11 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2008


AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS (LEASÚ) (EIRGRID) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Feidhmeanna EirGrid agus an t-idirnascaire.

3 . Leasú ar alt 2A (ionad idirnascairí i leith córais tarchurtha) d’Acht 1999.

4 . Leasú ar alt 34A (téarmaí maidir le rochtain ar idirnascaire) d’Acht 1999.

5 . Fochuideachtaí de chuid EirGrid, etc.

6 . Iasachtaí ag EirGrid.

7 . Caiteachas caipitiúil ag EirGrid.

8 . Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais EirGrid a athrú.

9 . Cúlghairm.

10 . Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCuideachtaí

An tAcht um Rialáil Leictreachais 1999

1999, Uimh. 23

An tAcht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006

2006, Uimh. 40

/images/harp.jpg


Uimhir 11 de 2008


AN tACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS (LEASÚ) (EIRGRID) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DO EIRGRID, FAOI RÉIR ÚDARÚ A DHEONÚ DE BHUA ALT 16(1)(b) DEN ACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS 1999, IDIRNASCAIRE A FHOIRGNIÚ, DÁ CHUMASÚ DO EIRGRID, FAOI RÉIR CEADÚNAS FAOI ALT 14(1)(i) DEN ACHT UM RIALÁIL LEICTREACHAIS 1999 A DHEONÚ, LEICTREACHAS A IOMPAR TRASNA IDIRNASCAIRE DEN SÓRT SIN AGUS IDIRNASCAIRE DEN SÓRT SIN A CHOTHABHÁIL, DÁ CHUMASÚ DO EIRGRID IDIRNASCAIRE DEN SÓRT SIN A BHEITH AR ÚINÉIREACHT AIGE AGUS A OIBRIÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FOCHUIDEACHTAÍ DE CHUID EIRGRID, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MÉADÚ AR AN MÉID AIRGID A FHÉADFAIDH EIRGRID A FHÁIL AR IASACHT, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LEIS AN gCAITEACHAS CAIPITIÚIL IOMLÁN A FHÉADFAIDH EIRGRID A THABHÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[8 Iúil, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1999 ” an tAcht um Rialáil Leictreachais 1999;

ciallaíonn “ Coimisiún ” an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh;

ciallaíonn “ EirGrid ” an chuideachta phoiblí theoranta a corpraíodh de bhun Rialachán 34 de na Príomh-Rialacháin;

tá le “ idirnascaire ” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1999;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha;

ciallaíonn “ Príomh-Rialacháin ” Rialacháin na gComhphobal Eorpach (An Margadh Inmheánach sa Leictreachas) 2000 (I.R. Uimh. 445 de 2000).

Feidhmeanna EirGrid agus an t-idirnascaire.

2 .— (1) Faoi réir an Coimisiún do dheonú údaraithe do EirGrid de bhua alt 16(1)(b) d’Acht 1999, féadfaidh EirGrid idirnascaire a fhoirgniú.

(2) Faoi réir an Coimisiún do dheonú ceadúnais do EirGrid faoi alt 14(1)(i) d’Acht 1999, féadfaidh EirGrid leictreachas a iompar trasna idirnascaire agus idirnascaire a chothabháil.

(3) Faoi réir fho-alt (4) féadfaidh EirGrid idirnascaire a bheith ar úinéireacht aige.

(4) Ní dhéanfaidh EirGrid idirnascaire a bhfuil leas aige ann, lena n-áirítear idirnascaire beartaithe, a léasú, a dhíol nó a dhiúscairt, go hiomlán nó go páirteach, le duine eile gan toiliú a fháil ón Aire, ar toiliú é a thabharfar le ceadú an Aire Airgeadais.

(5) Féadfaidh EirGrid aon ghníomhaíocht a sheoladh ar dealraitheach do EirGrid ina leith go bhfuil sí riachtanach, buntáisteach nó teagmhasach, nó ar dealraitheach do EirGrid ina leith go ndéanann sí éascaíocht, i ndáil le EirGrid do chomhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo.

(6) Feidhmeoidh EirGrid a fheidhmeanna faoin alt seo ar shlí atá i gcomhréir lena fheidhmeanna mar oibritheoir an chórais tarchurtha faoi na Príomh-Rialacháin agus dá réir sin—

(a) léifear feidhmeanna EirGrid faoin alt seo i dteannta a chuid feidhmeanna dá bhforáiltear le Rialachán 8 de na Príomh-Rialacháin mar oibritheoir an chórais tarchurtha, agus

(b) a mhéid is gá nó is comhréireach déanamh amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha eile de na Príomh-Rialacháin a bhaineann le feidhmeanna EirGrid (lena n-áirítear a fheidhmeanna mar oibritheoir an chórais tarchurtha faoi na Rialacháin sin) maidir lena fheidhmeanna faoin alt seo.

Leasú ar alt 2A (ionad idirnascairí i leith córais tarchurtha) d’Acht 1999.

3 .— Leasaítear alt 2A (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006) d’Acht 1999 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) D’ainneoin fho-alt (2)—

(a) maidir le hidirnascaire atá ar úinéireacht ag duine seachas an Bord—

(i) measfar, i gcás ina bhfuil feidhm ag fo-alt (4), agus

(ii) féadfar a mheas, i gcás ina gcinneann an Coimisiún gurb é leas an phobail é,

gur cuid den chóras tarchurtha é chun muirir a ríomh agus muirir a fhorchur ar an gcóras tarchurtha a úsáid, agus

(b) measfar, maidir le hidirnascaire atá ar úinéireacht ag oibritheoir an chórais tarchurtha, gur cuid den chóras tarchurtha é chun críocha fheidhmeanna oibritheoir an chórais tarchurtha.

(4) Chun críche fho-alt (3)(a), measfar, maidir le hidirnascaire arna fhoirgniú de bhun alt 16A, gur ar mhaithe le leas an phobail é.”.

Leasú ar alt 34A (téarmaí maidir le rochtain ar idirnascaire) d’Acht 1999.

4 .— Leasaítear alt 34A (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Fuinnimh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2006) d’Acht 1999 trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Aon duine a dhéanann leictreachas a iompar trasna idirnascaire gan a bheith ceadúnaithe go cuí chun déanamh amhlaidh faoi alt 14(1), tá cion déanta aige nó aici agus dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €5,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná €50,000 nó téarma príosúnachta nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(7) Féadfaidh an Coimisiún imeachtaí achoimre i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.”.

Fochuideachtaí de chuid EirGrid, etc.

5 .— (1) Ní fhéadfaidh EirGrid, gan toiliú a fháil ón Aire, ar toiliú é a thabharfar le cead an Aire Airgeadais, fochuideachtaí a fháil, a bhunú nó a dhiúscairt nó infheistíocht a dhéanamh i ngnóthais eile.

(2) Gan dochar d’EirGrid d’fheidhmiú aon chuid dá fheidhmeanna, féadfaidh EirGrid cibé feidhmeanna, agus cibé líon feidhmeanna, de chuid EirGrid dá bhforáiltear i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na fochuideachta a fheidhmiú.

(3) Ní bheidh athrú ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais fochuideachta de chuid EirGrid bailí, nó ní bheidh éifeacht leis, mura rud é go ndéantar é le toiliú an Aire.

Iasachtaí ag EirGrid.

6 .— (1) Féadfaidh EirGrid, faoi réir thoiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear airgead in airgeadra seachas an Euro) ar aon slí is cuí leis agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé chun aon chríoch a éiríonn le linn a chuspóirí nó a dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní mó ná €750,000,000 aon tráth comhiomlán na n-iasachtaí (lena n-áirítear aon iasachtaí a fuarthas roimhe sin de bhua Rialachán 60 de na Príomh-Rialacháin) a gheobhaidh EirGrid faoi fho-alt (1).

(3) Chun críocha an ailt seo, maidir le hairgead arna fháil ar iasacht in airgeadra seachas an Euro, measfar gurb é coibhéis Euro an airgid a fuarthas ar iasacht iarbhír, agus déanfar an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta malairte idir an iasacht sin agus an Euro an tráth a fuarthas an iasacht sin.

Caiteachas caipitiúil ag EirGrid.

7 .— (1) Ní thabhóidh EirGrid aon chaiteachas chun críoch caipitiúil gan ceadú an Aire.

(2) Ní rachaidh caiteachas iomlán EirGrid chun críoch caipitiúil thar cibé suim a bheidh arna sonrú ó am go ham ag an Aire.

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais EirGrid a athrú.

8 .— Déanfaidh EirGrid cibé bearta faoi Achtanna na gCuideachtaí is gá chun a mheabhrán comhlachais agus a airteagail chomhlachais a athrú le go mbeidh siad i gcomhréir leis an Acht seo.

Cúlghairm.

9 .— Cúlghairtear Rialacháin 59, 60 agus 61 de na Príomh-Rialacháin.

Gearrtheideal.

10 .— Féadfar an tAcht um Rialáil Leictreachais (Leasú) (EirGrid) 2008 a ghairm den Acht seo.