24 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2008


AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Feidhm ailt 3 go 5.

3 . Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

4 . Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

5 . Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992.

6 . Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais 1992

1992, Uimh. 9

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992

1992, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais 2008

2008, Uimh. 3

An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008

2008, Uimh. 5

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1961

1961, Uimh. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 2008


AN tACHT UM MÓTARFHEITHICLÍ (DLEACHTANNA AGUS CEADÚNAIS) (UIMH. 2) 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ) 1952 AGUS AN ACHTA AIRGEADAIS (UIMH. 2) 1992 I LEITH DLEACHTANNA NÓ CEADÚNAS ÁIRITHE ATÁ INTOIBHITHE NÓ INEISITHE FAOI NA hACHTANNA SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[22 Nollaig, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí) 1952;

ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 1992;

ciallaíonn “Acht 2008” an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008.

Feidhm ailt 3 go 5.

2 .— Tá feidhm ag ailt 3 go 5 maidir le ceadúnais arna dtógáil amach, faoi alt 1 d’Acht 1952 nó, de réir mar a bheidh, faoin bhforáil lena mbaineann d’Acht 1992, ar feadh tréimhsí dar tosach an 1 Eanáir 2009 nó dá éis.

Leasú ar Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

3 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an gCuid atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid I (arna cur isteach le hAcht 2008) den Sceideal céadluaite.

Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.

4 .— Leasaítear Cuid II den Sceideal (arna leasú le hAcht 2008) a ghabhann le hAcht 1952—

(a) i mír 1 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “astaíochtaí CO2” (arna chur isteach le halt 5(a) d’Acht 2008):

“tá le ‘astaíochtaí CO2’ an bhrí chéanna atá leis in alt 130 (arna leasú le halt 78 den Acht Airgeadais 2008) den Acht Airgeadais 1992;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 5:

“5. I gcás go ndeimhneoidh an t-iarratasóir ar cheadúnas faoi alt 1 den Acht seo don údarás ceadúnúcháin maidir leis an bhfeithicil ar ina leith a iarrtar an ceadúnas go ndearnadh í breis agus 30 bliain roimh thosach na tréimhse a bhfuil an ceadúnas á iarraidh ina leith, is é an ráta dleachta bliantúil, d'ainneoin Chuid I den Sceideal seo—

(a) €22 más rud é, ar leith ón mír seo, go mbeadh feidhm ag mír 1 de Chuid I den Sceideal seo maidir leis an bhfeithicil, agus

(b) €48 i leith aon fheithicle eile.”.

Leasú ar alt 21(3) d’Acht 1992.

5 .— Leasaítear alt 21 (arna leasú le hAcht 2008) d’Acht 1992 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3):

“(3) (a) Déanfar dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arb é a bheidh ann—

(i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €51,

(ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile agus uirthi sin amháin, €305.

(b) Déanfar dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnas trádála arna eisiúint in ionad ceadúnais trádála a cailleadh, a goideadh nó a díothaíodh, arb é a bheidh ann—

(i) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar ghluaisrothar agus ar ghluaisrothar amháin, €33,

(ii) i gcás ceadúnais lena thaispeáint ar aon fheithicil eile agus uirthi sin amháin, €74.”.

Gearrtheideal.

6 .— Féadfar an tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) (Uimh. 2) 2008 a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL

Alt 3.

“CUID I

Tuairisc na Feithicle

An Ráta Dleachta

1. Feithiclí de na tuairiscí seo a leanas nach mó ná 500 cileagram a meáchan gan ualach:

(a) rothair (seachas rothair a thiomáintear le leictreachas), nó trírothaigh (seachas trírothaigh nach bhfuil déanta ná oiriúnaithe lena n-úsáid, ná nach n-úsáidtear, chun paisinéir a iompar), maidir le toilleadh sorcórach an innill—

(i) nach mó ná 75 ceintiméadar ciúbach é,

€43

(ii) ar mó ná 75 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 200 ceintiméadar ciúbach é,

€58

(iii) ar mó ná 200 ceintiméadar ciúbach é,

€76

(b) rothair nó trírothaigh a thiomáintear le leictreachas,

€31

(c) feithiclí ar a bhfuil trí roth nó níos mó nach bhfuil déanta ná oiriúnaithe lena n-úsáid, ná nach n-úsáidtear, chun tiománaí nó paisinéir a iompar.

€76

2. (a) Feithiclí (ar a dtugtar dumpairí de ghnáth) nach mó ná 3 mhéadar chiúbaithe a dtoilleadh, ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta lena n-úsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóithre agus oibreacha tí agus oibreacha tógála eile) chun coincréit, spallaí, cré nó ábhar eile den tsamhail chéanna a iompar i gcás go suífidh an duine a bhainfidh an ceadúnas amach, chun sástacht an údaráis ceadúnúcháin, gur ar na láithreáin sin is mó a úsáidtear an fheithicil sin, agus nach n-úsáidtear ar bhóithre poiblí í ach amháin—

(i) chun dul go dtí an láithreán, agus teacht ón láithreán, ar a n-úsáidfear í, agus, le linn di a bheith ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn ná nach dtarlaíonn sí aon ualach seachas ualach is gá lena tiomáint nó lena trealmhú, nó

(ii) chun coincréit, spallaí, cré nó ábhar den tsamhail chéanna a iompar ar feadh achair nach faide ná ciliméadar amháin go dtí aon láithreán den sórt sin agus uaidh,

€88

(b) Feithiclí (ar a dtugtar dumpairí eisbhóthair de ghnáth) ar mó a dtoilleadh ná 3 mhéadar chiúbaithe, ualaithe go cothrom, agus atá deartha agus déanta go príomha lena n-úsáid ar láithreáin oibreacha foirgníochta (lena n-áirítear déanamh bóithre agus oibreacha tí agus oibreacha tógála eile) chun coincréit, spallaí, cré nó ábhair eile den tsamhail chéanna a iompar agus nach bhfuil in ann, mar gheall ar a ndearadh agus a ndéanamh, dul thar 55 chiliméadar san uair an chloig ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin agus is ábhar do cheadanna speisialta faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Ceadanna Speisialta i gcomhair Feithiclí Áirithe) 2007 (I.R. Uimh. 283 de 2007),

€766

(c) Aon fheithicil (seachas feithicil atá déanta nó oiriúnaithe lena húsáid, agus a úsáidtear, chun meaisín, ceardlann, acra nó deis a iompar, lena ndéantar nó ina ndéantar earraí atá á n-iompar ag an bhfeithicil sin a phróiseáil nó a mhonarú le linn an fheithicil a bheith ag gluaiseacht) atá déanta nó oiriúnaithe lena húsáid, agus nach n-úsáidtear ach amháin, chun meaisín, ceardlann, acra nó deis a iompar (is meaisín, ceardlann, acra nó deis atá ionsuite mar chuid den fheithicil nó i gceangal go buan léi ar shlí eile) agus ní chun aon ualach eile a iompar seachas airteagail a úsáidtear i ndáil le meaisín, ceardlann, acra nó deis den sórt sin nó le hearraí a phróiseáiltear nó a mhonaraítear ann, lena n-áirítear aon fheithicil (ar a dtugtar feithicil aisghabhála de ghnáth) atá déanta nó buanoiriúnaithe chun feithicil mhíchumasaithe a ardú, a tharraingt agus a iompar nó chun aon cheann nó níos mó de na críocha sin,

€288

(d) Feithiclí (ar a dtugtar trucailí ladhar-ardaitheora de ghnáth) atá deartha agus déanta chun earraí a luchtú agus a dhíluchtú i gcás go suífidh an duine a bhainfidh amach an ceadúnas, chun sástacht an údaráis ceadúnúcháin, nach n-úsáidtear an fheithicil ar bhóithre poiblí ach amháin—

(i) chun dul go dtí an láithreán, agus teacht ón láithreán, ar a n-úsáidfear í le haghaidh luchtú agus díluchtú agus, le linn í a bheith ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn ná nach dtarlaíonn sí aon ualach seachas ualach is gá lena tiomáint nó lena trealmhú, nó

(ii) mar chuid den phróiseas luchtaithe nó díluchtaithe, chun earraí a iompar ar feadh achair nach faide ná ciliméadar amháin go dtí an láithreán, nó ón láithreán, ar a mbeidh sí ag luchtú nó ag díluchtú.

€88

3. (a) Feithiclí atá déanta nó oiriúnaithe chun breis agus 8 nduine a iompar is feithiclí le heagraíocht don aos óg nó eagraíocht phobail nach n-úsáideann ach an eagraíocht iad agus sin chun daoine a iompar ar thurais a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí na heagraíochta agus chun na críche sin amháin, agus a bhfuil cóiríocht suite iontu—

(i) do líon daoine is mó ná 8 nduine ach nach mó ná 20 duine,

€133

(ii) do líon daoine is mó ná 20 duine ach nach mó ná 40 duine,

€175

(iii) do líon daoine is mó ná 40 duine ach nach mó ná 60 duine,

€349

(iv) do bhreis agus 60 duine,

€349

(b) Feithiclí (seachas na feithiclí sin dá dtagraítear i bhfomhír (c)) a úsáidtear mar mhórfheithiclí seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre 1961, agus a bhfuil cóiríocht suite iontu—

(i) do líon daoine is mó ná 8 nduine ach nach mó ná 20 duine,

€133

(ii) do líon daoine is mó ná 20 duine ach nach mó ná 40 duine,

€175

(iii) do líon daoine is mó ná 40 duine ach nach mó ná 60 duine,

€349

(iv) do bhreis agus 60 duine,

€349

(c) Feithiclí is mórfheithiclí seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre 1961, agus nach n-úsáidtear ach chun leanaí, nó leanaí agus múinteoirí, a iompar atá á n-iompar chuig scoil nó uaithi nó chuig gníomhaíochtaí corpoideachais a bhaineann leis an scoil, nó uathu, agus ar feithiclí iad atá ceadúnaithe faoi Airteagal 60 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) 1963 (I.R. Uimh. 191 de 1963) arna leasú, nó ar úinéireacht nó á n-oibriú ag gnóthas iompair reachtúil.

€82

4. Feithiclí de na tuairiscí seo a leanas:

(a) feithiclí atá deartha agus déanta, agus a úsáidtear, chun trinsí a ghearradh nó le haghaidh obair thochailte nó shluaisteála de chineál ar bith, ar feithiclí iad—

(i) nach n-úsáidtear ar bhóithre poiblí ach chun na críche sin amháin nó chun dul go dtí an áit, agus teacht ón áit, ina n-úsáidfear chun na críche sin iad, agus

(ii) le linn dóibh a bheith ag dul agus ag teacht amhlaidh, nach n-iompraíonn siad ná nach dtarlaíonn siad aon ualach, seachas ualach is gá lena dtiomáint nó lena dtrealmhú,

€88

(b) tarracóirí (ar tarracóirí iad atá deartha agus déanta go príomha lena n-úsáid ar dhóigh seachas ar bhóithre agus nach bhfuil in ann, mar gheall ar a ndéanamh, dul thar 50 ciliméadar san uair an chloig ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin) agus innill talmhaíochta, nach tarracóirí ná innill a úsáidtear chun aon rudaí a tharlú ar bhóithre seachas a bhfearas riachtanach féin, fearais bhuailte, uirlisí feirmeoireachta nó soláthairtí breosla nó uisce is gá chun críocha na bhfeithiclí nó chun críocha talmhaíochta,

€88

(c) tarracóirí (ar tarracóirí iad atá deartha agus déanta go príomha lena n-úsáid ar dhóigh seachas ar bhóithre agus nach bhfuil in ann, mar gheall ar a ndéanamh, dul thar 50 ciliméadar san uair an chloig ar bhóthar cothrom faoina gcumhacht féin agus nach tarracóirí iad a bhfuil dleacht inmhuirearaithe ina leith de réir an ráta a shonraítear i bhfomhír (b)) a úsáidtear i gcomhair tarlú i ndáil le talmhaíocht agus ní chun críche ar bith eile,

€88

I gcás léibheann, coimeádán nó deis inscartha (is léibheann, coimeádán nó deis a úsáidtear go príomha in obair feirme) a bheith feistithe ar tharracóir, measfar chun críocha na fomhíre seo gur leis an tarracóir a tharlaítear earraí nó ualach d'aon tuairisc eile a iompraítear ar an léibheann, sa choimeádán nó leis an deis,

(d) tarracóirí d’aon tuairisc eile,

€288

(e) mótarcharbháin, ar feithiclí iad a shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim a bheith deartha, déanta nó oiriúnaithe chun cóiríocht shealadach cónaithe a chur ar fáil a bhfuil airde inmheánach nach lú ná 1.8 méadar iontu nuair a dhéantar iad a thomhas ar cibé modh a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus a bhfuil, i leith na bhfeithiclí sin, mar chuid den dearadh, den déanamh nó den oiriúnú sin, an trealamh buanfheistithe seo a leanas iontu—

(i) aonad doirtil,

(ii) trealamh cócaireachta a bhfuil ar a laghad iarta ina bhfuil 2 fháinne nó cibé trealamh eile cócaireachta de réir mar a bheidh forordaithe, agus

(iii) aon trealamh nó feisteáin eile de réir mar a bheidh forordaithe,

€88

(f) feithiclí a choinnítear agus a úsáidtear go heisiach in oileán amach ón gcósta nach bhfuil aon rochtain dhíreach air ar bhóthar ná ar dhroichead ón míntír.

€88

5. Feithiclí (lena n-áirítear trírothaigh ar mó ná 500 cileagram a meáchan gan ualach) atá déanta nó oiriúnaithe lena n-úsáid, agus a úsáidtear, chun earraí nó ualach d'aon tuairisc eile a iompar i gcúrsa trádála nó gnó (lena n-áirítear talmhaíocht agus comhlíonadh a fheidhmeanna ag údarás áitiúil nó ag údarás poiblí) agus feithiclí atá déanta nó oiriúnaithe lena n-úsáid, agus a úsáidtear, chun meaisín, ceardlann, acra nó deis a iompar, lena ndéantar nó ina ndéantar earraí atá á n-iompar ag feithicil den sórt sin a phróiseáil nó a mhonarú le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht:

(a) is feithiclí a thiomáintear le leictreachas agus nach mó ná 1,500 cileagram a meáchan gan ualach,

€80

(b) is feithiclí nach feithiclí a thiomáintear le leictreachas den chineál a dúradh iad agus a bhfuil meáchan gan ualach iontu—

(i) nach mó ná 3,000 cileagram,

€288

(ii) is mó ná 3,000 cileagram ach nach mó ná 4,000 cileagram,

€364

(iii) is mó ná 4,000 cileagram ach nach mó ná 5,000 cileagram,

€470

(iv) is mó ná 5,000 cileagram ach nach mó ná 6,000 cileagram,

€651

(v) is mó ná 6,000 cileagram ach nach mó ná 7,000 cileagram,

€882

(vii) is mó ná 7,000 cileagram ach nach mó ná 8,000 cileagram,

€1,110

(vii) is mó ná 8,000 cileagram ach nach mó ná 20,000 cileagram,

€1,110 móide €261 in aghaidh gach 1,000 cileagram, nó cuid de 1,000 cileagram, de bhreis ar 8,000 cileagram

(viii) is mó ná 20,000 cileagram.

€4,496

6. Feithiclí seachas feithiclí a muirearaítear dleacht orthu faoi na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Sceideal seo:

(a) aon fheithicil a úsáidtear mar eileatram agus ní chun aon chríche eile,

€88

(b) aon fheithicil (seachas tacsaí) a úsáidtear mar bheagfheithicil seirbhíse poiblí de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre 1961, agus ní chun aon chríche eile,

€82

(c) aon fheithicil a bhfuil tacsaiméadar feistithe inti agus a úsáidtear go dleathach mar fheithicil seirbhíse sráide de réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre 1961, agus chun críocha a ghabhann leis an úsáid sin agus ní chun aon chríche eile,

€82

(d) faoi réir fhomhír (g), aon fheithicil—

(i) ar feithicil nua í a chláraítear an 1 Iúil 2008 nó dá éis faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A, nó

(ii) ar feithicil í chláraítear lasmuigh den Stát an 1 Eanáir 2008 nó dá éis agus a chláraítear ina dhiaidh sin sa Stát an 1 Iúil 2008 nó dá éis faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A agus ar feithicil í ar a bhfuil marc aitheantais arna shannadh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 131(5) den Acht Airgeadais 1992 ar marc é lena dtaispeántar gur tosaíodh ar an bhfeithicil a úsáid den chéad uair le linn na bliana 2008 nó dá héis,

agus ar feithicil í ag a bhfuil leibhéal astaíochtaí CO2—

(I) nach mó ná 120 gram in aghaidh an chiliméadair,

€104

(II) is mó ná 120 gram in aghaidh an chiliméadair ach nach mó ná 140 gram in aghaidh an chiliméadair,

€156

(III) is mó ná 140 gram in aghaidh an chiliméadair ach nach mó ná 155 ghram in aghaidh an chiliméadair,

€302

(IV) is mó ná 155 ghram in aghaidh an chiliméadair ach nach mó ná 170 gram in aghaidh an chiliméadair,

€447

(V) is mó ná 170 gram in aghaidh an chiliméadair ach nach mó ná 190 gram in aghaidh an chiliméadair,

€630

(VI) is mó ná 190 gram in aghaidh an chiliméadair ach nach mó ná 225 ghram in aghaidh an chiliméadair,

€1,050

(VII) is mó ná 225 ghram in aghaidh an chiliméadair,

€2,100

(VIII) ar leibhéal é—

(A) nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim a dhaingniú faoi threoir an deimhnithe iomchuí cineálcheadaithe CE nó an deimhnithe iomchuí comhréireachta CE, agus

(B) nach bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta ina leith faoi threoir aon doiciméid eile arna thabhairt ar aird mar thacaíocht leis an dearbhú i gcomhair clárúcháin de bhun alt 131 den Acht Airgeadais 1992,

€2,100

(e) faoi réir fhomhíreanna (f) agus (g), feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo agus—

(i) ina bhfuil toilleadh innill

(I) nach mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach,

€172

(II) is mó ná 1,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,100 ceintiméadar ciúbach,

€259

(III) is mó ná 1,100 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,200 ceintiméadar ciúbach,

€286

(IV) is mó ná 1,200 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,300 ceintiméadar ciúbach,

€310

(V) is mó ná 1,300 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,400 ceintiméadar ciúbach,

€333

(VI) is mó ná 1,400 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,500 ceintiméadar ciúbach,

€357

(VII) is mó ná 1,500 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,600 ceintiméadar ciúbach,

€445

(VIII) is mó ná 1,600 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,700 ceintiméadar ciúbach,

€471

(IX) is mó ná 1,700 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,800 ceintiméadar ciúbach,

€551

(X) is mó ná 1,800 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 1,900 ceintiméadar ciúbach,

€582

(XI) is mó ná 1,900 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach,

€614

(XII) is mó ná 2,000 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,100 ceintiméadar ciúbach,

€784

(XIII) is mó ná 2,100 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,200 ceintiméadar ciúbach,

€823

(XIV) is mó ná 2,200 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,300 ceintiméadar ciúbach,

€860

(XV) is mó ná 2,300 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,400 ceintiméadar ciúbach,

€895

(XVI) is mó ná 2,400 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,500 ceintiméadar ciúbach,

€935

(XVII) is mó ná 2,500 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,600 ceintiméadar ciúbach,

€1,120

(XVIII) is mó ná 2,600 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,700 ceintiméadar ciúbach,

€1,164

(XIX) is mó ná 2,700 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,800 ceintiméadar ciúbach,

€1,204

(XX) is mó ná 2,800 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 2,900 ceintiméadar ciúbach,

€1,248

(XXI) is mó ná 2,900 ceintiméadar ciúbach ach nach mó ná 3,000 ceintiméadar ciúbach,

€1,293

(XXII) is mó ná 3,000 ceintiméadar ciúbach,

€1,566

nó

(ii) a thiomáintear le leictreachas,

€146

(f) más rud é, tráth an chláraithe, gur feithicil nua feithicil atá luaite i bhfomhír (e)—

(i) agus gur feithicil í arna clárú faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A i rith na tréimhse dar tús an 1 Eanáir 2008 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2008, agus

(ii) ar feithicil í ar ina leith a bheadh an ráta dleachta a chuirfí i bhfeidhm maidir léi faoi fhomhír (d)(i), dá mbeadh an fhomhír sin i bhfeidhm nuair a cláraíodh an fheithicil amhlaidh, níos lú ná an ráta dleachta a shonraítear i ndáil léi i bhfomhír (e),

ansin, is é a bheidh sa ráta dleachta maidir leis an bhfeithicil sin i gcomhair ceadúnas arna dtógáil amach faoi alt 1 den Acht seo an 1 Iúil 2008 nó dá éis le haghaidh tréimhsí dar tús an dáta sin nó dá éis ná an ráta dleachta arna shonrú i bhfomhír (d),

(g) i gcás go gcláraítear feithicil lasmuigh den Stát le linn na tréimhse dar tosach an 1 Eanáir 2008 agus dar críoch an 30 Meitheamh 2008 agus go gcláraítear ina dhiaidh sin í sa Stát an 1 Eanáir 2008 nó dá éis faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 mar fheithicil de chuid earnáil A agus go bhfuil marc aitheantais uirthi arna shannadh ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi alt 131(5) den Acht Airgeadais 1992, ar marc é lena dtaispeántar gur tosaíodh ar an bhfeithicil a úsáid den chéad uair le linn na bliana 2008, ansin, d’ainneoin aon fhorála eile den mhír seo, beidh an ráta dleachta i leith na feithicle sin, maidir le ceadúnais arna mbaint amach faoi alt 1 den Acht seo an 1 Iúil 2008 nó dá éis in aghaidh tréimhsí dar tosach an dáta sin nó dá éis, inmhuirearaithe de réir na rátaí is ísle de na rátaí dleachta i leith na feithicle faoi fhomhír (d) nó (e).”.