18 1936


Uimhir 18 de 1936.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 24), 1936.


ACHT CHUN AIRTIOGAL 12 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ I SLÍ GO gCUIRFEAR DEIREADH LE SEANAD ÉIREANN MAR THIGH DE THITHE NA CÓRACH REACHTÚCHÁIN DO BUNUÍODH LEIS AN AIRTIOGAL SAN, AGUS CHUN GACH LEASUITHE BHREISE NÓ EILE DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT A LEANFAIDH AS AN AIRTIOGAL SAN 12 DO LEASÚ AMHLAIDH NÓ IS GÁ DE DHRUIM AN LEASUITHE SIN. [29adh Bealtaine, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 12 den Bhunreacht do leasú.

1. —Deintear leis seo Airtiogal 12 den Bhunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “dhá Thigh” do scriosadh amach as agus na focail “Tigh amháin” do chur isteach ann in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh; agus

(b) tré sna focail “agus Seanad Éireann” do scriosadh amach as.

Leasuithe iarmartacha ar an mBunreacht.

2. —(1) Deintear leis seo an Bunreacht do leasú tré sna hAirtiogail uile agus fé seach de a luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do scriosadh amach as.

(2) Deintear leis seo na hAirtiogail uile agus fé seach den Bhunreacht a luaidhtear sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí luaidhtear sa dara colún den Chuid sin II os coinne luadh gach Airtiogail fé leith acu san sa chéad cholún san.

Gearr-theideal

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 24), 1936 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

CUID I.

Airtiogail a Scriostar Amach go hIomlan.

Airtiogal 16

(Sé déag).

Airtiogal 30

(Triocha).

Airtiogal 31

(Aon triochad).

Airtiogal 31A

(Aon triochad A).

Airtiogal 32

(Dó triochad).

Airtiogal 32A

(Dó triochad A).

Airtiogal 32B

(Dó triochad B).

Airtiogal 33

(Trí triochad).

Airtiogal 34

(Ceathair triochad).

Airtiogal 35

(Cúig triochad).

Airtiogal 38

(Ocht triochad).

Airtiogal 38A

(Ocht triochad A).

Airtiogal 39

(Naoi triochad).

Airtiogal 40

(Dachad).

Airtiogal 57

(Seacht caogad).

Airtiogal 82

(Dó ochtód).

CUID II.

Airtiogail Airithe do Leasu.

Airtiogal

Leasú.

18.

Na focail “chun aon Tighe den dá Thigh” do scriosadh amach agus na focail “chun Dáil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “fé ia aon Tighe den dá Thigh” do scriosadh amach agus na focail “fé ia Dháil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “sa Tigh” do scriosadh amach agus na focail “i nDáil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “in aon Tigh den dá Thigh” do scriosadh amach agus na focail “i nDáil Éireann” do chur ina n-ionad.

19.

Na focail “d'aon Tigh de” do scriosadh amach agus na focail “de Dháil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “in aon Tigh de” do scriosadh amach agus na focail “i nDáil Éireann” do chur ina n-ionad.

20.

Na focail “gach Tigh” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann” do chur ina n-ionad.

21.

Na focail “gach Tigh” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann” do chur ina n-ionad.

22.

Na focail “i ngach Tigh” do scriosadh amach agus na focail “i nDáil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “gach Tighe” do scriosadh amach agus na focail “Dháil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “d'aon Tigh” do scriosadh amach agus na focail “de Dháil Éireann” do chur ina n-ionad.

24.

Na focail uile tar éis na bhfocal “agus dáta” go deireadh an Airtiogail do scriosadh amach.

25.

Na focail “gach Tighe den Oireachtas” do scriosadh amach agus na focail “Dháil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “aon Tigh” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann” do chur ina n-ionad.

41.

Na focail “no tuigthe do bheith rithte ag an dá Thigh” do scriosadh amach agus na focail “ag Dáil Éireann” do chur ina n-ionad.

50.

Na focail “dhá Thigh an Oireachtais” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann” do chur ina n-ionad; na focail “do dhá Thigh roimh-ráite an Oireachtais é do rith no tar éis a rith do thuisgint” do scriosadh amach agus na focail “do Dháil Éireann é rith” do chur ina n-ionad.

52.

Na focail “ach amháin go bhféadfaidh duine de sna baill eile sin bheith ina bhall de Sheanad Éireann” do scriosadh amach.

63.

Na focail “ar rúin a rithfidh Dáil Éireann agus Seanad Éireann” do scriosadh amach, agus na focail “le rún o Dháil Éireann go mbeidh ceithre sheachtú ar a laighead (gan an Ceann Comhairle no an ball i gceannas d'áireamh) de bhaill uile Dháil Éireann tar éis vótála le n-a rith” do chur ina n-ionad; an abairt seo leanas do chur i ndeireadh an Airtiogail “D'ainneoin éinní atá in aon Airtiogal eile den Bhunreacht so ní tabharfar isteach i nDáil Éireann Bille i gcóir reachtúcháin chun an Airtiogail seo do leasú maidir leis an rún san do rith mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar an leasú bheidh beartuithe a dhéanamh leis an mBille sin do cheadú le rún o Dháil Éireann go mbeidh ceithre sheachtú ar a laighead (gan an Ceann Comhairle no an ball i gceannas d'áireamh) de bhaill uile Dháil Éireann tar éis vótála le n-a rith.”

68.

Na focail “le rúin a rithfear ag Dáil Éireann agus Seanad Éireann ar aon” do scriosadh amach, agus na focail “le rún o Dháil Éireann go mbeidh ceithre sheachtú ar a laighead (gan an Ceann Comhairle no an ball i gceannas d'áireamh) de bhaill uile Dháil Éireann tar éis vótála le n-a rith” do chur ina n-ionad; an abairt seo leanas do chur i ndeireadh an Airtiogail “D'ainneoin éinní atá in aon Airtiogal eile den Bhunreacht so ní tabharfar isteach i nDáil Éireann Bille i gcóir reachtúcháin chun an Airtiogail seo do leasú maidir leis an rún san do rith mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar an leasú bheidh beartuithe a dhéanamh leis an mBille sin do cheadú le rún o Dháil Éireann go mbeidh ceithre sheachtú ar a laighead (gan an Ceann Comhairle no an ball i gceannas d'áireamh) de bhaill uile Dháil Éireann tar éis vótála le n-a rith.”