1 1935


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1935.


ACHT BHANC NA hÉIREANN, 1935.


ACHT CHUN TEORA DO CHUR LE FREAGARTHACHT STOC-SHEALBHÓIRÍ BHANC NA hÉIREANN.

[20adh Meitheamh, 1935.]

Roimhrá.

DE BHRÍ go ndearnadh, fé Acht de Pháirlimint na hÉireann do ritheadh sa 21adh bliain agus sa 22adh bliain de réimeas A Shoillse ná maireann, an Treas Rí Seoirse, agus dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” agus le Cairt no le Leitreacha Paitinne fé Shéala Mhór na hÉireann dar dáta an 10adh lá de Bhealtaine, 1783 agus do dheon a Shoillse sin, ná maireann, do réir an Achta san, go ndearnadh Banc do bhunú agus cuideachta d'ionchorparú darab ainm an Governor and Company of the Bank of Ireland;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh o am go ham an tAcht san agus an Chairt sin do leasú agus socrú de bhreis agus de thuilleadh do cheapadh i dtaobh an Bhainc sin le hAchtanna do rith Páirlimint na hÉireann agus Páirlimint Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí fé seach agus le hAcht Uimh. 4 (Príobháideach) de 1929 do rith an tOireachtas;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach teora do chur le freagarthacht Bhall an Bhainc sin agus, chuige sin, an tAcht san a céadluaidhtear do leasú tuilleadh;

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais;

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht so beidh leis na habairtí “an Banc” agus “an Chairt” na bríonna céanna atá leo fé seach in Acht Bhanc na hÉireann, 1929 (Uimh. 4 (Príobháideach) de 1929).

Teora do chur le freagarthacht na mball.

2. —D'ainneoin éinní atá san Acht de Pháirlimint na hÉireann do ritheadh sa 21adh bliain agus sa 22adh bliain de réimeas A Shoillse ná maireann, an Treas Rí Seoirse, agus dar teideal “An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland” no atá sa Chairt no sna Leitreacha Paitinne fé Shéala Mhór na hÉireann dar dáta an 10adh lá de Bhealtaine, 1783 agus do dheon a Shoillse sin, ná maireann, do réir an Achta san, le n-a ndearnadh Banc do bhunú agus cuideachta d'ionchorparú darab ainm an Governor and Company of the Bank of Ireland agus dá ngairmtear an Banc anso feasta, no atá sna hAchtanna le n-a leasuítear iad no aon cheann acu, ní dhlighfidh éinne is ball no ba bhall den Bhanc, i gcás deireadh do chur le gnó an Bhainc, aon tsuim do thabhairt uaidh, mar chabhair chun íoctha fiacha no fiachaisí an Bhainc, is mó ná an méid, más aon mhéid é, a bheidh gan íoc ar a mbeidh ar seilbh aige de stoc an Bhainc ar an dáta ar a dtosnófar ar dheireadh do chur le gnó an Bhainc no laistigh de thréimhse de dhá mhí dhéag roimh an dáta san ach san fé réir a bhforáltar go soiléir sa chéad alt ina dhiaidh seo.

Leanfaidh an fhreagarthacht maidir le nótaí.

3. —Má cuirtear deireadh le gnó an Bhainc dlighfidh na daoine uile is baill an uair sin no ba bhaill roimhe sin, fé réir forálacha an ailt seo, suim gan teora do thabhairt uatha, go rátúil do réir a leasanna fé seach i stoc an Bhainc, mar chabhair chun íoctha nótaí bainc an Bhainc agus na nótaí bainc có-dhlúite bheidh tugtha amach ag an mBanc agus na gcostas, na n-éilithe agus na gcaiteachas a gheobhaidh no bhainfidh leis na rann-íocanna iomdha d'fháil agus do bhailiú agus le cearta na rann-íocairí do choigeartú eatorra féin fé réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(1) ní dhlighfidh duine ba bhall roimhe sin aon tsuim d'íoc má scuir sé de bheith ina bhall bliain no níos mó sarar tosnuíodh ar dheireadh do chur le gnó an Bhainc,

(2) ní dhlighfidh duine ba bhall roimhe sin aon tsuim d'íoc alos aon nóta bhainc no aon nóta bhainc chó-dhlúite do tugadh amach tar éis dó scur de bheith ina bhall,

(3) ní dhlighfidh duine ba bhall roimhe sin aon tsuim d'íoc mara bhfeictear don Chúirt nách féidir do sna daoine is baill an uair sin iomlán na suimeanna d'íoc is gá alos nótaí bainc agus nótaí bainc có-dhlúite.

Athghairm.

4. —An t-achtachán a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis seo athghairmtear leis seo é sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

5. —Féadfar Acht Bhanc na hÉireann, 1935 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

AN tACHTACHAN A hATHGHAIRMTEAR.

Siosón & Caibidil

Teideal

Méid na hAthghairme

21 & 22 Geo. III, Cap. 16 (Páirlimint na hÉireann).

An Act for establishing a bank by the name of the Governors and Company of the Bank of Ireland.

Alt 20, o sna focail “and in case the same shall” go deireadh. Alt 23 o sna focail “subject nevertheless to the payment” go deireadh.