2 1937


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1937.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ, 1937.


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE, 1936.

[11adh Márta, 1937.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1936, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, fé mar atáid oiriúnuithe leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922):

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAchtanna san ná beidh aon fheidhm ar bith ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-dleathacht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, 1937 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

ORDÚ SLÁINTÍOCHTA PUIRT CHORCAIGHE, 1936.

DE BHRÍ le hordú sealadach dá ngairmtear an Cork Port Sanitary Order, 1903, mar a daingníodh é leis an Local Government Board (Ireland) Provisional Orders Confirmation (No. 5) Act, 1903 (Ordú agus Acht dá ngairmtear, fé seach, anso feasta “Ordú 1903” agus “Acht 1903”), gur bunuíodh údarás sláintíochta puirt don chuid sin de phort custum Chorcaighe atá tuairiscithe in Ordú 1903 tré chó-bhord do cheapadh dá ngairmtear Údarás Sláintíochta Puirt Chorcaighe agus ar a mbeadh baill o sna húdaráis pháirteacha uile agus fé seach atá luaidhte san Ordú san:

AGUS DE BHRÍ, le hordú sealadach dá ngairmtear Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1927, mar a daingníodh é leis an Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, 1928 (Ordú agus Acht dá ngairmtear fé seach anso feasta “Ordú 1927” agus “Acht 1928”), gur foráladh go ndéanfaí Acht 1903, sa mhéid go mbaineann sé le hOrdú 1903, d'atharú agus do leasú sa chéill, inter alia, go mbeadh Bord Sláinte Puiblí Chorcaighe ina údarás có-pháirteach chun crícheanna Orduithe 1903 agus Orduithe 1927 agus go ndéanfadh an bord san mar údarás có-pháirteach den tsórt san rann-íoc do réir chionúireachta áirithe i gcostaisí Údaráis Sláintíochta Puirt Chorcaighe:

AGUS DE BHRÍ, leis an Acht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , agus le hOrdú Roinnte Chontae Chorcaighe, 1934, gur scuireadh Bord Sláinte Puiblí Chorcaighe agus ná fuil sé ann a thuille:

AGUS DE BHRÍ, leis an Acht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 , agus le hOrdú Roinnte Chontae Chorcaighe, 1934, gur bunuíodh Ceanntar Sláinte Chontae Chorcaighe Theas agus gurb é Comhairle Chontae Riaracháin Chorcaighe (dá ngairmtear “an Chomhairle Chontae” anso feasta) an t-údarás sláintíochta do Cheanntar Sláinte sin Chontae Chorcaighe Theas:

AGUS DE BHRÍ, do réir ailt 10 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , go bhfuil comhachta agus dualgaisí na Comhairle Contae mar údarás sláintíochta do Cheanntar Sláinte Chontae Chorcaighe Theas á bhfeidhmiú agus á gcólíonadh tré Bhord Sláinte Puiblí Chorcaighe Theas agus ag an mBord san:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Ceanntar Sláinte Chontae Chorcaighe Theas ina chuid den chuid sin no teoranta leis an gcuid sin den phort san agus gur údarás sláintíochta go ndlighinse sa chuid sin den phort san an Chomhairle Chontae agus iad ag gníomhú tré Bhord Sláinte Puiblí Chorcaighe Theas:

AGUS DE BHRÍ gur dóich leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí go bhfuil sé oiriúnach go leasófaí Acht 1928 sa chéill go mbeadh Bord Sláinte Puiblí Chorcaighe Theas ina údarás có-pháirteach chun crícheanna Orduithe 1903 agus Orduithe 1927 in ionad Bord Sláinte Puiblí Chorcaighe, adubhradh, do scuireadh, agus go ndéanfadh Bord Sláinte Puiblí Chorcaighe Theas. adubhradh, rann-íoc i gcostaisí Údaráis Sláintíochta Puirt Chorcaighe do réir na cionúireachta céanna gur dá réir a dheineadh an Bord san do scuireadh rann-íoc tráth:

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh fógra i dtaobh brí an Orduithe seo d'fhoillsiú sa Cork Examiner an 26adh lá de Mheán Fhómhair, 1936, agus an 3adh lá de Dheireadh Fómhair, 1936:

AGUS DE BHRÍ ná dearna éinne dá ndeineann an tOrdú so deifir aon agóid i gcoinnibh an Orduithe seo chun an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí:

ANOIS AR AN ÁBHAR SAN, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar air le halt 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus i bhfeidhmiú gach comhachta eile le n-a gcuirtear so ar a chumas, deineann an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí a ordú leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

1. Deintear leis seo an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, 1928 , do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) léireofar mar thagairt do Bhord Sláinte Puiblí Chorcaighe Theas gach tagairt do Bhord Sláinte Puiblí Chorcaighe atá in Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1927 (eadhon, an tOrdú atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis an Acht san);

(b) léireofar mar thagairt do Cheanntar Sláinte Chontae Chorcaighe Theas gach tagairt do Cheanntar Sláinte Chontae Chorcaighe atá san Ordú san.

2. Tiocfaidh an mhír dheiridh roimhe seo den Ordú so i bhfeidhm pé lá tar éis an Achta den Oireachtas ag daingniú an Orduithe seo do rith a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.

3. Gach costas agus caiteachas fé n-a rachaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí maidir leis an Ordú so d'iarraidh, d'ullamhú, do dhéanamh agus do dhaingniú tuigfear gur costaisí iad agus íocfar iad mar chostaisí fé n-a ndeachaidh Údarás Sláintíochta Puirt Chorcaighe i bhfeidhmiú Orduithe 1903, Orduithe 1927 agus an Orduithe seo agus íocfaidh an tUdarás Sláintíochta Puirt sin leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí iad.

4. Féadfar Ordú Sláintíochta Puirt Chorcaighe, 1936, do ghairm den Ordú so.

/images/seal.jpg

Tugtha fé Shéala Oifige an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí an Cúigiú lá so de Mhí na Nodlag, Míle Naoi gCéad a Sé Triochad.

(Sighnithe) SEÁN T. O CEALLAIGH,

Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí.