14 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 2008


AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach

Alt

1 . Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

2 . Míniú ar “Aire”.

3 . Aisghairm agus cúlghairm.

4 . Caiteachais.

CUID 2

Cúirteanna agus Oifigigh Chúirte

5 . Leasú ar alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.

6 . Leasú ar alt 88 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.

7 . Leasú ar alt 38 den Acht Oifigigh Cúirte 1926.

8 . Leasú ar alt 48 den Acht Oifigigh Cúirte 1926.

9 . Alt nua a chur in ionad alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

10 . Leasú ar alt 32A(5) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

11 . Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Uachtarach agus breithiúna áirithe den Ard-Chúirt.

12 . Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Chuarda.

13 . Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Dúiche.

14 . Leasú ar mhír 3 den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

15 . Leasú ar an Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha) 1961.

16 . Leasú ar alt 7 d’Acht na gCúirteanna 1964.

17 . Leasú ar alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998.

18 . Leasú ar alt 6 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998.

19 . Leasú ar alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986.

20 . Leasú ar alt 67 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

21 . Leasú ar alt 69 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

22 . Leasú ar alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

23 . Alt nua a chur in ionad ailt 13A agus 14 d’Acht na gCúirteanna 1971.

24 . Leasú ar alt 23 d’Acht na gCúirteanna 1971.

25 . Leasú ar alt 20 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851.

26 . Físchomhdháiliú in imeachtaí sibhialta.

27 . Anaithnideacht in imeachtaí sibhialta i ndáil le riocht sláinte an duine iomchuí.

28 . Ceart cúntóra páirtí, abhcóide nó aturnae dall nó leathdhall a thionlacan go dtí imeachtaí.

29 . Leasú ar alt 6 den Acht Oifigeach Cúirte 1945.

30 . Leasú ar alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte 1945.

31 . Leasú ar alt 40 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004.

32 . Líon breithiúna na Cúirte Dúiche a mhéadú.

CUID 3

Aturnaetha

33 . Leasú ar alt 29 den Acht Aturnaethe 1954.

34 . Leasú ar alt 73 den Acht Aturnaethe 1954.

35 . Leasú ar alt 6 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

36 . Alt 6A nua a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

37 . Leasú ar alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

38 . Leasú ar alt 2 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

39 . Leasú ar alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

40 . Alt nua 14A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

41 . Alt nua 14B a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

42 . Alt nua 14C a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

43 . Alt nua 18A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

44 . Alt nua 26A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

45 . Leasú ar alt 19 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002.

46 . Alt nua 19A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 2002.

CUID 4

Tiarna Talún agus Tionónta

47 . Leasú ar alt 17 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980.

48 . Leasú ar alt 85 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980.

CUID 5

Dearbhuithe Reachtúla

49 . Leasú ar alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

50 . Alt nua 3A a chur isteach san Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

51 . Alt nua a chur in ionad alt 6 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

52 . Sceideal nua a chur in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

53 . Leasú ar alt 22 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

CUID 6

Giúiréithe

54 . Leasú ar alt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

55 . Leasú ar alt 11 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

56 . Leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

57 . Leasú ar alt 13(3) d’Acht na nGiúiréithe 1976.

58 . Alt nua a chur in ionad alt 25 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

59 . Leasú ar alt 31 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

60 . Leasú ar alt 34 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

61 . Leasú ar alt 35 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

62 . Leasú ar alt 36 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

63 . Leasú ar alt 37 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

64 . Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht na nGiúiréithe 1976.

CUID 7

Féimheacht

65 . Leasú ar alt 85 den Acht Féimheachta 1988.

66 . Leasú ar alt 91 den Acht Féimheachta 1988.

CUID 8

Comharbas

67 . Leasú ar alt 3 den Acht Comharbais 1965.

68 . Leasú ar alt 5 den Acht Comharbais 1965.

CUID 9

Fístaifeadtaí

69 . Leasú ar an Acht um Fhístaifeadtaí 1989.

CUID 10

Scrúdóireacht Scannán

70 . Leasú ar an Acht um Scrúdóireacht Scannán 1923.

71 . Ainm an Scrúdóra Oifigiúil a athrú, etc.

CUID 11

Saoire do Thuismitheoirí

72 . Leasú ar alt 6 den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998.

CUID 12

Rialú na Státseirbhíse

73 . Leasú ar alt 2(2) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956.

CUID 13

An Dlí Teaghlaigh

74 . Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995.

75 . Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996.

CUID 14

Stádas Comhionann

76 . Leasú ar an Acht um Stádas Comhionann 2000.

CUID 15

Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta

77 . Ailt nua 10A agus 10B a chur isteach san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

78 . Leasú ar alt 26 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

79 . Leasú ar alt 28 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

80 . Leasú ar alt 29 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

81 . Leasú ar alt 30 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

CUID 16

Comhionannas Fostaíochta

82 . Leasú ar alt 41 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

83 . Leasú ar alt 47 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

AN SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm

CUID 1

Achtacháin a Aisghairtear

CUID 2

Ionstraimí Reachtúla a Chúlghairtear


Na hAchtanna dá dTagraítear

Attorneys and Solicitors Act 1870

32 agus 33 Vic., c.28

An tAcht Féimheachta 1988

1988, Uimh. 27

An tAcht um Scrúdóireacht Scannán 1923

1923, Uimh. 23

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

An tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995

1995, Uimh. 32

An tAcht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004

2004, Uimh. 31

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956

1956, Uimh. 46

Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2005

2005, Uimh. 18

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte (Leasú) 2007

2007, Uimh. 4

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995

1995, Uimh. 31

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2002

2002, Uimh. 15

An tAcht Oifigigh Cúirte 1926

1926, Uimh. 27

An tAcht Oifigeach Cúirte 1945

1945, Uimh. 45

Na hAchtanna Oifigeach Cúirte 1926 go 2002

Acht na gCúirteanna (Uimh. 2) 1997

1997, Uimh. 43

Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986

1986, Uimh. 33

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961

1961, Uimh. 39

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 go 2007

Acht na gCúirteanna 1964

1964, Uimh. 11

Acht na gCúirteanna 1971

1971, Uimh. 36

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche) 1946

1946, Uimh. 21

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1924

1924, Uimh. 10

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1936

1936, Uimh. 48

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1947

1947, Uimh. 20

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1953

1953, Uimh. 32

An tAcht um Sheirbhís Chúirteanna 1998

1998, Uimh. 8

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2006

2006, Uimh. 26

An tAcht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997

1997, Uimh. 4

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981

1981, Uimh. 10

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990

1990, Uimh. 32

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993

1993, Uimh. 20

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2006

2006, Uimh. 15

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007

2007, Uimh. 6

An tAcht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993

1993, Uimh. 33

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 1998

1998, Uimh. 21

Na hAchtanna um Comhionannas Fostaíochta 1998 go 2007

An tAcht um Stádas Comhionann 2000

2000, Uimh. 8

Na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004

An tAcht um Chomhionannas 2004

2004, Uimh. 24

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1995

1995, Uimh. 26

An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996

1996, Uimh. 33

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

Acht an Gharda Síochána 2005

2005, Uimh. 20

An tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001

2001, Uimh. 17

An tAcht Árachais Sláinte 1994

1994, Uimh. 16

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

2006, Uimh. 41

Acht na nGiúiréithe 1976

1976, Uimh. 4

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980

1980, Uimh. 10

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1994

1994, Uimh. 20

Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Lunacy Regulation (Ireland) Act 1871

34 agus 35 Vict., c.22

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998

1998, Uimh. 30

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006

2006, Uimh. 13

Acht na bPinsean 1990

1990, Uimh. 25

Petty Sessions (Ireland) Act 1851

14 agus 15 Vict., c.30

Punishment of Incest Act 1908

8 Edw. 7, c.45

Acht na nDídeanaithe 1996

1996, Uimh. 17

An tAcht um Chlárú Teidil 1964

1964, Uimh. 16

Na hAchtanna Srianta Cíosa 1960 agus 1967

An tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004

2004, Uimh. 27

An tAcht um Chleachtais Srianta (Leasú) 1987

1987, Uimh. 31

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980

1980, Uimh. 16

An tAcht Aturnaetha (Leasú) 1960

1960, Uimh. 37

An tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994

1994, Uimh. 27

An tAcht Aturnaetha (Leasú) 2002

2002, Uimh. 19

An tAcht Aturnaethe 1954

1954, Uimh. 36

Na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2002

An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001

2001, Uimh. 31

An tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

1938, Uimh. 37

An tAcht Comharbais 1965

1965, Uimh. 27

An tAcht um Fhístaifeadtaí 1989

1989, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 2008


AN tACHT UM AN DLÍ SIBHIALTA (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE FÍSCHOMHDHÁILIÚ IN IMEACHTAÍ SIBHIALTA AGUS MAIDIR LE hANAITHNIDEACHT ÁIRITHE IN IMEACHTAÍ SIBHIALTA ÁIRITHE; DO LEASÚ AN ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS 1924, AN ACHTA OIFIGIGH CÚIRTE 1926, ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA) 1961, ACHT NA gCÚIRTEANNA 1964, AN ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS 1936, AN ACHTA UM SHEIRBHÍS CHÚIRTEANNA 1998, ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 3) 1986, ACHT NA gCÚIRTEANNA 1971, AN ACHTA OIFIGEACH CÚIRTE 1945, AN ACHTA UM DHLITEANAS SIBHIALTA AGUS CÚIRTEANNA 2004, AN PETTY SESSIONS (IRELAND) ACT 1851, AN ACHTA ATURNAETHE 1954, AN ACHTA ATURNAETHA (LEASÚ) 1960, AN ACHTA ATURNAETHA (LEASÚ) 1994, AN ACHTA ATURNAETHA (LEASÚ) 2002, AN ACHTA UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (LEASÚ) 1980, AN ACHTA I dTAOBH DEARBHUITHE REACHTÚLA 1938, AN ACHTA UM CHAIGHDEÁIN IN OIFIGÍ POIBLÍ 2001, ACHT NA nGIÚIRÉITHE 1976, AN ACHTA FÉIMHEACHTA 1988, AN ACHTA COMHARBAIS 1965, AN ACHTA UM FHÍSTAIFEADTAÍ 1989, AN ACHTA UM SCRÚDÓIREACHT SCANNÁN 1923, AN ACHTA UM SHAOIRE DO THUISMITHEOIRÍ 1998, ACHT RIALUITHE NA STÁT-SHEIRBHÍSE 1956, AN ACHTA UM AN DLÍ TEAGHLAIGH 1995, AN ACHTA UM AN DLÍ TEAGHLAIGH (COLSCARADH) 1996, AN ACHTA UM STÁDAS COMHIONANN 2000 (CHUN ÉIFEACHT A THABHAIRT DO THREOIR 2004/113/CE AN 13 NOLLAIG 2004 ÓN gCOMHAIRLE LENA gCUIRTEAR I nGNÍOMH AN PRIONSABAL UM CHÓIR CHOMHIONANN IDIR FIR AGUS MNÁ MAIDIR LE ROCHTAIN AR EARRAÍ AGUS AR SHEIRBHÍSÍ AGUS SOLÁTHAR EARRAÍ AGUS SEIRBHÍSÍ), AN ACHTA UM CHÚNAMH DLÍTHIÚIL SIBHIALTA 1995 AGUS AN ACHTA UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA 1998; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA, LENA nÁIRÍTEAR AISGHAIRM IARMHARTACH ACHTACHÁN ÁIRITHE AGUS CÚLGHAIRM IARMHARTACH IONSTRAIMÍ REACHTÚLA ÁIRITHE.

[14 Iúil, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID 1

Réamhráiteach

Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú.

1 .— (1) Féadfar an tAcht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe, cibé lá nó laethanta a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh a cheapadh, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla.

(3) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha) 1961 go 2008, a ghairm d’Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha), 1961 go 2007, agus d’ailt 9, 11, 12, 13, 20, 21, 22 agus 23 le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

(4) Féadfar na hAchtanna Oifigeach Cúirte 1926 go 2008 a ghairm de na na hAchtanna Oifigeach Cúirte 1926 go 2002 agus d’ailt 29 agus 30 le chéile.

(5) Féadfar na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2008 a ghairm de na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2002 agus de Chuid 3 le chéile.

(6) Féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2008 a ghairm de na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005 agus de Chuid 4 le chéile.

(7) Féadfar na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2008 a ghairm de na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000 go 2004 agus de Chuid 14 le chéile.

(8) Féadfar na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2008 a ghairm de na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 go 2007 agus de Chuid 16 le chéile.

Míniú ar “Aire”.

2 .— San Acht seo, ciallaíonn “ Aire ” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Aisghairm agus cúlghairm.

3 .— (1) Déantar gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 1 den Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

(2) Déantar gach ionstraim reachtúil a shonraítear i gcolún (2) de Chuid 2 den Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID 2

Cúirteanna agus Oifigigh Chúirte

Leasú ar alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.

5 .— Leasaítear alt 9 (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 2) 1997) den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924—

(a) i mír (d), trí “ord a chéadcheaptha nó a céadcheaptha” a chur in ionad “ord a cheaptha nó a ceaptha”, agus

(b) i mír (f), trí “gach duine acu de réir ord a chéadcheaptha nó a céadcheaptha” a chur in ionad “gach duine acu de réir ord a cheaptha nó a ceaptha”.

Leasú ar alt 88 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924.

6 .— Leasaítear alt 88 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1924 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Chun críocha an ailt seo (lena n-áirítear aon bharántas faoi fho-alt (1))—

(a) faoi réir mhíreanna (b) go (g), ciallaíonn ‘contae’ contae dá dtagraítear in alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 agus de réir mar atá feidhm ag a theorainneacha ó am go ham faoi Chuid 8 den Acht sin,

(b) measfar cathair Chorcaí agus contae Chorcaí a bheith ina gcontae aonair, agus folóidh tagairt do chontae Chorcaí cathair Chorcaí,

(c) measfar cathair Bhaile Átha Cliath agus contaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas a bheith ina gcontae aonair, agus folóidh tagairt do chontae Bhaile Átha Cliath cathair Bhaile Átha Cliath agus contaetha Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas,

(d) measfar cathair na Gaillimhe agus contae na Gaillimhe a bheith ina gcontae aonair, agus folóidh tagairt do chontae na Gaillimhe cathair na Gaillimhe,

(e) measfar cathair Luimnigh agus contae Luimnigh a bheith ina gcontae aonair, agus folóidh tagairt do chontae Luimnigh cathair Luimnigh,

(f) measfar cathair Phort Láirge agus contae Phort Láirge a bheith ina gcontae aonair, agus folóidh tagairt do chontae Phort Láirge cathair Phort Láirge, agus

(g) measfar contaetha Thiobraid Árann Thuaidh agus Thiobraid Árann Theas a bheith ina gcontae aonair.”.

Leasú ar alt 38 den Acht Oifigigh Cúirte 1926.

7 .— Leasaítear alt 38 (arna leasú le halt 3 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961) den Acht Oifigigh Cúirte 1926 i bhfo-alt (1)—

(a) trí “, le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972” a chur isteach i ndiaidh “ó am go ham le reacht”, agus

(b) trí “, leis na rialacháin sin” a chur isteach i ndiaidh “a ordú le reacht”.

Leasú ar alt 48 den Acht Oifigigh Cúirte 1926.

8 .— Leasaítear alt 48 den Acht Oifigigh Cúirte 1926—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “, le rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972” a chur isteach i ndiaidh “ó am go ham le reacht”, agus

(ii) trí “, leis na rialacháin sin” a chur isteach i ndiaidh “a mhalairt le reacht”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Maidir le cléireach cúirte dúiche a shannadh faoi fho-alt (1) do limistéar cúirte dúiche, féadfaidh—

(a) buansannadh a bheith ann,

(b) sannadh sealadach a bheith ann, nó

(c) sannadh sealadach a bheith ann i dteannta aon bhuansannadh.

(4) I gcás go bhfuil feidhm ag fo-alt (3)(c) maidir le cléireach cúirte dúiche, ní dochar an sannadh sealadach lena mbaineann d’fheidhmiú na gcumhachtaí agus na n-údarás sin go léir ná do chomhlíonadh na ndualgas agus na bhfeidhmeanna sin go léir arna dtabhairt nó arna sannadh de thuras na huaire dó nó di, le dlí, i ndáil le haon limistéar cúirte dúiche dá bhfuil sé nó sí sannta go buan.

(5) I gcás go ndéantar cléireach cúirte dúiche a shannadh go sealadach faoi fho-alt (1) do limistéar cúirte dúiche de bhun ordacháin arna thabhairt ó bhéal faoin bhfo-alt sin, cuirfidh an tSeirbhís Chúirteanna faoi deara taifead i scríbhinn den ordachán a dhéanamh agus a choimeád, ar cibé modh is cuí leis an tSeirbhís Chúirteanna.

(6) Is fianaise taifead i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (5), in aon imeachtaí, go ndearnadh an cléireach cúirte dúiche lena mbaineann an taifead a shannadh go sealadach don limistéar cúirte dúiche lena mbaineann an taifead, go dtí go suífear a mhalairt.”.

Alt nua a chur in ionad alt 65 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

9 .— (1) Leasaítear an tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1936 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 65:

“Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí táillí cúirte a fhorordú.

65.— (1) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, le hordú arna dhéanamh le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) na táillí a fhorordú a bheidh le muirearú—

(i) sna hoifigí leithleacha arna mbunú le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, nó

(ii) in aon oifig eile de chuid aon chúirte, nó atá ag gabháil le haon chúirt,

(b) faoi réir fho-alt (2), na táillí a fhorordú a bheidh le muirearú i ngach bliain airgeadais a thosóidh tar éis an t-ordú a dhéanamh, i leith ioncam nó cistí, nó ioncam agus cistí, gach duine mhímheabhraigh, sa chúirt le linn na bliana sin, faoin dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le halt 9 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961,

(c) faoi réir fho-alt (2)(a), na táillí a fhorordú a bheidh le muirearú i ngach bliain airgeadais a thosóidh tar éis an t-ordú a dhéanamh, i leith ioncam nó cistí, nó ioncam agus cistí, gach duine is mionaoiseach, sa chúirt le linn na bliana sin, faoin dlínse a dhílsítear don Ard-Chúirt le halt 9 d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961,

(d) na daoine a íocfaidh na táillí sin a fhorordú, agus

(e) na hócáidí ar a n-íocfar na táillí sin a fhorordú.

(2) Maidir le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1)—

(a) féadfar díolúintí ginearálta nó speisialta a fhorordú leis ó tháillí arna bhforordú faoin bhfo-alt sin a íoc,

(b) i ndáil le hioncam nó le cistí dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin, féadfar é a dhéanamh mar athrú nó mar leathnú ar gach ceann nó aon cheann d’fhorálacha ailt 109 go 114 den Lunacy Regulation (Ireland) Act 1871 nó in ionad gach ceann nó aon cheann de na forálacha sin.

(3) Faoi réir fho-alt (2), baileoidh an tSeirbhís Chúirteanna na táillí go léir is inmhuirearaithe faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) de réir na bhforálacha den ordú a fhorordaítear faoi mhíreanna (d) agus (e) d’fho-alt (1).

(4) Déanfar na táillí go léir a bhaileofar faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1) a íoc isteach sa Státchiste, nó a chur chun tairbhe don Státchiste, ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) Féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna—

(a) an tslí nó an modh a chinneadh ar a n-íocfar aon táillí is inmhuirearaithe faoi ordú arna dhéanamh faoi fho-alt (1), agus

(b) an fhoirm a chinneadh ina dtaifeadfar íoc aon táillí den sórt sin, lena n-airítear admháil a sholáthar i leith íocaíochta den sórt sin.

(6) Aon ordú arna dhéanamh faoin alt seo roimh thosach feidhme alt 9 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008 agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin, measfar, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, gur ordú é a rinneadh faoi fho-alt (1) agus, dá réir sin, dlífear é a leasú nó a chúlghairm le hordú eile arna dhéanamh faoin bhfo-alt sin.”.

Leasú ar alt 32A(5) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

10 .— Leasaítear fo-alt (5) d’alt 32A (arna chur isteach le halt 180 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006) d’Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 i mír (b) den mhíniú ar “dúiche iomchuí” trí “faoi fhomhír (1), (2) nó (2A) de mhír 3 den Sceideal sin” a chur in ionad “faoi fhomhír (1) nó (2) de mhír 3 den Sceideal sin”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Uachtarach agus breithiúna áirithe den Ard-Chúirt.

11 .— I gcás breithimh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt atá ag fónamh sa cháil sin an 2 Meitheamh 2002 nó dá éis, beidh éifeacht le mír 2 de Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhír (3) den mhír sin:

“(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó a haois, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 2 bhliain seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.

(4) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 5 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Chuarda.

12 .— I gcás breithimh den Chúirt Chuarda atá ag fónamh sa cháil sin an 2 Meitheamh 2002, nó dá éis, beidh éifeacht le mír 5 de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhír (3) den mhír sin:

“(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó ar a haois, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 2 bhliain seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.

(4) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Chuarda lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 5 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse, mar aon le trí ochtódú den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”.

Modhnú ar fhorálacha pinsin Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961 mar a chuirtear chun feidhme iad maidir le breithiúna áirithe den Chúirt Dúiche.

13 .— I gcás breithimh den Chúirt Dúiche atá ag fónamh sa cháil sin an 2 Meitheamh 2002, nó dá éis, beidh éifeacht le mír 8 de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha) 1961 amhail is dá gcuirfí na fomhíreanna seo a leanas in ionad fhomhír (3) den mhír sin:

“(3) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar a aois nó a haois, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 2 bhliain seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse mar aon leis an daicheadú cuid den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.

(4) Deonófar do bhreitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann an mhír seo agus, mar gheall ar éiglíocht bhuan, a scarfaidh lena oifig nó lena hoifig i ndiaidh 5 bliana seirbhíse nó níos mó, pinsean saoil is ionann agus an daicheadú cuid dá luach saothair an tráth a scarfaidh sé nó sí lena oifig nó lena hoifig amhlaidh in aghaidh gach bliana de na chéad 5 bliana seirbhíse mar aon leis an daicheadú cuid den luach saothair sin in aghaidh gach bliain iomlán seirbhíse de bhreis ar 5 bliana seirbhíse, faoi réir pinsin uasta is ionann agus leath an luach saothair sin.”.

Leasú ar mhír 3 den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961.

14 .— Leasaítear mír 3 (arna leasú le halt 37 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995) den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961—

(a) i bhfomhír (1), trí “a shannadh go sealadach ó ham go ham do dhúiche nó do dhúichí eile” a chur in ionad “a shannadh go sealadach ó ham go ham do dhúiche eile”,

(b) i bhfomhír (2), trí “a shannadh d’aon dúiche nó dúichí ó am go ham” a chur in ionad “a shannadh d’aon dúiche ó am go ham”,

(c) trí na fomhíreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (2):

“(2A) Gan dochar d’fhomhír (2), féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche, i ndáil le haon dúiche, breitheamh dúiche nó breithiúna dúiche a shannadh go sealadach ar feadh tréimhse nach faide ná 6 mhí (cibé acu atá nó nach bhfuil aon bhreitheamh den sórt sin buansannta nó sannta go sealadach do dhúiche nó do dhúichí eile) chun na cumhachtaí a shonraítear i bhfomhír (2B) a fheidhmiú i ndáil leis an dúiche sin.

(2B) Maidir le breitheamh dúiche atá sannta go sealadach d’aon dúiche faoi fhomhír (2A), féadfaidh sé nó sí aon cheann de na cumhachtaí de chuid breithimh dúiche lena mbaineann alt 32A de thuras na huaire agus a thugtar dó nó di le dlí a fheidhmiú cibé acu atá sé nó sí laistigh nó lasmuigh den dúiche sin.”,

(d) i bhfomhír (3), trí “a shannadh go sealadach d’aon dúiche nó dúichí ó am go ham” a chur in ionad “a shannadh go sealadach d’aon dúiche ó am go ham”, agus

(e) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (4):

“(4A) Más rud é go bhfuil breitheamh dúiche sannta go sealadach d’aon dúiche faoi fhomhír (2A)—

(a) i gcás go bhfuil breitheamh dúiche buansannta de thuras na huaire don dúiche sin - beidh aige nó aici, i ndáil leis an dúiche sin, le linn a bheith sannta amhlaidh go sealadach, i gcomhthráth leis an mbreitheamh dúiche sin, na cumhachtaí go léir de chuid breithimh dúiche lena mbaineann alt 32A agus a thugtar de thuras na huaire don bhreitheamh dúiche sin atá buansannta amhlaidh,

(b) in aon chás eile - beidh aige nó aici, i ndáil leis an dúiche sin, le linn a bheith sannta amhlaidh go sealadach, na cumhachtaí go léir de chuid breithimh dúiche lena mbaineann alt 32A agus a thabharfaí le dlí de thuras na huaire dá mbeadh sé nó sí ina bhreitheamh dúiche nó ina breitheamh dúiche a bhí buansannta don dúiche sin.”.

Leasú ar an Ochtú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha) 1961.

15 .— Leasaítear Acht na gCúirteanna (Forálacha Ilghnéitheacha) 1961, san Ochtú Sceideal—

(a) i mír 4, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach in ionad fhomhír (2):

“(2) Beidh ag Máistir na hArd-Chúirte, agus feidhmeoidh sé nó sí, na cumhachtaí agus na húdaráis, agus comhlíonfaidh sé nó sí na dualgais agus na feidhmeanna, a bheidh tugtha nó sannta dó nó di ó am go ham le reacht, le rialacháin faoi alt 3 d’Acht na gComhphobal Eorpach 1972 nó le rialacha cúirte agus go sonrach (mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar a mhalairt a ordú le reacht, leis na rialacháin sin nó le rialacha cúirte) beidh aige agus comhlíonfaidh sé nó sí gach cumhacht, údarás, dualgas agus feidhm eile a bheidh dílsithe dó nó di de bhua alt 31(3) d’Acht 1926.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 21:

“Cáilíocht Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte.

21.— Ní cheapfar aon duine mar Chláraitheoir na gCoimircithe Cúirte mura rud é go mbeidh sé nó sí tráth a cheaptha nó a ceaptha—

(a) ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach agus seasamh 10 mbliana ar a laghad aige nó aici,

(b) ina abhcóide nó ina habhcóide atá ar fostú in oifig amháin nó níos mó de na hoifigí a luaitear i mír 2 agus go raibh sé nó sí, aon tráth roimh an gceapachán sin, ar fostú amhlaidh ar feadh tréimhse nach lú ná 9 mbliana, nó ar feadh tréimhsí nach lú ná 9 mbliana a n-iomlán le chéile, nó

(c) ina dhuine nó ina duine is comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna tráth an cheapacháin agus a mbeidh aige nó aici cibé cáilíocht nó cáilíochtaí a chinnfidh an tSeirbhís Chúirteanna, le toiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheith cuí le haghaidh an cheapacháin sin.”.

Leasú ar alt 7 d’Acht na gCúirteanna 1964.

16 .— Leasaítear alt 7 d’Acht na gCúirteanna 1964—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4):

“(2) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le seirbheáil aon doiciméid Chúirte Cuarda agus aon doiciméid Chúirte Dúiche in aon limistéar d’ainneoin go mb’fhéidir go bhfuil seirbheálaí toghairme arna shannadh don limistéar sin ag an gCláraitheoir Contae don chontae ina bhfuil an limistéar.

(3) Faoi réir fho-alt (5), féadfar doiciméad Cúirte Cuarda nó doiciméad Cúirte Dúiche a sheirbheáil ar aon mhodh de na modhanna seo a leanas:

(a) trí chóip den doiciméad a chur leis an bpost réamhíoctha cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine atá le seirbheáil ag an seoladh nó ag an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige nó aici sa Stát agus féadfaidh an duine a n-airbheartóidh an doiciméad é a bheith á eisiúint thar a cheann nó thar a ceann nó duine atá údaraithe chuige sin aige nó aici an doiciméad a chur leis an bpost;

(b) trí sheirbheáil phearsanta (lena n-áirítear seirbheáil den sórt sin ag duine seachas seirbheálaí toghairme) ar an duine atá le seirbheáil, ar cibé slí a fhorordófar le rialacha cúirte, nó ar cibé duine thar ceann an duine atá le seirbheáil, agus ar cibé slí, a fhorordófar amhlaidh; nó

(c) trí cibé meán eile a fhorordófar le rialacha cúirte.

(4) Má dhéantar doiciméad Cúirte Cuarda nó doiciméad Cúirte Dúiche a sheirbheáil ar dhuine de bhun fho-alt (3)(a), measfar, ar a chruthú go ndearnadh an clúdach ina raibh cóip den doiciméad a dhíriú, a chlárú agus a chur leis an bpost de réir fhorálacha an fho-ailt sin, gur seirbheáil bhailí ar an duine é mura gcruthaítear nár seachadadh an chóip sin.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d’fho-alt (5):

“(a) Más rud é—

(i) go bhfuil duine a mbeartaítear doiciméad a sheirbheáil air nó uirthi de bhun fho-alt (3)(a) nó (b) lasmuigh den Stát nó nach fios cá bhfuil sé nó sí agus nach féidir é sin a fháil amach trí fhiosrú réasúnach,

(ii) go gcuirtear clúdach ina mbeidh cóip de dhoiciméad atá le seirbheáil ar dhuine de bhun fho-alt (3)(a) go dtí an duine leis an bpost cláraithe agus go dtagann sé ar ais go dtí an seoltóir gan a bheith seachadta,

(iii) nach féidir seirbheáil phearsanta a dhéanamh go pras de réir fho-alt (3)(b), nó

(iv) go dtarlaíonn imthosca, i gcás lena mbaineann fo-alt (3)(c), a fhorordaítear le rialacha cúirte chun críocha na fomhíre seo,

féadfaidh an Chúirt Chuarda (agus, i gcás imeachtaí os comhair na Cúirte sin, an Cláraitheoir Contae don chontae inar tionscnaíodh na himeachtaí) nó an Chúirt Dúiche, de réir mar is cuí, cibé ordú is cuí léi (nó, i gcás an Chláraitheora Contae, is cuí leis nó léi) a dhéanamh le haghaidh seirbheáil ionadach nó le haghaidh fógra a thabhairt trí fhógrán nó ar dhóigh eile in ionad seirbheáil a dhéanamh.”,

(c) i bhfo-alt (6)—

(i) i mír (a)—

(I) trí “an duine de bhun fho-alt (3)(a)” a chur in ionad “an duine de bhun fho-alt (3) den alt seo”, agus

(II) i bhfomhír (iii), trí “fho-alt (3)(a)” a chur in ionad “forálacha fho-alt (3) den alt seo”,

agus

(ii) i mír (b), trí “fho-alt (3)(a)” a chur in ionad “fho-alt (3) den alt seo”,

agus

(d) i bhfo-alt (7), trí “fho-alt (3)(a)” a chur in ionad “fho-alt (3) den alt seo”.

Leasú ar alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998.

17 .— Leasaítear alt 5 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998—

(a) i mír (d), trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé,

(b) i mír (e), trí “gcúirteanna, agus” a chur in ionad “gcúirteanna.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

“(f) cibé feidhmeanna eile a chomhlíonadh is feidhmeanna arna dtabhairt di le haon achtachán eile.”.

Leasú ar alt 6 den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998.

18 .— Leasaítear alt 6(2) den Acht um Sheirbhís Chúirteanna 1998 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(ga) tacaíocht rúnaíochta, cléireachais agus riaracháin a sholáthar do Choiste Rialacha na nUaschúirteanna, do Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda agus do Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche,”.

Leasú ar alt 1 d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986.

19 .— Leasaítear alt 1(14) (a cuireadh isteach le halt 49 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004) d’Acht na gCúirteanna (Uimh. 3) 1986 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ oifig iomchuí ”:

“folaíonn ‘ meán leictreonach ’, i ndáil le hiarratas ar thoghairm nó le heisiúint toghairme, úsáid córais faisnéise (de réir bhrí alt 2 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000) faoi rialú duine seachas—

(a) an duine a rinne an t-iarratas ar an toghairm nó duine atá ag gníomhú thar ceann an duine sin, nó

(d) an oifig iomchuí;”.

Leasú ar alt 67 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

20 .— Leasaítear alt 67 (arna leasú le halt 15 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1953) den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (10):

“(2) Is iad a bheidh ar Choiste Rialacha na nUaschúirteanna (‘an Coiste’) 6 chomhalta ex-officio agus 8 gcomhalta ainmnithe.

(3) Is iad comhaltaí ex-officio an Choiste—

(a) an Príomh-Bhreitheamh, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste,

(b) Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheidh ina leaschathaoirleach ar an gCoiste,

(c) Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna,

(d) an tArd-Aighne,

(e) Cláraitheoir na Cúirte Uachtaraí, agus

(f) Máistir na hArd-Chúirte.

(4) Is iad na daoine seo a leanas comhaltaí ainmnithe an Choiste:

(a) beidh 2 acu ina ngnáthbhreithiúna de chuid na Cúirte Uachtaraí arna n-ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh;

(b) beidh 2 acu ina ngnáthbhreithiúna de chuid na hArd-Chúirte, arna n-ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte;

(c) beidh 2 acu ina n-abhcóidí cleachtacha arna n-ainmniú ag Ardchomhairle Bharra na hÉireann, a mbeidh duine díobh sin ina Abhcóide nó ina hAbhcóide Sinsearach agus an duine eile ina Abhcóide nó ina hAbhcóide Sóisearach; agus

(d) beidh 2 acu ina n-aturnaetha cleachtacha, arna n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann na hÉireann.

(5) Beidh gach comhalta ainmnithe den Choiste i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin—

(a) go ceann cúig bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe, nó

(b) go dtí—

(i) go bhfaighidh sé nó sí bás,

(ii) go n-éireoidh sé nó sí as oifig mar chomhalta den sórt sin, nó

(iii) go scoirfidh sé nó sí de bheith sa cháil dá dtagraítear i bhfo-alt (4) ar dá bhua a shealbhaigh an comhalta oifig mar chomhalta den sórt sin,

cibé acu is túisce.

(6) Aon chomhalta ainmnithe den Choiste a mbeidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas den Choiste de bhun fho-alt (5)(a), beidh sé nó sí in-athainmnithe.

(7) 6 chomhalta is córam don Choiste.

(8) Féadfaidh an Coiste gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

(9) Féadfaidh gach duine de na comhaltaí ex-officio den Choiste a shonraítear i míreanna (a) go (d) d’fho-alt (3) duine a cheapadh i scríbhinn chun gníomhú ina ionad nó ina hionad mar chomhalta den Choiste, ach amháin go mbeidh an duine a cheapfar amhlaidh—

(a) i gcás an Phríomh-Bhreithimh, ina ghnáthbhreitheamh nó ina gnáthbhreitheamh den Chúirt Uachtarach,

(b) i gcás Uachtarán na hArd-Chúirte, ina ghnáthbhreitheamh nó ina gnáthbhreitheamh den Ard-Chúirt,

(c) i gcás Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna,

(d) i gcás an Ard-Aighne, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Ard-Aighne.

(10) Déanfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, i gcomhar le cathaoirleach an Choiste, comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina rúnaí don Choiste.

(11) Féadfaidh duine a rinne ceapachán faoi fho-alt (9) nó (10) an ceapachán a chúlghairm aon tráth.”.

Leasú ar alt 69 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

21 .— Leasaítear alt 69 (arna leasú le halt 12 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1947) den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (8):

“(2) 4 chomhalta ex-officio agus 7 gcomhalta ainmnithe a bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Cuarda (‘an Coiste’).

(3) Is iad comhaltaí ex-officio an Choiste—

(a) Uachtarán na Cúirte Cuarda, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste,

(b) Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna,

(c) an tArd-Aighne, agus

(d) an cláraitheoir contae do chontae agus do chathair Bhaile Átha Cliath.

(4) Is iad na daoine seo a leanas comhaltaí ainmnithe an Choiste:

(a) beidh 2 acu ina mbreithiúna de chuid na Cúirte Cuarda, arna n-ainmniú ag breithiúna na Cúirte Cuarda;

(b) beidh 2 acu ina n-abhcóidí cleachtacha, arna n-ainmniú ag Ardchomhairle Bharra na hÉireann;

(c) beidh 2 acu ina n-aturnaetha cleachtacha, arna n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann na hÉireann; agus

(d) beidh duine acu ina chláraitheoir nó ina cláraitheoir contae, ach gan an cláraitheoir contae dá dtagraítear i bhfo-alt (3)(d) a bheith i gceist, arna ainmniú nó arna hainmniú ag Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna.

(5) Beidh gach comhalta ainmnithe den Choiste i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin—

(a) go ceann cúig bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe, nó

(b) go dtí—

(i) go bhfaighidh sé nó sí bás,

(ii) go n-éireoidh sé nó sí as oifig mar chomhalta den sórt sin, nó

(iii) go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh den Chúirt Chuarda, ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach, ina aturnae nó ina haturnae cleachtach nó ina chláraitheoir contae nó ina cláraitheoir contae, de réir mar a bheidh,

cibé acu is túisce.

(6) Aon chomhalta ainmnithe den Choiste a mbeidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas den Choiste de bhun fho-alt (5)(a), beidh sé nó sí in-athainmnithe.

(7) 4 chomhalta is córam don Choiste.

(8) Féadfaidh an Coiste gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

(9) Féadfaidh gach duine de na comhaltaí ex-officio den Choiste a shonraítear i míreanna (a) go (c) d’fho-alt (3) duine a cheapadh i scríbhinn chun gníomhú ina ionad nó ina hionad mar chomhalta den Choiste, ach amháin go mbeidh an duine a cheapfar amhlaidh—

(a) i gcás Uachtarán na Cúirte Cuarda, ina ghnáthbhreitheamh nó ina gnáthbhreitheamh den Chúirt Chuarda,

(b) i gcás Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, ina chomhalta nó ina comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna,

(c) i gcás an Ard-Aighne, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Ard-Aighne.

(10) Déanfaidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, i gcomhairle le cathaoirleach an Choiste, comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina rúnaí don Choiste.

(11) Féadfaidh duine a rinne ceapachán faoi fho-alt (9) nó (10) an ceapachán a chúlghairm aon tráth.”.

Leasú ar alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936.

22 .— Leasaítear alt 71 den Acht Cúirteanna Breithiúnais 1936 tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-ailt (2) go (8):

“(2) 4 chomhalta ex-officio agus 7 gcomhalta ainmnithe a bheidh ar Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche (‘an Coiste’).

(3) Is iad comhaltaí ex-officio an Choiste—

(a) Uachtarán na Cúirte Dúiche, a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gCoiste,

(b) Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna,

(c) an tArd-Aighne, agus

(d) cibé duine de chléirigh chúirte dúiche Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a ainmneoidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna.

(4) Is iad na daoine seo a leanas comhaltaí ainmnithe an Choiste:

(a) beidh 4 acu ina mbreithiúna den Chúirt Dúiche arna n-ainmniú ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;

(b) beidh duine acu ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach arna ainmniú nó arna hainmniú ag Ardchomhairle Bharra na hÉireann; agus

(c) beidh 2 acu ina n-aturnaetha cleachtacha arna n-ainmniú ag Comhairle Dhlí-Chumann na hÉireann.

(5) Beidh gach comhalta ainmnithe den Choiste i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin—

(a) go ceann cúig bliana ó dháta a ainmnithe nó a hainmnithe, nó

(b) go dtí—

(i) go bhfaighidh sé nó sí bás,

(ii) go n-éireoidh sé nó sí as mar chomhalta den sórt sin, nó

(iii) go scoirfidh sé nó sí de bheith ina bhreitheamh nó ina breitheamh den Chúirt Dúiche, ina abhcóide nó ina habhcóide cleachtach, nó ina aturnae nó ina haturnae cleachtach, de réir mar a bheidh,

cibé acu is túisce.

(6) Aon chomhalta ainmnithe den Choiste a mbeidh deireadh lena chomhaltas nó lena comhaltas den Choiste de bhun fho-alt (5)(a), beidh sé nó sí in-athainmnithe.

(7) 4 chomhalta is córam don Choiste.

(8) Féadfaidh an Coiste gníomhú d’ainneoin folúntais nó folúntas ina chomhaltas.

(9) Féadfaidh gach duine de na comhaltaí ex officio den Choiste a shonraítear i míreanna (a) go (c) d’fho-alt (3) duine a cheapadh i scríbhinn chun gníomhú ina ionad nó ina hionad mar chomhalta den Choiste, ach amháin go mbeidh an duine a cheapfar amhlaidh—

(a) i gcás Uachtarán na Cúirte Dúiche, ina ghnáthbhreitheamh nó ina gnáthbhreitheamh den Chúirt Dúiche,

(b) i gcás Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna, ina chomhalta nó ina comhalta d'fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna,

(c) i gcás an Ard-Aighne, ina oifigeach nó ina hoifigeach don Ard-Aighne.

(10) Déanfaidh Príomh-Fheidhmeannach na Seirbhíse Cúirteanna, i gcomhairle le cathaoirleach an Choiste, comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna a cheapadh i scríbhinn chun bheith ina rúnaí don Choiste.

(11) Féadfaidh duine a rinne ceapachán faoi fho-alt (9) nó (10) an ceapachán a chúlghairm aon tráth.”.

Alt nua a chur in ionad ailt 13A agus 14 d’Acht na gCúirteanna 1971.

23 .— Leasaítear Acht na gCúirteanna 1971 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ailt 13A agus 14 (arna leasú le halt 20 den Acht um Cheartas Coiriúil (Forálacha Ilghnéitheacha) 1997):

“Tromachar fianaiseach orduithe nó barántas sínithe arna ndéanamh nó arna n-eisiúint ag breitheamh den Chúirt Dúiche.

14.— (1) Faoi réir fhomhír (2) de mhír 4 den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, maidir le hordú a dhéanfar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis ina dtaifeadfar breith ó bhreitheamh den Chúirt Dúiche, nuair a bheidh sé sínithe—

(a) ag aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche Chúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú, nó

(b) faoi réir fho-alt (2), ag aon chléireach cúirte dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche ina ndearnadh an t-ordú,

is fianaise é in aon imeachtaí dlí ar an mbreith, go dtí go suífear a mhalairt.

(2) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) i gcás ordaithe lena gcuirtear duine cúisithe ar aghaidh chun trialach.

(3) Faoi réir fhomhír (2) de mhír 4 den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961, maidir le barántas arna eisiúint ag breitheamh den Chúirt Dúiche ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nuair a bheidh sé sínithe—

(a) ag aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh sannta don dúiche Chúirte Dúiche inar eisíodh an barántas, nó

(b) faoi réir fho-alt (4), ag aon chléireach cúirte dúiche a bheidh sannta don cheantar Cúirte Dúiche inar eisíodh an barántas,

is fianaise é in aon imeachtaí dlí ar na nithe lena mbaineann an barántas, go dtí go suífear a mhalairt.

(4) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (3) i gcás barántais cuardaigh ná i gcás barántais lena gcuirtear duine cúisithe ar aghaidh chun trialach.”.

Leasú ar alt 23 d’Acht na gCúirteanna 1971.

24 .— Leasaítear alt 23 d’Acht na gCúirteanna 1971 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfar doiciméad uaschúirte a sheirbheáil—

(a) tríd an doiciméad nó cóip de (de réir mar is cuí) a fhágáil in áit chónaithe nó in áit ghnó, sa Stát, an duine a bheidh le seirbheáil nó in áit ghnó, sa Stát, an aturnae (más ann) atá ag gníomhú dó nó di sna himeachtaí lena mbaineann an doiciméad, nó tríd an doiciméad nó cóip de (de réir mar is cuí) a chur leis an bpost cláraithe réamhíoctha go dtí áit chónaithe nó áit ghnó, sa Stát, an duine sin nó go dtí áit ghnó, sa Stát, an aturnae sin, nó

(b) ar cibé slí eile a fhorordófar le rialacha cúirte.”.

Leasú ar alt 20 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851.

25 .— Leasaítear alt 20 den Petty Sessions (Ireland) Act 1851 trí fho-alt (4) a scriosadh.

Físchomhdháiliú in imeachtaí sibhialta.

26 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), in aon imeachtaí sibhialta, féadfaidh cúirt, uaithi féin nó ar iarratas ó aon cheann de na páirtithe agus ar na páirtithe a éisteacht, a ordú go bhféadfaidh páirtí páirt a ghlacadh in aon éisteacht sna himeachtaí, nó go bhféadfaidh finné fianaise a thabhairt in aon éisteacht den sórt sin, ó ionad seachas an chúirt féin, cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát, trí nasc teilifíse beo.

(2) Ní thabharfaidh cúirt ordachán faoi fho-alt (1) mura mbeidh saoráidí ar fáil lena gcumasaítear don pháirtí nó don fhinné na himeachtaí ag an éisteacht a fheiceáil agus a chloisteáil agus lena gcumasaítear do na daoine a bheidh i láthair sa seomra cúirte ina mbeidh an éisteacht ar siúl an páirtí nó an finné a fheiceáil agus a chloisteáil, agus ní thabharfaidh sí ordachán den sórt sin in aon chás más rud é—

(a) go mbeadh sé éagórach ar aon cheann de na páirtithe déanamh amhlaidh, nó

(b) nach mbeadh sé ar mhaithe leis an gceartas ar shlí eile déanamh amhlaidh.

(3) I gcás go dtabharfaidh cúirt ordachán faoi fho-alt (1), measfar an páirtí nó an finné lena mbaineann a bheith i láthair ag an éisteacht lena mbaineann.

(4) Mura dtugann cúirt, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1), ordachán faoin bhfo-alt sin, tabharfaidh sí na cúiseanna atá aici gan sin a dhéanamh.

(5) Tá feidhm ag an alt seo maidir le himeachtaí sibhialta—

(a) a thionscnófar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nó

(b) a bheidh ar feitheamh ar dháta an tosach feidhme sin.

Anaithnideacht in imeachtaí sibhialta i ndáil le riocht sláinte an duine iomchuí.

27 .— (1) Más rud é in aon imeachtaí sibhialta (lena n-áirítear imeachtaí den sórt sin ar achomharc) go bhfuil riocht sláinte ar dhuine iomchuí, féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina bhfuil na himeachtaí arna dtionscnamh ar ordú faoin alt seo lena dtoirmisctear foilsiú nó craoladh aon ní a bhaineann leis na himeachtaí ar ní é lena n-aithneofaí, nó lenar dhóigh go n-aithneofaí, céannacht an duine iomchuí mar dhuine ar a bhfuil an riocht sin.

(2) Féadfar iarratas ar ordú faoin alt seo a dhéanamh ag aon chéim de na himeachtaí.

(3) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo a dheonú ach amháin gur deimhin léi—

(a) go bhfuil riocht sláinte ar an duine iomchuí,

(b) go mba ábhar struis mhíchuí dó nó di dá ndéanfaí a chéannacht nó a céannacht a aithint mar dhuine ar a bhfuil an riocht sin, agus

(c) nár dhochar an t-ordú don cheartas.

(4) Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltú nó deonú iarratais ar ordú faoin alt seo agus féadfar é a dhéanamh—

(a) i ndáil le himeachtaí os comhair na Cúirte Dúiche, chun na Cúirte Cuarda,

(b) i ndáil le himeachtaí os comhair na Cúirte Cuarda, chun na hArd-Chúirte, agus

(c) i ndáil le himeachtaí os comhair na hArd-Chúirte, chun na Cúirte Uachtaraí.

(5) Féadfaidh an chúirt—

(a) atá ag éisteacht an achomhairc faoi fho-alt (4), an t-ordú faoin alt seo is ábhar don achomharc a athrú nó a chúlghairm,

(b) atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne cinnidh in imeachtaí sibhialta ina ndearnadh ordú faoin alt seo, an t-ordú a athrú nó a chúlghairm ar iarratas arna dhéanamh chuige sin ag aon pháirtí sna himeachtaí.

(6) Maidir le hiarratas ar ordú faoin alt seo, le hachomharc faoi fho-alt (4) nó le hiarratas dá dtagraítear i bhfo-alt (5)(b)

(a) ní ceadmhach ach do pháirtí sna himeachtaí é a dhéanamh iar bhfógra chun an pháirtí eile nó chun na bpáirtithe eile sna himeachtaí, agus

(b) is chun an bhreithimh lena mbaineann i ndlísheomra a dhéanfar é.

(7) Maidir le gach duine de na daoine seo a leanas a fhoilsíonn nó a chraolann aon ní de shárú ar ordú faoin alt seo (lena n-áirítear aon ordú den sórt sin arna leasú ar achomharc), tá sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná €25,000 nó príosúnú ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi:

(a) más i nuachtán nó i dtréimhseachán a fhoilsítear an ní, aon dílseánach, aon eagarthóir nó aon fhoilsitheoir de chuid an nuachtáin nó an tréimhseacháin;

(b) más ar shlí eile a fhoilsítear an ní, an duine a fhoilsíonn é;

(c) má chraoltar an ní, aon duine a tharchuireann nó a sholáthraíonn an clár ina ndéantar an craoladh agus aon duine ag a bhfuil feidhmeanna i ndáil leis an gclár atá ar aon dul leis na feidhmeanna atá ag eagarthóir nuachtáin.

(8) I gcás go gcúisítear duine i gcion faoi fho-alt (7), is cosaint é a chruthú nárbh eol don duine, nó nach raibh amhras air ná cúis aige a bheith in amhras, an tráth a rinneadh an cion a líomhnaíodh, gur ábhar den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) a bhí san fhoilseachán nó sa chraoladh áirithe.

(9) (a) I gcás cion faoi fho-alt (7) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthaítear go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur éascaíodh é a dhéanamh le haon fhaillí ar thaobh, aon duine ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht sin, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

(b) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le gníomhartha agus mainneachtainí comhalta i dtaca le feidhmeanna bainistíochta amhail is dá mba stiúrthóir nó bainisteoir de chuid an chomhlachta chorpraithe é nó í.

(10) Baineann an t-alt seo le himeachtaí sibhialta—

(a) a thionscnaítear ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, nó

(b) atá ar feitheamh ar dháta an tosach feidhme sin.

(11) San alt seo—

ciallaíonn “ craoladh ” tarchur, leaschraoladh nó leathadh a dhéanamh, trí raidió-theileagrafaíocht, trí chábla nó tríd an idirlíon ar chumarsáidí, fuaimeanna, amharcíomhánna nó comharthaí atá beartaithe lena nglacadh ag an bpobal i gcoitinne nó ag cuid den phobal, cibé acu a ghlactar nó nach nglactar an craoladh;

ciallaíonn “ foilsiú ” foilsiú, ar shlí eile seachas trí chraoladh, don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal;

ciallaíonn “ duine iomchuí ” i ndáil le himeachtaí sibhialta—

(a) páirtí sna himeachtaí, nó

(b) duine a nglaoitear, nó a mbeartaítear glaoch, air nó uirthi chun fianaise a thabhairt sna himeachtaí.

Ceart cúntóra páirtí, abhcóide nó aturnae dall nó leathdhall a thionlacan go dtí imeachtaí.

28 .— (1) I gcás gur deimhin le cúirt in imeachtaí os a comhair—

(a) go bhfuil páirtí atá ag láithriú os comhair na cúirte sna himeachtaí, nó

(b) go bhfuil abhcóide nó aturnae atá ag láithriú os comhair na cúirte sna himeachtaí thar ceann páirtí,

dall nó leathdhall agus, ar an ábhar sin, go dteastaíonn cabhair uaidh nó uaithi, féadfaidh an chúirt, ar iarraidh ón bpáirtí, ón abhcóide nó ón aturnae lena mbaineann agus d’ainneoin aon achtacháin, ionstraime reachtúla a dhéantar faoi aon achtachán nó riail dlí, a údarú do dhuine eile (dá ngairtear an “cúntóir” san alt seo) an páirtí, an t-abhcóide nó an t-aturnae, de réir mar a bheidh, a thionlacan sna himeachtaí agus cibé cúnamh a sholáthar faoi réir cibé ordachán a thabharfaidh an chúirt don chúntóir.

(2) Maidir leis an gcúntóir sna himeachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1)

(a) déanfaidh sé nó sí de réir ordachán dá dtagraítear san fho-alt sin a thabharfar dó nó di, agus

(b) ní bheidh ceart éisteachta aige nó aici sna himeachtaí de bhua é nó í a bheith ina chúntóir nó ina cúntóir.

Leasú ar alt 6 den Acht Oifigeach Cúirte 1945.

29 .— Leasaítear alt 6(1) den Acht Oifigeach Cúirte 1945 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) féadfaidh an tSeirbhís Chúirteanna, tar éis dul i gcomhairle le hUachtarán na hArd-Chúirte, duine a cheapadh, ar comhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna é nó í, tráth an cheapacháin, agus—

(i) ar abhcóide nó aturnae é nó í,

(ii) a bhí, aon tráth roimh an gceapachán sin, ar fostú ar feadh tréimhse 9 mbliana ar a laghad, nó ar feadh tréimhsí nach lú le chéile iad ná 9 mbliana san iomlán, in oifig nó in oifigí a bunaíodh faoi Chuid 1 den Phríomh-Acht, nó

(iii) a mbeidh cibé cáilíocht nó cáilíochtaí eile aige nó aici a chinnfidh an tSeirbhís Chúirteanna, le toiliú Uachtarán na hArd-Chúirte, a bheith cuí le haghaidh an cheapacháin sin.”.

Leasú ar alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte 1945.

30 .— Leasaítear alt 9 (arna leasú le halt 35 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 agus alt 23 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2002) den Acht Oifigeach Cúirte 1945 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) (a) Aon uair a cheanglaítear ar oifigeach faoi fho-alt (1)(a) dualgais, nó aon dualgas nó dualgais, oifige eile atá coibhéiseach lena oifig nó lena hoifig féin a chomhlíonadh, beidh aige nó aici, fad a fhanfaidh an ceanglas i bhfeidhm, cumhachtaí uile shealbhóir na hoifige eile sin i leith an dualgais nó na ndualgas lena mbaineann chomh hiomlán agus dá mba é nó í a bhí i seilbh na hoifige eile sin.

(b) Aon uair a cheanglaítear ar Chláraitheoir Contae faoi fho-alt (1)(b) dualgais, nó aon dualgas nó dualgais, oifig aon Chláraitheora Contae eile a chomhlíonadh—

(i) beidh aige nó aici, fad a fhanfaidh an ceanglas i bhfeidhm, cumhachtaí uile shealbhóir na hoifige sin i leith an dualgais nó na ndualgas lena mbaineann chomh hiomlán agus dá mba é nó í a bhí i seilbh na hoifige sin, agus

(ii) féadfaidh sé nó sí na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhthráth lena bhfeidhmiú ag an gCláraitheoir Contae eile.”.

Leasú ar alt 40 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004.

31 .— Leasaítear alt 40 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004—

(a) i bhfo-alt (3) tríd an méid seo—

“tuarascáil den sórt sin a ullmhú—

(i) freastal ar na himeachtaí, agus

(ii) rochtain a fháil ar aon doiciméid iomchuí,

faoi réir aon ordachán a thabharfaidh an chúirt chuige sin.” a chur in ionad “tuarascáil den sórt sin a ullmhú, freastal ar na himeachtaí faoi réir aon ordachán a thabharfaidh an chúirt chuige sin.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

“(11) I bhfo-alt (3), maidir le ‘ doiciméid iomchuí ’ i ndáil le haon imeachtaí dá dtagraítear san fho-alt sin—

(a) ciallaíonn sé, faoi réir mhír (b)—

(i) an achainí, an toghairm nó doiciméad tionscnaimh eile sna himeachtaí,

(ii) pléadálacha agus doiciméid eile (lena n-áirítear na téarmaí socraíochta, más ann) a tugadh ar aird don chúirt nó a taisceadh léi, nó a bhí ar áireamh i leabhar na bpléadálacha, i gcúrsa na n-imeachtaí, agus

(iii) aon ordú a rinne an chúirt sna himeachtaí,

(b) ní fholaíonn sé aon doiciméad a ndeirtear maidir lena bhfuil ann go bhfuil sé gan dochar nó go dtuairiscítear é i dtéarmaí a mbeadh éifeacht dá shamhail acu.”.

Líon breithiúna na Cúirte Dúiche a mhéadú.

32 .— Leasaítear Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 1995 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (arna chur isteach le halt 4 d’Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte (Leasú) 2007) d’alt 11:

“(1) Ní mó ná 63 líon na mbreithiúna sa Chúirt Dúiche i dteannta Uachtarán na Cúirte Dúiche.”.

CUID 3

Aturnaetha

Leasú ar alt 29 den Acht Aturnaethe 1954.

33 .— Leasaítear alt 29 (arna leasú le halt 44 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaethe 1954 i bhfo-alt (2) trí “ceithre” a chur in ionad “cúig”.

Leasú ar alt 73 den Acht Aturnaethe 1954.

34 .— Leasaítear alt 73 (arna leasú le halt 7 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994) den Acht Aturnaethe 1954 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (4):

“(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (4A), is de réir mar a shonróidh an Chomhairle a bheidh comhaltas agus córam coiste faoin alt seo agus féadfar na daoine seo a leanas a áireamh ar an gcomhaltas sin—

(a) aturnaetha nach comhaltaí den Chomhairle,

(b) daoine nach aturnaetha iad.

(4) I gcás go ndéanfar feidhmeanna de chuid an Chumainn is inchomhlíonta ag an gComhairle a tharmligean chun coiste faoin alt seo, féadfaidh an coiste sin, i bhfeidhmiú aon fheidhme nó gach feidhme dá fheidhmeanna tarmligthe, suí i rannán amháin nó níos mó, ar choinníoll gur 3 is an córam do rannán den sórt sin.

(4A) I gcás go ndéanfar feidhmeanna de chuid an Chumainn faoi alt 8 (arna leasú le halt 39 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008) nó 9 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994 a tharmligean chun coiste faoin alt seo, ansin—

(a) is daoine nach aturnaetha iad a bheidh i dtromlach de chomhaltaí an choiste, in aon chóram den choiste, in aon rannán den choiste nó in aon chóram den rannán den sórt sin, agus

(b) is duine is aturnae a bheidh ina chathaoirleach nó ina cathaoirleach ar an gcoiste sin nó ar aon rannán den choiste sin.”.

Leasú ar alt 6 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

35 .— Leasaítear alt 6 (arna leasú le halt 16 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994 agus arna leasú le halt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A):

“(1B) Más rud é go scoirfidh comhalta is aturnae den Bhinse Araíonachta, i gcúrsa a chomhaltais nó a comhaltais den Bhinse Araíonachta, de bheith ina aturnae nó ina haturnae cleachtach de bhua nach ndearna sé nó sí iarratas ar dheimhniú cleachta, ní dhéanfaidh an scor sin, as féin—

(a) a chur faoi deara go scoirfidh an t-aturnae is comhalta de bheith ina aturnae nó ina haturnae is comhalta den Bhinse Araíonachta, ná

(b) a chosc ar an aturnae is comhalta leanúint de bheith ag fónamh mar aturnae is comhalta den Bhinse Araíonachta ar feadh a mbeidh fágtha dá cheapachán nó dá ceapachán nó dá athcheapachán nó dá hathcheapachán mar aturnae is comhalta den Bhinse Araíonachta.”.

Alt 6A nua a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

36 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1960 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 6:

“Cumhacht an Chumainn chun mí-iompar líomhnaithe aturnae a imscrúdú.

6A.— (1) D’fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, cumhacht ag an gCumann chun mí-iompar líomhnaithe aturnae a imscrúdú.

(2) Dá mba rud é go mbeadh fo-alt (1), murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.”.

Leasú ar alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960.

37 .— Leasaítear alt 8 (arna chur isteach le halt 18 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994 agus arna leasú le halt 10 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002) den Acht Aturnaetha (Leasú) 1960—

(a) i bhfo-alt (1)(a), trí “féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis di breithniú a dhéanamh ar an tuarascáil agus ar na haighneachtaí (más ann) arna ndéanamh chuici ag an gCumann faoi fho-alt (1A) den alt seo” a chur in ionad “féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis di an tuarascáil a bhreithniú”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Féadfaidh an Cumann aighneachtaí a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i ndáil leis na nithe seo a leanas—

(a) tuairim an Bhinse Araíonachta maidir le hoiriúnacht nó eile an aturnae le bheith ina chomhalta nó ina comhalta de lucht gairme na n-aturnaetha, ag féachaint do chinntí an Bhinse Araíonachta, agus

(b) moltaí an Bhinse Araíonachta maidir leis an smachtbhanna is ceart a chur i bhfeidhm dar leis an mBinse Araíonachta, ag féachaint dá gcinntí, d’aon chinneadh i dtaobh mí-iompair ó thaobh an aturnae arna dhéanamh roimhe sin acu (nó ag a réamhtheachtaí, an Coiste Araíonachta) ar cinneadh é nár chealaigh an Chúirt, agus d’aon ordú arna dhéanamh ag an gCúirt faoi na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2008 i leith an aturnae.”.

Leasú ar alt 2 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

38 .— Leasaítear alt 2 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (arna chur isteach le halt 12 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002):

“(2) Maidir le tagairtí in ailt 10, 10A (arna chur isteach le halt 13 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002), 12 (arna chur isteach le halt 14 den Acht sin) agus 22 den Acht seo do ghearáin arna ndéanamh leis an gCumann nó arna bhfáil ag an gCumann, folaíonn siad tagairtí d’aon ghearáin arna ndéanamh leis an gCumann ag an gcláraitheoir faoi alt 14B den Acht seo, agus beidh éifeacht ag na forálacha sin den Acht seo dá réir.”.

Leasú ar alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

39 .— Leasaítear alt 8 den Acht Aturnaetha (Leasú) 1994—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(da) a ordú don aturnae suim nach mó ná €3,000, nó an méid forordaithe, cibé acu is mó, a íoc leis an gcliant mar chúiteamh in aon chaillteanas airgid nó in aon chaillteanas eile a bhain don chliant de dhroim aon neamhdhóthanachta den sórt sin sna seirbhísí dlí a sholáthair ant-aturnae nó a d’airbheartaigh sé nó sí a sholáthar, ar choinníoll nach dochar aon íocaíocht den sórt sin a dhéanfar i gcomhlíonadh an ordacháin d’aon cheart dlí de chuid an chliaint;”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), féadfaidh an tAire le hordú méid a fhorordú i leith fho-alt (1)(da).

(b) Ní fheidhmeoidh an tAire an chumhacht faoi mhír (a) chun méid dá dtagraítear san fho-alt sin a fhorordú ach amháin chun go léireoidh an méid forordaithe an ráta boilscithe sa Stát.

(c) Ní thiocfaidh aon ordú faoi mhír (a) i ngníomh—

(i) roimh chothrom dhá bhliain thosach feidhme na míre sin,

(ii) dá éis sin i gceann tréimhsí is lú ná 2 bhliain idir orduithe a rinneadh agus nár cuireadh ar neamhní faoin mír sin.

(d) Gach ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.”.

Alt nua 14A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

40 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14:

“Mí-iompar líomhnaithe aturnae a imscrúdú.

14A.— D’fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo maidir le cumhacht an Chumainn chun mí-iompar líomhnaithe aturnae a imscrúdú go bhféadfar í a chleachtadh cibé acu atá gearán faighte ag an gCumann i ndáil leis an aturnae nó nach bhfuil.”.

Alt nua 14B a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

41 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14A:

“Féadfaidh muirearú táillí iomarcacha a bheith ina mhí-iompar aturnae.

14B.— D’ainneoin aon ní sa Chuid seo féadfaidh eisiúint bille costas atá iomarcach ag aturnae a bheith ina mhí-iompar.”.

Alt nua 14C a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

42 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 14B:

“Gearáin ag cláraitheoirí.

14C.— Féadfaidh an cláraitheoir gearán a dhéanamh leis an gCumann i ndáil le haturnae lena líomhnaítear—

(a) go bhfuil sárú déanta ag an aturnae ar aon fhoráil de na hAchtanna Aturnaetha 1954 go 2008 nó ar aon ordú nó rialachán arna dhéanamh fúthu, nó

(b) go bhfuil aon iompar déanta ag an aturnae a dtiocfadh de míchlú a tharraingt ar ghairm na n-aturnaetha.”.

Alt nua 18A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

43 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 18:

“Ordú ón mBinse Araíonachta Aturnaetha a fhorfheidhmiú.

18A.— (1) Más rud é, ar iarratas ag an gCumann in imthosca nach bhfuil an ní os comhair na hArd-Chúirte ar shlí eile, go suitear gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh, nó nach ndearna, aturnae nó aon duine eile, go hiomlán nó go páirteach, ordú arna dhéanamh ag an mBinse Araíonachta Aturnaetha a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt le hordú a ordú don aturnae nó don duine eile, de réir mar a bheidh, an t-ordú ón mBinse Araíonachta Aturnaetha a chomhlíonadh go hiomlán nó go páirteach.

(2) Is iar bhfógra chun an dlíodóra nó chun an duine eile lena mbaineann a bheidh iarratas ag an gCumann de bhun fho-alt (1), ach amháin go gcinnfidh an Ard-Chúirt ar shlí eile.

(3) Féadfaidh cibé forálacha de chineál iarmhartach is cuí leis an Ard-Chúirt a bheith in ordú de chuid na hArd-Chúirte faoi fho-alt (1).”.

Alt nua 26A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 1994.

44 .— Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 1994 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 26:

“Teorainn le conradh le dliteanas aturnaetha, etc.

26A.— (1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), maidir le conradh idir aturnae agus cliant de chuid an aturnae á rá i dtaca le dliteanas sibhialta d’aon tuairisc arna thabhú—

(a) ag an aturnae, agus a eascraíonn as a chleachtadh nó a cleachtadh mar aturnae i leith seirbhísí dlí a sholáthar don chliant, go mbeidh méid a shonraítear nó dá dtagraítear sa chonradh mar theorainn leis, nó

(b) ag comhpháirtí, cléireach nó seirbhíseach, nó ag iar-chomhpháirtí, iarchléireach nó iarsheirbhíseach, de chuid an aturnae, agus a eascraíonn as cleachtadh an aturnae sin mar aturnae i leith seirbhísí dlí a sholáthar don chliant, go mbeidh méid a shonraítear nó dá dtagraítear sa chonradh mar theorainn leis,

beidh an conradh sin ina cheangal ar, agus infheidhmithe ag, na daoine seo a leanas—

(i) má tá mír (a) infheidhme, an t-aturnae agus an cliant, agus

(ii) má tá mír (b) infheidhme, comhpháirtí, cléireach nó seirbhíseach, nó iar-chomhpháirtí, iarchléireach nó iarsheirbhíseach, an aturnae agus an cliant.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) difear d’oibriú na nithe seo a leanas—

(a) alt 40 (arna leasú le halt 31 den Acht um Chleachtais Srianta (Leasú) 1987) den Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980, nó

(b) Rialachán 6 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Téarmaí Éagothroma i gConarthaí Tomhaltóirí) 1995 (I.R. Uimh. 27 de 1995).

(3) Maidir leis an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith tuairisce de dhliteanas sibhialta is ábhar don chonradh lena mbaineann, ní lú é ná an leibhéal íosta cumhdaigh, mar a shonraítear ó am go ham i rialacháin faoi mhír (b) d’alt 26(4), i gcomhair slánaíochta i gcoinne caillteanas a eascraíonn as na haicmí sin éileamh a thagann faoi réim na tuairisce sin de dhliteanas sibhialta agus, dá réir sin, measfar cibé méid is lú ná an leibhéal íosta cumhdaigh sin, de bhua an fho-ailt seo, a bheith méadaithe go dtí an leibhéal íosta cumhdaigh sin, agus beidh an conradh sin ina cheangal agus infheidhmithe dá réir.

(4) Aisghairtear alt 7 den Attorneys and Solicitors Act 1870 ar thosach feidhme alt 44 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008.”.

Leasú ar alt 19 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002.

45 .— Leasaítear alt 19 den Acht Aturnaetha (Leasú) 2002—

(a) i bhfo-alt (3)(d), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iv):

“(iv) a dtuairim maidir le hoiriúnacht an phrintísigh, ag féachaint dá gcinneadh nó dá gcinntí, lena ghlacadh nó lena glacadh mar aturnae aon tráth nó go dtí go sásóidh an printíseach an Cumann nó Uachtarán na hArd-Chúirte maidir leis an oiriúnacht sin,

agus tabharfaidh an Cumann an tuarascáil os comhair na hArd-Chúirte.”,

(b) i bhfo-alt (5), trí “Féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, tar éis breithniú a dhéanamh ar thuarascáil an Bhinse Araíonachta agus ar na haighneachtaí (más ann) arna ndéanamh chuici ag an gCumann faoi fho-alt (5A) den alt seo” a chur in ionad “Féadfaidh an Ard-Chúirt le hordú, tar éis di tuarascáil an Bhinse Araíonachta a bhreithniú”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) Féadfaidh an Cumann aighneachtaí a dhéanamh chun na hArd-Chúirte i ndáil le tuairim an Bhinse Araíonachta maidir le hoiriúnacht an phrintísigh, ag féachaint do chinneadh nó do chinntí an Bhinse Araíonachta, lena ghlacadh nó lena glacadh mar aturnae aon tráth nó go dtí go sásóidh an printíseach an Cumann nó Uachtarán na hArd-Chúirte maidir leis an oiriúnacht sin.”.

Alt nua 19A a chur isteach san Acht Aturnaetha (Leasú) 2002.

46 .— (1) Leasaítear an tAcht Aturnaetha (Leasú) 2002 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 19:

“Cumhacht an Chumainn chun mí-iompar líomhnaithe printísigh a imscrúdú.

19A.— (1) D’fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go bhfuil cumhacht ag an gCumann chun mí-iompar líomhnaithe printísigh a imscrúdú.

(2) Féadfar cumhacht an Chumainn dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú cibé acu atá gearán faighte ag an gCumann i ndáil leis an bprintíseach nó nach bhfuil.

(3) Dá mba rud é go mbeadh fo-alt (1), murach an fo-alt seo, ar neamhréir le ceart bunreachtúil aon duine, beidh oibriú an fho-ailt sin faoi réir cibé teorannú is gá chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir amhlaidh ach beidh lánfheidhm aige agus lánéifeacht leis thairis sin.

(4) San alt seo tá le ‘mí-iompar’ an bhrí chéanna atá leis in alt 19 den Acht seo.”.

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1 Eanáir 2003.

CUID 4

Tiarna Talún agus Tionónta

Leasú ar alt 17 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980.

47 .— Leasaítear alt 17(1)(a) (arna leasú le halt 4 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1994) den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (iiia):

“(iiia) má bhaineann alt 13(1)(a) (arna leasú le halt 3 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1994) leis an tionóntán, go ndearna an tionónta, cibé acu ar chomaoin luachmhar nó gan chomaoin luachmhar, a theideal nó a teideal chun tionóntachta nua sa tionóntán a thréigean i scríbhinn agus comhairle dlí neamhspleách a fháil i ndáil leis an tréigean, nó”.

Leasú ar alt 85 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980.

48 .— Leasaítear alt 85 (arna leasú le halt 191(3) den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004) den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Leasú) 1980 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le tréigean dá dtagraítear—

(a) i bhfomhír (iiia) (arna chur isteach le halt 47 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008), nó

(b) i bhfomhír (iiib) (arna chur isteach le halt 191 den Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004),

d’alt 17(1)(a).”.

CUID 5

Dearbhuithe Reachtúla

Leasú ar alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

49 .— (1) Leasaítear alt 2 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an alt seo, ní dhéanfaidh duine (‘an duine céadluaite’) dearbhú reachtúil a thógáil ná a ghlacadh ó dhuine eile (‘ an dearbhóir ’) mura rud é—

(a) go bhfuil aithne phearsanta ag an duine céadluaite ar an dearbhóir nó go ndéanann duine a bhfuil aithne phearsanta ag an duine céadluaite air nó uirthi an dearbhóir a chur in aithne dó nó di, nó

(b) mura bhfuil mír (a) infheidhme, maidir leis an duine céadluaite—

(i) sula dtógann nó sula nglacann sé nó sí an dearbhú, go ndéanann sé nó sí céannacht an dearbhóra a shuíomh faoi threoir doiciméid iomchuí ina bhfuil grianghraf den dearbhóir, agus

(ii) go ndeir sé nó sí san fhianú gur suíodh céannacht an dearbhóra amhlaidh agus go dtugann sé nó sí sonraí an doiciméid iomchuí lena mbaineann.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(4) I bhfo-alt (2) ciallaíonn ‘ doiciméad iomchuí ’—

(a) pas bailí arna eisiúint ag údarás, nó thar ceann údaráis, atá aitheanta ag an Rialtas,

(b) cárta aitheantais náisiúnta arna eisiúint ag na húdaráis seo a leanas—

(i) údarás Ballstáit,

(ii) údarás Chónaidhm na hEilvéise, nó

(iii) údarás Páirtí Chonarthaigh i gComhaontú LEE,

(c) doiciméad atá comhionann le pas, arna eisiúint ag údarás, nó thar ceann údaráis, atá aitheanta ag an Rialtas, agus a shuíonn céannacht agus náisiúntacht an duine lena mbaineann an doiciméad,

(d) doiciméad taistil arna eisiúint ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi alt 4 d’Acht na nDídeanaithe 1996, nó

(e) doiciméad taistil, seachas doiciméad dá dtagraítear i mír (d), arna eisiúint ag an Stát d'aon toisc chun doiciméad a fhéadfaidh fónamh in ionad pas náisiúnta a chur ar fáil don sealbhóir.

(5) I bhfo-alt (4), ciallaíonn ‘ Comhaontú LEE ’ an Comhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Porto an 2ú lá de Bhealtaine 1992 arna leasú de thuras na huaire.”.

Alt nua 3A a chur isteach san Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

50 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“Dearbhuithe reachtúla a dhéanamh lasmuigh den Stát.

3A.— (1) Gan dochar d’alt 6 den Acht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006—

(a) maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát, measfar gur go bailí a rinneadh é más rud go ndéantar é in áit den sórt sin os comhair duine arna údarú nó arna húdarú faoi alt 1 chun an dearbhú a thógáil agus a ghlacadh, nó

(b) maidir le dearbhú reachtúil arna dhéanamh in áit lasmuigh den Stát, measfar gur go bailí a rinneadh é más rud go ndéantar é in áit den sórt sin os comhair duine arna údarú nó arna húdarú, faoi dhlí na háite sin, chun daoine a chur faoi mhionn san áit sin agus go gcomhlíontar fo-alt (3), (4) nó (5), de réir mar a bheidh.

(2) Tá fo-alt (1) ann i dteannta, agus ní in ionad, na n-imthosca dá bhforáiltear faoin Acht um Oifigigh Taidhleoireachta agus Consalachta (Seirbhísí a Sholáthar) 1993 nó faoi aon achtachán eile ina meastar dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag duine in áit lasmuigh den Stát a bheith ina dhearbhú reachtúil arna dhéanamh go bailí (cibé acu chun críocha ginearálta nó chun aon chríche sonraí).

(3) I gcás a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus mura rud é go bhfuil feidhm ag fo-alt (4) nó (5), déanfar síniú an duine ag a bhfuil an dearbhú reachtúil á dhéanamh (an ‘dearbhóir’) agus, a mhéid a cheanglaítear le dlí na háite lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) go ndéanfar ceachtar den dá rud seo a leanas nó iad araon a fhíordheimhniú:

(a) an cháil inar ghníomhaigh an dearbhóir le linn dó nó di an dearbhú sin a dhéanamh,

(b) séala nó stampa an duine a chuir an dearbhóir faoi mhionn,

a fhíordheimhniú de réir dhlí na háite sin.

(4) Má tá an áit lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (ach amháin nach mbaineann an Coinbhinsiún sin leis an áit sin) beidh feidhm ag na forálacha den Choinbhinsiún sin i ndáil le fíordheimhniú maidir leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-eascraíonn amhrais, agus cúis mhaith leo, i leith an ní sin.

(5) Má tá an áit lena mbaineann dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i stát is páirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Háige ach nach páirtí conarthach i gCoinbhinsiún CE, ansin (ach amháin nach mbaineann Coinbhinsiún na Háige leis an áit sin) beidh feidhm ag forálacha Choinbhinsiún na Háige i ndáil le fíordheimhniú maidir leis an dearbhú reachtúil lena mbaineann, lena n-áirítear na nósanna imeachta chun aon ní a fhíorú in imthosca ina n-eascraíonn amhrais, agus cúis mhaith leo, i leith an ní sin.

(6) Féadfaidh duine, sula bhfaighidh sé nó sí aon dearbhú reachtúil a airbheartaíonn a bheith arna dhéanamh de bhun, nó chun críocha, forála reachtúla, is dearbhú—

(a) a thagann faoi réim fho-alt (1)(b), agus

(b) nach bhfuil feidhm ag forálacha Choinbhinsiún CE ná Choinbhinsiún na Háige maidir leis ó thaobh é a fhíordheimhniú,

a cheangal go bhfaighidh sé nó sí cibé cruthúnas is cuí leis nó léi ar aon cheanglais áirithe den dlí dá dtagraítear i bhfo-alt (3).

(7) San alt seo—

ciallaíonn ‘ Coinbhinsiún CE ’ an Coinbhinsiún lena gCuirtear Deireadh le Fíorú Doiciméad i mBallstáit na gComhphobal Eorpach an 25 Bealtaine 1987;

ciallaíonn ‘ Coinbhinsiún na Háige ’ an Coinbhinsiún lena gCuirtear Deireadh leis an gCeangal Fíoraithe i gcás Doiciméad Poiblí Coigríche arna dhéanamh sa Háig an 5 Deireadh Fómhair 1961.”.

Alt nua a chur in ionad alt 6 den Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

51 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 6 (arna leasú le halt 26 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001):

“Pionós mar gheall ar dhearbhú bréagach.

6.— (1) Gach duine a dhéanfaidh dearbhú reachtúil atá, go bhfios dó nó di, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé nó sí ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(2) D’ainneoin fhorálacha alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act 1851, féadfar imeachtaí achoimre i ndáil le cion faoin Acht seo a thosú—

(a) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion, nó

(b) aon tráth laistigh de 6 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise ar iúl an duine a thabharfaidh na himeachtaí sin ar fianaise í is leor, i dtuairim an duine sin, chun gur cóir na himeachtaí a thabhairt,

cibé acu is déanaí, ach ní thionscnófar aon imeachtaí den sórt sin tráth is déanaí ná 3 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.”.

Sceideal nua a chur in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

52 .— Leasaítear an tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil:

“AN SCEIDEAL

FOIRM AN DEARBHAITHE REACHTÚIL

Déanaimse, A.B., a dhearbhú go sollúnta agus go macánta [cuir isteach téacs an ábhair a bheidh le dearbhú anseo] agus déanaimse an dearbhú sollúnta seo á chreidiúint go coinsiasach é a bheith fíor agus de bhua an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938.

[Sínithe] A.B.

Arna dhearbhú i m’fhianaise ....................................[ainm i gceannlitreacha] [nótaire poiblí] [coimisinéir mionn] [feidhmeannach síochána] [duine arna údarú nó arna húdarú le [cuir isteach an fhoráil reachtúil údarúcháin].......................................................chun dearbhuithe reachtúla a thógáil agus a ghlacadh] ag A.B.

[a bhfuil aithne phearsanta agam air nó uirthi],

[a chuir C.D., a bhfuil aithne phearsanta agam air nó uirthi, in aithne dom]

[ar suíodh a chéannacht nó a céannacht dom roimh an Dearbhú seo a thógáil, trí na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird dom:

pas uimh. [uimhir an phas] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh], is údarás arna aithint ag Rialtas na hÉireann]

cárta aitheantais náisiúnta uimh. [uimhir an chárta aitheantais náisiúnta] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh] [ar Ballstát de chuid AE, Cónaidhm na hEilvéise nó Páirtí Conarthach i gComhaontú LEE é]

[Pas Eachtrannach uimh. (doiciméad atá comhionann le pas) [uimhir an phas] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag údaráis [an stát a d’eisigh] is údarás arna aithint ag Rialtas na hÉireann]

doiciméad taistil dídeanaí uimh. [uimhir an doiciméid] arna eisiúint [an dáta eisiúna] ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí]

doiciméad taistil (seachas doiciméad taistil dídeanaí) [uimh. an doiciméid] arna eisiúint an [an dáta eisiúna] ag an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí

ag.................................................[áit an tsínithe] an...…..lá seo de……………......[dáta]

.....................................................

[síniú an fhinné]”.

Leasú ar alt 22 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí 2001.

53 .— Leasaítear alt 22 den Acht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí—

(a) i mír (b) d’fho-alt (1), trí “trí mhí” a chur in ionad “aon mhí amháin”, agus

(b) i mír (b) d’fho-alt (2), trí “trí mhí” a chur in ionad “aon mhí amháin”.

CUID 6

Giúiréithe

Leasú ar alt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

54 .— Leasaítear alt 6 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “agus faoi bhun seachtó bliain d'aois” a scriosadh.

Leasú ar alt 11 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

55 .— Leasaítear alt 11 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “do chúirt nó do chúirteanna laistigh de cheantar giúiré” a chur in ionad “do gach cúirt”.

Leasú ar alt 12 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

56 .— Leasaítear alt 12 d’Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Cuirfidh gach cláraitheoir contae faoi deara toghairm scríofa, i cibé foirm a fhorordóidh an tAire le rialacháin, a sheirbheáil ar gach duine atá roghnaithe ag an gcláraitheoir mar ghiúróir á cheangal ar an duine—

(a) freastal mar ghiúróir sa chúirt atá i gceist nó in áit eile atá sonraithe sa toghairm chun na giúróirí a ghlacadh an lá agus an tráth atá sonraithe sa toghairm, agus

(b) freastal dá éis sin sa chúirt nó san áit sin, de réir mar a bheidh, nó i cibé cúirt nó áit eile a ordóidh an chúirt, na tráthanna a ordóidh—

(i) an chúirt, nó

(ii) an cláraitheoir in aon chás go bhfuil an cláraitheoir údaraithe amhlaidh ag an gcúirt chun an céanna a dhéanamh.”.

Leasú ar alt 13(3) d’Acht na nGiúiréithe 1976.

57 .— Leasaítear alt 13(3) d’Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) maidir le deimhniú—

(i) ón gcláraitheoir nó ó oifigeach eile atá ag gníomhú mar chláraitheoir cúirte, nó

(ii) ó chomhalta d’fhoireann na Seirbhíse Cúirteanna arna údarú nó arna húdarú chuige sin ag Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin na Seirbhíse Cúirteanna,

a bhí i láthair nuair a mhainnigh duine a toghaireadh chun freastal mar ghiúróir sa chúirt sin freagairt dá ainm nó dá hainm nuair a glaodh amach sa chúirt sin nó san áit a sonraíodh sa toghairm, beidh sé ina fhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, gur mhainnigh an duine sin freastal de réir na toghairme, nó nach raibh sé ar fáil nuair a glaodh air chun fónamh, de réir mar a bheidh.”.

Alt nua a chur in ionad alt 25 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

58 .— Leasaítear Acht na nGiúiréithe 1976 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 25:

“Giúiréithe a scaradh ó chéile le linn trialach.

25.— (1) In aon triail le giúiré—

(a) féadfaidh na giúróirí, aon tráth sula bhfágann siad chun machnamh a dhéanamh faoi chomhair a bhfíoraisc, scaradh ó chéile mura dtreoróidh an breitheamh a mhalairt, agus

(b) ní fhéadfaidh na giúróirí scaradh ó chéile, tar éis dóibh fágáil chun machnamh a dhéanamh faoi chomhair a bhfíoraisc, ach amháin go ceann cibé tréimhse nó tréimhsí a ordóidh an breitheamh.

(2) Féadfar ordachán faoi fho-alt (1)(b) a thabhairt i leith giúiré cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an giúiré i láthair nuair a thabharfar an t-ordachán.”.

Leasú ar alt 31 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

59 .— Leasaítear alt 31 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “agus faoi bhun cúig bliana is seasca d'aois” a scriosadh.

Leasú ar alt 34 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

60 .— Leasaítear alt 34 d’Acht na nGiúiréithe 1976—

(a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “€500” a chur in ionad “£50”.

Leasú ar alt 35 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

61 .— Leasaítear alt 35 d’Acht na nGiúiréithe 1976—

(a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”,

(b) i bhfo-alt (2), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus

(c) i bhfo-alt (3), trí “€500” a chur in ionad “£50”.

Leasú ar alt 36 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

62 .— Leasaítear alt 36 d’Acht na nGiúiréithe 1976—

(a) i bhfo-alt (1), trí “€500” a chur in ionad “£50”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí “€2,000” a chur in ionad “£200”.

Leasú ar alt 37 d’Acht na nGiúiréithe 1976.

63 .— Leasaítear alt 37 d’Acht na nGiúiréithe 1976 trí “€500” a chur in ionad “£50”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht na nGiúiréithe 1976.

64 .— Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht na nGiúiréithe 1976—

(a) i gCuid I, tríd an méid seo a leanas—

Daoine eile

Daoine ar a bhfuil—

(a) éagumas chun léamh, nó

(b) mallachar marthanach

a fhágann nach bhfuil sé indéanta dóibh dualgais giúróra a chomhlíonadh.”

a chur in ionad—

Daoine éagumasacha

Duine atá neamhfheidhmiúil, toisc nach bhfuil sé sách maith ag léamh, go bhfuil sé bodhar nó faoi bhuan-éiglíocht eile, fónamh ar ghiúiré.”, agus

(b) i gCuid II, trí “atá faoi bhun seachtó bliain d’aois” a scriosadh.

CUID 7

Féimheacht

Leasú ar alt 85 den Acht Féimheachta 1988.

65 .— Leasaítear alt 85(3)(a) den Acht Féimheachta 1988 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) ar thoiliú gach creidiúnaí dá chuid nó dá cuid a cruthaíodh agus a admhaíodh san fhéimheacht a bheith faighte aige nó aici—

(I) chun a urscaoilte nó a hurscaoilte, agus

(II) chun a gcearta a tharscaoileadh sna méideanna a cruthaíodh agus a admhaíodh ina leith faoi seach,

arna bhfianú tríd an bhfoirm fhorordaithe a bheith feidhmithe ag na creidiúnaithe chun críocha an toilithe sin, nó”.

Leasú ar alt 91 den Acht Féimheachta 1988.

66 .— Leasaítear alt 91 den Acht Féimheachta 1988 trí “tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis deireadh a bheith leis an réamhchruinniú” a chur in ionad “dhá lá ar a laghad roimh an suí príobháideach”.

CUID 8

Comharbas

Leasú ar alt 3 den Acht Comharbais 1965.

67 .— Leasaítear alt 3(1) den Acht Comharbais 1965, sa mhíniú ar “ ceannaitheoir ”, trí “de mheon macánta” a scriosadh.

Leasú ar alt 5 den Acht Comharbais 1965.

68 .— Leasaítear alt 5 den Acht Comharbais 1965—

(a) trí fho-alt (1) a thabhairt ar an alt, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(2) Más rud é, díreach roimh bhás bheirt duine nó níos mó, gur shealbhaigh siad aon mhaoin mar nascthionóntaí agus go bhfuair siad bás nó gur measadh faoi fho-alt (1) iad d'fháil bháis san am céanna, measfar gur shealbhaigh siad an mhaoin díreach roimh bhás dóibh mar thionóntaí i gcoiteannas i scaireanna cothroma.

(3) Maidir le haon mhaoin a mheasfar faoi fho-alt (2) a bheith ina seilbh ag daoine mar thionóntaí i gcoiteannas, beidh sí ina cuid dá n-eastáit faoi seach.”.

CUID 9

Fístaifeadtaí

Leasú ar an Acht um Fhístaifeadtaí 1989.

69 .— Leasaítear an tAcht um Fhístaifeadtaí 1989—

(a) in alt 3—

(i) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Déanfaidh an t-iarratasóir—

(a) fístaifeadadh den fhís-saothar lena mbaineann an t-iarratas agus cibé faisnéis eile a theastóidh ón Stiúrthóir Aicmithe Scannán le réasún a chur faoi bhráid an Stiúrthóra, agus

(b) cibé táille is cuí don iarratas agus a fhorordófar de réir alt 31(3) a íoc leis an Stiúrthóir, i leith an iarratais.”,

(b) in alt 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Le linn deimhniú soláthair a dheonú, cinnfidh an Stiúrthóir Aicmithe Scannán cén aicme díobh seo a leanas lena mbaineann an fís-saothar atá i gceist agus áireoidh an Stiúrthóir sa deimhniú ráiteas á thaispeáint sin—

(a) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine i gcoitinne,

(b) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine i gcoitinne ach, i gcás linbh atá faoi bhun 12 bhliain, gan bheith oiriúnach lena bhreathnú ach amháin faoi threoir tuismitheora,

(c) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine atá 12 bhliain d’aois nó os a chionn,

(d) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine atá 15 bliana d’aois nó os a chionn,

(e) oiriúnach lena bhreathnú ag daoine atá 18 mbliana d’aois nó os a chionn,

agus—

(i) chun críocha an Achta seo, is í an aicme a shonraítear i mír (a) an t-aicmiú is airde agus is í an aicme a shonraítear i mír (e) an t-aicmiú is ísle agus is airde an aicme a shonraítear i mír (b) ná an aicme a shonraítear i mír (c) agus is airde an aicme a shonraítear i mír (c) ná an aicme a shonraítear i mír (d), agus

(ii) forléireofar tagairtí san Acht seo d’aicmiú nó d’aicmiú is airde nó d’aicmiú is ísle de réir mhír (i).”,

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Soláthar fís-saothar do dhaoine nach bhfuil an aois iomchuí bainte amach acu a thoirmeasc.

4A.— (1) Is cion é ag duine fístaifeadadh, ina bhfuil fís-saothar, a sholáthar nó tairiscint a dhéanamh é a sholáthar do dhuine nach bhfuil san aicme ar ina leith atá an fís-saothar arna dheimhniú oiriúnach lena bhreathnú faoi alt 4(1).

(2) In imeachtaí i leith ciona faoi fho-alt (1), is cosaint é don duine, ar ina aghaidh nó ina haghaidh a thionscnaítear na himeachtaí, a chruthú go ndearna sé nó sí gach iarracht réasúnach a dheimhniú dó nó di féin go raibh an duine lena mbaineann an cion líomhnaithe tráth déanta líomhnaithe an chiona san aicme ar ina leith atá an fís-saothar arna dheimhniú oiriúnach lena bhreathnú.

(3) Chun críocha fho-alt (2), féadfar cuma fhisiciúil nó tréithe fisiciúla an duine lena mbaineann an cion líomhnaithe a chur i gcuntas.

(4) Aon duine atá ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €2,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.”,

(d) in alt 5(3)(a), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(e) in alt 6(3)(a), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(f) in alt 8(3)(a), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(g) in alt 9(3)(a), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(h) in alt 11(4), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(i) in alt 12(5), trí “€1,000” a chur in ionad “£500”,

(j) in alt 13(4), trí “€3,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi” a chur in ionad “£1,000”,

(k) in alt 16(3)(c), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(l) in alt 19(5), trí “€3,000” a chur in ionad “£1,000”,

(m) in alt 20(3), trí “€3,000” a chur in ionad “£1,000”,

(n) in alt 21(4), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000”,

(o) in alt 22(3), trí “€1,000” a chur in ionad “£500”,

(p) in alt 25(2)(b), trí “€2,000” a chur in ionad “£1,000” i bhfomhír (i) agus “€1,000” a chur in ionad “£500” i bhfomhír (ii),

(q) in alt 31, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais—

(a) faoi réir mhír (b), na táillí a fhorordú atá le híoc ag iarratasóirí faoi alt 3,

(b) na táillí a fhorordú (is táillí is ísle ná na táillí a fhorordaítear faoi mhír (a)) atá le híoc ag iarratasóirí faoi alt 3 i gcás fís-saothar—

(i) nach dócha go mbeidh suim ach ag lucht spéise teoranta nó lucht sainspéise iontu, nó

(ii) atá le dáileadh chun críocha carthanúla, agus”.

(r) in alt 33, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2)

Ní shocrófar na táillí a mhuirearófar faoin Acht seo ag leibhéal arna ríomh chun méid bliantúil a tháirgeadh is lú ná an méid is leor chun na caiteachais a tabhaíodh ag riaradh an Achta seo a urscaoileadh.”.

CUID 10

Scrúdóireacht Scannán

Leasú ar an Acht um Scrúdóireacht Scannán 1923.

70 .— Leasaítear an tAcht um Scrúdóireacht Scannán 1923—

(a) in alt 5(2), trí “€2,000” a chur in ionad “£50” agus trí “€200” a chur in ionad “£5”,

(b) in alt 6(2), trí “€2,000” a chur in ionad “£50”agus trí “€200” a chur in ionad “£5”, agus

(c) in alt 7, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Aon uair a chuirfear aon iarratas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) faoi bhráid an Stiúrthóra Aicmithe Scannán, deimhneoidh an Stiúrthóir, sa tslí fhorordaithe, go bhfuil an pictiúr lena mbaineann an t-iarratas oiriúnach lena thaispeáint don phobal, mura rud é gurb é tuairim an Stiúrthóra go bhfuil an pictiúr sin nó cuid éigin de neamhoiriúnach lena thaispeáint don phobal i gcoitinne—

(a) toisc—

(i) gur dóigh dó dochar a dhéanamh do leanaí, nó

(ii) é a bheith mígheanasach, graosta nó diamhaslach, nó

(b) toisc gur baolach go ndéanfadh taispeáint an phictiúir don phobal—

(i) prionsabail a bheadh contrártha don mhoráltacht phoiblí a chur ina luí ar dhaoine, nó

(ii) go mbeadh sé díobhálach don mhoráltacht phoiblí ar chuma eile.

(3) Más dóigh leis an Stiúrthóir Aicmithe Scannán go bhfuil aon phictiúr a bhfuil iarratas curtha faoi bhráid an Stiúrthóra ina leith neamhoiriúnach lena thaispeáint don phobal i gcoitinne in áiteanna áirithe sa Stát nó faoi choinníollacha faoi leith nó i láthair aicmí áirithe daoine, deonóidh an Stiúrthóir teastas go bhfuil an pictiúr sin oiriúnach lena thaispeáint don phobal faoi réir cibé srianta agus coinníollacha (a bheidh sainráite sa teastas) maidir leis na háiteanna ag a bhféadfar an pictiúr a thaispeáint nó na coinníollacha speisialta faoina bhféadfar é a thaispeáint nó na haicmí daoine a fhéadfar a ligean isteach chun an pictiúr a fheiceáil is dóigh leis an Stiúrthóir is gá chun an cás a chosc inar dóigh do thaispeáint an phictiúir don phobal—

(a) dochar a dhéanamh do leanaí, nó

(b) a bheith díobhálach don mhoráltacht phoiblí.”.

Ainm an Scrúdóra Oifigiúil a athrú, etc.

71 .— (1) Ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, tabharfar the Irish Film Classification Office, i mBéarla, agus Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann, i nGaeilge, ar oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán agus dá réir sin déanfar tagairtí (cibé slí a léirítear iad) in aon achtachán d’oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán a léamh mar thagairtí d’Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann agus is é a thabharfar ar an duine a cheapfar chun oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán faoin Acht sin the Director of Film Classification, i mBéarla, agus an Stiúrthóir Aicmithe Scannán, i nGaeilge.

(2) Féadfaidh Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann, ar thosach feidhme an ailt seo, séala nua a sholáthar di féin.

(3) Ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, tabharfar the Classification of Films Appeal Board, i mBéarla, agus an Bord Achomhairc um Aicmiú Scannán, i nGaeilge, ar an mBord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán arna bhunú le halt 3 den Acht um Scrúdóireacht Scannán 1923 agus dá réir sin déanfar tagairtí (cibé slí a léirítear iad) in aon achtachán don Bhord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán a léamh mar thagairtí don Bhord Achomhairc um Aicmiú Scannán.

(4) Na daoine ar a dtugtaí go nuige seo Scrúdóirí Cúnta chun críocha an Achta um Scrúdóireacht Scannán 1923, tabharfar, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, Assistant Classifiers orthu, i mBéarla, agus Aicmitheoirí Cúnta, i nGaeilge, chun na gcríoch sin.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ achtachán ” reacht nó ionstraim a rinneadh faoi chumhacht arna tabhairt le reacht.

CUID 11

Saoire do Thuismitheoirí

Leasú ar alt 6 den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998.

72 .— Leasaítear alt 6 (arna chur isteach le halt 2 den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006) den Acht um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) D'ainneoin fho-alt (6), i gcás go bhfuil 2 thuismitheoir iomchuí nó níos mó i leith linbh i dteideal saoire do thuismitheoirí i leith an linbh agus go bhfuil gach tuismitheoir acu fostaithe ag an bhfostóir céanna, ansin beidh gach tuismitheoir iomchuí, faoi réir thoiliú an fhostóra lena mbaineann, i dteideal a thréimhse nó a tréimhse saoire do thuismitheoirí uile nó aon chuid di a aistriú chun aon tuismitheora iomchuí eile i leith an linbh.”.

CUID 12

Rialú na Státseirbhíse

Leasú ar alt 2(2) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956.

73 .— Leasaítear alt 2(2) (arna chur isteach le halt 6 d’Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2005) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956—

(a) i mír (f), trí “agus” a scriosadh,

(b) i mír (g), trí “an Uachtaráin,” a chur in ionad “an Uachtaráin.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(h) i ndáil le comhalta d’fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána de ghrád nó ar chéim Príomhaí nó de ghrád nó ar chéim atá coibhéiseach nó níos airde nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(a)(i) maidir leis nó léi, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus

(i) i ndáil le comhalta d’fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána de ghrád nó ar chéim is ísle ná Príomhaí nó grád nó céim atá coibhéiseach, Coimisinéir an Gharda Síochána.”.

CUID 13

An Dlí Teaghlaigh

Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995.

74 .— Leasaítear an tAcht um an Dlí Teaghlaigh 1995—

(a) in alt 9, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás go mbeidh ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt (4) agus arna chlárú de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 nó i gClárlann na nGníomhas comhlíonta, déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine, ar a bheith deimhin dó gur comhlíonadh ant-ordú—

(a) an taifead a rinneadh sa chlár faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 a chealú, nó

(b) nóta a chur i gClárlann na nGníomhas á rá go bhfuil an t-ordú comhlíonta.”,

(b) in alt 18, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás go ndéanfar ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt 9(4) agus arna chlárú go cuí de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 a athrú, a urscaoileadh, a fhionraí nó a athbheochan le hordú faoi fho-alt (2) agus go mbeidh an dara hordú a luaitear taiscthe go cuí lena chlárú amhlaidh de bhun fho-alt (7), déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine—

(a) an taifead a rinneadh sa chlár a leasú nó a chealú, de bhun alt 9(4), faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 dá réir sin, nó

(b) nóta maidir leis an seasamh a chur i gClárlann na nGníomhas.”,

agus

(c) in alt 35, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(6) Ní dhéanfar iarratas ar ordú lena gcuirtear diúscairt ar ceal de bhíthin fho-alt (2)(a)(II) nó (b) amháin tar éis 6 bliana a bheith caite ó dháta na diúscartha.”.

Leasú ar an Acht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996.

75 .— Leasaítear an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996—

(a) in alt 14, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(4A) I gcás go mbeidh ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt (4) agus arna chlárú de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 nó i gClárlann na nGníomhas comhlíonta, déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine, ar a bheith deimhin dó gur comhlíonadh ant-ordú—

(a) an taifead a rinneadh sa chlár faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 a chealú, nó

(b) nóta a chur i gClárlann na nGníomhas á rá go bhfuil an t-ordú comhlíonta.”,

(b) in alt 22, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) I gcás go ndéanfar ordú coigeartaithe maoine arna thaisceadh faoi fho-alt 14(4) agus arna chlárú go cuí de bhun alt 69(1)(h) den Acht um Chlárú Teidil 1964 a athrú, a urscaoileadh, a fhionraí nó a athbheochan le hordú faoi fho-alt (2) agus go mbeidh an dara hordú a luaitear taiscthe go cuí lena chlárú de bhun fho-alt (7), déanfaidh an tÚdarás Clárúcháin Maoine—

(a) an taifead a rinneadh sa chlár a leasú nó a chealú, de bhun alt 14(4), faoin Acht um Chlárú Teidil 1964 dá réir sin, nó

(b) nóta maidir leis an seasamh a chur i gClárlann na nGníomhas.”,

agus

(c) in alt 37, tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Ní dhéanfar iarratas ar ordú lena gcuirtear diúscairt ar ceal de bhíthin fho-alt (2)(a)(ii) nó (b) amháin tar éis 6 bliana a bheith caite ó dháta na diúscartha.”.

CUID 14

Stádas Comhionann

Leasú ar an Acht um Stádas Comhionann 2000.

76 .— Leasaítear an tAcht um Stádas Comhionann 2000—

(a) in alt 2(1) (arna leasú le halt 47 den Acht um Chomhionannas 2004) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ stádas teaghlaigh ”:

“ciallaíonn ‘ Treoir um Inscne i gCúrsaí Earraí agus Seirbhísí ’ Treoir 2004/113/CE an 13 Nollaig 2004 ón gComhairle 1 lena gcuirtear i ngníomh an prionsabal um chóir chomhionann idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus soláthar earraí agus seirbhísí”,

(b) in alt 5—

(i) i bhfo-alt (2)—

(I) trí “Faoi réir fho-alt (4), níl feidhm ag fo-alt (1)” a chur in ionad “Níl feidhm ag fo-alt (1)”,

(II) i mír (d), trí “(ach amháin ar an bhforas inscne nó in aon imthosca eile arb iomchuí maidir leo an Treoir um Inscne i gCúrsaí Earraí agus Seirbhísí)” a chur isteach i ndiaidh “measúnú a dhéanamh ar bhaol”, agus

(III) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(da) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas inscne, nó in aon imthosca eile arb iomchuí maidir leo an Treoir um Inscne i gCúrsaí Earraí agus Seirbhísí, a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhaol maidir le haicmí árachais lena mbaineann an mhír seo de bhun fho-alt (3) más rud é, maidir leis an déileáil—

(i) go ndéantar í faoi threoir—

(I) sonraí achtúireacha nó sonraí staidrimh a gheofar ó fhoinse ar réasúnach dul ina hiontaoibh, nó

(II) tosca iomchuí eile frithghealltanais nó tráchtála,

agus

(ii) go bhfuil sí réasúnach ag féachaint do na sonraí nó do thosca iomchuí eile,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Is iad na haicmí árachais lena mbaineann mír (da) d’fho-alt (2)—

(a) na haicmí árachais sin ar a dtugtar ‘ Árachas Gluaisteán ’ i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Neamh-Shaoil) 1994 (I.R. Uimh. 359 de 1994),

(b) na haicmí árachais sin, is árachas saoil, arna sonrú mar Aicme I, III nó IV i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialacháin Chreata na gComhphobal Eorpach (Árachas Saoil) 1994 (I.R. Uimh. 360 de 1994), agus

(c) na haicmí árachais sin is conarthaí árachais, nó socruithe árachais eile, a thagann faoi réim mhír (d) den mhíniú ar ‘ conradh árachais sláinte ’ san Acht Árachais Sláinte 1994, más rud é go gceadaítear, le dlí na háite ina ndéantar na conarthaí nó na socruithe sin, de réir mar a bheidh, a mhargú, na difríochtaí déileála dá dtagraítear i mír (da) d’fho-alt (2), a mhéid a bhaineann siad leis na conarthaí nó na socruithe sin, de réir mar a bheidh, agus sa chás sin amháin.

(4) Le héifeacht an 21 Nollaig 2009 agus dá éis, ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (2) a fhorléiriú mar ní lena gceadaítear difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine i ndáil le préimheanna agus sochair is iníoctha faoi pholasaithe árachais atá bunaithe, cibé acu go hiomlán nó go páirteach, ar chostais arna dtabhú ag árachóirí i ndáil le toircheas agus máithreachas.

(5) Faoi réir alt 41(2A), déanfaidh an Banc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann (de réir bhrí Acht an Bhainc Cheannais 1942 arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003) sonraí a thiomsú, a fhoilsiú agus a chothabháil is sonraí a bhaineann le hinscne a úsáid mar thoisc achtúireach chinntitheach le linn measúnú a dhéanamh ar bhaol i ndáil leis na haicmí árachais lena mbaineann mír (da) d’fho-alt (2) de bhun fho-alt (3).”,

(c) in alt 21 (arna leasú le halt 54 den Acht um Chomhionannas 2004)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Má éiríonn forais le haghaidh éilimh den sórt sin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) ar an bhforas inscne, nó

(b) in aon imthosca eile (lena n-áirítear imthosca arb ionann iad agus íospairt) arb iomchuí maidir leo an Treoir um Inscne i gCúrsaí Earraí agus Seirbhísí,

ansin, faoi réir fho-ailt (2) go (7) agus (8) go (11), féadfaidh an duine a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh aige nó aici sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chun na Cúirte Cuarda, in ionad an cás a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1) (agus, má tharchuirtear an cás chun na Cúirte Cuarda, níl aon ábhar achomhairc eile ann, seachas achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí).”,

(ii) i bhfo-alt (2)(b), trí “nó, de réir mar a bheidh, chun na Cúirte Cuarda” a chur isteach i ndiaidh “Stiúrthóir”, agus i bhfo-alt (3)(a) agus (b), trí “nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Chuarda” a chur isteach i ndiaidh “Stiúrthóir”,

(iii) i bhfo-alt (4), trí “nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Chuarda cás a imscrúdú mura deimhin leis an Stiúrthóir nó leis an gCúirt Chuarda, de réir mar a bheidh,” a chur in ionad “cás a imscrúdú mura deimhin leis nó léi”, agus

(iv) i bhfo-alt (6)(b), trí “nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Chuarda” a chur isteach i ndiaidh “Stiúrthóir”,

(d) in alt 27 (arna leasú le halt 61 den Acht um Chomhionannas 2004), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

“(5) Is iad na cineálacha sásaimh ar féidir leis an gCúirt Chuarda foráil a dhéanamh dóibh ar tharchur faoi alt 21(1A) ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, de réir mar is cuí in imthosca an cháis áirithe:

(a) ordú le haghaidh cúitimh in éifeachtaí an iompair thoirmiscthe lena mbaineann (lena n-áirítear cúitimh i gcaillteanas agus damáiste a bhain don duine a ndearnadh díobháil dó nó di mar thoradh ar an iompar toirmiscthe ar dhóigh atá ina bhac agus i gcomhréir leis an gcaillteanas agus an damáiste a bhain don duine);

(b) ordú go ndéanfaidh duine nó daoine a shonraítear san ordú bearta a shonraítear amhlaidh,

agus ní mheasfar go gcuireann aon achtachán a bhaineann le dlínse na Cúirte Cuarda teorainn le méid an chúitimh a fhéadfaidh an Chúirt Chuarda a ordú de bhua an fho-ailt seo.”, agus

(e) in alt 41 (arna leasú le halt 65 den Acht um Chomhionannas 2004), tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar foirm na sonraí, minicíocht a bhfoilsithe agus ábhar na sonraí a cheanglaítear a thiomsú, a fhoilsiú agus a chothabháil faoi alt 5(5) ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin, rachaidh sé nó sí i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.”.

CUID 15

Cúnamh Dlíthiúil Sibhialta

Ailt nua 10A agus 10B a chur isteach san Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

77 .— Leasaítear an tAcht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“Cuntasacht an Phríomh-Fheidh-meannaigh don Choiste um Chuntais Phoiblí.

10A.— (1) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, tráth ar bith a cheanglóidh an Coiste de Dháil Éireann a bheidh bunaithe faoi Bhuan-Orduithe Dháil Éireann chun scrúdú a dhéanamh ar na cuntais leithreasa agus ar thuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus chun tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann ar an gcéanna, fianaise a thabhairt don Choiste sin—

(a) ar rialtacht agus cuibheas na n-idirbheart atá taifeadta, nó a cheanglaítear a thaifeadadh, in aon leabhar nó taifead eile cuntais atá faoi réir a iniúchta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus a bhfuil ceangal ar an mBord leis an Acht seo a ullmhú,

(b) ar bharainneacht agus éifeachtúlacht an Bhoird ó thaobh a chuid acmhainní a úsáid,

(c) ar na córais, na nósanna imeachta agus na cleachtais a úsáideann an Bord chun éifeachtacht a oibríochtaí a mheas, agus

(d) ar aon ní a fhearann ar an mBord agus dá dtagraítear i dtuarascáil speisialta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi alt 11(2) d’Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993, nó in aon tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (a mhéid a bhaineann sé le ní a shonraítear i mír (a), (b) nó (c)) a leagtar faoi bhráid Dháil Éireann.

(2) I gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas faoin alt seo, ní cheisteoidh an Príomh-Fheidhmeannach tuillteanas aon bheartais de chuid an Rialtais ná de chuid Aire den Rialtas ná tuillteanas cuspóirí beartas den sórt sin ná ní thabharfaidh sé nó sí tuairim ar an tuillteanas sin.

Cuntasacht an Phríomh-Fheidh-meannaigh do Choistí Oireachtais eile.

10B.— (1) San alt seo, ciallaíonn ‘ Coiste ’ Coiste arna cheapadh ag ceachtar Teach den Oireachtas nó ag dhá Theach an Oireachtais i gcomhar (seachas Coiste dá dtagraítear in alt 10A nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Dháil Éireann nó an Coiste um Leasanna Chomhaltaí Sheanad Éireann) nó fochoiste de chuid Coiste den sórt sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3), freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair Coiste, ar iarraidh i scríbhinn ón gCoiste, chun cuntas a thabhairt ar riarachán ginearálta an Bhoird.

(3) Ní cheanglófar ar an bPríomh-Fheidhmeannach cuntas a thabhairt os comhair Coiste i ndáil le haon chás áirithe is cúram don Bhord i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi alt 5.

(4) I gcás gurb é tuairim an Phríomh-Fheidhmeannaigh gur ní a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) ina leith aon ní a n-iarrtar ar an bPríomh-Fheidhmeannach cuntas a thabhairt ina leith os comhair Coiste, cuirfidh sé nó sí an tuairim sin in iúl don Choiste mar aon leis na cúiseanna atá leis an tuairim agus, mura dtabharfar an fhaisnéis don Choiste tráth a bheidh an Príomh-Fheidhmeannach os a chomhair, tabharfar an fhaisnéis amhlaidh i scríbhinn.

(5) I gcás go mbeidh an Príomh-Fheidhmeannach tar éis a thuairim nó a tuairim a chur in iúl do Choiste de réir fho-alt (4) agus nach dtarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a mhéid a bhaineann sé le ní is ábhar don tuairim sin—

(a) féadfaidh an Príomh-Fheidhmeannach, tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis don Choiste an cinneadh uaidh gan déanamh amhlaidh a chur in iúl dó nó di, iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar mhodh achomair chun a chinneadh an ní atá i gceist faoi fho-alt (3) é an ní, nó

(b) féadfaidh Cathaoirleach an Choiste iarratas den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Choiste,

agus féadfaidh an Ard-Chúirt an ní a chinneadh.

(6) Go dtí go gcinnfear iarratas faoi fho-alt (5), ní fhreastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní is ábhar don iarratas.

(7) Má chinneann an Ard-Chúirt gur ní a bhfuil feidhm ag fo-alt (3) ina leith é an ní, tarraingeoidh an Coiste siar an iarraidh dá dtagraítear i bhfo-alt (2), ach má chinneann an Ard-Chúirt nach bhfuil feidhm ag fo-alt (3), freastalóidh an Príomh-Fheidhmeannach os comhair an Choiste chun cuntas a thabhairt ar an ní.”.

Leasú ar alt 26 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

78 .— Leasaítear alt 26 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995—

(a) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad mhír (b):

“(b) cáileoidh duine le haghaidh comhairle dlí, i leith ní dá dtagraítear in alt 28(9)(a), sna cásanna a luaitear i bhfomhíreanna (i) go (v) d’alt 28(9)(c).”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) D’ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, deonóidh an Bord comhairle dlí do ghearánach in ionchúiseamh mar gheall ar aon cheann de na nithe seo a leanas—

(a) cion an éignithe faoin dlí coiteann,

(b) cion an éignithe faoi alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) 1981,

(c) cion an tromionsaithe ghnéasaigh faoi alt 3 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990,

(d) cion an éignithe faoi alt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Banéigean) (Leasú) 1990,

(e) cion faoi alt 6 (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) (Leasú) 2007) den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 1993,

(f) cion faoin Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2006, nó

(g) cion an chiorraithe coil faoi alt 1 nó 2 den Punishment of Incest Act 1908.”.

Leasú ar alt 28 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

79 .— Leasaítear alt 28(9)(c)(i) den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995—

(a) trí “an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004” a chur isteach i ndiaidh “maoin chónaithe),” agus

(b) trí “na hAchtanna Srianta Cíosa, 1960 agus 1967,” a scriosadh.

Leasú ar alt 29 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

80 .— Leasaítear alt 29 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Féadfaidh an Bord—

(a) de réir rialachán faoi alt 37, cúnamh dlíthiúil nó comhairle dlí a sholáthar d’iarratasóir gan féachaint dá acmhainní nó dá hacmhainní airgeadais,

(b) aon ranníoc is iníoctha de bhun an ailt seo agus aon rialachán eile faoi alt 37 a tharscaoileadh nó glacadh le ranníoc níos lú ar an bhforas go mbainfeadh cruatan míchuí don iarratasóir dá mainneofaí déanamh amhlaidh.”.

Leasú ar alt 30 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995.

81 .— Leasaítear alt 30 den Acht um Chúnamh Dlíthiúil Sibhialta 1995—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) I gcás go mbeidh deimhniú um chúnamh dlíthiúil deonaithe do dhuine ag an mBord maidir le himeachtaí in aon chúirt nó os comhair aon bhinse a bheidh forordaithe ag an Aire faoi alt 27(2), ansin, d'ainneoin aon achtacháin (lena n-áirítear aon fhoráil den Acht seo), aon ionstraime reachtúla a dhéantar faoi aon achtachán, nó aon rialach dlí, eiseofar na himeachtaí, a mhéid a bhaineann siad le haturnae aon pháirtí sna himeachtaí de bhun an deimhnithe—

(a) in ainm an ionaid dlí lena mbaineann i gcás go mbeidh an t-ionad dlí freagrach as an gcúnamh dlíthiúil lena mbaineann a sholáthar,

(b) in aon chás eile, in ainm an aturnae nó an ghnólachta aturnaetha atá freagrach as an gcúnamh dlíthiúil lena mbaineann a sholáthar.”,

agus

(b) i bhfo-alt (7), trí “Déanfar” a chur in ionad “Féadfar”.

CUID 16

Comhionannas Fostaíochta

Leasú ar alt 41 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

82 .— Leasaítear alt 41 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

“(1) 12 chomhalta ar a laghad agus 16 chomhalta ar a mhéid arna gceapadh ag an Aire a bheidh san Údarás—

(a) a gceapfar duine amháin acu mar chathaoirleach an Údaráis, agus

(b) nach mbeidh, maidir leis an líon a cheapfar aon tráth áirithe, an difear idir líon na bhfireannach díobh a cheapfar agus líon an mbaineannach díobh a cheapfar ach 2.”.

Leasú ar alt 47 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.

83 .— Leasaítear alt 47 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998 tríd an méid seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (4):

“(4) Is é a bheidh mar chóram do chruinniú den Údarás—

(a) má tá 12 chomhalta nó 13 chomhalta arna gceapadh, 6 chomhalta,

(b) in aon chás eile, 7 gcomhalta.”.

AN SCEIDEAL

Aisghairm agus Cúlghairm

Alt 3 .

CUID 1

Achtacháin a Aisghairtear

Uimhir agus Bliain

(1)

Gearrtheideal

(2)

Méid na hAisghairme

(3)

Uimh. 37 de 1938

An tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

Alt 4.

Uimh. 20 de 1947

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1947

Alt 12.

Uimh. 32 de 1953

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais 1953

Fo-ailt (1) go (4) d’alt 15.

Uimh. 39 de 1961

Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961

Alt 44.

Uimh. 22 de 1989

An tAcht um Fhístaifeadtaí 1989

Alt 4(4).

Uimh. 8 de 1998

An tAcht um Sheirbhís Chúirteanna 1998

Alt 30.

Uimh. 15 de 2002

Acht na gCúirteanna agus na nOifigeach Cúirte 2002

Ailt 35 agus 36.

Uimh. 20 de 2005

Acht an Gharda Síochána 2005

Alt 19(4)

Uimh. 13 de 2006

An tAcht um Shaoire do Thuismitheoirí (Leasú) 2006

Alt 3.

CUID 2

Ionstraimí Reachtúla a Chúlghairtear

I.R. Uimhir agus Bliain

(1)

Gearrtheideal

(2)

Méid na Cúlghairme

(3)

I.R. Uimh. 403 de 1996

Na Rialacháin fán Acht um Fhístaifeadtaí 1989 (Fís-Saothair a Aicmiú) 1996

An ionstraim go léir.

1IO L373, 21.12.2004, lch. 37