36 1990

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1990


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1990


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

3.

Dáilcheantair.

4.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

5.

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

6.

Socruithe sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

7.

Aisghairm.

8.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Toghcháin, 1963 go 1989

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19

An tAcht Toghcháin (Leasú), 1983

1983, Uimh. 36

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 1990


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1990

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁIL CHUN LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN A SHOCRÚ AGUS CHUN DÁIL-CHEANTAIR A ATHMHEAS AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN.

[26 Nollaig, 1990]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil.

(2) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do shean-tuathcheantar a fhorléiriú mar thagairt don cheantar sin mar a bhí sé comhdhéanta díreach roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1925, agus

(b) déanfar tagairt do líne arna tarraingt feadh aon bhóthair, lána nó canála a fhorléiriú mar thagairt do líne arna tarraingt feadh lár an bhóthair, an lána nó na canála sin.

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is 166 chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar a bhí sé an 1ú lá d'Eanáir, 1990, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil aon bhaile fearainn nó aon chuid de bhaile fearainn, nó aon bhóthar nó sráid nó aon chuid de bhóthar nó de shráid, nó aon chuid de bharda, cinnfidh an tAire an t-amhras, faoi réir alt 1 (2) (b) den Acht seo.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

Socruithe sealadacha maidir le clár na dtoghthóirí.

5. —(1) I gcás ceantar vótaíochta nó cuid de cheantar vótaíochta a bheith i ndáilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus nach ionann a achar agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, féadfaidh an tAire a fhoráil le hordú go dtaifeadfar ainm an dáilcheantair sin maidir leis an gceantar vótaíochta, nó leis an gcuid den cheantar vótaíochta, i ngach dréachtchlár, liosta éilitheoirí, clár toghthóirí agus liosta ceartuithe a ullmhófar faoi Chuid II den Acht Toghcháin, 1963 , agus a fhoilseoidh údarás clárúcháin roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Murab ionann achar dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus achar aon dáilcheantair a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, déanfaidh an t-údarás clárúcháin nó na húdaráis chlárúcháin lena mbaineann liosta nó liostaí de phostvótálaithe agus liosta nó liostaí de vótálaithe speisialta a ullmhú ina leith a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

Socruithe sealadacha maidir le ceantair vótaíochta áirithe.

6. —(1) Más rud é, maidir le ceantar vótaíochta a bheidh ann ar dháta an Achta seo a rith, nach mbeidh a iomlán laistigh de cheann de na dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ansin, maidir leis an gcuid den cheantar vótaíochta a bheidh i ndáilcheantar a shonrófar amhlaidh, déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gceann comhairimh don dáilcheantar lena mbaineann—

(a) an chuid sin nó codanna di a chur isteach le haon cheantar nó ceantair vótaíochta a bheidh tadhlach léi, nó

(b) ceantar vótaíochta a dhéanamh den chuid sin agus áit vótaíochta a cheapadh di.

(2) Maidir le socrú a dhéanfar de bhun mhír (a) nó mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh sé faoi réir a dhaingnithe ag an Aire agus féadfaidh an tAire an socrú, modhnaithe nó gan mhodhnú, a dhaingniú,

(b) ní bheidh éifeacht leis i ndáil le haon chorrthoghchán a tharlóidh roimh an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, agus

(c) beidh éifeacht leis go dtí (agus ní bheidh ach go dtí) go dtiocfaidh an chéad scéim faoi alt 22 den Acht Toghcháin, 1963 , i ndáil leis an gcontae nó leis an gcontaebhuirg ina bhfuil an ceantar vótaíochta, i ngníomh tar éis an tAcht seo a rith.

(3) San alt seo ciallaíonn “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) i ndáil le ceantar vótaíochta i gcontaebhuirg, an bainisteoir chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistíocht na contaebhuirge (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don bhainisteoir sin nó chun gníomhú in áit an bhainisteora sin le linn é a bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn oifig an bhainisteora sin a bheith folamh),

(b) i ndáil le haon cheantar vótaíochta eile, rúnaí chomhairle an chontae ina bhfuil an ceantar vótaíochta (lena n-áirítear duine arna cheapadh go cuí mar ionadaí don rúnaí sin nó chun gníomhú in áit an rúnaí sin).

Aisghairm.

7. —(1) Aisghairtear leis seo an tAcht Toghcháin (Leasú), 1983 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1990 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1989, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1990, a ghairm díobh le chéile.

AN SCEIDEAL

Ainm

Limistéar

An Líon Comhaltaí

Ceatharlach-Cill Chainnigh

Contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh.

5

An Cabhán-Muineachán

Contaetha riaracháin an Chabháin agus Mhuineacháin.

5

An Clár

Contae riaracháin an Chláir ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

4

Corcaigh Thoir

Na toghranna ceantair seo a leanas:

4

An Cóbh (Tuath) i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Áth an Chairn, Baile Átha hÚlla, an Baile Nua, an Charraig, Dún Galláin, Carragán Éide, Caisleán Ó Liatháin, Baile Chaisleáin an Róistigh, Cúl Chollainge, Cora Ghlas, Mainistir Fhear Maí (Tuath), Gleannúir Thoir, Gleannúir Thiar, Gort na Sceiche, Gort an Rú, Coill na Corra, Cill Cumair, Cill Daighnin, Cill Aithche, Cill Uird, Cnoc Muirne, Liatroim, Ráth Chormaic, Cnocán na Biolraí, i sean-Tuathcheantar Mhainistir Fhear Maí;

Baile Cloch, Baile na Móna, Cill na Mallach, Cathair Dubhgáin, an Charraig, Claonabhar, Dún ar Aill, Cill Mac Leinín, Mala (Tuath), Móin an Ime, Rathain, an Seanbhaile Mór, Sceachanach, Baile an Fháltaigh, i sean-Tuathcheantar Mhala;

Baile an Teampaill, Baile Choitín, Baile Uí Spalláin, Carraig Thuathail, Baile na Martra, Cluain Molt, Cluain, Corcach Beag, Daingean Uí Dhonnabháin, Dún Guairne, Garraí Bhóithe, Íochtar Morogha, Inse, Lios Gúl, Mainistir na Corann (Tuath), Maigh Dhíle, Ros Tialláin, Teampall Buadán, Teampall na Carraige, i sean-Tuathcheantar Mhainistir na Corann;

Baile Artúir, Doire Ó bhFaoileáin, Fairche, Cill Dairbhre, Cill Gallán, Cill Faolán, Baile an Mharasclaigh, Baile Mhistéala, Teampall Molaga, i sean-Tuathcheantar Bhaile Mhistéala Uimh. 1;

Ardachadh, Cluain Príost, Cill Crónait, Cill Ia, Cill Modomhnóg, Eochaill (Tuath), i sean-Tuathcheantar Eochaille Uimh. 1;

agus ceantair uirbeacha an Chóibh, Mhainistir Fhear Maí, Mhala, Mhainistir na Corann agus Eochaille.

Corcaigh Thuaidh-Lár

I gcontaebhuirg Chorcaí, na bardaí seo a leanas:

5

Baile an Locha A, Baile an Easpaig A, Baile an Easpaig B, Baile an Easpaig C, an Linn Dubh A, an Linn Dubh B, an Lár A, an Lár B, Páirc an Teampaill, Halla na Cathrach A, Halla na Cathrach B, an Coimín, Cnocán an Aonaigh A, Cnocán an Aonaigh B, Cnocán an Aonaigh C, Fearann Phiarais A, Fearann Phiarais B, Fearann Phiarais C, Mainistir Ghiolla Aodha A, Mainistir Ghiolla Aodha B, Mainistir Ghiolla Aodha C, Garrán na mBráthar A, Garrán na mBráthar B, Garrán na mBráthar C, Garrán na mBráthar D, Garrán na mBráthar E, Cnoc an Aonaigh, an Mhuirdhíog, Baile na mBocht, Montenotte A, Montenotte B, Naomh Pádraig A, Naomh Pádraig B, Naomh Pádraig C, Seana-Choill, Seandún A, Seandún B, an Geata Theas A, an Geata Theas B, Tobar Rí an Domhnaigh A, Tobar Rí an Domhnaigh B, an Gleann A, an Gleann B, Tivoli A, Tivoli B;

agus, i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile na gCloch, an Linn Dubh, an Bhlarna, Cathair Laga, Carraig na bhFear, Carraig Ruacháin (Beag), Gleann an Phréacháin, an Dún Glas, Cill Liath, Cnoc an Tóiteáin, Cnoc Rátha, Ráth Cuanna, Baile Roisín, Naomh Muire, an Teampall Geal, i sean-Tuathcheantar Chorcaí.

Corcaigh Thiar Thuaidh

Contae riaracháin Chorcaí, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair Chorcaí Thoir, Chorcaí Thuaidh-Lár, Chorcaí Theas-Lár agus Chorcaí Thiar Theas.

3

Corcaigh Theas-Lár

Contaebhuirg Chorcaí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chorcaí Thuaidh-Lár;

5

agus, i gcontae riaracháin Chorcaí, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Chollaigh, Baile Garbháin, Baile an Easpaig, Carraig Uí Leighin, Dúglas, Dún Darú, Inis Cionaigh, Leithineach, Baile an Mhanaigh (Tuath), Baile an Mhanaigh (Uirbeach), na hUamhanna, i sean-Tuathcheantar Chorcaí;

Baile Feá Aird, Baile an Phoill, Carraig Uí Leighin, Cuilinn, Fearann Bhriain, Cill Mosheanóg, Cill Pádraig, Cinnabhair, Lios Cléirigh, Nuachabháil, Teampall Bríde, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile.

Corcaigh Thiar Theas

Na toghranna ceantair seo a leanas:

3

Baile na Daibhche, Baile Muadán, Droichead na Bandan, Barr Liath, an Buailtín, Caiseal, Inis Eonáin, Cill Briotáin, Cill Brógáin, Cnoc Rua, Ráth Cláirín, i sean-Tuathcheantar Dhroichead na Bandan;

Beanntraí (Tuath), Beanntraí (Uirbeach), Dubhros Thoir, Dubhros Thiar, Gleannloch, an Gleann Garbh, Caolchoill, Cill Cascán, Maolach, Scairt, Suí Finn, Rinn Mhuintir Bháire, Faoide, i sean-Tuathcheantar Bheanntraí;

Eadargóil, Béarra, Cuailleach, Cora Ghlas, Cill Ceatigheirn, Cill Achadh nAoineach, Cill na Manach, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Chaisleáin;

Mainisir Ó mBádhamhna, Ard Ó bhFicheallaigh, an Airgidín, Baile an Bhuitléirigh, an Chathair Mhór, Caisleán na Gaoithe, Cloich na Coillte (Tuath), Cúil Curraichin, Cúirt Mhic Shéafraidh, Doire, Cill Ciarán Mór, Cill Moloda Thoir, Cill Moloda Thiar, Cill Maidhlearán, Cill na gCros, na Cnoic, Ráth an Bharraigh, Ros Ó gCairbre, an Ros Mór, Teampall Ó Malghus, Tigh Molaige, i sean-Tuathcheantar Chloich na Coillte;

Baile an Ghoirtín, Baile Muine, Draighneach, Dún Mánmhaí Thuaidh, Dún Mánmhaí Theas, Meilleán, i sean-Tuathcheantar Dhún Mánmhaí;

Béal Átha an Spidéil, Baile Mhac Chéin, Baile an Mhoirtéalaigh, Cúl Méin, Cionn tSáile (Tuath), Leathfhearann, Liathmhuine, Teampall Michíl, i sean-Tuathcheantar Chionn tSáile;

Achadh Dúin Thuaidh, Achadh Dúin Theas, an Bhréadach, Cathrach, Cléire, Carraig Bhán, Baile an Chaisleáin Thuaidh, Baile an Chaisleáin Theas, Cloch Dónaill, Cluain Chaoin, Draighneach, Drom Dhá Liag Thuaidh, Drom Dhá Liag Theas, na Garráin, Gort na Scríne, Cill Fachtna Beag, Cillín Liath, Cnoc Sceach, Maigh-Ros, Sraoilleán, an Sciobairín (Tuath), Tulach, na Doiríní, i sean-Tuathcheantar an Sciobairín;

Baile Bán, Béal an Dá Chab, Cuailleach, an Cruachán, Dún Béacáin, Dún Mánais, an Góilín, Cill Cótha, Lubhghortán, an Scoil, an Tuar Mór, i sean-Tuathcheantar na Scoile;

agus na ceantair uirbeacha seo a leanas: Cloich na Coillte, Cionn tSáile agus an Sciobairín.

Dún na nGall Thoir Thuaidh

Na toghranna ceantair seo a leanas:

3

Ard Mhálanna, Baile Lifín, Inis na nÉanlaithe, Bun Cranncha (Tuath), Droim na Bearta, Carn Domhnach, Carrthaigh, an Teampall Maol, Cill Mhic an Tréin, Cúil Dabhcha, Díseart Éigne, Dún Damh, Fathain, Gleann Ó gCanann, Gleann Daoile, Gleann Tóchair, an Caisleán Nua, na hUillí, Inis Cuileantraí, Cill Doire, Cill Aodha, Málainn, Mínteach, Bun an Phobail, an Baile Nua, Carraig Mhic Uidhilín, an tSráid, Ard an Chrainn, Tuar Móin, an Caiseal Bán, i sean-Tuathcheantar Inis Eoghain;

Baile Mac Cumhaill, an Caisleán Riabhach, Mín an Lábáin, Cor an Mhadaidh, Éadan an Charnáin, Gartán, Gort na bhFearn, Coillidh Masnaidh, Cinn Crathaigh, Leitir Ceanainn (Tuath), an Machaire Buí, Mainéar Uí Chuinneagáin, Suí Corr, Teampall Dúghlaise, i sean-Tuathcheantar Leitir Ceanainn;

Baile Átha Dhaire, Carraig Airt, an Cheathrú Chaol, Creamhghort, Fanad Thuaidh, Fanad Thiar, an Gleann, Gleann Eala, Dún Glas, Cill Uí Gharbháin, Cill Mhic Réanáin, Cnoc Eala, Loch Caol, Baile na nGallóglach, Ráth Mealtain, Ráth Maoláin, Ros Goill, Ros na Cille, an Tearmann, i sean-Tuathcheantar Bhaile na nGallóglach;

Cluain Lao Thuaidh, Cluain Lao Theas, Feada Glas, Fiadhghort, Mín Charraigeach, Ráth Bhoth, Baile Suingean, Triantach Muclach, i sean-Tuathcheantar Shrath an Urláir;

agus ceantair uirbeacha Bhun Cranncha agus Leitir Ceanainn.

Dún na nGall Thiar Theas

Contae riaracháin Dhún na nGall, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Dhún na nGall Thoir Thuaidh.

3

Baile Átha Cliath Láir

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Cé Árann A, Cé Árann B, Cé Árann C, Cé Árann D, Cé Árann E, Baile Astún A, Baile Astún B, na Lusgharraithe C, an Chabrach Thoir B, an Chabrach Thoir C, an Chabrach Thiar B, an Chabrach Thiar C, an Chabrach Thiar D, Séipéal Iosóid, na Déise, Inse Chór A, Cé na gCúirteanna A, Cé na gCúirteanna B, Cé na gCúirteanna C, Cill Mhaighneann A, Cill Mhaighneann B, Cill Mhaighneann C, Moinseo A, Moinseo B, an Chathair Thuaidh, an Duga Thuaidh B, an Duga Thuaidh C, Páirc an Fhionnuisce, an Rotunda A, an Rotunda B, Cé Uiséar A, Cé Uiséar F;

agus na codanna sin de bhardaí na Cabraí Thoir A agus na Cabraí Thiar A atá suite laisteas de líne arna tarraingt feadh na Canála Ríoga.

Baile Átha Cliath Thuaidh

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

4

An tAerfort, Baile Brigín (Tuath), Baile Brigín (Uirbeach), Baile Ghrífín, Baile Bachaille, Baile na Scadán, Baile Bhlainséir-Baile an Aba, Baile Bhlainséir-Cor Dubh, Baile Bhlainséir-Mullach Eadrad, Baile Bhlainséir-Baile an Tirialaigh, Caisleán Cnucha-an Pháirc, Cluain Meathan, Domhnach Bat, Dubar, Baile Gháire, Ráth Halabhóid, Inis Pádraig, Cill Shalcháin, Cill Sáile, Lusca, Mullach Íde Thoir, Mullach Íde Thiar, Port Mearnóg Thuaidh, Port Mearnóg Theas, an Ros, na Sceirí, Sord-an Fhoraois, Sord-an Ghlas Mhór, Sord-Halla an Leasáin, Sord-Baile na Mara, Sráidbhaile Shoird, an Barda, Tornapain.

Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

An Baile Bocht A, an Baile Bocht B, Beaumont A, Beaumont B, Beaumont C, Beaumont D, Beaumont E, Beaumont F, Cluain Tarbh Thoir B, Cluain Tarbh Thoir C, Cluain Tarbh Thoir D, Cluain Tarbh Thoir E, Cluain Tarbh Thiar A, Cluain Tarbh Thiar B, Cluain Tarbh Thiar C, Cluain Tarbh Thiar D, Cluain Tarbh Thiar E, Droim Conrach Theas A, Droim Conrach Theas B, Páirc na nGrás, Baile Hearman A, Baile Hearman B, Cill Mhór A, Cill Mhór B, Cill Mhór D, an Duga Thuaidh A, an Halla Bán D.

Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Árghort, Cluain Tarbh Thoir A, Éadan Mór, an Ghráinseach A, an Ghráinseach B, an Ghráinseach C, an Ghráinseach D, an Ghráinseach E, Cill Mhór C, Coill an Phrióra A, Coill an Phrióra B, Coill an Phrióra C, Coill an Phrióra D, Coill an Phrióra E, Ráth Eanaigh-Gort an tSionnaigh, Ráth Eanaigh-Gleannán na Faiche, Ráth Eanaigh-Assam;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Dúill, Binn Éadair, Cill Fhionntain.

Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Baile Gall A, Baile Gall B, Baile Gall C, Baile Gall D, Baile Munna A, Baile Munna B, Baile Munna C, Baile Munna D, Baile Munna E, Baile Munna F, na Lusgharraithe A, na Lusgharraithe B, Droim Conrach Theas C, Fionnghlas Thuaidh A, Fionnghlas Thuaidh B, Fionnghlas Thuaidh C, Fionnghlas Theas A, Fionnghlas Theas B, Fionnghlas Theas C, Fionnghlas Theas D, an Halla Bán A, an Halla Bán B, an Halla Bán C;

agus na codanna sin de bhardaí na Cabraí Thoir A agus na Cabraí Thiar A atá suite lastuaidh de líne arna tarraingt feadh na Canála Ríoga.

Baile Átha Cliath Theas

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, barda Phembróc Thoir D;

5

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an tSaoir-Áth Leathan, Baile an tSaoir-Ludford, Baile an tSaoir-Marlaí, Baile an tSaoir-Leathánach na Cluana, Baile an tSaoir-Droim Cluana, Baile an tSaoir-Páirc na Coille, Baile Baodáin, an Charraig Dhubh-Gleann na Míne, Baile an Teampaill-an Caisleán, Baile an Teampaill-an Scéimh, Baile an Teampaill-Garrán na gCnó, Baile an Teampaill-Orwell, Baile an Teampaill-Faiche na Coille, Cluain Sceach-Belfield, Cluain Sceach-Fearann na Buaile, Cluain Sceach-Baile an Mhuilinn, Cluain Sceach-Reabóg, Cluain Sceach-na Glasáin, Dún Droma-Baile Amhlaoibh, Dún Droma-Cill Mhochuda, Dún Droma-Áth an Ghainimh, Dún Droma-Droim Meala, Dún Droma-Teach Naithí, Baile Éamainn, Teach na Giúise-Baile Cuilinn, Teach na Giúise-Cnoc Liamhna, Sráidbhaile Theach na Giúise, Ráth Fearnáin-Baile Uí Ruáin, Ráth Fearnáin-Gort an Ime, Ráth Fearnáin-Hermitage, Ráth Fearnáin-Naomh Éanna, Sráidbhaile Ráth Fearnáin, Stigh Lorgan-Páirc na bhFianna, Stigh Lorgan-Cill Mhochuda, Tigh Bródáin;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Ghleann Cuilinn atá suite laistiar de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Áth na Sceire;

agus na codanna sin de thoghranna ceantair Stigh Lorgan-Meirbheal agus Stigh Lorgan-Cnoc Mhuirfean atá suite laistiar de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Stigh Lorgan;

agus, i dtoghroinn cheantair Bhóthar na Bruíne, bailte fearainn Fhearann Shéamais agus Choill an Chaoich, agus na codanna sin de bhailte fearainn na Craobhaí, an Bhaile Nua agus Bhaile na Coille atá suite laistigh den toghroinn cheantair sin.

Baile Átha Cliath Theas-Lár

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Cromghlinn A, Cromghlinn B, Cromghlinn C, Cromghlinn D, Cromghlinn E, Crom ghlinn F, Inse Chór B, Caminse A, Caminse B, Caminse C, Caminse D, Caminse E, Cé na gCeannaithe F, Tír an Iúir A, Tír an lúir B, Tír an Iúir C, Tír an Iúir D, Cé Uiséar D, Cé Uiséar E, Baile Bhailcín A, Baile Bhailcín B, Baile Bhailcín C;

agus an chuid sin de bharda Uiséar C atá suite laisteas de líne arna tarraingt mar a leanas:

ag tosú ag an bpointe is gaire do Shráid an Taiscumair Uachtarach mar a n-imíonn teorainn an bharda ó Bhruach na Mórchanálach, as sin soir ó thuaidh feadh Bhruach na Mórchanálach go dtí a hacomhal le Lána Mhic Fhirbhis, as sin soir feadh Lána Mhic Fhirbhis go dtí a acomhal le teorainn an bharda;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Teach Mealóg-Mainéar Chaminse, Teach Mealóg-Orwell, Sráidbhaile Theach Mealóg, Tír an Iúir-Páirc na Silíní, Tír an Iúir-na Crainn Ghlasa;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Theach Mealóg-an Chufróg atá suite lastuaidh de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Thamhlachta.

Baile Átha Cliath Thoir Theas

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Teach an Ard-Mhéara A, Teach an Ard-Mhéara B, Cé na gCeannaithe A, Cé na gCeannaithe B, Cé na gCeannaithe C, Cé na gCeannaithe D, Cé na gCeannaithe E, Pembróc Thoir A, Pembróc Thoir B, Pembróc Thoir C, Pembróc Thoir E, Pembróc Thiar A, Pembróc Thiar B, Pembróc Thiar C, Ráth Fearnáin, Ráth Maonais Thoir A, Ráth Maonais Thoir B, Ráth Maonais Thoir C, Ráth Maonais Thoir D, Rath Maonais Thiar A, Ráth Maonais Thiar B, Ráth Maonais Thiar C, Ráth Maonais Thiar D, Ráth Maonais Thiar E, Ráth Maonais Thiar F, an Malartán Ríoga A, an Malartán Ríoga B, Naomh Caoimhín, an Duga Theas, Cé Uiséar B, Cé na Coille A, Cé na Coille B;

agus an chuid sin de bharda Uiséar C nach bhfuil i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Theas-Lár.

Baile Átha Cliath Thiar Theas

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

5

Baile na Scornaí, Cluain Dolcáin-Baile an Aird, Cluain Dolcáin-Dún Alainn, Cluain Dolcáin-an Mhainistir, Sráidbhaile Chluain Dolcáin, an Caisleán Nua, Ráth Cúil, Teach Sagard, Talmhlacht-Abhainn Bheag, Tamhlacht-Béalgard, Tamhlacht-Fothair Cearn, Tamhlacht-Radharc an Ghleanna, Tamhlacht-Ráth Miontáin, Tamhlacht-Cill an Ardáin, Tamhlacht-Cill na Manach, Tamhlacht-Coill Tuibear, Tamhlacht-Coill an Rí, Tamhlacht-Glaise an Mhuilinn, Tamhlacht-an Seanbhábhún, Tamhlacht-Achadh an Tobair, Tamhlacht-Teach Motháin, Teach Mealóg-an Tiníl, Teach Mealóg-Coirneach, Tír an Iúir-San Séamas;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Theach Mealóg-an Chufróg atá suite laisteas de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Thamhlachta;

agus, i dtoghroinn cheantair Bhóthar na Bruíne, na bailte fearainn seo a leanas:

Aill an Ghabhair, an Baile Mór, Bóthar na Bruíne, Caisleán Uí Cheallaigh, an Carraigín, Cionn Ard, Baile na mBráthar Íochtarach, Baile na mBráthar Uachtarach, Glaise na Muice, Mothar Ghlaise na Muice, Sliabh Ghlaise na Muice, Glas an Mhulláin, Coill Tuibear, Mountpelier, Orlach, Baile an Phiobaraigh;

agus na codanna sin de bhailte fearainn Chill na nIníon, an tSeanbhábhúin agus na Seanchúirte atá suite laistigh den toghroinn cheantair sin.

Baile Átha Cliath Thiar

I gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, na bardaí seo a leanas:

4

Gort na Silíní A, Gort na Silíní B, Gort na Silíní C, Drom Finn, an Choill Mhór;

agus, i gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Bhlainséir-Baile an Bhlácaigh, Baile Bhlainséir-Cúil Mhín, Baile Bhlainséir-Coill an Ghleannáin, Baile Bhlainséir-Plásóg an Róis, Caisleán Cnucha-Cnoc Maolrúin, Cluain Dolcáin-an Cheapach Mhór, Cluain Dolcáin-Gort na Móna, Cluain Dolcáin-Rualach, Leamhcán-an Eiscir, Arda Leamhcáin, Leamhcán Thuaidh, Leamhcán-San Eiléan, Sráidbhaile Bhaile Phámar, Baile Phámar Thiar.

Dún Laoghaire

I gcontae riaracháin Bhaile Átha Cliath, na toghranna ceantair seo a leanas:

5

an Baile Breac, an Charraig Dhubh-Dún Chéire, an Charraig Dhubh-an Pháirc Nua, an Charraig Dhubh-Sráid an tSrutháin, Cábán tSíle-Páirc an Eibhir, Cábán tSíle-Cill Bheagóige, Cábán tSíle-Baile Uí Lachnáin, Cábán tSíle-Criadóireacht, Deilginis-Avondale, Dún Laoghaire-an Naigín Theas, Carraig an tSionnaigh-Páirc na bhFeá, Carraig an tSionnaigh-Carraig Mhaighin, Carraig an tSionnaigh-Gráinseach an Déin, Carraig an tSionnaigh-Taircé, Seanchill-Ráth Mhichíl, Seanchill-Ráth Salach, Seanchill-Seanchonnach, Stigh Lorgan-Baile na Lóbhar, Stigh Lorgan-an Phrióireacht;

agus an chuid sin de thoghroinn cheantair Ghleann Cuilinn atá suite lastoir de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Áth na Sceire;

agus na codanna sin de thoghranna ceantair Stigh Lorgan-Meirbheal agus Stigh Lorgan-Cnoc Mhuirfean atá suite lastoir de líne arna tarraingt feadh Bhóthar Stigh Lorgan;

agus buirg Dhún Laoghaire.

Gaillimh Thoir

Na toghranna ceantair seo a leanas:

3

Mainistir Uí Ghormacáin, Átha Eascrach, Eachroim, Béal Átha na Sluaighe (Tuath), Baile Mhic an Bhaird, Cluain Fearta, Cluain Tuaiscirt, Baile an Ruáin, Cill Chonaill, Cill Aodhán, Cill Fhalachtán, Cill Odhráin, Cill lúir, Cill Mac Seáin, Cill Tormóir, an Choill Mhór, an Baile Mór, Lios Maine, Cúil an Choirce, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Sluaighe Uimh. 1;

Baile na Stac, Béal Átha Mó, Baile na Cille, Buíbheanach, na Creaga, Currach Mór, Gleann na Madadh, Oileán Cheapaigh Dhónaill, Cill Cróine, Cill Tulach, Ráithín, Screig, Seanchill, Teampall an Tóchair, Tobar Rua, i sean-Tuathcheantar Ghleann na Madadh;

an Aill, Baile na gCearr, Breaclach, Bollán, Ceapa Lusca, Cluain Chaoin, Baile Uí Chlúmhain, Doire Láir, Droim Caora, Mainistir na Gráige, an Ghráinseach, Cill Íomair, Cill Mian, Cill Rícill, Cill tSeiscill, Leaca Liath, Liatroim, Loch an Tóraic, Baile Locha Riach (Tuath), Baile Locha Riach (Uirbeach), an Creigín, Sliabh, Ráth Fulrach, Teach Dáchonna, an Ghráig, i sean-Tuathcheantar Bhaile Locha Riach;

Eanach, Baile na Cille, an Chealtrach, Gallach, Caisleán Frinseach, Cluain Broc, Cluain Chaoin, Baile Colbha, Doire an Ghlasáin, Cill Fhear Odhrán, Cill Liatháin, an Creagán, an Baile Íochtair, Teach Buí, i sean-Tuathcheantar an Chreagáin;

Rann na Mainistreach, an Baile Glas, an Cuas, Darú, Droman, Dún an Uchta, Cill Íomair, Cill Molingóg, Cill Cúán, Míleac, an Móta, Pailís, Port Omna, Tír Chinn Eascrach, Tíne, i sean-Tuathcheantar Phort Omna; an Mhainistir Thoir, an Mhainistir Thiar, Baile na Páirce, Ceathrú na gCorr, Ceathrú Riach, Cluain Bheirn, Cluain Chaoin, Dún Mór Thuaidh, Dún Mór Theas, Leamhchoill, Cill Fhear Éireann, Leathbhaile, Muine Mheá, Maighean, Cnoc an tSeagail, Tobar an Dois, Tuaim (Tuath), Tuaim (Uirbeach), i sean-Tuathcheantar Thuama;

agus ceantar uirbeach Bhéal Átha na Sluaighe.

Gaillimh Thiar

Contae riaracháin na Gaillimhe, ach amháin na codanna de atá i ndáilcheantair na Gaillimhe Thoir, Mhaigh Eo Thoir agus Mhaigh Eo Thiar;

5

agus contaebhuirg na Gaillimhe.

Ciarraí Thuaidh

Na toghranna ceantair seo a leanas:

3

Cill Fheidhlim, i sean-Tuathcheantar Chill Airne;

Ardachadh, Eas Daoi, Baile an Chlochair, Baile Conraoi, an Baile Dubh, Baile Aogáin, Baile Uí Argáin, Béal, Carraig, an Tóchar, Cluain Tiobraid, Droim Mhártain, Dubháth, Inis Mhór, Gallán, Baile Uí Dhonncha, Cill Feichne, Cill Eithne, Cill Lamhraí, Cill Maighne, Cill Seanán, Cill Tóma, Liatroim, Lios Lachtín, Lios Eiltín, Lios Tuathail (Tuath), Leic Snámha, Maigh Inse, Maigh Mheáin, Ráth Aodha, Srón Abhann, Tairbeart, an Tearmann, Trian Iarthach, Urlaí, i sean-Tuathcheantar Lios Tuathail;

Mainistir Ó dTorna, Airibeile, Ard Fhearta, Baile Aogáin, Baile Uí Thaidhg, Baile na hEaglaise, Baile an Óraigh, Baile Ó Síoda, Banna, Cathair Uí Mhóráin, Brosnach, Oileán Ciarraí, Clochar Bhriain, Cordal, Crionna, Dún, na Gnímh, Ceann Duimhche, Cill Flainn, Cill Leathan, Cill Muire, Cnoc na gCaiseal, Leaca Bhán, Cnocán an Iolair, Nuachongbháil, Ó Braonáin, Ráth Teas, Trá Lí (Tuath), Tiobraid, i sean-Tuathcheantar Thrá Lí;

agus ceantair uirbeacha Lios Tuathail agus Thrá Lí.

Ciarraí Theas

Contae riaracháin Chiarraí, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chiarraí Thuaidh.

3

Cill Dara

Contae riaracháin Chill Dara, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Chill Mhantáin.

5

Laois-Uíbh Fhailí

Contaetha riaracháin Laoise agus Uíbh Fhailí.

5

Luimneach Thoir

I gcontae riaracháin Luimnigh, na toghranna ceantair seo a leanas:

5

Feadamair, an Ghráinsigh, Cill Péacán, an Ráth Mhór, i sean-Tuathcheantar Chromadh;

An Brú, Cathair Coirne, an tOspidéal, Cill Tíle, Cnoc Aine, Cnoc Loinge, Iúr Gearr, i sean-Tuathcheantar Chill Mocheallóg;

Mainistir Uaithne, Baile Bricin, Baile Cuimín, Béal Átha Síomóin, Baile Uí Mheadhra, Cathair Chinn Lis Thoir, Cathair Chinn Lis Thiar, Cathair Ailí, an Cheapach Mhór, Caisleán Uí Chonaill, Cluain Chaoin, an Dún Thiar, Gleann Státhail, Cill Muire, Luimneach Thuaidh (Tuath), Luimneach Theas (Tuath), Baile an Róistigh, i sean-Tuathcheantar Luimnigh Uimh. 1;

Bile Bua, an Dún Theas, Cnoc Gréine, Úlla, Teampall Uí Bhrídeáin, i sean-Tuathcheantar Thiobraid Árann Uimh. 2;

agus, i gcontae riaracháin an Chláir, na bailte fearainn seo a leanas: Ath Longfoirt, Béal an Chaoláin, Cluain Uachtair, Cnoc na Sióg, an Garrán, Gort an Tóchair, Cill Chuáin, Cnoc Bhaile na mBiatach, an Pairtín, Poll Uí Chuinn Theas, Ros Mada Thoir, Ros Mada Thiar, Oileán San Tomás, an tSeanchill, i dtoghroinn cheantair an Bhaile Ghlais i sean-Tuathcheantar Mhílic;

agus contaebhuirg Luimnigh.

Luimneach Thiar

Contae riaracháin Luimnigh, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Luimnigh Thoir.

3

An Longfort-Ros Comáin

Contaetha riaracháin an Longfoirt agus Ros Comáin.

4

Contae riaracháin Lú.

4

Maigh Eo Thoir

I gcontae riaracháin Mhaigh Eo, na toghranna ceantair seo a leanas:

3

Ardachadh, Ard na Ria Thuaidh, Ard na Ria Theas (Tuath), Ath Tí an Mheasaigh Thoir, Áth Tí an Mheasaigh Thiar, Béal an Átha (Tuath), Baile an Chaisil, Baile Easa Caoire, Béal Deirg Mór, Bun an Mhíle, an Cheathrú Mhór, Cros Mhaoilíona Thuaidh, Cros Mháoilíona Theas, Caisleán na Daoile, an Doire, Port-Oileán, Cill Fian Thoir, Cill Fian Theas, Cill Fian Thiar, Cill Garbhán, Cill Ala, Leacain Thuaidh, Leacain Theas, an Leitir Bhric, Ard Faolchon, Ráth Coma, Cnoc na Saileach, an Sraithín, i sean-Tuathcheantar Bhéal an Átha;

Cuan Ard, Maolla, Cill Chomáin, i sean-Tuathcheantar Bhaile an Róba;

Baile an Daighin, Béal Átha hAmhnais, Baile Uí Amhalghaidh, Béacán, an Corrán, Clár Chlainne Mhuiris, an Clochar Mór, Cúrsa, Cros Baoithín, Cúil na Cleithe, an Garraí Mór, Cill Colmán, Cill Mhidheán, an Cnoc Thuaidh, an Cnoc Theas, Lochán Buí, Maigh Eo, Muirnín, Teach Chaoin, i sean-Tuathcheantar Chlár Chlainne Mhuiris;

Achadh Mór, Béal an Átha Móir, Both Chomhla, Breac-Chluain, an Caladh, Cluain Mhór, Cúl na hAithche, Cúil Dubh, Caisleán an Dumha, Coill Bheitheach, Cill Cheallaigh, Cill Aodán, Cill Mobhí, Coillte Mach, Míleac, Sonnach, Béal Átha na Muice, Tuath Canánach, Tuaim Mhór, Tuaim Geis, Urlár, i sean-Tuathcheantar Bhéal Átha na Muice;

Balla agus na bailte fearainn seo a leanas:

Ardchluain, Log an Phúca, Baile Átha Leathain, Ceathrú an Chaisleáin, Ceathrú an Ghabhann, Cluain Conra, Corr na nDamh, Goirtín, an Ghreallach, agus Uchtach, i dtoghroinn cheantair na Sráide, i sean-Tuathcheantar Chaisleán an Bharraigh;

agus ceantar uirbeach Bhéal an Átha;

agus, i gcontae riaracháin na Gaillimhe, na toghranna ceantair seo a leanas:

Eadarghóil, Béal Chláir, Dúbhaile, Poll an tSionnaigh, Cill Beanán, Cillín, Cill Seanbhotha, Baile an Mhuilinn, i sean-Tuathcheantar Thuama.

Maigh Eo Thiar

Contae riaracháin Mhaigh Eo, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Mhaigh Eo Thoir;

3

agus, i gcontae riaracháin na Gaillimhe, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile an Duibh, an Bheitheach Mhór, Domhnach Pádraig, Áth Cinn, Cill Chuanna, Cill Éinne, Cill Fhursa, i sean-Tuathcheantar Thuama.

An Mhí

Contae riaracháin na Mí.

5

Sligeach-Liatroim

Contaetha riaracháin Shligigh agus Liatroma.

4

Tiobraid Árann Thuaidh

Contae riaracháin Thiobraid Árann, an Trian Thuaidh.

3

Tiobraid Árann Theas

Contae riaracháin Thiobraid Árann, an Trian Theas;

4

agus, i gcontae riaracháin Phort Láirge, na toghranna ceantair seo a leanas:

Baile Mhac Cairbre, Gráig na nGabhar, an Goirtín, Cill Machoma, Cill Rónáin, Naomh Muire, i sean-Tuathcheantar Chluain Meala Uimh. 2.

Port Láirge

Contae riaracháin Phort Láirge, ach amháin an chuid de atá i ndáilcheantar Thiobraid Árann Theas;

4

agus contaebhuirg Phort Láirge.

An Iarmhí

Contae riaracháin na hIarmhí.

3

Loch Garman

Contae riaracháin Loch Garman.

5

Cill Mhantáin

Contae riaracháin Chill Mhantáin;

5

agus, i gcontae riaracháin Chill Dara, na toghranna ceantair seo a leanas:

Béal Átha Tuair, Biothlann, an Carraigín, Díseart Diarmada, Gráine, Inse Mhic Uidhir, Maoin, An Fhorrach Mhór i sean-Tuathcheantar Bhaile Átha Í Uimh. 1;

an Baile Mór, Carn Almhaí, Inse Brisleáin, Cill Chuillinn, Cill Uasaille, an Baile Nua, Uisce, i sean-Tuathcheantar an Náis Uimh. 1.