40 2000

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2000


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

An Graíolach Náisiúnta a dhílsiú don Chuideachta.

3.

Athrú ar ainm na Cuideachta.

4.

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

5.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht (cuspóirí na Cuideachta).

6.

Cumhacht na Cuideachta airgead a fháil ar iasacht.

7.

An Chuideachta do bhunú cuideachtaí.

8.

Féadfaidh an Chuideachta scaireanna i gcuideachta a fháil, etc. agus teacht chun bheith ina comhalta di.

9.

Féadfaidh an Chuideachta dul i mbun comhfhiontar.

10.

Aisghairm.

11.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999

An tAcht Groighe Náisiúnta, 1945

1945, Uimh. 31

An tAcht Graí Náisiúnta, 1976

1976, Uimh. 26

Na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1993

An tAcht Graí Náisiúnta (Leasú), 1993

1993, Uimh. 4

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2000


AN tACHT GRAÍ NÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA GRAÍ NÁISIÚNTA, 1945 GO 1993. [20 Nollaig, 2000]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1993” an tAcht Graí Náisiúnta (Leasú), 1993 ;

ciallaíonn “Aire” an tAire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht Groighe Náisiúnta, 1945 .

An Graíolach Náisiúnta a dhílsiú don Chuideachta.

2. —(1) D'ainneoin alt 6 den Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, le hordú, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh, an Graíolach Náisiúnta ar fad nó cuid de a dhílsiú don Chuideachta.

(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta aon chuid den Ghraíolach Náisiúnta a dhílsítear di faoin alt seo a dhíol ná a léasú gan toiliú roimh ré ón Aire.

(3) Déanfaidh an Chuideachta na fáltais as díol aon talún ag an gCuideachta, is talamh a dhílsítear di faoin alt seo, a úsáid chun a príomhchuspóirí a bhaint amach nó chun aon ní a dhéanamh a mheasann an Chuideachta a bheith bainteach nó teagmhasach leis na cuspóirí sin (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le turasóireacht).

(4) Féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha is dóigh leis an Aire is gá a bheith in ordú faoin alt seo.

(5) Aon ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Athrú ar ainm na Cuideachta.

3. —Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) sa mhíniú ar “an Chuideachta” in alt 2, agus

(b) in alt 11(1),

mar a leanas—

(i) trí “hÉireann” a chur in ionad “hÉireann,”, agus

(ii) trí “Company” a chur in ionad “Company,”.

Méadú ar scairchaipiteal na Cuideachta.

4. —Leasaítear alt 11 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1993):

“(2) £30,000,000 arna roinnt i scaireanna £1 an ceann scairchaipiteal na Cuideachta.”.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht (cuspóirí na Cuideachta).

5. —Leasaítear alt 12(2) den Phríomh-Acht trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) gnó graíolaigh a sheoladh—

(i) ar aon talamh is ábhar d'aon léas nó ceadúnas den sórt sin,

(ii) ar aon talamh a shealbhaíonn an Chuideachta nó atá dílsithe di, nó

(iii) ar aon talamh eile (cibé acu laistigh den Stát nó lasmuigh de);

(c) aon ní a dhéanamh a mheasann an Chuideachta a bheith bainteach nó teagmhasach le príomhchuspóirí na Cuideachta (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le turasóireacht).”.

Cumhacht na Cuideachta airgead a fháil ar iasacht.

6. —Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 24 (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1993):

“24.—Féadfaidh an Chuideachta (lena n-áirítear aon chuideachta arna bunú faoi alt 7 den Acht Graí Náisiúnta (Leasú), 2000 ), le ceadú an Aire Talmhaíochta, Bia agus Forbartha Tuaithe, arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht ó am go ham, ach ní rachaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht thar £30,000,000.”.

An Chuideachta do bhunú cuideachtaí.

7. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, ina haonar nó i dteannta duine eile, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, agus faoi réir aon choinníollacha de chuid ceachtar de na hAirí sin, foirmiú nó bunú cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, a chur chun cinn, agus páirt a ghlacadh ann, chun príomhchuspóirí na Cuideachta a bhaint amach nó chun aon ní a dhéanamh a mheasann an Chuideachta a bheith bainteach nó teagmhasach leis na cuspóirí sin (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le turasóireacht).

(2) Féadfaidh an Chuideachta rialú iomlán nó páirteach a fheidhmiú ar bhord stiúrthóirí cuideachta a rialaíonn nó a bhainistíonn an chuideachta, is cuma cén t-ainm a thugtar ar an mbord sin.

(3) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais cuideachta i cibé foirm, ar comhréir leis an Acht seo, a cheadóidh an Chuideachta le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.

(4) Déanfaidh cuideachta cibé tuarascálacha a theastóidh ón gCuideachta a thabhairt di i cibé slí a theastóidh uaithi.

(5) Féadfaidh cuideachta, le toiliú na Cuideachta, dul i mbun comhfhiontar le daoine eile.

(6) Beidh príomhoifigeach cuideachta i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le luach saothair), agus faoina réir, a cheadóidh an bord stiúrthóirí (nó an t-údarás eile, cibé ainm a thugtar air, a rialaíonn aon chuideachta den sórt sin) le toiliú na Cuideachta, an Aire agus an Aire Airgeadais.

(7) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” cuideachta a bhunófar faoin alt seo.

Féadfaidh an Chuideachta scaireanna i gcuideachta a fháil, etc. agus teacht chun bheith ina comhalta di.

8. —Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníll dá gcuid, scaireanna nó leasanna eile i gcuideachta a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus teacht chun bheith ina comhalta de chuideachta (de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, nó dlíthe dlínse eile a fhreagraíonn do na hAchtanna sin).

Féadfaidh an Chuideachta dul i mbun comhfhiontar.

9. —Féadfaidh an Chuideachta, d'fhonn a príomhchuspóirí a bhaint amach nó chun aon ní a dhéanamh a mheasann an Chuideachta a bheith bainteach nó teagmhasach leis na cuspóirí sin (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le turasóireacht), le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníll dá gcuid, dul i mbun comhfhiontar le daoine eile.

Aisghairm.

10. —Leasaítear alt 13 (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Graí Náisiúnta, 1976 ), i bhfo-alt (2), trí mhír (b) a scriosadh.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

11. —(1) Féadfar an tAcht Graí Náisiúnta (Leasú), 2000 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 2000, a ghairm de na hAchtanna Graí Náisiúnta, 1945 go 1993, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.