faoi fho-alt (5).

(8) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil bhreise a dhéanamh maidir le feidhmiú an ailt seo i ndáil le foirmeacha meandaracha cumarsáide.

(9) Féadfaidh rialacháin a dhéanfar chun críche an ailt seo foráil éagsúil a dhéanamh maidir le tuairiscí éagsúla doiciméad agus foirmeacha éagsúla cumarsáide.

(10) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(11) San alt seo folaíonn “doiciméad” aon chuntas tréimhsiúil, achomaireacht, ráiteas nó tuairisceán a cheanglaítear a sheachadadh ar an gcláraitheoir.

Leasú ar alt 377 den Phríomh-Acht agus ar an Naoú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

250. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad alt 377 (1)—

“(1) Bainfidh na forálacha a shonraítear sa Naoú Sceideal le gach comhlacht corpraithe a bheidh corpraithe sa Stát agus a mbeidh príomháit ghnó aige ann, seachas iad siúd a luaitear i bhfo-alt (2), ionann is dá mba chuideachtaí iad a cláraíodh faoin Acht seo agus faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe (más ann) a fhorordófar.”. agus

(b) trí na forálacha atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad an Naoú Sceideal.

(2) Féadfaidh an tAire, má mheasann sé é bheith riachtanach déanamh amhlaidh ar mhaithe le rialáil ordúil chuí ar ghnó cuideachtaí neamhchláraithe, rialacháin a dhéanamh a chuirfidh le liosta na bhforálacha d'Achtanna na gCuideachtaí a shonraítear sa Naoú Sceideal a ghabhann léis an bPríomh-Acht, nó a bhainfidh ón liosta sin.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Feidhm forálacha áirithe maidir le cuideachtaí nach bhfuil faoi leachtú.

251. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le cuideachta nach bhfuil á foirceannadh—

(a) má aischuirtear, gan a bheith sásaithe go hiomlán nó go páirteach, próis forghníomhaithe nó eile a eisíodh de bhun breithiúnais, foraithne nó ordaithe ó aon chúirt i bhfabhar creidiúnaí de chuid na cuideachta; nó

(b) má chruthaítear chun sástacht na cúirte nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc, ag cur sa chuntas dliteanais theagmhasacha agus ionchasacha na cuideachta, agus

gur dealraitheach don chúirt gurb é neamhdhóthanacht a cuid sócmhainní an chúis nó an phríomhchúis nach bhfuil sí á foirceannadh.

(2) Beidh feidhm ag na hailt seo a leanas, fara na modhnuithe is gá, maidir le cuideachta lena mbaineann an t-alt seo, d'ainneoin nach bhfuil sí á foirceannadh—

(a) ailt 139, 140, 203 agus 204 den Acht seo, agus

(b) forálacha an Phríomh-Achta a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(3) Déanfar tagairtí sna hailt a luaitear i bhfo-alt (2) do thús foirceanta cuideachta, do leachtaitheoir sealadach a cheapadh, nó d'ordú foirceanta a dhéanamh agus don “dáta iomchuí” a fhorléiriú, chun críocha an ailt seo. mar thagairtí—

(a) do dháta an bhreithiúnais, na foraithne nó an ordaithe a luaitear i bhfo-alt (1) (a); nó

(b) don dáta a gcinnfidh an chúirt nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc.

(4) Más rud é, de bhua an ailt seo, go dtionscnófar imeachtaí faoi alt 139, 140 nó 204 den Acht seo nó alt 245A, 297A nó 298 den Phríomh-Acht, beidh feidhm ag alt 297A (7) (b) den Phríomh-Acht i ndáil le haon ordú a dhéanfar de thoradh na n-imeachtaí sin.

(5) I gcás go gcuirfear alt 295 den Phríomh-Acht chun feidhme de bhua an ailt seo, beidh feidhm aige amhail is dá scriosfaí as na focail “a ordófar ina dhiaidh sin a fhoirceannadh nó a rithfidh ina dhiaidh sin rún le haghaidh foirceannadh toilteanach”.

AN TÁBLA

Ailt den Phríomh-Acht lena mbaineann an t-alt seo

Alt

Ábhar

Tuairisc

243

Iniúchadh leabhar ag creidiúnaithe agus ranníocóirí

245

Cumhacht na cúirte chun daoine a ghairm os a comhair lena gceistiú

A cuireadh isteach le halt 126 den Acht seo

245A

Ordú íocaíochta nó seachadta maoine in aghaidh duine a cheistítear faoi alt 245

A cuireadh isteach le halt 127 den Acht seo

247

Cumhacht chun ranníocóir éalaitheach a ghabháil

295

Calaoisí ag oifigigh do chuideachtaí a chuaigh faoi leachtú

297

Dliteanas coiriúil maidir le trádáil chalaoiseach

A cuireadh isteach le halt 137 den Acht seo

297A

Dliteanas sibhialta maidir le trádáil chalaoiseach

A cuireadh isteach le halt 138 den Acht seo.

298

Cumhacht na cúirte chun damáistí a mheasúnú in aghaidh stiúrthóirí

Arna leasú ag alt 142 den Acht seo.

CUID XIII

Cuideachtaí Infheistíochta

Léiriú ar an gCuid seo.

252. —(1) Sa Chuid seo—

ciallaíonn “an Banc” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” cuideachta lena mbaineann an Chuid seo agus forléireofar “cuideachta” dá réir sin;

ciallaíonn “maoin” maoin réadach nó phearsanta de chineál ar bith (lena n-áirítear urrúis);

ciallaíonn “Rialacháin UCITS” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnóthais le haghaidh Comhinfheistíochta in Urrúis Inaistrithe). 1989 (I.R. Uimh. 78 de 1989).

(2) D'fhonn forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a chur i bhfeidhm maidir le cuideachtaí infheistíochta leis an gCuid seo, forléireofar na forálacha sin agus Achtanna na gCuideachtaí mar aon ní amháin.

Scairchaipiteal cuideachtaí infheistíochta.

253. —(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, féadfar i meabhrán cuideachta lena mbaineann an Chuid seo, na nithe seo a leanas a lua maidir le scairchaipiteal na cuideachta, in ionad na n-ábhar a shonraítear i mír (a) d'alt 6 (4) den Phríomh-Acht—

(a) go mbeidh scairchaipiteal na cuideachta comhionann leis an luach a bheidh de thuras na huaire ag scairchaipiteal eisithe na cuideachta, agus

(b) roinnt an scairchaipitil sin i líon sonraithe scaireanna gan aon luach ainmniúil a shannadh dó,

agus beidh éifeacht le foirm an mheabhráin atá leagtha amach i dTábla B den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht nó i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , de réir mar is iomchuí, maidir leis an gcuideachta sin fara na modhnuithe is gá.

(2) Baineann an Chuid seo le cuideachta faoi theorainn scaireanna (nach cuideachta lena mbaineann Rialacháin UCITS)—

(a) arb í a haonchuspóir mar atá luaite ina méabhrán ná a cuid cistí a chomhinfheistiú i maoin d'fhonn fiontar infheistíochta a leathadh agus tairbhe bhainistíocht a cuid cistí a thabhairt do chomhaltaí na cuideachta; agus

(b) a bhforáiltear ina hairteagail nó ina meabhrán—

(i) go mbeidh luach iarbhír scairchaipiteal íoctha na cuideachta comhionann gach tráth le luach sócmhainní de chineál ar bith de chuid na cuideachta tar éis a cuid dliteanas a asbhaint, agus

(ii) go ndéanfaidh an chuideachta, ar iarratas ó aon duine dá scairshealbhóirí, scaireanna na cuideachta a cheannach go díreach nó go neamhdhíreach as sócmhainní na cuideachta.

(3) Chun críocha fho-alt (2) (b) (ii), áireofar mar ghníomh is comhionann le ceannach a cuid scaireanna ag an gcuideachta aon ghníomh a dhéanfaidh cuideachta lena chinntiú nach gclaonfaidh luach stocmhalartáin a cuid scaireanna óna ghlanluach sócmhainní de mhéid is mó ná céatadán a bheidh sonraithe ina cuid airteagal (ar claonadh é nach sonrófar amhlaidh a bheith níos mó ná 5 faoin gcéad).

(4) Áireofar go ndéanann meabhrán nó airteagail chuideachta foráil do na nithe dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) d'ainneoin forálacha teagmhasacha nó forlíontacha a bheith curtha isteach sa mheabhrán nó sna hairteagail maidir leo.

(5) In Achtanna na gCuideachtaí—

(a) forléireofar tagairt do chuideachta faoi theorainn scaireanna mar thagairt a fholaíonn cuideachta infheistíochta de réir bhrí na Coda seo agus déanfar tagairt do scair i gcuideachta faoi theorainn scaireanna, nó do scairchaipiteal cuideachta faoi theorainn scaireanna, a fhorléiriú dá réir sin, agus

(b) déanfar tagairt do luach ainmniúil scaire eisithe nó leithroinnte i gcuideachta faoi theorainn scaireanna, nó do luach ainmniúil scairchaipitil eisithe nó leithroinnte cuideachta faoi theorainn scaireanna, a fhorléiriú, i gcás cuideachta infheistíochta, mar thagairt do luach na comaoine ar eisíodh nó ar leithroinneadh an scair nó an scairchaipiteal (de réir mar a bheidh) ina leith.

Cumhacht cuideachta a cuid scaireanna féin a cheannach.

254. —(1) Faoi réir fho-alt (2), maidir le ceannach a cuid scaireanna féin ag cuideachta infheistíochta, déanfar é de réir cibé téarmaí agus ar cibé modh a fhorálfar lena cuid airteagal.

(2) Ní cheannóidh cuideachta infheistíochta a scaireanna féin mura mbeidh siad láníoctha.

(3) D'fhonn amhras a sheachaint, ní cheanglóidh aon ní in Achtanna na gCuideachtaí ar chuideachta infheistíochta aon chuntas cúltaca a bhunú.

Déileáil le scaireanna a ceannaíodh.

255. —(1) Déanfar scaireanna cuideachta infheistíochta a bheidh ceannaithe ag an gcuideachta a chealú agus laghdófar méid scairchaipiteal eisithe na cuideachta de mhéid na comaoine a bheidh íoctha ag an gcuideachta chun na scaireanna a cheannach.

(2) (a) I gcás gur cheannaigh cuideachta aon chuid dá cuid scaireanna féin nó go bhfuil sí ar tí iad a cheannach, beidh de chumhacht aici líon comhionann scaireanna a eisiúint in áit na scaireanna sin a ceannaíodh agus chun críocha alt 68 den Acht Airgeadais, 1973 , is idirbheart inmhuirearaithe a bheidh in eisiúint na scaireanna ionadúla sin sa chás, agus sa chás amháin, gur mó luach iarbhír na scaireanna a eisíodh amhlaidh ná luach iarbhír na scaireanna a ceannaíodh ar dháta a gceannaigh agus, i gcás gur idirbheart inmhuirearaithe a bheidh san eisiúint scaireanna chun na gcríoch sin, is é a bheidh sa mhéid ar a mbeidh dleacht stampa ar an ráiteas iomchuí a bhaineann leis an idirbheart sin inmhuirearaithe faoi alt 69 den Acht Airgeadais, 1973 , ná an difríocht idir—

(i) an méid ar a mbeadh an dleacht inmhuirearaithe amhlaidh mura n-eiseofaí na scaireanna in áit scaireanna a ceannaíodh faoin alt seo, agus

(ii) luach na scaireanna a ceannaíodh ar dháta a gceannaigh.

(b) I gcás go n-eiseofar scaireanna nua sula gceannófar na seanscaireanna ní mheasfar, a mhéid a bhaineann le dleacht stampa, gur eisíodh na scaireanna nua de bhun mhír (a) mura gceannaítear na seanscaireanna laistigh de mhí amháin tar éis na scaireanna nua a eisiúint.

Údarú ag an mBanc.

256. —(1) Ní sheolfaidh cuideachta infheistíochta gnó sa Stát mura n-údaraíonn an Banc di déanamh amhlaidh ar bhonn critéir a bheidh ceadaithe ag an Aire.

(2) Ní sheolfaidh duine gnó thar ceann cuideachta infheistíochta, a mhéid a bhaineann sé le ceannach nó díol scaireanna de chuid na cuideachta infheistíochta, mura mbeidh an chuideachta infheistíochta údaraithe ar an modh dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

(3) Ní údaraíodh an Banc do chuideachta infheistíochta gnó a sheoladh sa Stát mura mbeidh scairchaipiteal íoctha ag an gcuideachta a bheidh, i dtuairim an Bhainc, leordhóthanach chun a chumasú di a gnó a stiúradh go héifeachtach agus freastal dá dliteanais.

(4) Iarratas ó chuideachta infheistíochta ar an údarú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) déanfar é i scríbhinn chuig an mBanc agus beidh cibé faisnéis ann a shonróidh an Banc chun an t-iarratas a chinneadh (lena n-áirítear cibé faisnéis bhreise a shonróidh an Banc le linn an t-iarratas a chinneadh).

(5) I gcás go mbeartaíonn an Banc údarú a dheonú do chuideachta infheistíochta faoin alt seo agus gur deimhin leis an mBanc go gcruinneoidh an chuideachta caipiteal trí dhíol a cuid scaireanna leis an bpobal a chur ar aghaidh, déanfaidh an Banc, ag deonú an údaraithe di, an chuideachta a ainmniú mar chuideachta infheistíochta a fhéadfaidh caipiteal a chruinniú ar an modh sin, agus forléireofar “cuideachta ainmnithe” san alt seo agus in alt 257 dá réir sin.

(6) I gcás nach ndéanfaidh cuideachta ainmnithe díol a scaireanna leis an bpobal a chur ar aghaidh laistigh de thréimhse, nach faide ná sé mhí, a bheidh sonraithe san údarú faoin alt seo, measfar, ar an tréimhse a shonraítear amhlaidh a bheith imithe i léig, gur scoir an chuideachta de bheith ina cuideachta ainmnithe.

(7) Ní chruinneoidh cuideachta infheistíochta nach cuideachta ainmnithe caipiteal trí dhíol a cuid scaireanna leis an bpobal a chur ar aghaidh.

(8) Cuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát ar cuideachta lena mbaineann an Chuid seo a bheadh inti, dá gcorprófaí sá Stát í, ní dhéanfaidh sí fógraíocht mar gheall ar a cuid scaireanna ná ní mhargóidh sí iad in aon tslí sa Stát gan ceadú ón mBanc ar ceadú é a bheidh faoi réir cibé coinníollacha a mheasann an Banc a bheith iomchuí agus ciallmhar chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar an oiread sin de ghnó cuideachtaí den chineál sin atá á stiúradh sa Stát.

(9) Ní dhéanann an t-alt seo dochar d'ailt 6 agus 19 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú). 1983.

Cumhachtaí an Bhaine.

257. —(1) D'ainneoin aon chumhachtaí eile a bheidh ar fáil don Bhanc faoi aon achtachán, ordú nó rialachán eile, féadfaidh an Banc cibé coinníollacha a fhorchur chun údarú a dheonú do chuideachta faoi alt 256 a mheasann sé a bheidh iomchuí agus ciallmhar chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar ghnó cuideachtaí infheistíochta.

(2) Féadfar coinníollacha a fhorchuirfear faoi fho-alt (1) a fhorchur go ginearálta, nó faoi threoir aicmí áirithe cuideachta nó gnó (ag cur san áireamh cibé acu is cuideachta ainmnithe cuideachta infheistíochta nó nach ea, ach gan é bheith teoranta dó sin), nó faoi threoir aon ní eile a mheasann an Banc a bheith iomchuí agus ciallmhar chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar ghnó cuideachtaí infheistíochta.

(3) Folóidh an chumhacht chun coinníollacha a fhorchur dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cumhacht chun cibé coinníollacha breise a fhorchur ó am go ham a mheasann an Banc a bheith iomchuí agus ciallmhar chun rialáil ordúil chuí a dhéanamh ar ghnó cuideachtaí infheistíochta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-ailt (1), (2) agus (3), féadfaidh coinníollacha a fhorchuireann an Banc ar chuideachta infheistíochta foráil a dhéanamh le haghaidh aon ní nó gach ní de na nithe seo a leanas—

(a) na ceanglais chríonnachta a bhaineann le polasaithe infheistíochta na cuideachta,

(b) réamheolairí agus faisnéis eile a scaipeann an chuideachta,

(c) dílsiú shócmhainní nó shócmhainní sonraithe na cuideachta do dhuine a bheidh ainmnithe ag an mBanc ar duine é a mbeidh aige cibé cumhachtaí nó dualgais de chuid iontaobhaí maidir leis an gcuideachta a bheidh sonraithe ag an mBanc.

(d) cibé ceanglais agus coinníollacha maoirseachta agus tuairiscithe eile a bhaineann lena gnó a mheasann an Banc a bheith iomchuí agus críonna a fhorchur ar an gcuideachta ó am go ham chun na gcríoch dá dtagraítear sna fo-ailt a dúradh.

(5) Comhlíonfaidh cuideachta aon choinníollacha a bhaineann lena húdarú nó lena gnó a fhorchuirfidh an Banc.

Forálacha áirithe de Rialacháin UCITS a oiriúnú.

258. —Beidh feidhm ag Rialacháin 14, 30, 63, 83 (2) go (7), agus 99 go 105 de Rialacháin UCITS maidir le cuideachta infheistíochta mar atá feidhm acu maidir le comhlachtaí lena mbaineann na Rialacháin sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas—

(a) déanfar tagairt sna Rialacháin sin do théarma nó d'abairt a shonraítear sa dara colún den Tábla a ghabhann leis an alt seo ag aon uimhir thagartha a fhorléiriú, i ngach áit ina gceadaíonn an comhthéacs é, mar thagairt don téarma nó don abairt a shonraítear sa tríú colún den Tábla sin ag an uimhir thagartha sin, agus

(b) forléireofar tagairtí do théarmaí nó d'abairtí gaolmhara sna Rialacháin sin dá réir sin.

AN TÁBLA

Uimh. Thag.

Téarma nó abairt dá dtagraítear i Rialacháin UCITS

Forléiriú an téarma nó na habairte chun críocha an ailt seo

(1)

(2)

(3)

1.

“athcheannach”

“ceannach”

2.

“na Rialacháin seo”

“Cuid XIII d'Acht na gCuideachtaí, 1990

3.

“UCITS”

“cuideachta infheistíochta”

4.

“aonad”

“scair”

5.

“sealbhóir aonad”

“scairshealbhóir”

Mainneachtain ag cuideachta infheistíochta nó cliseadh i bhfeidhmiú a cuid infheistíochtaí.

259. —Aon údarú ag an mBanc faoi alt 256 ar chuideachta infheistíochta ní baránta é ag an mBanc maidir le hacmhainneacht creidmheasa nó seasamh airgeadais na cuideachta sin agus ní bheidh an Banc faoi dhliteanas, de bhua an údaraithe sin nó de bhíthin na feidhmeanna a thugtar dó leis an gCuid seo (nó le haon rialacháin a dhéanfar faoin gCuid seo) a fheidhmiú i ndáil le cuideachtaí infheistíochta, mar gheall ar aon mhainneachtain de chuid na cuideachta murar ghníomhaigh an Banc de mheon mímhacánta agus na feidhmeanna sin á bhfeidhmiú aige.

Forálacha áirithe d'Achtanna na gCuideachtaí a shrianadh.

260. —(1) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas den Phríomh-Acht maidir le cuideachta infheistíochta, eadhon, ailt 60, 69, 70, 72, 119 agus 125.

(2) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1983 , maidir le cuideachta infheistíochta, cadhon, ailt 5 (2), 23 go 25, 40, 41 agus Cuid IV.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 14 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 , maidir le cuideachta infheistíochta.

(4) Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na forálacha seo a leanas den Acht seo maidir le cuideachta infheistíochta, eadhon, Caibidil 2 go 4 de Chuid IV, agus Cuid XI.

Cumhacht chun rialacháin fhorlíontacha a dhéanamh.

261. —Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh a mheasann sé is gá chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha na Coda seo.

Cionta.

262. —I gcás go sáraíonn cuideachta—

(a) aon cheann d'fhorálacha na Coda seo, nó

(b) aon rialacháin a dhéantar i ndáil leis an gcéanna (cibé acu faoin gCuid seo nó faoi aon achtachán eile). nó

(c) aon choinníoll i ndáil lena húdarú nó lena gnó a fhorchuireann an Banc faoi alt 257.

beidh an chuideachta agus gach oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

AN SCEIDEAL

Forálacha a Chuirtear in ionad an Naoú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht

Alt 250.

Alt 377.

“AN NAOÚ SCEIDEAL

Forálacha a Bhfuil Feidhm Acu Maidir Le Cuideachtaí Neamhchláraithe

AN PRÍOMH-ACHT

Ábhar

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Gníomhartha a dhéanann cuideachta (riail ultra vires).

Alt 8.

Conarthaí roimh chorprú.

Alt 37 (1) agus (2).

Réamhcolairí agus leithrannta.

Ailt 43 go 52. 56. 57. 61 agus an Tríú Sceideal.

Oifig chláraithe.

Alt 113 (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 ).

Tuairisceán Bliantúil.

Ailt 125 go 129 agus an Cúigiú Sceideal.

Cuntais agus Iniúchadh.

Ailt 148 go 153, 155 go 161, 191 agus an Séú Sceideal (ach amháin fomhíreanna (a) go (d) de mhír 2, fomhíreanna (c) go (e) de mhír 3 agus fomhír (d) de mhír 8), arna leasú le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 .

Bailíocht gníomhartha stiúrthóirí.

Alt 178.

Clár na stiúrthóirí agus na rúnaithe. Sonraí a bhaineann le stiúrthóirí a bheith le taispeáint ar gach litir ghnó ón gcuideachta.

Alt 195 (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí, 1990 ) agus 196.

Clárú doiciméad, cur i bhfeidhm agus nithe forlíontacha eile

Ailt 2, 193, 369 go 371. 378, 379, 383. 384. 386. 387, 395 (1) agus an tOchtú Sceideal.

Dliteanas oifigeach agus daoine eile mar gheall ar fhaillí etc.

Ailt 200 agus 391.

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1977

Ábhar

Forálacha ag a bhfuil feidhm.

Scairdheimhnithe.

Ailt 2 agus 3.

Taifid de chuid cuideachta.

Alt 4.

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1983

Ábhar

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Cothabháil caipitil. Srianta le dáileadh brabús agus sócmhainní.

Ailt 40 go 42, 45, 45A (a cuireadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Leasú), 1986 ) agus 49 go 51. Ailt 43, 44, 46 agus 47, leis an modhnú go mbeidh feidhm ag na hailt sin maidir le gach comhlacht corpraithe lena mbaineann alt 377 (1) den Phríomh-Acht seachas na comhlachtaí sin a bheadh, dá mbeidís cláraithe, ina gcuideachtaí príobháideacha.

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (AN STOCMHARGADH), 1984

(I.R. UIMH. 282 de 1984)

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Na Rialacháin go léir.

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1986

Ábhar

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Cumhacht chun foirm na gcuntas a athrú.

Alt 24.

RIALACHÁIN NA gCOMHPHOBAL EORPACH (CUIDEACHTAÍ A CHUMASC AGUS A ROINNT), 1987

(I.R. UIMH. 137 de 1987)

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Na Rialacháin go léir.

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1990

Forálacha ag a bhfuil feidhm

An tAcht go léir.

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990

Forálacha ag a bhfuil feidhm

Codanna I go III.

Cuid IV, leis an modhnú go mbeidh feidhm ag Caibidil 2 den Chuid sin maidir le gach comhlacht corpraithe lena mbaineann alt 377 (1) den Phríomh-Acht seachas na comhlachtaí sin a bheadh, dá mbeidís cláraithe, ina gcuideachtaí príobháideacha agus beidh feidhm ag Caibidil 3 den Chuid sin maidir le gach comhlacht corpraithe den sórt sin a bheadh, dá mbeadh sé cláraithe, ina chuideachta phríobháideach.

Cuid V.

Cuid VI, ach amháin ailt 122. 128 go 131 agus 133.

Codanna VII. IX. X agus XII.

”.

*IO Uimh. L348. 17.12.1988, lch.62.

*IO Uimh. L66. 16.3.1979. Ich.21.

*IO Uimh. L66. 16.3.1979. lch.21.

*IO Uimh. L126. 12.5.1984.Ich.20.