30 1994

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1994


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.

2.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1993

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993

1993, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 30 de 1994


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1994

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , CHUN A FHORÁIL GUR CUID DE DHLÍ BAILE AN STÁIT FORÁLACHA ÁIRITHE DEN CHONRADH I dTAOBH AONTACHAS RÍOCHT NA hIORUA, PHOBLACHT NA hOSTAIRE, PHOBLACHT NA FIONLAINNE AGUS RÍOCHT NA SUALAINNE LEIS AN AONTAS EORPACH. [7 Nollaig, 1994]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —(1) Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1(1), i ndiaidh mhír (q) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1993):

“agus

(r) an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach a síníodh i gCorfú an 24ú lá de Mheitheamh, 1994, a mhéid a bhaineann an Conradh sin leis na Comhphobail Eorpacha.”.

(2) Tá téacs an mhínithe ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” san alt sin 1 (1), arna leasú le fo-alt (1) den alt seo agus le hachtacháin eile, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha”—

(a) “Conradh CEGC”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach, a síníodh i bPáras an 18ú lá d'Aibreán, 1951,

(b) “Conradh CEE”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,

(c) “Conradh Euratom”, is é sin le rá, an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,

(d) an Coinbhinsiún ar Institiúidí áirithe is coiteann do na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957,

(e) an Conradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Bhruiséil an 8ú lá d'Aibreán, 1965,

(f) an Conradh a leasaíonn Forálacha Buiséadachta áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh i Lucsamburg an 22ú lá d'Aibreán, 1970,

(g) an Conradh i dtaobh aontachas na hÉireann le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh sa Bhruiséil an 22ú lá d'Eanáir, 1972,

(h) cinneadh an 22ú lá d'Eanáir, 1972, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas na hÉireann leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach,

arna bhforlíonadh nó arna leasú ag conarthaí nó gníomhartha eile ar dátaí nach déanaí ná an 1 ú lá d'Eanáir, 1973, a ndátaí tosach feidhme, agus

(i) an Conradh a leasaíonn forálacha airgeadais áirithe de na conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Bhruiséil an 22ú lá d'Iúil, 1975, agus

(j) an Conradh i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh san Aithin an 28ú lá de Bhealtaine, 1979, agus

(k) cinneadh an 24ú lá de Bhealtaine, 1979, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas na Poblachta Heilléanaí leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, agus

(l) an Conradh lena leasaítear, maidir leis an nGraonlainn, na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach, a síníodh sa Bhruiséil an 13ú lá de Mhárta, 1984, agus

(m) an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh i Liospóin agus i Maidrid an 12ú lá de Mheitheamh, 1985, agus

(n) cinneadh an 11ú lá de Mheitheamh, 1985, ó Chomhairle na gComhphobal Eorpach i dtaobh aontachas Ríocht na Spáinne agus Phoblacht na Portaingéile leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, agus

(o) na forálacha seo a leanas den Ionstraim Eorpach Aonair (arna déanamh i Lucsamburg an 17ú lá d'Fheabhra, 1986, agus sa Háig an 28ú lá d'Fheabhra, 1986), eadhon, Airteagal 3.1; Teideal II; Airteagail 31 agus 32; agus, a mhéid a bhaineann siad leis an Airteagal sin 3.1, leis an Teideal sin II agus leis na hAirteagail sin 31 agus 32, Airteagail 33 agus 34, agus

(p) na forálacha seo a leanas den Chonradh ar an Aontas Eorpach, eadhon, Teidil II, III agus IV; i dTeideal VII, Airteagail L, M agus P, agus forálacha eile an Teidil sin a mhéid a bhaineann siad le haon cheann de na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha mar a mhínítear leis an bhfo-alt seo; mar aon leis na Prótacail (cibé acu a deirtear iad a bheith i gceangal leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, nó leis an gConradh sin ar an Aontas Eorpach agus leis na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach), arna dhéanamh i Maastricht an 7ú lá d'Fheabhra, 1992, agus

(q) an Ionstraim a leasaíonn an Prótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, lena gcumhachtaítear don Bhord Gobharnóirí Ciste Eorpach Infheistíochta a bhunú, a síníodh sa Bhruiséil an 25ú lá de Mhárta, 1993, mar aon leis an gConradh a leasaíonn forálacha áirithe den Phrótacal ar Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, a síníodh sa Bhruiséil an 10ú lá d'Iúil, 1975, agus

(r) an Conradh i dtaobh aontachas Ríocht na hIorua, Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne leis an Aontas Eorpach a síníodh i gCorfú an 24ú lá de Mheitheamh, 1994, a mhéid a bhaineann an Conradh sin leis na Comhphobail Eorpacha.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1994 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1994, a ghairm d'Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1993, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfar le hordú arna dhéanamh ag an Aire Gnóthaí Eachtracha.